Print Page Send to a Friend

Scéim Tionscnamh Jabanna

Eolas

Clár Éireannach is ea an Scéim Tionscnamh Jabanna a chuireann fostaíocht lánaimsire ar fáil do dhaoine atá 35 bliana d'aois nó níos sine atá dífhostaithe le breis agus 5 bliana. Níor earcaíodh aon duine nua don scéim ó Shamhain 2004. Ina áit sin, moltar duit cur isteach ar fholúntais atá ar fáil i bhFostaíocht Phobail. Ní bhaineann an fhaisnéis seo a leanas ach amháin leo siúd atá fostaithe faoi láthair faoin Scéim Tionscnamh Jabanna.

Ní foláir nó go raibh tú ag fáil na híocaíochta iomchuí leasa shóisialaigh i rith na tréimhse 5 bliana sin chun go mbeidh tú incháilithe. Is éard is aidhm leis an gClár Tionscnamh Jabanna ná cabhrú le daoine atá dífhostaithe ar feadh tréimhse fhada iad féin a ullmhú do dheiseanna fostaíochta ar an margadh oscailte oibre. Déanann an clár é seo trí thaithí oibre, traenáil agus deiseanna forbartha a chur ar fáil do na rannpháirtithe. Baineann na coinníollacha céanna leis an scéim is a bhaineann le jabanna eile. Beidh na cearta agus an chosaint fostaíochta chéanna agat maidir le saoire bhliantúil mar shampla, saoire bhreoiteachta, saoire mháithreachais, nósanna imeachta faoi chasaoid nó disciplín agus beidh ioncam inchánaithe agat.

Rialacha

Ós rud é gur cuireadh deireadh le hearcaíocht don Scéim Tionscnamh Jabanna i Samhain, 2004 ní bhaineann an fhaisnéis seo ach leo siúd atá fostaithe faoin Scéim faoi láthair.

Ní mór duit a bheith os cionn 35 bliana d'aois agus ceann de na híocaíochtaí seo a leanas a bheith á fháil agat le 5 bliana nó níos mó le bheith páirteach sa Scéim Tionscnamh Jabanna

Má bhí tú páirteach i bhFostaíocht Phobail, nó i gcúrsa aitheanta gairmoideachais nó oideachais féadfaidh tú an t-am seo a úsáid mar chuid de do thréimhse cáilíochta. Ní mór do mhná atá os cionn 35 bliana d'aois is atá ag fáil Sochar Banchéile Thréigthe aistriú go hÍocaíocht Teaglaigh Aontuismitheora má tá siad le bheith incháilithe. Ní féidir leat aistriú ar ais arís go Sochar Banchéile Tréigthe, agus ní féidir an Íocaíocht Teaglaigh Aontuismitheora a choinneáil ach amháin go dtí go sroicheann an leanbh is óige aois 18. D'fhéadfá fós a bheith incháilithe má bhí tréimhsí gearra breacfhostaíochta agat i rith na 5 bliana sin ach gan níos mó ná 25 seachtaine a bheith déanta agat san iomlán. Féadfaidh céilí na n-iarrthóirí a dteidlíochtaí a mhalartú le cáiliú do na jabanna seo.

Féadfaidh tú an liúntas i leith leanaí cleithiúnacha a choinneáil ar feadh 13 seachtaine, nó mar mhalairt air sin, d'fhéadfá a bheith cáilithe le haghaidh Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh má tá leanaí agat. D'fhéadfá a bheith incháilithe maidir le Postchúnamh Ioncaim. Tá maoiniú teoranta ar fáil le haghaidh traenáil.

Sochair Thánaisteacha

Coinneoidh tú do chárta leighis ar feadh trí bliana.

Coinneoidh tú do shochair thánaisteacha chomh fada is nach mó d'ollioncam teaghlaigh (roimh cháin ach gan Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a chur san áireamh) níos lú ná €317.43 in aghaidh na seachtaine.

Laghdófar an méid Liúntais CíosaLiúntas Ús Morgáiste a fhaigheann tú, áfach.

Rátaí

Íoctar an ráta reatha don jab sin leat. 1 2011 tá an íosíocaócht do rannpháirtí sa Scéim Tionscnamh Jabanna €416.

Conas iarratas a dhéanamh

Téigh i dteagmháil le d'oifig áitiúil FÁS le breis eolais a fháil.


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scéim Fhostaíochta Pobail
    Tugann an Scéim Fhostaíochta Pobail cabhair do dhaoine dífhostaithe fadtéarmach agus daoine eile chun dul ar ais ag obair. Cuireann an scéim socrúcháin páirtaimseartha agus sealadacha ar fáil i jabanna pobail áitiúla.
  • Liúntas um Fhilleadh ar Obair
    Soláthraíonn an Scéim Liúntas um Fhilleadh ar Obair tacaíocht do dhaoine dífhostaithe áirithe (agus daoine eile) nuair a théann siad ar ais ar obair. Soláthraínn an scéim céatadán dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh chomh maith le "sochair thánaisteacha". Tá an scéim dúnta d' iarratasóirí nua ó 1 Bealtaine 2009.
  • Na híocaíochtaí leasa shóisialaigh banchéile thréigthe
    Is íocaíocht árachais shóisialaigh é an Sochar Banchéile Thréigthe a íoctar le bean ar thréig a fear céile í. Is liúntas de réir tástála acmhainne é an Liúntas Banchéile Thréigthe a íoctar le mná nach bhfuil cáilithe do Shochar Banchéile Thréigthe. Cuireadh deireadh leis an dá íocaíocht d' iarratasóirí nua i mí Eanáir 1997. Faigheann roinnt ban, áfach, íocaíocht banchéile thréigthe go fóill.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.