Print Page Send to a Friend

Clár Socrúchán Oibre

Eolas

Soláthraíonn an Clár Socrúcháin Oibre FÁS taithí oibre 9 mí do chéimithe agus do dhaoine dífhostaithe eile. Soláithraíonn an Clár 7,500 áit san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach agus pobail agus tá sé riartha ag na seirbhísí fostaíochta FÁS atá aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012. Obair 25 uair sa tseachtain ar a laghad atá i gceist.

Tá an clár ar fáil do dhaoine a fhaigheann an cuid is mó d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh, lena n-áirítear Liúntas Cuardaitheora Poist agus Sochar Cuardaitheora Poist. Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat ar feadh 3 mhí ar a laghad, tá seans ann gur féidir leat an íocaíocht a choimeád fad is a bhfuil tú páirteach sa chlár - féach 'D'íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád' thíos.

Muna bhfuil íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat ar feadh 3 mhí ar a laghad, ní bhfaighidh tú íocaíocht ar bith fad is a bhfuil tú páirteach sa chlár.

Tá 2 shruth sa Chlár Socrúcháin Oibre (CSO). Táirgeann Sruth 1 áiteanna do chéimithe agus táirgeann Sruth 2 áiteanna do dhaoine dífhostaithe. Coinnítear roinnt de na háiteanna sin do dhaoine faoi bhun aois 34. Má tá céim agat, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an dá shruth. Dáilfear socrúcháin ar gach réigiún FÁS de réir líon na ndaoine ar an mBeo-Chlár sa réigiún sin, agus de réir an phrionnsabail ‘tús freastail ar an duine is túisce’ - féach ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos.

Sruth 1

Chun a bheith incháilithe do Shruth 1 an Chláir Socrúcháin Oibre:

  • Caithfear cáilíocht ag leibhéal 7 nó níos airde a bheith bronnta ort ar Chreatoibre Náisiúnta na gCáilíochtaí
  • Caithfidh tú a bheith dífhostaithe. Ní gá duit bheith ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh

Sruth 2

Chun a bheith incháilithe do Shruth 2 an Chláir Socrúcháin Oibre, caithfidh tú a bheith dífhostaithe. Ní gá duit bheith ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh.

Ní gá céim a bheith agat, ach is féidir le céimithe bheith páirteach sa sruth seo.

D'íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád

Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh incháilithe ar feadh 3 mhí ar a laghad, d'fhéadfadh d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád agus tú páirteach sa Chlár Socrúcháin Oibre, faoi réir faofa na Roinne Coimirce. Caithfidh tú cur in iúl don Roinn go dtosaíonn tú socrúchán, mar athraítear do stádas. Rinneadh socruithe chun rannpháirtithe ar an gClár Socrúcháin Oibre a cheadú síniú tríd an gcóras poist má tá siad ag éileamh íocaíochtaí cuardaitheora poist. Mar is socrúchán oibre deonach é CSO, níl aon íocaíocht ón bhfostóir ceadaithe.

Siad na híocaíochtaí atá i gceist ná:

  • Liúntas Cuardaitheora Poist
  • Sochar Cuardaitheora Poist
  • Liúntas Míchumais
  • Pinsean na nDall
  • Pinsean Easláinte
  • Sochar Breoiteachta
  • Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora
  • Sochar Banchéile Thréigthe
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
  • Liúntas Leasa Forlíontach

Más Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta atá agat, caithfidh tú díolúine a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí sula ndéanann tú iarratas ar an gClár Socrúcháin Oibre.

Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta, caithfidh tú íocaíocht leasa shóisialaigh ar feadh 6 mhí a fháil sula bhféadann tú iarratas ar an gClár a dhéanamh.

Socrúchán a fhágáil chun glacadh le post

Má fhaigheann tú post le linn socrúcháin, níl aon cheangal ort fanacht ann. Ba chóir duit fógra seachtaine a thabhairt do sholáthraí an tsocrúcháin agus do FÁS go bhfuil tú ag fágáil.

Ina theannta sin, má cháilíonn do phost nua faoin Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí, agus má tá 3 mhí caite agat ar an gClár Socrúcháin Oibre, d’fhéadfá cáiliú mar ‘oibrí incháilithe’ faoin scéim seo. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ar d’fhostóir nua ÁSPC fostóra a íoc maidir le d’fhostaíocht ar feadh 18 mhí ón dáta a fhostaítear tú. Faigh amach tuilleadh faoin Scéim Dreasachta Jabanna (ÁSPC) i gcomhair Fostóirí.

