Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cineálacha Fostaíochta > Fostaíocht lánaimseartha > Cearta fostaíochta oibrithe tí in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Cearta fostaíochta oibrithe tí in Éirinn

Eolas

Tugtar oibrí tí ar dhuine a fhostaítear chun cúraimí éagsúla a chur i gcrích i dteach príobháideach. Is iondúil go dtéann na húinéirí tí féin i dteagmháil leo chun na cúraimí seo a leagan amach dóibh. Tá glantachán agus tíos mar shamplaí den chineál oibre a dhéanann oibrithe tí. D'fhéadfaí cúram leanaí, cúram do dhaoine scothaosta nó cúram do dhaoine le míchumas a leagan amach dóibh freisin. Is féidir le hoibrithe tí obair pháirtaimseartha nó lánaimseartha a dhéanamh, agus cónaíonn siad i dteach an fhostóra i gcásanna áirithe.

Má oibríonn tú i dteach duine éigin mar ghlantóir nó mar chúramóir anois agus arís, ní háireofar tú mar oibrí tí. D'fhéadfá a bheith fostaithe ag gníomhaireacht (oibrí gníomhaireachta a bheadh ionat) nó d'fhéadfá a bheith féinfhostaithe. Is tusa atá freagrach as do cháin féin a íoc má tá tú féinfhostaithe, agus ní bhaineann reachtaíocht um chearta fostaíochta leat. Is rannóg faoi leith d'oibrithe tí iad cúntóirí cúraim agus cúntóirí baile Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a fhostaíonn cúntóirí baile go hiondúil, agus tugann na cúntóirí cúnamh do dhaoine scothaosta agus dóibh siúd le míchumas ina dtithe, ar feadh tréimhse sonraithe.

Is oibrithe imirceacha iad go leor de na hoibrithe tí a fhostaítear inÉirinn an lae inniu agus is iondúil nach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) iad. Is gá go mbeadh ceadanna oibre ag na fostaithe seo chun obair a dhéanamh inÉirinn.

Cuireadh le leochaileacht oibrithe imirceacha a bhí fostaithe i dtithe príobháideacha san am atá caite, mar gheall ar easpa monatóireachta agus an deacracht a bhain le post a athrú. D'fhéadfadh oibrithe imirceacha baineannacha a bheith ach go háirithe leochaileach ór oibríonn líon mór oibrithe imirceacha baineannacha san earnáil tí. Mar bheart I dTreo 2016, rinne an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais an Cód Cleachtais um Dhaoine a Fhostaítear i dTithe Daoine Eile a Chosaint chun cosc a chur le fadhbanna oibrithe tí. Cuireann an Cód ar theidlíocht oibrithe tí na cearta agus cosaint fostaíochta atá ar fáil d' fhostaithe eile agus ar dhualgas fhostóir chun eolas a thabhairt do na fostaithe seo maidir leis a gcearta.

Rialacha

Tá mórán na cearta fostaíochta céanna ag daoine a oibríonn i dtithe daoine eile agus atá ag oibrithe eile in Éirinn. Ní bhíonn fostóirí agus fostaithe i gcónaí go hiomlán ar an eolas i dtaobh na gceart seo, áfach.

An t-aon áit go bhfuil difríocht idir cearta oibrithe tí agus cearta oibrithe eile ná i dtaobh rochtain ar fhostaíocht. Tá sé neamhdhleathach leithcheal a dhéanamh ar fhostaithe ionchais agus iad á bhfostú inÉirinn (mar shampla, nuair a chuirtear faoi agallamh iad agus nuair a roghnaítear iad). Baineann eisceacht leis seo i gcás go mbeidh an post á chomhlíonadh i dteach duine éigin. Sa chás seo níl sé neamhdhleathach leithcheal a dhéanamh ar fhostaithe ionchais tí nuair a chuirtear faoi agallamh iad agus nuair a roghnaítear iad. D'fhéadfadh fostóirí a áiteamh go bhfuilid ag lorg mná chun aire a thabhairt do leanaí, mar shampla, agus ní bheadh leithcheal á dheanamh acu de réir an dlí. Tugann reachtaíocht in aghaidh leithcheala cosaint iomlán don fhostaí chomh luath agus a ghlactar leis an bpost, áfach. Bunaíodh foras ar a dtugtar an tÚdarás Comhionannais chun cinntiú nach dtarlaíonn leithcheal de réir aon cheann de 9 bhforas na reachtaíochta.

