Bíonn iomarcaíocht ann má chaileann tú do phost toisc go ndúntar gnólacht nó toisc go laghdaítear an meitheal oibre. D’fheadfadh sé seo tarlú de bharr easpa oibre nó tosca airgeadais an chuideachta.
Mar mhalairt air sin d’fhéadfadh d’fhostóir tú a asleagan nó obair ghearr-ama a thabhairt duit ar feadh roinnt seachtainí.
Faoi na hAchtanna Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007 bíonn asleagan i gceist mura mbíonn d’fhostóir in ann obair a chur ar fáil duit ach go gcreideann sé/sí gur fadhb shealadach é agus tugann sé/sí fógra duit gur mar sin atá sula n-éiríonn tú as do chuid oibre.
Bíonn obair ghearr-ama i gceist nuair a bhíonn d’uaireanta oibre agus do
phá níos lú ná leath an mhéid a bheadh agat de ghnáth sa tseachtain toisc
laghdú a bheith tagtha ar an méid oibre atá le déanamh. Caithfidh sé gur
cás sealadach é seo agus caithfidh d’fhostóir fógra a thabhairt duit gurb
amhlaidh atá sé sula dtosaíonn an ghearr-obair.
Ba chóir don fostóír cúís an asleagain nó oibre gearr-ama do na fostaí a mhíniú agus eolas a thabhairt dóibh i rith na tréimhse sin. Is cásanna sealadacha gur chóir a bheith i gceist sa dhá chás, agus ba chóir don fhostóir fógra a thabhairt duit roimh an dáta tosaithe ar cuid A den fhoirm RP9 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Tuilleadh eolais’ thíos). Mura dtugann d'fhostóir tú fógra an asleagain nó oibre gearr-ama, d'fhéadfadh a bheith éileamh íocaíocht iomarcaíochta reachtúil i gcoinne d'fhostóir.
Is féidir le fostóir tú a leagan as nó a chur ar ghearr-am má tá a leithéidí sonraithe i do chonradh fostaíochta nó más nósmhaireacht agus cleachtas atá ann san ionad oibre. Seachas sin, d’fhéadfá aontú le leagan as nó obair ghearr-ama mar rogha in áit iomarcaíocht. Má cuireadh ar obair ghearr-ama tú, ciallaíonn sé sin go bhfuil do chonradh fostaíochta láithreach curtha ar fionraí go sealadach. Ní bheidh conradh fostaíochta nua agat.
Nuair atá fostaithe á roghnú do leagan as nó obair ghearr-ama, ba chóir d’fhostóir an caighdeán céanna de chritéir roghnaithe a chur i bhfeidhm cosúil le hiomarcaíocht. Ba chóir don chritéir a bheith réasúnta agus curtha i bhfeidhm go cothrom. Mar shampla, leantar an nós 'is déanaí isteach is túisce amach' i d'ionad oibre nó leagadh critéar roghnaithe amach i gconradh fostaíochta. Leis sin, cuireann an reachtaíocht ar chomhionannas fostaíochta (pdf) cosc ar roghnú a dhéanann idirdhealú ar fhostaí maidir leis na 9 mbonn seo a leanas: inscne, stádas sibhialta, stádas clainne, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéasach, nó ballraíocht den Lucht Siúil.
Má dhéantar tú a leagan as nó má tá obair ghearr-ama ar bun agat, d’fhéadfá a bheith i dteideal do Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist. Má tá Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh á fháil agat, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag laghdú i do chuid uaireanta oibre ar an íocaíocht.
Má tharlaíonn asleagan nó gearr-obair agus má leanann sé ar aghaidh ar feadh 4 seachtaine, nó ar feadh 6 seachtaine i rith na 13 seachtaine dheireanacha, féadfaidh tú fógra a thabhairt i scríbhinn do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat iomarcaíocht a éileamh faoi na hAchtanna Íocaíochta Iomarcaíochta 1967-2007 - féach 'Conas iarratas a dhéanamh thíos. Ní mór duit é sin a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ón am a chríochnaíonn an tréimhse asleagtha nó ghearr-oibre.
Mura dtugann d’fhostóir frithfhógra duit laistigh de sheacht lá ó uair a thugann tú d’fhógra féin, d’fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht iomarcaíochta a fháil ar choinníoll go bhfuil tú cáilithe chun iomarcaíocht a fháil. Má thugann d’fhostóir frithfhógra duit laistigh den am atá leagtha síos, ní mór a dhearbhú san fhógra sin go bhfuiltear in ann tréimhse nach lú ná 13 seachtaine oibre a thairiscint duit gan asleagan ná gearr-obair laistigh de cheithre seachtaine ón am a rinne tú d’iarratas ar iomarcaíocht.
