Cearta oibrithe páirtaimseartha

Réamhrá

Má tá tú ag oibriú go páirtaimseartha, tá sé de cheart agat go gcaithfear go cothrom leat i gcomparáid le do chomhghleacaithe lánaimseartha.

Cosnaítear cearta fostaithe páirtaimseartha sa dlí. Ní féidir caitheamh níos mífhabhraí leat, go ginearálta – i bhfriotal eile, caithfear caitheamh leat ar a laghad a fheabhas a chaitear le fostaithe lánaimseartha inchomparáide.

Is féidir leat níos mó a léamh thíos faoi ‘Na dlíthe ar obair pháirtaimseartha’.

Cad is oibrí páirtaimseartha ann?

Is oibrí páirtaimseartha thú má tá níos lú uaireanta oibre agat ná mar a bhíonn ag oibrí lánaimseartha inchomparáide.

Oibríonn oibrí lánaimseartha inchomparáide don fhostóir céanna leat, agus:

•Déanann siad an obair chéanna a dhéanann tú, faoi na dálaí céanna nó faoi dhálaí atá cosúil leo

•Is féidir do phost agus a bpost a aistriú maidir leis an obair a dhéantar, mar shampla, is féidir libh a chéile a ionadú nó post an fhostaí eile a dhéanamh nuair a bhíonn siad as láthair)

•Déanann siad an obair chéanna nó obair atá cosúil leis an obair a dhéanann tú, agus is beag difríocht atá idir bhur n-obair agus bhur ndálaí oibre.

•Déanann siad obair atá ar an luach céanna, nó ar luach níos lú, i gcomparáid leat

Mar shampla, is féidir comparáid a dhéanamh idir cúntóir díolacháin páirtaimseartha agus cúntóir díolacháin lánaimseartha a bhfuil an post céanna á dhéanamh acu sa siopa céanna.

Oibrithe gníomhaireachta

Ní féidir comparáid a dhéanamh le hoibrithe gníomhaireachta páirtaimseartha ach le hoibrithe gníomhaireachta inchomparáide lánaimseartha. Ní féidir comparáid a dhéanamh eatarthu agus oibrithe buana lánaimseartha.

Oibrithe ócáideacha

Oibrí páirtaimseartha é oibrí ócáideach a oibríonn ar bhonn ócáideach. Is gnách go mbíonn oibrithe ócáideacha ar fuireachas chun obair a dhéanamh nuair a theastaíonn sé agus ní bhíonn uaireanta seasta ná socruithe tinrimh acu. Is oibrí ócáideach thú má chuir tú níos lú ná seirbhís 13 seachtaine ar fáil, mura bhfuil fostaíocht rialta nó shéasúrach agat, nó más oibrí ócáideach thú bunaithe ar chomhaontú comhchoiteann.

Postroinnt

Má dhéanann tú postroinnt, caitear leat mar oibrí páirtaimseartha agus bíonn na teidlíochtaí dlíthiúla go léir agat a bhíonn ag oibrithe páirtaimseartha.

Oibriú solúbtha

Is faoi lánrogha fostóirí iad uaireanta solúbtha agus socruithe oibre solúbtha eile a sholáthar agus ní chumhdaítear iad i reachtaíocht ar leith.

Cóireáil níos lú fabhrach

Ní féidir le fostóirí caitheamh le fostaí páirtaimseartha ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach céanna leis an mbealach a chaitear le fostaí lánaimseartha inchomparáide díreach mar gheall go n-oibríonn siad go páirtaimseartha, murach go bhfuil údar oibiachtúil leis na cúiseanna a bhíonn leis.

Is féidir caitheamh níos mífhabhraí leat maidir le pinsin ach amháin faoi chúinsí an-sonracha – féach thíos.

Cad iad na forais oibiachtúla le cóireáil éagsúil?

Is féidir le fostóirí caitheamh níos mífhabhraí leat má bhíonn forais oibiachtúla acu. Ciallaíonn seo go bhfuil an difríocht i gcaitheamh cuí agus riachtanach ar mhaithe le cuspóir gnó dlisteanach a bhaint amach.

Sampla d'fhorais oibiachtúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist lena dhiúltú árachas sláinte a sholáthar duit, cé go dtugtar árachas sláinte d'oibrí lánaimseartha inchomparáide. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil seo dlisteanach mar gheall ar an gcostas díréireach a bhíonn ar d’fhostóir a íoc as an árachas a sholáthar duit nuair a oibríonn tú go páirtaimseartha.

D’fhéadfadh na forais oibiachtúla le caitheamh níos mífhabhraí le hoibrithe páirtaimseartha ná mar a chaitear le hoibrithe lánaimseartha a bheith éagsúil i gcás fostaithe páirtaimseartha ócáideacha, áfach.

Pinsin agus oibrithe páirtaimseartha

Ba cheart go gcuirfí na deiseanna agus sochair chéanna phinsin ar fáil d’oibrithe páirtaimseartha.

Más fostaí páirtaimseartha thú, áfach, agus más gnách duit níos lú ná 20% de ghnáthuaireanta fostaí lánaimseartha a oibriú, ní gá do d’fhostóir na sochair phinsin chéanna a thabhairt duit a thugann siad don fhostaí lánaimseartha.

Níl bac ar bith ar d’fhostóir aontú leis na sochair phinsin chéanna a thabhairt duit a thugtar d’oibrí lánaimseartha inchomparáide.

