Faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2007 'siad na cúinsí inar féidir le dífhostú éagórach tarlú ná nuair:
Má tá tú dífhostaithe ó do chuid fostaíochta, d'fhéadfá, faoi choinníollacha áirithe, éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh i gcoinne d'fhostóir. Ní dhéanann reachtaíocht um dhífhostú éagórach ann féin tú a chosaint ó dhífhostú, ach soláthraítear córas achomhairc inar féidir leat cothroime an dífhostaithe s'agat a cheistiú tar éis dó tarlú.
Beidh ort a léiriú go bhfuil tú incháilithe éileamh a dhéanamh faoin reachtaíocht (féach Rialacha thíos). Má dhéanann tú seo agus go nglacann d'fhostóir go raibh dífhostú ann, beidh dualgas ar an bhfostóir a léiriú go raibh cúiseanna córa don dífhostú. Lasmuigh de chás lena mbaineann dífhostú inchiallaithe, ceaptar go bhfuil dífhostú éagórach murar féidir cúiseanna maithe a thabhairt leis.
Faoin reachtaíocht, is féidir leat ráiteas scríofa a iarraidh ar d'fhostóir maidir le cúiseanna an dífhostaithe s'agat. Ba chóir don fhostóir s'agat é seo a sholáthar laistigh de 14 lá ó d'iarratas a fháil.
Má fheictear gur dífhostaíodh tú go héagórach, d'fhéadfaí tú a chur ar ais sa phost nó, rud atá níos comónta, d'fhéadfá cúiteamh a fháil ar an gcaillteanas ioncaim de thoradh an dífhostaithe.
Meastar go bhfuil cúiseanna áirithe do dhífhostú éagórach sa ghnáthchúrsa. Ina measc:
Faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach ceaptar gur cúis maith le dífhostú í iomarcaíocht. Cé go bhfuil iomarcaíocht i gceist, seans go mbeidh de cheart agat gearán a dhéanamh má roghnaíodh thú go héagórach. Dá gceapann tú go mbeadh tú dífhostaithe éagórach d'fhéadfá bheith incháilithe chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh. Ceaptar go bhfuil dífhostú éagórach murar féidir le d’fhostóir cúis iomarcaíochta dhílis agus nósanna imeachta maithe a thabhairt leis. Má chuireann tú isteach ar chúiteamh le haghaidh dífhostaithe éagóraigh ní féidir cuir isteach le haghaidh iomarcaíochta.
Ionas go gcáileofaí éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach faoin reachtaíocht caithfear na riachtanais a leanas a bhaint amach:
'Sí an teorainn ama chun éileamh a thosú ar dhífhostú éagórach ná sé mhí ó dháta an dífhostaithe. Má tá "cúinsí eisceachtúla", d'fhéadfaí go mbeadh cead agat an tréimhse seo a leathnú go 12 mí ó dháta an dífhostaithe. Cibé ar bith, is gá gur cúinsí eisceachtúla a bheadh i gceist - ní leor a rá nach raibh an dlí ar eolas agat.
'Sé dáta an dífhostaithe, faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, an dáta deiridh den bhfógra a tugadh duit. Tá tú i dteideal íostréimhse fógra reachtúil má tá tú tar éis oibriú ar feadh 13 seachtainí ar a laghad don fhostóir s'agat. D'fhéadfadh do chonradh scríofa fostaíochta soláthar a dhéanamh do thréimhse fógra níos faide.
Go hiondúil, caithfidh tú ar a laghad 12 mí de sheirbhís leanúnach le d'fhostóir a bheith agat chun éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach. Cibé ar bith tá eisceachtaí tábhachtacha leis an riail ghinearálta seo. Má tá níos lú ná 12 mí de sheirbhís leanúnach agat d'fhéadfá éileamh maidir le dhífhostú éagórach a dhéanamh má dhífhostaítear tú toisc:
Nóta: faoin reachtaíocht comhionannais fostaíocht a (pdf) ní féidir le fostóir aon duine a roghnú ar son dífhostaithe ar aon cheann den naoi gcúis leatroma seo a leanas: gnéas, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, aois, míchumas, creideamh, cine, claonadh gnéis nó duine den Lucht Siúil. Mar sin, cuir i gcás go raibh tú fostaithe ar feadh níos lú ná bliain, d'fhéadfadh nach mbeifeá a bheith in ann éileamh a dhéanamh faoin reachtaíocht dífhostaithe éagóracha , ach d'fhéadfá é a dhéanamh faoi reachtaíocht comhionannais - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Go ginearálta, ní bhristear leanúnachas fostaíochta an fhostaí ach amháin trí dhífhostú an fhostaí ón bhfostóir nó foirceannadh na fostaíochta ón bhfostaí.
