Tá an líon daoine atá ag obair i bhfostaíocht pháirtaimseartha tar éis méadú go mór le blianta beag anuas. Ceann de na cúiseanna atá leis sin ná go bhfuil líon mór daoine ag filleadh ar an áit oibre (tar éis clann a thógáil b’fhéidir). Cúis eile ná dearcadh níos solúbtha a thacaíonn le teaghlaigh a bheith ag fostóirí i leith fostaithe atá ag obair ar an mbealach sin.
Ó 2006, tar éis don Chód Cleachtais maidir le Rochtain ar Obair Pháirtaimseartha (pdf) a bheith tugtha isteach, is é dea-chleachtas na bhfostóirí é polasaithe a bheith acu d'fhonn an rochtain ar obair pháirtaimseartha a fheabhsú. Is é is aidhm don Chód Cleachtais na fostóirí agus na fostaithe a spreagadh chun an obair pháirtaimseartha a chur san áireamh agus treoir a chur ar fáil faoi mar is féidir an rochtain ar a leithéid a fheabhsú do na fostaithe ar mian leo oibriú go páirtaimseartha. Go ginearálta ba cheart do na fostóirí féachaint cé mar is féidir deiseanna a chur ar fáil don obair pháirtaimseartha agus an raon post is mó is féidir a chur ar fáil don obair seo.
Tabhair do d'aire, más fostaí lánaimseartha thú, nach bhfuil aon cheart reachtúil agat aistriú chun na hoibre páirtaimseartha ná chun socruithe oibre solúbtha eile, mar shampla comhroinnt poist nó saoire ón obair gan phá. Más mian leat aistriú ón obair lánaimseartha chun na hoibre páirtaimseartha, nó a mhalairt, ní mór teacht ar chomhaontú le d'fhostóir.
Tá sé tábhachtach a chuimhneamh má tá tú ag obair i bhfostaíocht lánaimseartha, nach bhfuil aon cheart uathoibríoch agat athrú go dtí fostaíocht pháirtaimseartha (nó chun socruithe oibre solúbtha eile ar nós postroinnt nó am saor ón obair gan phá). Is é is aidhm leis an gcód cleachtais ar a dtugtar Cód Cleachtais maidir le Rochtain ar Obair Pháirtaimseartha (pdf) fostóirí agus fostaithe a spreagadh chun breithniú a dhéanamh ar obair pháirtaimseartha agus treoir a sholáthar maidir le nósanna imeachta chun rochtain ar obair pháirtaimseartha a fheabhsú do na fostaithe sin ar mian leo a bheith ag obair ar bhonn páirtaimseartha.
Tá cearta fostaithe páirtaimseartha in Éirinn cosanta faoin dlí tríd an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001. Soláthraímid léargas gearr anseo ina mínítear céard is fostaí páirtaimseartha in Éirinn, conas atá fostaí páirtaimseartha éagsúil ó oibrí ócáideach agus léargas ar dlí lena rialaítear an réimse sin.
Mínítear fostaí páirtaimseartha de réir dlí mar “f[h]ostaí a mbeidh a ghnáthuaireanta an chloig oibre nó a gnáthuaireanta an chloig oibre níos lú ná gnáthuaireanta an chloig oibre fostaí is fostaí inchomórtais i ndáil leis nó léi”. Is é is brí le fostaí inchomparáide fostaí lánaimseartha (den ghnéas céanna nó den ghnéas eile) a ndéanann fostaí páirtaimseartha é féin nó í féin a chur i gcomparáid leis nó léi. Ní gá a thuilleadh d’fhostaí páirtaimseartha 13 sheachtain seirbhíse chomhleanúnacha a bheith aige nó aici agus ní gá dó nó di a thuilleadh íosmhéid 8 n-uaire an chloig oibre a dhéanamh in aghaidh na seachtaine chun teideal a bheith aige nó aici chun cosaint faoin Acht.
Tá feidhm ag an Acht maidir le haon oibrí páirtaimseartha in Éirinn agus go ginearálta folaíonn sé na daoine seo a leanas:
I gcás oibrithe gníomhaireachta, de ghnáth measfar, chun críocha an Achta um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), gurb é an fostóir an páirtí a dhlíonn pá an fhostaí a íoc (an ghníomhaireacht fostaíochta nó an chuideachta is cliant). Tá an ghníomhaireacht nó an chuideachta is cliant freagrach freisin as a chinntiú nach ndéileáltar leis an bhfostaí páirtaimseartha ar shlí is lú fabhar ná an tslí ina ndéileáltar le fostaí inchomparáide lánaimseartha.
Is é is cuspóir leis an Acht foráil a dhéanamh ionas nach ndéileáltar le fostaithe páirtaimseartha ar shlí is lú fabhar ná an tslí ina ndéileáltar le fostaí inchomparáide lánaimseartha. I gcás ina ndéanann fostóir iarracht údar a thabhairt le déileáil ar shlí is lú fabhar ar fhorais chuspóireacha ní foláir dó nó di a shuíomh go bhfuil an eagsúlacht sa tslí a ndéileáltar leo bunaithe ar fhorais seachas stádas páirtaimseartha an fhostaí, gur críoch dhlisteanach de chuid an fhostóra í agus gur cuí agus gur gá é chun na críche sin. Na forais nach measfar a bheith ina bhforais chuspóireacha i ndáil le gnáthoibrithe páirtaimseartha, d’fhéadfaí iad a mheas mar fhorais chuspóireacha i ndáil le hoibrithe ócáideacha páirtaimseartha.
Is éard is oibrí ócáideach ann oibrí páirtaimseartha a bhíonn ag obair ar bhonn ócáideach. Is iad na hoibrithe ócáideacha na hoibrithe sin a bhfuil níos lú ná 13 sheachtain seirbhíse chomhleanúnacha acu agus nach bhfuil i bhfostaíocht rialta ná shéasúrach, nó atá ócáideach, bunaithe ar chomhaontú comhchoiteann á rá sin.
Tá seirbhís fostaí i bhfostaíocht leanúnach mura ndéantar an tseirbhís sin a fhoirceannadh mar gheall ar an bhfostaí a dhífhostú nó mar gheall ar an bhfostaí d’imeacht go saorálach óna fhostaíocht nó óna fostaíocht.
I gcoitinne is de rogha fostóirí aonair atá uaireanta solúbtha agus socruithe oibre solúbtha agus ní rialaítear iad le reachtaíocht ar leith. Meastar gur oibrithe páirtaimseartha iad daoine a roinneann post agus tá na teidil reachtúla go léir acu atá ag fostaithe páirtaimseartha.
Tháirg Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre treoirleabhar maidir le cearta agus oibleagáidí oibrithe páirtaimseartha agus a bhfostóirí in Éirinn (pdf).
Tá tuilleadh faisnéise maidir le cearta fostaithe páirtaimseartha ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.