Tá raon scéimeanna fostaíochta ann mar aon le tacaíochtaí eile a spreagann daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach chun filleadh ar obair. Tá siad dírithe ar dhaoine atá ag fáil sochair dífhostaíochta nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile ar feadh saintréimhse ama. Maoiníonn scéimeanna áirithe eagraíochtaí pobal agus deonacha chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil atá chun leasa an phobail áitiúil. Baineann rialacha éagsúla le gach scéim maidir leo siúd atá incháilithe agus dá réir sin tá sé tábhachtach an fhaisnéis mhionsonraithe a bhaineann le gach scéim a sheiceáil. Má tá tú ag filleadh ar obair trí cheann de na scéimeanna seo d'fhéadfadh tionchar a bheith aige ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh i slite éagsúla, ag brath ar an scéim. Is féidir le daoine a fhaigheann íocaíochtaí míchumais cáiliú do na scéimeanna agus tá roinnt mhaith tacaíochtaí fostaíochta ann do dhaoine a bhfuil míchumais ag dul dóibh.
Tugann scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (BTWEA) cúnamh do dhaoine dífhostaithe agus ar dhaoine eile a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe a bheith féinfhostaithe. Is féidir le daoine a bhfuil a ngó féin á mbunú acu agus atá incháilithe don scéim BTWEA céatadán dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád ar feadh 2 bliana.
Soláthraíonn an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach (LFG) tacaíocht do dhaoine a fhaigheann Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) agus atá ag iarraidh a ngnó féin a thosú. Íoctar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach in áit do SCP agus níl aon tréimhse cháilithe. Ciallaíonn sé nach bhfuil aon ghá duit bheith ag fáil SCP ar feadh fad ama áirithe.
Is liúntas cánach breise é Postchúnamh Ioncaim do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó tréimhse níos faide ná sin nó atá ag filleadh ar fhostaíocht. Is rogha malartach é an scéim ar scéimeanna fostaíochta atá ann cheana, ar nós an Liúntais um Fhilleadh ar Obair. I bhfocail eile, ní féidir leat leas a bhaint as an dá rogha. Is féidir an liúntas cánach a éileamh ar feadh 3 bliana cánaí agus is féidir é a thionscnamh i rith na bliana cánaí ina dtosaíonn an fhostaíocht nó i rith na bliana cánaí ina dhiaidh sin.
Tá an scéim seo ann do dhaoine a bhfuil an Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil acu ar feadh breis is 15 mhí. Tugann sí deis dóibh obair pháirtaimseartha a dhéanamh agus Liúntas Poist Pháirtaimseartha a fháil seachas an Liúntas Cuardaitheora Poist. Is féidir faisnéis a fháil faoi conas a bheith incháilithe don Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Cuireann Clár Fostaíochta Pobail oiliúint agus taithí oibre ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus do dhaoine eile atá faoi mhíbhuntáiste trí shocrúcháin pháirtaimseartha agus shealadacha i bpoist atá lonnaithe laistigh de phobail áitiúla. Tá 2 chatagóir dhifriúla d'Fhostaíocht Pobail ann: an Rogha Comhtháthaithe Páirtaimseartha agus an Rogha Poist Pháirtaimseartha
Tugann an Scéim Shóisialta na Tuaithe deis d'fheirmeoirí ar ioncam íseal agus d'iascairí nach bhfuil in ann slí bheatha imleor a bhaint amach óna ngabháltas feirme nó ó iascaireacht ioncam forlíontach a thuilleamh. Maoinítear eagraíochtaí áitiúla chun obair pháirtaimseartha atá tairbheach don phobal tuaithe a chur ar fáil do rannpháirtithe na scéime.
Maoiníonn an Clár Seirbhísí Pobail seirbhísí pobail agus gnóthaí pobail chun seirbhísí riachtanacha agus gnóthaí a chur ar fáil dá bpobail a chuirfidh fostaíocht ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus do dhaoine a bhfuil míchumais ag dul dhóibh. D'eascraigh an Clár Seirbhísí Pobail ó Chlár na hEacnamaíochta Sóisialta agus cuireann sé maoiniú ar fáil do bhreis is 300 grúpa.
Is tionscnamh socrúcháin oibre pobail é an scéim Tús le 5,000 áit a soláthróidh deiseanna oibre sa phobal. Oibreoidh na rannpháirtithe 19.5 uair sa tseachtain ar feadh 12 mhí agus is an ráta íocaíochta é an t-uasráta d'íocaíocht leasa shóisialaigh móide €20 bhreisithe sheachtainiúil.
Cuirfidh JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta 6,000 taithí oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe san earnáil phríobháideach, poiblí agus san earnáil dheonach agus pobail. Caithfidh na rannpháirtithe bheith ar an Beochlár ar feadh 3 mhí agus beidh na hintéirneachtaí ó 6 go 9 mí de ré. Má ghlacann siad le hintéirneacht coinneoidh siad a n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh siad €50 sa bhreis in aghaidh na seachtaine.
Soláthraíonn an Clár Socrúcháin Oibre FÁS taithí oibre 9 mí do chéimithe agus do dhaoine dífhostaithe eile. Soláthraíonn an Clár 7,500 áiteanna san earnáil phríobháideach, poiblí agus san earnáil dheonach agus pobail. Níl sé de dhíth ar rannpháirtithe bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh. Áfach má fhaigheann siad íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe ar feadh 3 mhí, is féidir a n-íocaíocht a choimeád.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.