Eolas do rannpháirtithe

Cuireann FÁS faisnéis ghinearálta ar fáil le haghaidh daoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a chur isteach ar áiteanna ar an gclár, chomh maith le leideanna úsáideacha chun áit a aimsiú. Má tá ceisteanna agat mar gheall ar an gclár, is féidir leat breathnú ar na ceisteanna coitianta a chuirtear.

Fostóirí

Is féidir le fostóirí san earnáil phoiblí, san earnáil phríobháideach agus san earnáil dheonach páirt a ghlacadh sa Chlár Socrúcháin Oibre.

Is iad na riachtanais maidir le fostóirí a sholáthraíonn socrúcháin oibre ná:

  • Caithfidh siad a bheith cláraithe le FÁS mar sholáthraí
  • Is é uasmhéid na socrúchán do gach fostóir ná 10 nó 10% den lucht oibre
  • Caithfidh an socrúchán bheith ar feadh 25 uair sa tseachtain ar a laghad)
  • Ní féidir leis an socrúchán teacht in áit folúntais reatha nó é a úsáid chun fostaí reatha a easáitiú

De ghnáth, is féidir fostóirí páirt a ghlacadh mura bhfuil aon iomarcaíocht sa 3 mhí anuas. Áfach, is féidir fostóirí a rinne daoine iomarcach sa 3 mhí anuas páirt a ghlacadh, más an líon iomarcaíochta sa tréimhse sin níos lú ná 5% an lucht oibre.

mionsonraithe na riachtanas ar fáil ar shuíomh gréasáin FÁS.

Eolas d'fhostóirí

Cuireann FÁS faisnéis ghinearálta ar fáil le haghaidh fostóirí a bhfuil sé ar intinn acu áiteanna a thairiscint tríd an gclár. Foilsíonn FÁS mioneolas agus leideanna le haghaidh fostóirí freisin, chomh maith le treoirlínte mar gheall ar iarratas a dhéanamh.

Líon socrúchán: Braitheann an t-uasmhéid socrúchán an féidir fostóir a thairiscint, ar an líon fostaithe lánaimseartha mar a leanas:

Líon fostaithe Líon socrúchán
1 - 10 fostaí 1
11 - 20 fostaí 2
21 - 30 fostaí 3
Níos mó ná 30 fostaí 10% an lucht oibre suas go huasmhéid 25 socrúchán, cibé acu is lú

JobBridge

JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta, dírithe orthu siúd atá ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nó atá ag síniú do chreidmheasanna ar feadh ar a laghad 3 mhí. Tairgfear intéirneacht do rannpháirtithe na scéime idir 6 agus 9 mí ar fhad le heagraíocht óstaigh. Coinneoidh rannpháirtithe a n-íocaíocht leasa shóisialaigh agus gheobhaidh siad €50 sa bhreis in aghaidh na seachtaine. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil inár ndoiciméad faoi JobBridge.



Conas iarratas a dhéanamh

Clár Socrúcháin Oibre

Má tá suim agat a bheith rannpháirteach sa Chlár Socrúcháin Oibre, is féidir leat breathnú ar na háiteanna atá ar fáil. Ta eolas fúthu ar Twitter freisin. Ansin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar d’oifig FÁS áitiúil. Má tá tú cláraithe le FÁS cheana féin, is feidir leat glaoch ar 1800 611 166 nó (046) 973 8000 chun a rá go bhfuil suim agat bheith páirteach sa chlár.

Déanfaidh FÁS tú a atreorú chuig fostóir atá cláraithe mar sholáthraí faoin gClár Socrúcháin Oibre. Féadfaidh an fostóir agallamh a chur ort mar rannpháirtí féideartha sa Chlár.

Soláthraithe: má tá suim ag fostóirí áiteanna a chur ar fáil, feicfidh siad foirm iarratais agus treoirlínte ar shuíomh gréasáin FÁS.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teagmháil leis an oifig FÁS áitiúil chun áit a fháil ar an gClár Socrúcháin Oibre.
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • JobBridge - Scéim Náisiúnta Intéirneachta
    Soláthraíonn Scéim Náisiúnta Intéirneachta deiseanna thaithí oibre do dhaoine a bhí ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe nó ag síniú do chreidmheasanna.
  • Cúrsaí oiliúna FÁS
    Cur síos ar an oiliúint ghairmiúil atá ar fáil trí FÁS, suíomhanna na gcúrsaí, intofacht, agus na liúntais atá ar fáil.
  • Scéimeanna chun tacú le fostaíocht
    Forbhreathnú ar na scéimeanna fostaíochta agus ar na tacaíochtaí eile a spreagann daoine a bhfuil íocaíocht dífhostaíochta nó íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á fháil acu chun fostaíocht a ghlacadh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.