Conradh fostaíochta, tuarastail agus cáin

Tá sé de cheart ag oibrithe tí conradh fostaíochta a fháil i scríbhinn, a shainíonn a dtéarmaí agus a gcoinníollacha fostaíochta. Níl sé ceadmhach na coinníollacha seo a athrú in éagmais aontú an fhostaithe. Tá sé de cheart ag oibrithe tí an t-íosphá a thuilleamh agus duillín pá a fháil. Tá siad i dteideal ráta níos airde pá a fháil má oibríonn siad ar an Domhnach. Ba cheart d’oibrithe tí cáin agus ÁSPC a íoc ar an gcaoi chéanna le fostaithe eile. Tá an fhreagracht ar an bhfostóir an cháin seo a asbhaint ó phá an oibrí. Is féidir leat sonraí a fháil maidir le cáin agus ÁSPC oibrí tí a íoc in 'Tuilleadh eolais' thíos.

Uaireanta oibre

Is é 48 uair an chloig ar an meán in aghaidh na seachtaine an t-uasmhéid oibre gur féidir le fostaí a chomhlíonadh. Ní mór don fhostóir taifead a choimeád den líon uaireanta a fhostaítear an t-oibrí tí. Tá sé de cheart ag oibrithe tí 11 uair a chloig as a chéile a bheith saor acu gach lá, mar aon le lá iomlán saor in aghaidh na seachtaine ar an laghad. Chomh maith leis sin, tá sé de cheart acu sos 15 nóiméad a fháil tar éis 4 huaire go leith oibre agus sos 30 nóiméad a fháil tar éis 6 huaire a chloig oibre.

Saoire bhliantúil agus saoirí phoiblí

Tá sé de cheart ag oibrithe lánaimseartha 4 sheachtain saoire le pá a fháil in aghaidh na bliana (is é seo an t-íosmhéid dleathach ach d'fhéadfaí níos mó a fháil). Tá sé de cheart acu 2 sheachtain saoire as a chéile a ghlacadh, chomh maith, agus íocaíocht a lorg ar an tréimhse seo roimh réidh. Tá 9 saoire phoiblí in Éirinn agus tá sé de cheart ag oibrithe tí íocaíocht a fháil ar na laethanta seo nó eile, lá saoire eile a fháil ina ionad nó lá saoire breise le pá a fháil. Má théann oibrí ar saoire ón mbaile lena f(h)ostóir, glactar leis gur obair atá i gceist leis seo agus tá an fostaí i dteideal pá iomlán a fháil don tréimhse seo.

Pá breoiteachta

Níl sé de cheart reachtúil (dlíthiúil) ag oibrithe in Éirinn pá breoiteachta a fháil ach ba chóir go sonródh a c(h)onradh (téarmaí agus coinníollacha fostaíochta) na gnáthaimh a leanfadh an fostaí dá mbeadh sé/sí neamhábalta ar obair a dhéanamh de bharr tinnis, mar aon leis na socruithe pá don tréimhse sin.

Asbhaintí ó phá

Má thugtar leaba agus lóistín d'fhostaithe mar chuid dá bhfostaíocht, féadfaidh fostóirí é seo a asbhaint óna bpá. Ní mór don asbhaint a bheith cóir agus réasúnach, agus a bheith sonraithe i gconradh fostaíochta, agus caithfear fógra scríofa a thabhairt don fhostaí i dtaobh na hasbhainte.

Tá na rátaí seo a leanas réamhshocraithe ag ceardchumainn d'fhostaithe san earnáil óstlainne agus lónadóireachta:

Cothú agus iostas iomlán: €54.13 sa tseachtain nó €7.73 sa lá
Cothú amháin: €32.14 sa tseachtain nó €4.60 sa lá
Iostais amháin: €21.85 nó €3.14 sa lá

Ní mór d'asbhaintí ar chúiseanna eile (bristeacha nó caillteanas do fhostóir) critéir comhchosúil a shásamh – caithfidh an conradh sonrú gur féidir na hasbhaintí seo a dhéanamh, caithfidh an asbhaint a bheith cóir agus caithfidh an fostóir fógra scríofa a thabhairt don fhostaí i dtaobh na hasbhainte.

