Tá an clár Fhostaíochta Pobail (FP) dírithe ar chúnamh a thabhairt do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach agus daoine eile atá faoi mhí-bhuntáiste a chur ar ais ag obair tríd áiteanna páirt-aimseartha agus sealadacha a chur ar fáil dóibh i bpostanna atá lonnaithe sna pobail áitiúla. Is féidir le rannpháirtithe obair eile pháirt-aimseartha a lorg freisin nuair atá siad ag plé leis an scéim. Tar éis don scéim críochnú spreagtar na rannpháirtithe le postanna páirt-aimseartha agus lán-aimseartha eile a lorg bunaithe ar an taithí agus na scileanna nua atá faighte acu ar an Scéim Fhostaíochta Pobail.
Tá an clár Fostaíocht Phobal riaraithe ag FÁS, an t-údarás traenála
agus fostaíochta na tíre. Ó 1 Eanáir 2011 tá freagracht maidir leis an
clár aistrithe chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tá 2 chatagóir Fostaíochta Pobail difriúla agus bíonn a riachtanais iontrála féin ag ‘chaon cheann acu. Is iad na catagóirí ná an Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha agus an Rogha Phoist Páirtaimseartha.Is féidir leat páirt a ghlacadh ceachtar iontu ach ní féidir leat páirt a ghlacadh sa bheirt ag an am céanna. Pleanálfaidh agus bainisteoidh urraí an chláir – eagraíochtaí nó grúpaí áitiúla – do shocrúchán. D'fhéadfadh sé freisin go gcuirfidh an t-urra deiseanna traenála nó forbartha scileanna ar fáil duit le linn na scéime.
Ar an meán is 39 uair an chloig oibre a dhéantar sa choicís don scéim. Íocann an t-urra na rannpháirtithe go seachtainiúil agus más cuí baintear cáin agus ÁSPC as an bpá. Tá do phá FP díolmhaithe ón Muirear Sóisialta Uilíoch.
Ceadaíonn an Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha thú chun obair faoin scéim fostaíochta pobail suas go bliain amháin.
Seans gur féidir scéim bliana a fhadú bliain amháin eile ag brath ar do riachtanais féin, chun é seo a dhéanamh caithfidh an t-urra iarratas i scríbhinn a chur isteach chuig FÁS ar a laghad dhá mhí roimh dheireadh do scéime. Go hiondúil críochnaíonn na rannpháirtithe an sochrúchán bliana agus téann siad ag lorg post lán nó páirtaimseartha in áiteanna eile bunaithe ar an taithí atá faighte acu, ar an dea-ainm atá faighte acu le fostóirí áitiúla agus aon scileanna nua atá foghlamtha acu le linn na scéime.
Is féidir leat a bheith cáilithe le páirt a ghlacadh sa Rogha Chomhtháite Pháirtaimseartha den Scéim Fhostaíochta Pobail má:
Tá tú 25 bliain d'aois nó níos sine agus:
NÓ
Tá tú atá 18 mbliana d'aois nó níos sine agus:
Nuair is cuí, is féidir le hiarrthóirí am a chaitheadar ar chláir aitheanta traenála nó fostaíochta a chur san áireamh chomh maith leis an tréimhse ama ag fáil liúntas ar mhaithe leis na riachtanais incháilithe a shásamh.
Cuirtear an Rogha Phoist Páirtaimseartha obair pháirtaimseartha ar fáil ar feadh tréimhse suas le 6 bliana dóibh siúd ar sinne iad ná 55 agus suas le 3 bliana dóibh siúd atá faoi 55 bliana d'aois. An aidhm atá leis an rogha ná fostaíocht a chur ar fáil ar feadh tréimhse réasúnta fadtéarmach do dhaoine meánaosta nach raibh in ann fostaíocht sheasta a fháil le tamall anuas. Tá na teorainneacha rannpháirtíochta do dhaoine faoi mhíchumas 7 mbliana i gcás daoine idir 55 agus 65 bliain d'aois agus 4 bliana dóibh siúd atá idir 34 agus 54. Ní áirítear am caite ar FP roimh 3 Aibreán 2000 sna teorainneacha rannpháirtíochta seo.
