Scéim Fhostaíochta Pobail
Tugann an Scéim Fhostaíochta Pobail cabhair do dhaoine dífhostaithe fadtéarmach agus daoine eile chun dul ar ais ag obair. Cuireann an scéim socrúcháin páirtaimseartha agus sealadacha ar fáil i jabanna pobail áitiúla.
Tús – tionscnamh socrúcháin oibre phobail
Is tionscnamh socrúcháin oibre phobail é Tús a sholáthraíonn deiseanna oibre gearrthéarmacha do dhaoine dífhostaithe.
JobBridge - Scéim Náisiúnta Intéirneachta
Soláthraíonn Scéim Náisiúnta Intéirneachta deiseanna thaithí oibre do dhaoine a bhí ag fáil íocaíocht dífhostaíochta nó ag síniú do chreidmheasanna.
Clár Socrúchán Oibre
Cuireann Clár Socrúcháin Oibre taithí oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe.
Clár Seirbhísí Pobail
Cabhraíonn an Clár le grúpaí deonacha agus pobail seirbhísí riachtanacha agus gnólachtaí a chur ar fáil dá bpobail, a chuirfidh fostaíocht ar fáil do dhaoine dífhostaithe agus daoine faoi mhíchumas.
Postchúnamh Ioncaim
Is faoiseamh breise cánach é Postchúnamh Ioncaim do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó níos mó agus atá ag filleadh ar fhostaíocht.
Scéim Tionscnamh Jabanna
Scéim Tionscnamh Jabanna a chuireann fostaíocht lánaimsire ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach.
An Scéim Sóisialta Tuaithe
Is í aidhm na scéime Sóisialta Tuaithe ná fordheontas ioncaim a sholáthar d'fheirmeoirí agus iascairí in Éirinn atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar bhonn fadtéarmach.
This document is in:
Leas Sóisialach
Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh
Feirmeoireacht agus iascaireacht
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.