Dífhostú agus fógra

Tá oibrithe in Éirinn i dteideal íosmhéid fógra a fháil má bhristear iad as a bpoist. Tá cosaint ag oibrithe ó dhífhostú éagórach má tá siad ag obair dá bhfostóir le níos mó ná bliain. Tá cosaint acu ó dhífhostú éagórach agus iad ag obair le níos lú ná bliain más amhlaidh go mbaineann an dífhostú le gníomhaíocht áirithe (mar shampla, ballraíocht ceardchumainn, toircheas nó teidlíocht i leith an íosphá).

Conas iarratas a dhéanamh

Téann Comhar Ceardchumann na hÉireann (CCCÉ) i mbun feachtais chun oibrithe tí a chur ar an eolas i dtaobh a gceart agus is féidir leis faisnéis faoi cheardchumainn a sholáthair. (Tá 56 cumann in Éirinn cleamnaithe le Comhar Ceardchumann na hÉireann (CCCÉ). Tá fáil ar leabhrán CCCÉ i dtaobh chearta na n-oibrithe tí (pdf). Is imircigh go leor de na hoibrithe tí in Éirinn agus tugann an tIonad um Chearta Imirceach Éire tacaíocht d'oibrithe imirceacha.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Comhar Ceardchumann na hÉireann

31-32 Cearnóg Parnell
ZZZ
Ireland

Teil:+353 (0)1 8897777
Facs:+353 (0)1 8872012
Láithreán Gréasáin: http://www.ictu.ie/
R-phost: congress@ictu.ie

Migrants Rights Centre Ireland

55 Parnell Square West
Dublin 1
Ireland

Teil:+353 1 889 7570
Facs:+353 1 889 7579
Láithreán Gréasáin: http://www.mrci.ie
R-phost: info@mrci.ie

Tuilleadh eolais

Cáin agus ÁSPC a íoc ar son oibrí tí i do theach féin

Ba cheart d’oibrithe tí cáin agus ÁSPC a íoc ar an gcaoi chéanna le fostaithe eile. Má tá duine fostaithe agat le hobair a dhéanamh sa teach amhail tíos nó cúram do leanaí nó do dhaoine scothaosta, agus má tá €40 nó níos mó á íoc agat leis/léi in aghaidh na seachtaine, ní mór duit clárú mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim. Mar fhostóir, tá tú freagrach as ÍMAT (cáin) agus ÁSPC a asbhaint ó phá d’fhostaí. Ní mór duit ranníocaíochtaí ÁSPC an fhostóra a íoc freisin ar son d’fhostaí leis an gCiste Árachais Shóisialaigh náisiúnta.

Le clárú mar fhostóir aonair le haghaidh ÍMAT agus ÁSPC, is féidir foirm TR1 (pdf) a íoslódáil ó láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá an fhoirm seo ar fáil ó Oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim freisin – féach ‘Tuilleadh Eolais’ thíos. Tar éis duit an fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig na Coimisinéirí Ioncaim, gheobhaidh tú deimhniú go bhfuil tú cláraithe mar fhostóir mar aon le d’uimhir chláraithe fostóra le haghaidh ÍMAT. Gheobhaidh tú faisnéis freisin maidir leis an gcóras ÍMAT agus na nósanna imeachta a bhaineann leis.

Eolaí d’Fhostóirí maidir le ÍMAT ar fáil ar láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, ina bhfuil rannáin ar fhostaithe nua, an cháin dhlite a ríomh agus ÁSPC. Ní mór duit duillín pá ina bhfuil sonraí ar an ÍMAT agus ÁSPC a asbhaineadh a thabhairt don fhostaí nuair a íocann tú iad.

Tuilleadh Eolais

Is féidir cúnamh breise a fháil ach glaoch a chur ar an Aonad Faisnéise d’Fhostóirí agus Seirbhísí do Chustaiméirí, Teil: 1890 25 45 65. Tá Foirm TR1 le fáil ó oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.