Print Page Send to a Friend

Clár Seirbhísí Pobail

Eolas

Is é cuspóir an Chláir Seirbhísí Pobail tacú le gníomhaíocht phobail áitiúil chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste agus deiseanna fostaíochta áitiúla a chur ar fáil do ghrúpaí áirithe daoine. Cuireann sé maoiniú ar fáil do sheirbhísí pobail agus gnólachtaí pobail lena n-áirítear seirbhísí do sheanóirí agus iad siúd atá faoi mhíchumas, tionscnaimh iompair tuaithe agus tionscadail thimpeallachta. Is é Pobal a riarann an Clár thar ceann na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is comhlacht é Pobal a fheidhmíonn ar bhonn neamhbhrabúis agus a bhainistíonn cláir ar son Rialtais na hÉireann agus an AE.

Díríonn an Clár ar phobail mar ar tearc seirbhísí na n-earnálacha poiblí agus príobháidí, cibé trí iargúltacht a suíomh nó toisc iad a bheith scoite amach ó phobail eile nó toisc nach leor na leibhéil éilimh. Tríd an gClár seo is féidir na buntáistí a ghabhann le hinfheistíocht phoiblí eile a fhíorú (infheistíocht in ionaid pobail agus in acmhainní, mar shampla).

Tháinig an Clár Seirbhísí Pobail ón gClár Eacnamaíochta Sóisialta agus cuireann sé maoiniú ar fáil do thart ar 450 comhlacht pobail agus comharchumann.

Rialacha

Saghsanna tionscadail

I gcoitinne, ní mór d’iarratasóirí a bheith ina gcuideachtaí neamhbhrabúis, dóthain cumais a bheith acu chun tabhairt faoi sholáthar seirbhísí agus bainistiú foirne, dóthain acmhainní airgeadais agus deiseanna a bheith acu chun fáltais a ghiniúint chun an tseirbhís bheartaithe a choimeád ar siúl, agus plean gnó a réiteach a bheidh inghlactha don Chlár, má iarrtar é.

Is féidir leis na saghsanna tionscadail seo a leanas cur isteach ar mhaoiniú:

  • Seirbhísí pobail do sheanóirí (seachas soláthar cúraim shláinte).
  • Seirbhísí pobail, a fhostaíonn nó a thugann tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumas (seachas soláthar cúraim shláinte).
  • Tionscadail, a fhostaíonn agus a thugann tacaíocht d'andúiligh cobhsaithe nó atá i mbun athshlánaithe (seachas soláthar cúraim shláinte).
  • Seirbhísí pobail nó fiontair phobail do phobail oileáin.
  • Raidió Pobail.
  • Fiontair phobail, a thugann tacaíocht do agus a fhostaíonn an Lucht Siúil (seachas soláthar cúraim shláinte).
  • Maoirseacht a dhéanamh ar hallaí agus áiseanna pobail, ag cur na gceantar atá faoi mhíbhuntáiste chun tosaigh

Tar éis measúnú ar na tionscadail, eisítear conarthaí le suas le 3 bliana, de ghnáth, do chuideachtaí pobail agus comharchumainn a chomhlíonann critéir an Chláir.

Eagraíochtaí incháilithe

Le cáiliú do mhaoiniú faoin gClár Seirbhíse Pobail, caithfidh eagraíochtaí a bheith ag feidhmiú ar bhonn neamhbhrabúis.
Chomh math leis sin, ní mór dóibh tosaíocht a thabhairt do dhaoine dífhostaithe sa phróiseas earcaíochta do na tionscadail. Go hiondúil caithfidh 70% de na fostaithe a n-earcaíonn an tionscadal iad teacht ó cheann de na grúpaí seo a leanas:

  • Daoine dífhostaithe a fhaigheann Liúntas Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora
  • Daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte nó Pinsean na nDall nó íocaiocht míchumas eile
  • Daoine dífhostaithe a fhaigheann Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist nó Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora
  • Iarphríosúnaigh
  • Mí-usáideora drugaí athshlánaithe

Tá faisnéis faoi fhostaíocht agus an Clár Seirbhísí Pobail ar an láithreán gréasáin Pobal.

Maoiniú

Féadann eagraíochtaí maoiniú a fháil ar bhonn ilbhliantúil, a chlúdaíonn tuarastail bhainistíochta, soláthar seirbhíse agus costais oibriúcháin.

Conas iarratas a dhéanamh

Eisíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí gairm tograí go poiblí ó am go ham, agus is mar seo a bhainistítear rochtain ar an gClár.

Eagraíochtaí ar spéis leo cur isteach ar chistiú, gheobhaidh siad eolas ar an gClár Seirbhísí Pobail agus ar chláir eile ar shuíomh gréasáin Pobal.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Pobal

Teach Holbrook
Sráid Holles
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 240 0700
Facs:+353 (0)1 661 0411
Láithreán Gréasáin: http://www.pobal.ie/
R-phost: enquiries@pobal.ie



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.