D'fhéadfadh sé go mbeadh tú incháilithe don Rogha Phoist Páirtaimseartha FP má:
Tá tú 35 bliana nó níos sine agus:
NÓ
Má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine agus:
Má tá SCP, LCP nó Cúnamh Feirme á fháil agat agus tú incháilithe do FP, is féidir leat d’incháilitheacht a aistriú chuig do chleithiúnaí aosaigh. Ní chaillfear liúntais ar bith má bhaineann duine leas as an mbabhtáil chleithiúnaí aosaigh mar déantar cúinsí a aistriú lena chéile, a chiallaíonn go bhfuil na liúntais a bheadh faighte ag iarratasóir na Fostaíochta Pobail aistrithe chuig a gcleithiúnaí aosaigh. Tá sé tábhachtach do chleithiúnaí aosaigh síniú do chreidmheasanna ag an oifig leasa shóisialaigh áitiúil chun teidlíochtaí pinsean a chosaint.
Má fhaigheann tú Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ITA), d'fhéadfá cuid do d'ITA a choimeád - féach ár mbileog oibre maidir le ITA agus Fostaíocht Phobail. Má fhaigheann tú íocaíochtaí míchumais d'fhéadfá cuid do d'íocaíocht a choimeád, braithfear é ar íocaíocht. Má fhaigheann tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Pháirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) d'fhéadfá cuid do d'íocaíocht a choimeád. Áfach, má fhaigheann tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Pháirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach), is féidir d'íocaíocht a choimeád. Ba chóir duit dul i dteagmháil le d'Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil chun do chúinsí ar leith a sheiceáil.
Coimeádfaidh tú do Chárta Leighis.
Coimeádfaidh tú teidlíocht ar liúntais thánaisteacha a bhí tú ag fáil díreach roimh dhul ar aghaidh go dtí Fostaíocht Pobail ar chuntar go sásaítear na coinníollacha le haghaidh na liúntais seo.
Liúntais Cíosa: laghdófar an méid Liúntais
Cíosa a fhaigheann tú, áfach.
Íocann na tionscnóirí pá in aghaidh na seachtaine leis na rannpháirtithe sa dá chuid den Scéim Fostaíochta Pobail atá acu.
Cuireann FÁS deontais ar fáil d'fhostóirí pobail le cabhrú leo daoine a fhostú faoin scéim. Braitheann méid an deontais seo ar pháistí nó aosaigh chleithiúnacha a bheith ag na rannpháirtithe. Ní chuireann FÁS maoiniú ar fáil i gcás oibrithe sa Scéim Fostaíochta Pobail atá os cionn 65.
Tá na deontais sheachtainiúla a íoctar bunaithe ar fhigiúr 19.5 uaireanta oibre a bheith déanta ag oibrí i scéim Fostaíochta Pobail:
Rátaí ó Eanáir 2011
| Rátaí do Chatagóirí éagsúla Rannpháirtithe | Ráta |
| Rannpháirtí gan aon duine cleithiúnach air nó uirthi | €208 |
| Rannpháirtí le duine fásta cleithiúnach air nó uirthi | €332.80 uasráta* |
| Gach leanbh cleithiúnach (lánráta) | €29.80 |
| Gach leanbh cleithiúnach (leathráta) | €14.90 |
*Má áirítear méadú do dhuine fásta cáilithe san íocaíocht den rannpháirtí ón Roinn Coimirce Sóisialaí, gheobhaidh sé nó í an ráta seachtainiúil FP do rannpháirtí le duine fásta cleithiúnach air nó uirthi.
Tá líon teoranta postanna ar fáil mar chuid den Scéim Fostaíochta Pobail. Más mian leat páirt a ghlacadh i Scéim Fhostaíochta Pobail déan teagmháil le d'oifig áitiúil FÁS chun dheiseanna fostaíochta faoin Scéim Fhostaíochta Pobail a fháil. Tá liostaí fostaíochta FÁS ar fáil ar an idirlín.
Ba chóir duit dul i dteagmháil le hardoifig FÁS má tá spéis ag d'eagraíocht nó ag do ghrúpa i nduine a fhostú faoin scéim.
Déan teagmháil le d'oifig áitiúil FÁS
Bosca Poist 456
27-33 Sráid Bhagóid Uachtarach
Baile Átha Cliath 4
Éire
Teil:+353 1 607 0500
Facs:+353 1 607 0600
Láithreán Gréasáin: http://www.fas.ie
R-phost: info@fas.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.