Caithfidh tú a bheith i d'fhostaí, ag obair faoi chonradh seirbhíse. 'Sí an eilimint is riachtanaí de chonradh mar seo ná gur caidreamh fostóir/fostaí atá i gceist, seachas conradh do sheirbhísí nuair a bhaineann an caidreamh le seirbhís a chomhlíonadh ar íocaíocht , i.e. conraitheoir. I gcás iad siúd atá oibrithe gníomhaireachta, 'siad an fostóir iarbhír an fostóir ar chuspóirí sásaimh faoi na hAchtanna.
Caithfidh gur dífhostaíodh tú ionas gur féidir leat éileamh a dhéanamh. An taon eisceacht amháin dó seo ná coincheap an dífhostaithe inchiallaithe nuair a éiríonn tú as, ach go ndéanann tú éileamh go raibh iompraíocht d'fhostóir i do threo ar an gcúis gur cuireadh brú ort éirí as.
Má shéanann d'fhostóir gur tharla dífhostú i bhfírinne, beidh ort a bhunú gur tharla. Ní leanfaidh d'éileamh ar aghaidh go dtí an chéad staid eile maidir le cinneadh a dhéanamh an raibh an dífhostú cothrom nó nach raibh go dtí go ndeimhnítear an méid seo, agus caithfidh d'fhostóir an cheist seo a chruthú.
Ní bhaineann na hAchtanna leis na daoine a leanas:
(a) fostaí atá faoi 16, nó atá tar éis an gnáthaois scoir a shroicheadh nó nach bhfuil clúdaithe faoi na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta toisc cúinsí aoise
(b) duine atá ag obair do dhuine gaolta i dteach príobháideach nó feirm, chomh fada agus go gcónaíonn an bheirt sa teach nó feirm céanna chomh maith;
(c) ball d'Óglaigh na hÉireann
(d) ball den Gharda Síochána (ó 4 Iúil 2006 bhaineann na hActanna leis an cuid is mó do fostaí Stáit)
(e) duine atá i mbun oiliúna lánaimseartha nó printíseacht le FÁS
(f) oifigeach de chuid na gcoistí gairmoideachais, bainisteoir contae nó cathrach, agus an príomhfheidhmeannach don Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
(g) fostaí atá fostaithe faoi chonradh ar théarma seasta/cuspóir-shonraithe agus nuair atá an conradh i scríbhinn, sínithe ag an dá phairtí agus a chuimsíonn foráil nach mbainfidh na hAchtanna maidir le dífhostú, a chuimsíonn dáta éagtha an chonartha ar théarma seasta nó comhlánú an chuspóir-shonraithe. Léigh 'Tuilleadh eolais' thíos faoi chonarthaí ar théarma seasta/cuspóir-shonraithe agus dífhostú
(h) fostaí a oibríonn lasmuigh den Stát (murach go bhfuil an fostaí cónaitheach sa Stát le linn tréimhse an chonartha nó gnáthchónaí air/uirthi sa Stát agus go bhfuil an fostóir cónaitheach sa Stát le linn tréimhse an chonartha)
(i) printíseachtaí reachtúla atá dífhostaithe laistigh de sé mhí tar éis printíseacht a thosú nó laistigh de mhí ó chomhlánú na printíseachta
(j) fostaí atá ar promhadh nó i mbun oiliúna ag tús fostaíochta, chomh fada agus go bhfuil tréimhse an phromhaidh nó na hoiliúna bliain amháin nó níos lú agus sonraithe i gconradh scríofa fostaíochta
(k) fostaí atá dífhostaithe le linn oiliúna do cháilíocht nó do chlárú mar altra nó d'fhostaíocht sonraithe eile paraimhíochaine
Nóta: Ní bhaineann na heisiaimh ó na hAchtanna le daoine a thagraítear dóibh sna pointí (b), (e), (i), (j) agus (k) nuair a tharlaíonn dífhostaithe de bharr:
Ní bhainfidh an eisiamh ó na hAchtanna le daoine a thagraítear dóibh i
bpointí (a) agus (d) nuair atá an dífhostú de thoradh ar fhostaí ag baint
leasa as an gceart do shaoire tuismitheora, saoire force majeure nó saoire
cúramóra.
