Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cineálacha Fostaíochta > Fostaíocht lánaimseartha > Oibrithe gníomhaireachta

Print Page Send to a Friend

Oibrithe gníomhaireachta

Eolas

Is éard atá in oibrí gníomhaireachta ná duine a bhfuil comhaontú aige/aici le gníomhaireacht chun do dhuine eile. Mar shampla, d’fhéadfadh comhaontú a bheith ag rúnaí le gníomhaireacht rúnaíochta chun obair a dhéanamh d’oifig chomh fada is atá duine dá bhfostaithe ar saoire. Cé nach bhfuil na cearta fostaíochta céanna ag oibrithe gníomhaireachta agus atá ag gnáthoibrithe, ó 5 Nollaig 2011 tá siad i dteideal caitheamh cothrom i gcoinníollacha oibre agus fostaíochta - féach 'Treoir AE um Obair Gníomhaireachta Shealadach' thíos. Tá cearta áirithe acu faoin reachtaíocht fostaíochta seo a leanas:

Tá sé tábhachtach don oibrí gníomhaireachta fios a bheith aige/aici cé atá freagrach as a chinntiú go gcloítear le reachtaíocht cosanta fostaíochta - an ghníomhaireacht nó an gnólacht dá bhfuil sé/sí ag obair.

Cé a mheastar a bheith mar fhostóir ag an oibrí gníomhaireachta?

Braitheann sé seo ar na cearta atá an oibrí gníomhaireachta ag iarraidh a chur i bhfeidhm. Faoin reachtaíocht dífhostú éagórach, is é an té dá n-oibríonn an duine, murab ionann agus an ghníomhaireacht, atá ina fhostóir.

Is ar an duine nó ar an eagraíocht dá bhfuil an oibrí gníomhaireachta ag obair atá an fhreagracht cloí le riachtanais sláinte agus sábháilteachta.

Chun cuspóirí gach reachtaíocht fostaíochta eile, cosúil le híocaíochtaí iomarcaíochta, measfar an páirtí atá dlite chun pá an fhostaí a íoc (an ghníomhaireacht fostaíochta nó an cuideachta cliaint) a bheith mar fhostóir an oibrí gníomhaireachta go hiondúil.

Soiléiríonn an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2003 seasamh na n-oibrithe gníomhaireachta ó thaobh árachais sóisialta de. Déanann sé foráil go mbíonn fostaíocht inárachaithe ag oibrithe gníomhaireachtaí agus gur é an duine a íocann an tuarastal an fostóir chun cuspóirí ÁSPC.

Oibrithe gníomhaireachta páirtaimseartha

Faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, ní féidir le hoibrí gníomhaireachta páirtaimseartha é/í féin a chur i gcomparáid ach amháin le fostaí lánaimseartha inchomparáide.

Reachtaíocht nach mbaineann le hoibrithe gníomhaireachta

Baineann an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 le formhór fostaithe ar chonarthaí ar théarma seasta. Ní bhaineann sé seo le hoibrithe gníomhaireachta, áfach.

Treoir AE um Obair Gníomhaireachta Shealadach

Tháinig an Treoir AE um Obair Gníomhaireachta Shealadach 2008/104/EC (pdf) i bhfeidhm an 5 Nollaig 2011. Soláthraionn sé nach mór caitheamh le hoibrithe gníomhaireacht mar an gcéanna le gnáthoibrithe i leith óna gcéad lá ag an obair:

  • Fad am oibre, sosanna, obair oíche, saoire bhliantúil agus saoirí poiblí
  • Obair á déanamh ag mná atá ag iompar clainne agus ag máithreacha atá ag beathú leanaí, ag leanaí agus ag daoine óga
  • Gníomhú chun cur i gcoinne idirdhealaithe mar gheall ar inscne, cine, bunús eitneach, reiligiún, míchumais, aois nó claonadh gnéasach.

Ní mór an rochtain chéanna a bheith ag oibrithe gníomhaireachta sealadacha ar áiseanna cosúil le cúram leanaí agus ní mór iad a chur ar an eolas maidir le deiseanna fostaíochta buana.

D'fhoilsidh an Bille um Chosaint Fostaithe (Obair Ghíomhaireachta Shealadach) 2011 (pdf) ag trasuí an Treoir i ndlí na hÉireann an 16 Nollaig 2011. Soláthraíonn sé caitheamh mar an gcéanna le hoibrithe gníomhaireachta sealadacha mar a sonraítear thuas agus tá pá mínithe chun críocha reachtaíochta lena n-áirítear pá bunúsach, préimh ragoibre agus préimh Domhnach. Nuair a bhíonn an Bill achtaithe, beidh éifeacht chúlghabhálach go dáta trasuímh 5 Nollaig 2011 aige.

Tá tuilleadh eolais ar fáil sa ceisteanna coitianta maidir le Treoir um Obair Gníomhaireachta Shealadach (pdf) ar an suíomh gréasáin na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Gníomhaireachtaí fostaíochta

Tá gníomhaireachtaí fostaíochta in Éirinn á rialú ag an Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta 1971 faoi láthair. Bhí sé i gceist go dtiocfaidh an Bille um Rialáil Gníomhaireachtaí Fostaíochta 2009 (pdf) i gcomharba ar Acht 1971 agus go láidreodh sé rialú ghníomhaireachtaí fostaíochta. Mhol sé go mbeadh ar ghníomhaireachtaí fostaíochta a bhunaítear in Éirinn ceadúnas a fháil ón Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta chun feidhmiú in Éirinn. Bheadh ar ghníomhaireachtaí fostaíochta bunaithe taobh amuigh d’Éire ceadúnas a bheith acu freisin ach amháin sa chás go bhfuil ceadúnas acu cheana féin i dtír eile de chuid an LEE.

I measc mholtaí an Bhille bhí:

  • Cód cleachtais chun caighdeáin agus cleachtais a leagan síos atá le leanúint ag gníomhaireachtaí fostaíochta
  • Ionchúiseamh ghníomhaireachtaí fostaíochta ó thaobh amuigh d’Éire nach dtagann os comhair na cúirte do choireanna faoi reachtaíocht chearta fostaíochta.
  • Cosaint sceithirí

Tuilleadh eolais

Tá faisnéis faoi chearta agus teidlíochtaí oibrithe gníomhaireachta ar fáil ó:

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 December 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Íospairt ag an obair in Éirinn
    Tá roinnt reachtaíochta fostaíochta ann a thugann cosaint duit ó íospairt san ionad oibre.
  • Ag obair go páirtaimseartha
    Míniú ar céard is oibrí páirtaimseartha in Éirinn, léargas ginearálta ar oibrithe páirtaimseartha agus léiriú ar an difear idir oibrí páirtaimseartha agus oibrí ócáideach.
  • Cearta fostaíochta fostaithe páirtaimseartha
    Tá méadú tagtha ar chearta fostaíochta oibrithe páirtaimseartha ó cuireadh an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001, i bhfeidhm. Tá tuilleadh eolais anseo ar fhórálacha an Achta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.