Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dífhostaíocht agus Iomarcaíocht > Iomarcaíocht > Forléargas: iomarcaíocht

Print Page Send to a Friend

Forléargas: iomarcaíocht

Eolas

Go ginearálta bíonn iomarcaíocht i gceist nuair a chailltear post de bharr gnó a bheith ag dúnadh nó laghdú a bheith ag teacht ar líon na foirne oibre. D'fhéadfadh staid airgeadais na comhlachta, easpa saothair, atheagrú laistigh den chomhlacht nó dúnadh na comhlachta a bheith mar chúis leis.

Tá iomarcaíocht i gceist nuair a tharlaíonn aon cheann díobh siúd:

  • Stopann an fostóir i mbun gnó nó i mbun gnó san áit ina raibh tusa fostaithe. (Mar shampla, má aistríonn an gnó a ionad oibre, d'fhéadfadh sé do choinníollacha oibre a athrú agus d'fhéadfadh cúis mhaith iomarcaíocht a bheith ann. Má tá aistriú gnóthais i gceist faoin reachtaíocht, áfach, nuair a atfhostaítear fostaithe gan athrú ar bith ar a gcoinníollacha oibre, níl iomarcaíocht i gceist.)
  • Níl fostaithe ag teastáil a thuilleadh ón bhfostóir sa réimse ina bhfuil tusa fostaithe nó teastaíonn líon níos lú fostaithe sa réimse sin.
  • Tá cinneadh déanta ag d'fhostóir gnó a choinneáil air/uirthi le líon níos lú foirne nó gan fhoireann ar bith. Agus an fostóir ag déanamh cinnidh maidir leis an ngnó a choinneáil air/uirthi le líon níos lú foirne nó gan fhoireann, ní chuirtear baill de theaghlaigh an fhostóra san áireamh.
  • Tá cinneadh déanta ag an bhfostóir do chuid oibre a chur i gcrích i mbealach difriúil agus níl an cháilíocht chuí nó traenáil ortsa chun an obair a chur i gcrích sa bhealach sin.
  • Tá cinneadh déanta ag an bhfostóir go mbeidh duine eile ag déanamh do chuid oibre amach anseo chomh maith le hobair eile agus níl cáilíocht chuí nó traenáil ortsa chun an obair eile sin a dhéanamh.

comhiomarcaíocht i gceist nuair, taobh istigh d'aon tréimhse 30 lá, a scaoiltear líon fostaithe.

Uaireanta, bíonn" iomarcaíochta dheonach" i gceist. Tá iomarcaíocht dheonach i gceist nuair a bhíonn ar an bhfostóir an líon foirne a laghdú agus iarrann sé ar roinnt fostaithe iomarcaíocht dheonach a ghlacadh.

I gcásanna áirithe nuair a bhí tréimhse leagtha as nó gearrthéarmach oibre i gceist ar feadh tréimhse áirithe ama, d'fhéadfá a bheith i dteideal iomarcaíocht a lorg.

Teidil iomarcaíochta

Déanann na hAchtanna Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 foráil do bhunmhéid a bhfuil fostóirí ina theideal mar íocaíocht iomarcaíochta agus braitheann sé ar an méid ama atá caite ag an bhfostaí sa ghnó leis an bhfostóir. Níl fostaithe go léir i dteideal an íocaíocht iomarcaíochta reachtúil seo, fiú nuair a bhíonn iomarcaíocht i gceist. Tá níos mó sonraí ar cháiliú le hiomarcaíocht anseo. Is féidir leat agus le d'fhostóir teacht ar réiteach iomarcaíochta atá níos mó ná an íosmhéid reachtúil agus sa chás sin d´fhéadfadh sé go mbeadh íocaíocht iomarcaíochta ar fáil d'fhostóirí nach bhfuil an tréimhse fostaíochta atá leagtha síos sa reachtaíocht curtha isteach acu leis an bhfostóir.

Sonraíonn an reachtaíocht an fógra iomarcaíochta cuí a bhfuil tú i dteideal a fháil agus sonraíonn sé na foirmeacha iarratais atá le comhlíonadh - faigh amach tuilleadh faoi nósanna imeachta iomarcaíochta anseo.

Má tá tú i dteideal íocaíocht iomarcaíochta tá rialacha ar leith ag baint leis an mbealach a mheastar d'fhaid leanúnach seirbhíse agus leis an mbealach a ríomhtar d'íocaíocht - faigh tuilleadh eolais faoi íocaíochtaí iomarcaíochta anseo.

Tá níos mó le léamh faoi do theidlíochtaí iomarcaíochaí sa leabhrán Treoir don Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf). Tá liosta ceisteanna a chuirtear go minic faoi iomarcaíocht.

Tuilleadh eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na Scéimeanna Íocaíochtaí Iomarcaíochta, déan teagmhail leis an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta. Tá tuilleadh eolais faoi leas sóisialach le haghaidh iomarcaíochta foilsithe ag an Eagraíocht na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe (EEDD) ar an láithreán gréasáin Redundancy.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 November 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cáiliú le haghaidh iomarcaíochta
    Ní gach fostaí in Éirinn a chailleann a p(h)ost a bheidh incháilithe le haghaidh iomaraíochta Cad iad na rialacha maidir le hincháiliú iomarcaíochta.
  • Gnó a chur ar bun in Éirinn
    Tugann sé seo forbhreathnú ar gach eolas nach mór a bheith agat má tá tú ag brath gnó a chur ar bun.
  • Comhiomarcaíocht
    Bíonn comhiomarcaíocht i gceist in Éirinn nuair a scaoileann fostóir roinnt fostaithe óna bhfostaíocht ag an tréimhse chéanna.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.