Más saoránach den LEE nó den Eilvéis thú, tá tú i dteideal teacht ag obair go hÉirinn mar fhostaí nó mar dhuine féinfhostaithe. Ní chaithfidh saoránaigh an LEE ná na hEilvéise cead gnó a bheith acu le gnó a bhunú in Éirinn, ná víosa le cuairt a thabhairt ar Éirinn, taisteal go Éirinn ná maireachtáil nó oibriú in Éirinn. Féadfaidh daoine nach saoránaigh den LEE iad gnó a bhunú in Éirinn ach caithfidh siad cead a bheith acu – féach 'Cead gnó' anseo thíos.
Má tá tú ag teacht as an gcoigríoch le gnó a bhunú Éirinn, beidh faisnéis ag teastáil uait faoi raon ábhar, ar nós cánacha agus riachtanas dlíthiúil. Féadfaidh tú faisnéis a fháil faoi ghnó a bhunú agus faoin a bheith féinfhostaithe ar an láithreán gréasáin seo, faisnéis a áireoidh mionsonraí faoi na struchtúir dhlíthiúla agus na dliteanais a d'fhéadfadh a bheith i gceist. Tá an treoirleabhar Toil and Trouble (pdf) ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.
Soláthraíonn na Boird Fiontar Contae agus Cathrach tacaíochtaí mar shampla, comhairle agus deontais do ghnóthaí atá ag bunú nó ag fás, féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.
Gníomhaireacht de chuid Rialtas na hÉireann é an UFT (Údarás Forbartha Tionscail) a bhfuil de chúram air infheistíocht nua a chur á déanamh in Éirinn ón gcoigríoch, sa déantúsaíocht agus in earnálacha na seirbhísí a thrádáiltear go hidirnáisiúnta. Féadfaidh sé faisnéis a chur ar fáil faoi ghnó a bhunú in Éirinn agus b'fhéidir go mbeadh deontais le fáil uaidh ag cuideachtaí atá ag iarraidh lonnú in Éirinn nó na hoibríochtaí atá acu cheana a mhéadú.
Má tá féinfhostaithe agus má tá d’ioncam laghdaithe, tá faisnéis faoi na seirbhísí agus teidlíochtaí ar fáil ar an láithreán gréasáin selfemployed supports.ie.
Is éard atá i gcead gnó cead scríofa a thugann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais duit gnó a bhunú agus dul ina bhun in Éirinn ar feadh tréimhse áirithe. Caithfidh tú critéir áirithe a chomhlíonadh le go bhféadfaidh tú cur isteach ar chead gnó. Is iad na príomhchritéir go mbeadh €300,000 agat chun sa ghnó a infheistigh agus go gcruthófá fostaíocht – féach ‘Rialacha’ anseo thíos. Má bhíonn an rath ar d'iarratas gheobhaidh tú litir a bhronnfaidh cead gnó ort. Tugtar cead gnó le haghaidh bliana amháin ar dtús.
Díolúinti
Tá roinnt daoine ann nach saoránaigh de chuid an LEE iad ach nach dteastaíonn cead gnó uathu mar a leanas:
Tá daoine nach saoránaigh den LEE iad ach a bhfuil cead gnó acu i dteideal maireachtáil in Éirinn chomh fada is a mhaireann an cead gnó. Níor mhór an litir a thug cead gnó duit a chur isteach le d'iarratas ar víosa má theastaíonn víosa i do chás-sa le teacht go hÉirinn. Níor mhór duit freisin an litir seo a chur faoi bhráid oifigigh inimirce agus tú ag iarraidh teacht i dtír in Éirinn. Díreach tar éis duit teacht go hÉirinn níor mhór duit clárú leis na húdaráis inimirce.
Mura saoránach den LEE tú sula dtugtar cead duit é gnó a chur ar bun in Éirinn, tá critéir dhiana áirithe ann a chaithfear a chomhlíonadh mar a leanas:
Ní bheidh feidhm ag na rialacha faoi fhostaíocht nó chaipiteal má tá más ealaíontóir, scríbhneoir nó ceardaí thú. Caithfidh tú taispeáint go mbíonn tú aithnidiúil agus ábalta chun tú féin a chothú gan a bheith i dtuilleamaí cúnaimh shóisialaigh nó fostaíochta eile. Sa chás seo ba cheart duit teagmháil ar leith a dhéanamh leis an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais.
Cuirfear isteach ar chead gnó chun Aonad Cead Gnó Rannán Inimirce Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann – féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ anseo thíos. Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur le d'iarratas:
Tá faisnéis mhionsonraithe ar cead gnó atá le fáil ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ).
Téigh i dteagmháil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí chun do ghnó a chlárú - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos. Féadfaidh tú doiciméid leat, ar nós do chuid tuairisceán bliantúil, a chlárú agus a chomhdú ar-líne leis an OCC ach úsáid a bhaint as CORE (Companies Online Registration Environment - Timpeallacht Cláraithe Ar-Líne do Chuideachtaí).
Féadfaidh tú fáil amach faoi mar is féidir clárú
don cháin ó d'oifig cánach áitiúil – féach ‘Cá háit a
ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos.
Téigh i dteagmháil na gCoimisinéirí
Ioncaim.
Déan teagmháil le do Bhord
Fiontar áitiúil
INIS Business Permission Unit
Teach Parnell
14 Cearnóg Parnell
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:+353 (0) 1 804 5200
Lóghlao:1890 220 226
Facs:+353 (0) 1 804 5222
Láithreán Gréasáin: http://www.cro.ie
R-phost: info@cro.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.