Go ginearálta, bíonn iomarcaíocht i gceist nuair a chailleann duine a p(h)ost de bharr gnó a bheith ag dúnadh nó laghdú a bheith ag teacht ar líon na foirne oibre. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh staid airgeadais an ghnó, easpa oibre, atheagrú laistigh den ghnó nó dúnadh iomlán an ghnó a bheith mar chúis léi.
In Éirinn, bíonn comhiomarcaíocht nuair, taobh istigh de 30 lá, a scaoiltear leis an méid seo a leanas fostaithe:
Faoin tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara) 2007 (pdf) tá Panéal Iomarcaíochta bunaithe ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta de réir chomhaontaithe comhpháirtíochta Towards 2016. Is féidir roinnt iomarcaíochtaí coiteann a chur faoi bhráid an Phainéil chun cinneadh a dhéanamh an raibh (nó an bhfuil) na hiomarcaíochtaí á ndéanamh chun oibrithe ar phá níos ísle nó ar théarmaí agus coinníollacha eile nach bhfuil chomh maith a fhostú in áit na bhfostaithe sin. Tugtar iomarcaíochtaí coiteann eisceachtúla orthu seo. Má chinneann an painéal go ndearnadh na hiomarcaíochtaí ar an gcúis seo, ní bhfaighidh an fostóir lacáiste ar na híocaíochtaí cnapshuime agus beidh na fostaithe atá i gceist ábalta caingean a thógáil faoi dhífhostú éagórach.
I gcás den chineál seo, faoin Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977-2007, ní mór dod' fhostóir dul i mbun cainteanna d'fhonn réiteach a dhéanamh le d'ionadaithe. Is reachtaíocht leithleach é seo ó na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967-2007. Sa chás seo ní mór don bhfostóir dul i gcomhairle ar mhaithe le teacht ar shocrú le hionadaithe na bhfostaithe Ní mór go mbeadh na cainteanna seo ann chomh luath agus is féidir agus ar a laghad 30 lá roimh an fógra iomarcaíochta. Is í aidhm na gcainteanna ná cinneadh a dhéanamh an bhfuil an roghanna eile leis an iomarcaíocht.
Ní mór don bhfostóir an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil i scríbhinn do na hionadaithe:
Tá dualgas ar an bhfostóir a chur in iúl don Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta i scríbhinn go bhfuil oibrithe le scaoileadh ar iomarcaíocht. Ní mór dó/di é seo a dhéanamh ar a laghad 30 lá roimh an gcéad chuid de na fostaithe a scaoileadh.
Éilíonn an tAcht um
Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006 (pdf) ar
fhostóirí dul i gcomhairle le d’fhostaithe i dtaobh athruithe móra na
láithreach oibre, lena náirítear tograí comhiomarcaíochta. (Ó 23 Márta
2008 baineann an tAcht le fhostóirí atá 50 fostaithe nó níos mó acu).
Mura gcomhlíonann d’ fhostóir an riachtanas le próiseas comhairliúcháin 30 lá, is féidir leat gearáin faoi shárú ar ailt 9 agus 10 den Acht 1977 maidir le faisnéis agus comhairliúcháin d’ fhostaithe a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.
Le tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta téigh i dteagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre. Is féidir tuilleadh a léamh faoi cháiliú le haghaidh iomarcaíochta, nósanna imeachta iomarcaíochta agus íocaíochtaí iomarcaíochta anseo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa Treoir
don Scéim um Íocaíochtaí Iomarcaíochta (pdf). Tá liosta
ceisteanna coitianta faoi iomarcaíocht ar suíomh na Roinne Coimirce
Sóisialaí.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.