Ní bhainfidh na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach le dífhostú nuair a
insíonn fostóir an fhostaí don fhostaí i scríbhinn ag tús na fostaíochta
go mbeidh deireadh leis an bhfostaíocht ar fhilleadh chun na hoibre leis an
bhfostóir sin d'fhostaí eile atá as láthair nuair atá siad ar shaoire
mháithreachais, saoire uchtaíoch nó saoire cúramóra.
Má tá rath ar an éileamh s'agat ar dhífhostú éagórach, d'fhéadfadh an foras a d'éist le d'éileamh ceann de na leigheasanna a leanas a bhronnadh ort:
Aischur
Ciallaíonn sé seo go ndéileáiltear leat amhail is nár dífhostaíodh tú
riamh. Ní hamháin go bhfuil tú i dteideal do chaillteanas ioncaim ó dháta
na dífhostaithe go dtí dáta na héisteachta, tá tú i dteideal chomh maith
d'aon athruithe fabharacha le linn an tréimhse sin, mar shampla, arduithe pá.
Is annamh a úsáidtear an leigheas seo.
Athfhostú
Ciallaíonn sé seo go dtabharfar do phost ar ais duit ach díreach ó
dháta áirithe, mar shampla, dáta an chinnidh i d'fhabhar. Ciallaíonn sé
seo nach mbeidh tú i dteideal do chúiteamh ar aon chaillteanas ioncaim.
Úsáidtear an leigheas seo go minic nuair a airítear gur chuir an fostaí
leis an dífhostú, cé go raibh an dífhostú ann féin éagórach. Arís,
cibé ar bith, is annamh a úsáidtear an réiteach seo.
Cúiteamh
Seo é an leigheas is comónta. Tá sé riachtanach a nótáil nach mbronntar
cúiteamh ach amháin maidir le caillteanas airgid. Ní féidir leat dá réir
éileamh a dhéanamh ar chúiteamh do cheisteanna díobhála do na mothúcháin
s'agat nó strus ag eascairt ón dífhostú. Tógfaidh cúiteamh na ceisteanna
a leanas san áireamh:
Más mian leat éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach ba chóir duit é seo a dhéanamh laistigh de 6 mhí ó dháta an dífhostaithe. D'fhéadfaí an teorainn ama seo a leathnú go 12 mí i gcásanna nuair a chuir cúinsí eisceachtúla cosc ar an éileamh a bheith déanta laistigh de 6 mhí.
Má cháilíonn tú faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, is féidir leat d'éileamh a thógáil ag an gCoimisinéir um Chearta. Má chuireann tú féin nó d'fhostóir i gcoinne éileamh atá á éisteacht ag an gCoimisinéir um Chearta is féidir an t-éileamh a dhéanamh go díreach leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta (BAF). Ní mór duit gearán faoi dífhostú idirdhealaitheach a dhéanamh leis an mBinse Chomhionnais.
Cuireann tú éileamh isteach chuig an gCoimisinéar um Chearta, an BAF nó chuig an mBinse Chomhionnais tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.
Má éisteann an Coimisinéar um Cherta le héileamh, eiseoidh an Coimisinéar um Chearta moladh agus is féidir leat féin nó d'fhostóir achomharc a dhéanamh ar an moladh seo chuig an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
Nuair atá éileamh nó achomharc á éisteacht ag an mBinse Achomhairc Fostaíochta, eiseoidh an Binse cinneadh. Tá ceart ag ceachtar den dá pháirtí achomharc a dhéanamh ag an gCúirt Chuarda ar cinneadh an Binse.
