Cuireadh an tAcht Um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 i bhfeidhm in Éirinn ar on 20ú Nollaig 2001. Tá sé mar aidhm ag an Acht seo:
Cuireann an tAcht deireadh leis an gcoinníoll gur cheart d'fhostaí
páirtaimseartha a bheith fostaithe ag an bhfostóir ar bhonn leanúnach le
haghaidh ar a laghad 13 seachtainí agus ag obair ar feadh ar a laghad 8 uaire
sa tseachtain go hiondúil. Tá an coinníoll i dtaobh áireamh seirbhíse
leanúnach de réir, mar shampla, achtanna um dhífhostú
éagórach agus iomarcaíocht,
fós i bhfeidhm, áfach. Is é sin le rá go mbeidh ar fhostaí
páirtaimseartha seirbhís leanúnach de 12 mhí a bheith aige/aici lena
f(h)ostóir ó thús fhostaíocht an fhostaí.
Tá teidlíocht an fhostaí páirtaimseartha i gcomhréir le teidlíocht an
fhostaí lánaimseartha.
Is féidir fostaí páirtaimseartha a chur i gcomparáid le fostaí lánaimseartha:
agus
Ní féidir le hoibrí gníomhaireachta páirtaimseartha é/í féin a chur i gcomparáid ach le hoibrí lánaimseartha fostaithe mar oibrí gníomhaireachta inchurtha leis/léi. Sa chaoi chéanna, ní féidir le fostaí páirtaimseartha, nach oibrí gníomhaireachta é/í, é/í féin a chur i gcomparáid le hoibrí gníomhaireachta lánaimseartha.
Is féidir caitheamh le fostaí páirtaimseartha ar bhealach is lú fabhar ná le fostaí lánaimseartha inchurtha leis/léi nuair is féidir an caitheamh sin a chosaint in dhá chúinse:
Tá "fáthanna oibiachtúla" chun caitheamh le hoibrí páirtaimseartha i mbealach is lú fabhar le fostaí lánaimseartha incurtha leis/léi bunaithe ar chúrsaí nach bhfuil baint acu le stádas an fhostaí mar fostaí páirtaimseartha. Tarlaíonn sé seo nuair is gá caitheamh leis/léi mar sin chun aidhm dlisteanach an fhostóra a bhaint amach.
Mar sin féin, tá forais oibiachtúla maidir le cóir is lú fabhar d'fhostaí páirtaimseartha nach mbreathnófaí orthu mar fhorais oibiachtúla maidir le fostaí ócáideach páirtaimseartha. (Fostaithe ócáideacha is ea na daoine siúd le níos lú ná 13 seachtain seirbhíse nach bhfuil i bhfostaíocht rialta nó shéasúrach nó atá ócáideach bunaithe ar chomhaontú comhchoiteann den chineál sin.)
Is féidir caitheamh le fostaí páirtaimseartha a oibríonn níos lú ná 20 % de na gnáthuaireanta a oibríonn fostaí lánaimseartha incurtha leis/léi, ar bhealach nach bhfuil cothrom leis an bhfostaí lánaimseartha, maidir le scéim nó socrú pinsin. Ní chuireann an fhoráil seo cosc ar chomhaontú idir fostóir agus fostaí páirtaimseartha a cheadaíonn don fhostaí páirtaimseartha na buntáistí céanna le fostaí lánaimseartha inchurtha leis/léi a fháil.
Bíonn oibrithe páirtaimseartha i dteideal ragoibre má fhaigheann an
fostaí lánaimseartha inchurtha leis/léi íocaíocht tar éis do/di a
(h)uasmhéid uaireanta sa tseachtain a dhéanamh.
Chun ragobair a éileamh mar sin féin, is féidir le d'fhostóir a chinneadh
go gcaithfidh fostaithe páirtaimseartha an líon céanna uaireanta a oibriú
agus a oibríonn fostaí lánaimseartha, sular féidir leat ragobair a
éileamh. (I mbeagán focal, más gá d'fhostaithe lánaimseartha seachtain 39
uair a oibriú sula n-íoctar ráta pá ragoibre, is féidir le d'fhostóir a
shonrú go gcaithfidh fostaithe páirtaimseartha an líon céanna uaireanta a
oibriú. Sa chás seo, má oibríonn tú 20 uair in aghaidh na seachtaine,
caithfear uaireanta ar bith a oibrítear idir 20 agus 39 uair a íoc ag an
gnáthráta.
Ní dochar a mheabhrú chomh maith, nach bhfuil dualgas de réir an dlí ar
fhostóirí in Éirinn, rátaí níos airde a íoc le fostaithe (i., 'am
dúbailte') ar ragobair atá comhlánaithe. Mar sin féin, caithfidh tú do
ghnáthráta pá ragoibre a fháil ar a laghad.
Níl dualgas ar fhostóir rochtain ar obair pháirtaimseartha a sholáthar dá f(h)ostaithe. Díríonn an Cód Cleachtais maidir le Rochtain ar Obair Pháirtaimseartha (pdf) ar fhostóirí agus fostaithe a spreagadh le smaoineamh faoi obair pháirtaimseartha, agus treoir a sholáthar ar nósanna imeachta chun rochtain ar obair pháirtaimseartha a fheabhsú d'fhostaithe gur mian leo oibriú go páirtaimseartha.
Cuirtear cosc ar fhostóir pionós a ghearradh ar fhostaí páirtaimseartha mar gheall:
nó
Pionós: Breathnófar ar na gníomhartha seo a leanas mar phionós ar an bhfostaí:
Glacfar leis nár chuir fostóir pionós ar fhostaí páirtaimseartha i gcúinsí áirithe. Mar shampla, iarratas ón bhfostóir go n-athródh an fostaí ó obair lánaimseartha go hobair páirtaimseartha (nó vice versa) nuair a chomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
Cosaint ar phionóis: má bhristear fostaí, a bhfuil níos lú ná bliain de sheirbhís aige/aici, as a p(h)ost de réir chiall na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1973 go 2007 d'fhéadfadh sé/sí an cás a chur faoi bhráid an Choimisinéara Um Chearta faoin Acht seo.
Is féidir le Coimisinéir Um Chearta éisteacht le gearáin, aighnis nó casaoidí maidir le sárú cearta fostaíochta faoi reachtaíocht áirithe. Sula ndéanann tú iarratas go n-éistfear le do ghearán, ní foláir duit d'fhostóir a chur ar an eolas go bhfuil sé ar intinn agat dul i dteagmháil le seirbhís an Choimisinéara Um Chearta. Sa chás go bhfuil cearta dlí i gceist, ba cheart duit iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach go háitiúil sula gcuireann tú an cás faoi bhráid sheirbhís an Choimisinéara Um Chearta. Is féidir leat iarratas a dhéanamh maidir le sárú an Achta Um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 tríd an fhoirm gearáin shingil nua (pdf) agus na nótaí treorach (pdf) a úsáid.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa treoirleabhar faoi reachtaíocht um chosaint fostaithe (pdf) nó ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.