Ba chóir duit cuimhneamh go nglacfar leis gur fhág tú do phost go deonach má éilíonn tú iomarcaíocht ar an gcaoi seo agus go gcaillfidh tú gach ceart maidir le fógra a fháil ó d’fhostóir faoi na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973-2001. Áfach, má tá tú leagtha as foirne agus déanann d'fhostoir tú iomarcach ina dhiaidh sin, ní chaillfidh tú do theidlíocht fógra.
D’fhéadfadh d'íocaíocht iomarcaíochta a bheith bunaithe ar phá seachtaine iomláine má cuireadh ar obair ghearr-ama thú agus má rinneadh iomarcach thú ina dhiaidh sin. Glacann an Binse Achomhairc Fostaíochta leis, má chuirtear duine ar ghearr-obair atá níos lú ná leath a g(h)náth-phá seachtaine, go ndéantar cnapshuim iomarcaíochta a áireamh ar ollphá bunaithe ar phá seachtaine iomláine.
Fógra: Nuair a thugann d'fhostóir fógra duit, tá do
theidlíocht fhógra bunaithe ar d'obair lánaimseartha. Nuair cuirtear ar
obair ghearr-ama tú, ciallaíonn sé sin go bhfuil do chonradh fostaíochta
láithreach curtha ar fionraí go sealadach.
Má ghlacann d’fhostóir cinneadh tú a dhéanamh iomarcach ansin, ní mór
dó/di do chonradh a athghníomhú chun tú a dhíbhe ar fhoras iomarcaíochta.
Nuair a thugann d’fhostóir fógraí faoi iomarcaíocht tá tú i dteideal
tréimhse fhógra iomlán. Má dhéantar iomarcach tú agus mura bhfuil ort
obair ar feadh do thréimhse fógra tá tú i dteideal íocaíochta in ionad
fógra atá comhionann le do ghnáthphá don tréimhse fhógra sin. Ciallaíonn
sé go bhfuil d’íocaíocht in ionad fógra bunaithe ar na huaireanta oibre i
do chonradh fostaíochta, seachas ar na huaireanta oibre ghearr-ama.
Murar mian leat iomarcaíocht a éileamh ach go leanann leagan as nó gearr-ama, tagann ceist aníos an cás sealadach atá i gceist ar chor ar bith. Más léir nach bhfuil an cás sealadach níos mó, is iomarcaíocht atá i gceist leis an gcás seachas leagan as nó obair ghearr-ama. Is é/í an fostóir a chinneann i dtosach cibé an bhfuil nó nach bhfuil cás iomarcaíochta i gceist. Má tá díospóid faoina leithéidí, ba chóir an cheist a atreorú chuig an Binse Achomhairc Fostaíochta chun cinneadh a dhéanamh.
I gcás oibrithe a asleagadh ar feadh tréimhse breis agus 12 sheachtain ar
meán sna ceithre bliana roimh iomarcaíocht, ní bhainfidh na foláirimh sin
maidir le hasleagan leo go deireadh na meántréimhse sin. Ar an ábhar sin,
más oibrí séasúrach thú, ní bheidh ceist iomarcaíochta ann go dtosaíonn
do shéasúr fostaíochta. Tagann ceist iomarcaíochta chun cinn ansin mura
bhfostaítear thú ach ní thagann go dtí sin.
Féadfaidh tú fógra a thabhairt do d’fhostóir go bhfuil sé ar intinn agat iomarcaíocht a éileamh ar íocaíocht iomarcaíochta de barr asleagain nó gearr-oibre ar fhoirm RP9 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre - féach 'Tuilleadh eolais' thíos).
Mura bhfuil do chnapshuim iomarcaíochta íoctha ag d’fhostóir, ba chóir duit iarratas ar d'fhostóir a dhéanamh ar fhoirm RP77 (ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre - féach 'Tuilleadh eolais' thíos). Má dhiúltaíonn d'fhostóir don íocaíocht fós, is féidir leat iarratas a chur isteach chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh íocaíochta dírí ón gCiste Árachais Shóisialaigh. Caithfidh tú iarratas ar líne a dhéanamh agus foirm RP50 á húsáid mar a leanas:
Ba chóir duit d'iarratas ar íocaíocht ón gCiste Árachais Shóisialaigh a sheoladh chuig an Rannóg um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, Urlár 2, Roinn Coimirce Sóisialaí, Bloc C, Lárionad Phort an Iarla, Sráid Haiste Íochtarach, Baile Átha Cliath 2.
Is féidir iarratas ar fhoirm trí théacs a sheoladh “FORM REDUNDANCY” agus d’ainm agus do sheoladh ina dhiaidh chuig 51909 (bíonn rátaí caighdeánacha téacs i bhfeidhm).
Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi do theidlíochtaí iomarcaíochta sa leabhrán, Treoir maidir le Scéim na nÍocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf). B’fhéidir go mbeadh spéis agat é seo a léamh freisin: liosta de cheisteanna coitianta maidir le hiomarcaíocht.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Íocaíochtaí Iomarcaíochta téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.