Má dhífhostaítear tú ach nach gcáilíonn tú chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh faoin reachtaíocht ábhartha, is féidir leat iarraidh ar an gCoimisinéir um Chearta do chás a iniúchadh faoi na hAchtanna Chaidrimh Thionscail. Cibé ar bith, caithfidh d'iar-fhostóir aontú le baint an Choimisinéara um Chearta nó ní bheidh an Coimisinéir um Chearta ábalta leanúint leis an gcás. Má aontaíonn d'fhostóir, déanfaidh an Coimisinéir um Chearta éisteacht a eagrú maidir leis an agóid. D'fhéadfadh an Coimisinéir um Chearta iarracht a dhéanamh teacht ar chomhshocrú nó, agus murar féidir leis seo, eiseofar moladh maidir leis an agóid. Níl an moladh seo, cibé ar bith, ina cheangal dlí ar an dá pháirtí.
Tá tuilleadh eolais sa leabhrán mínithe d'fhostóirí agus d'fhostaí ar na hAchtanna um Dhífostaithe Éagóracha (pdf) ar fáil ar workplacerelations.ie.
Déan teagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre chun sásamh faoi na hAchtanna a fháil.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Is conradh d'fhad ar leith é conradh ar théarma seasta nuair atá tréimhse an chonartha ar eolas ag an dá pháirtí ón tús. Tá tréimhse theoranta ag baint le conradh cuspóir-shonraithe chomh maith, ach nach bhfuil fad an chonartha ar eolas ag an dá pháirtí ón tús. Feictear go mbeidh sé teoranta ó thaobh ama agus go gcríochnóidh sé nuair a bheidh cuspóir shonraithe an chonartha comhlánaithe.
Nuair a dhífhostaítear fostaí ag deireadh conartha ar théarma seasta nó cuspóir-shonraithe, baineann an reachtaíocht um dhífhostú éagórach mar is gnách murar bhain an fostóir leas as an bhforáil oibriú na reachtaíochta a eisiamh. Is iad na trí coinníollacha a gcaithfear cloí leo ionas gur féidir an t-eisiamh seo a chur i bhfeidhm ná:
Mura gcloítear leis na coinníollacha seo, b'fhéidir go bhféadfá éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach cé go bhfuil tú fostaithe faoi chonradh ar théarma seasta nó cuspóir-shonraithe, ag brath ar ghnáthriachtanais maidir le fad seirbhíse, etc. a chomhlíonadh.
Tar éis inachtú an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair ar Théarma Seasta) 2003 (pdf) ar an 14 Iúil 2003, má tá riachtanas ar fhostaí iontráil isteach i líon áirithe de chonarthaí ar théarma seasta nó cuspóir-shonraithe, tá dhá chás fhéideartha mar a leanas:
Ní bhaineann na rialacha thuas, áfach, nuair atá cúiseanna oibiachtúla a thugann údar le hathnuachan an chonartha fostaíochta ar théarma seasta amháin.
Nuair nach gcloíonn athnuachan conartha ar théarma seasta leis na riachtanais thuas agus nach bhfuil údar oibiachtúil leis, déileáiltear leis an gconradh mar chonradh oscailte.
Cuimsíonn na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach foráil a bhfuil sé mar aidhm aici a chinntiú nach n-úsáidtear conarthaí leanúnacha sealadacha chun an reachtaíocht sin a sheachaint. Nuair a éagann conradh ar théarma seasta nó cuspóir-shonraithe agus athfhostaítear an duine laistigh de thrí mhí, meastar go bhfuil seirbhís leanúnach ag an duine sin.
Dá réir sin, fiú amháin má dhéanann an fostóir an reachtaíocht um dhífhostú éagórach a eisiamh mar atá cur síos air thuas, déanfaidh Coimisinéir um Chearta nó an Binse Achomhairc Fostaíochta a mheas ar úsáideadh conarthaí mar seo go hiomlán nó de chuid chun cosaint an fhostaí a sheachaint mar a bhaineann sí le reachtaíocht um dhífhostú éagórach. Má mheastar gurbh amhlaidh a bhí agus nár scaradh na conarthaí de thréimhsí níos mó na trí mhí agus go raibh na poist cosúil lena chéile ar a laghad, is féidir déileáil leis an gcás amhail is go raibh fostaíocht leanúnach i gceist, agus beidh ar an bhfostóir údar an dífhostaithe a mhíniú mar is gnách.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.