Cáin, ÁSPC agus MSU a íoc

B’fhéidir go bhfuil ort cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialacha a íoc, ag brath ar an méid a thuilleann tú.

ÍMAT

Cáin ioncaim é ÍMAT, a asbhaineann d’fhostóir ó do phá trí úsáid a bhaint as córas ‘Íoc Mar a Thuillir’ na gCoimisinéirí Ioncaim.

Braitheann an ráta cánach a íocann tú ar an méid seo a leanas:

•D’ioncam nó tuarastal, agus

•Do chreidmheasanna cánach (laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cáin ioncaim is gá duit a íoc)

Is féidir leat léamh faoi conas a ríomhtar do cháin ioncaim. Más mó do chreidmheasanna cánach ná d’ollcháin (an méid iomlán cánach atá le híoc agat), ní gá duit aon cháin ioncaim a íoc.

Is féidir leat ár leathanach a léamh faoi obair a thosú den chéad uair agus cáin éigeandála a sheachaint.

ÁSPC

Is é ÁSPC do ‘Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa’ (ar a dtugtar do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh freisin). Bunaítear an méid ÁSPC a íocann tú ar do thuilleamh agus an saghas oibre a dhéanann tú.

Is féidir leat léamh faoi obair pháirtaimseartha agus árachas sóisialach (ÁSPC).

MSU

Cáin é an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)a íocann tú ar ollioncam (seo do phá iomlán sula n-asbhaintear aon airgead as, do bhuntuarastal agus aon ragobair, coimisiún nó bónas san áireamh).

Má thuilleann tú breis agus €13,000 sa bhliain, íocann tú MSU ar d’ioncam iomlán.

Ní íocann tú aon MSU más ionann d’ioncam iomlán agus €13,000 nó níos lú a bliain.

Uaireanta páirtaimseartha agus ragobair

Tá tú i dteideal pá ragoibre a fháil má íoctar ragobair le do chomhghleacaithe lánaimseartha.

Is féidir le d’fhostóir an cinneadh a dhéanamh, áfach, gur gá duit an méid céanna uaireanta an chloig a oibriú a oibríonn fostaí lánaimseartha sula mbíonn tú i dteideal pá ragoibre a fháil.

Sampla

Caithfidh do chomhghleacaithe lánaimseartha seachtain 39 uair an chloig a oibriú sula n-íocfar ráta ragoibre leo. Is féidir le d’fhostóir a lua nach mór d’fhostaithe 39 uair an chloig a oibriú sula n-íocfar an ráta ragoibre leo.

Más gnách duit 20 uair an chloig sa tseachtain a oibriú, d’íocfaí thú ar an ngnáthráta d’aon uaireanta a d’oibrigh tú idir 20 agus 39 uair an chloig. Bheifeá i dteideal an ráta ragoibre a fháil d’aon uaireanta breise an chloig a d’oibrigh tú os cionn 39 uair an chloig.

Ní cheanglaítear sa dlí ar fhostóirí ráta níos airde a íoc (cosúil le ‘am dúbailte’) le haghaidh ragoibre. Caithfidh siad ar a laghad an gnáthráta san uair de phá a íoc le haghaidh ragoibre, áfach.

Aistriú go páirtaimseartha

Más oibrí lánaimseartha thú, tá ceart agat iarraidh ar d’fhostóir obair pháirtaimseartha a dhéanamh. Cé nach gá don fhostóir comhaontú le d’iarraidh, spreagtar iad machnamh a dhéanamh ar na bealaí éagsúla chun an teacht a bhíonn ag fostaithe ar obair pháirtaimseartha a fheabhsú. Is féidir leat Cód Cleachtais um Rochtain ar Obair Pháirtaimseartha an CCÁO a léamh.

Ba cheart d’fhostóir an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Nós imeachta a bheith acu chun déileáil le hiarrataí ar obair pháirtaimseartha, comhairliúchán agus plé san áireamh leis an bhfostaí sula ndéanfar cinneadh
  • Roinnt tosca a chur san áireamh, cosúil le riachtanais phearsanta do theaghlaigh, na himpleachtaí a bhíonn i gceist don eagraíocht, an líon fostaithe páirtaimseartha, an beartas comhdheiseanna, agus na riachtanais soláthair foirne

Ba cheart do d’fhostóir machnamh a dhéanamh ar d’iarraidh ar oibriú páirtaimseartha ar fhorais neamh-idirdhealaitheacha, ar aon dul leis an reachtaíocht chomhionannais fostaíochta.

Athruithe atá le teacht

Leis an Acht um Chomhardú Saoil agus Saothair agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023 tugtar isteach cearta dlíthiúla nua chun socruithe solúbtha oibre a iarraidh chun críocha cúraim. Tá gá le rialacháin nua chun tús a chur le codanna éagsúla den Acht (chun é a thabhairt i bhfeidhm).

An féidir liom oibriú go páirtaimseartha i ndiaidh dul ar saoire thuismitheoireachta?

Tá tú i dteideal iarraidh ar athrú ar do phatrún oibre nó ar d’uaireanta oibre ar feadh tréimhse shocraithe ama nuair a fhilleann tú ar an obair i ndiaidh dul ar saoire thuismitheoireachta.

Caithfidh d’fhostóir machnamh a dhéanamh ar d’iarraidh agus freagairt a thabhairt duit laistigh de 4 seachtaine, ach níl oibleagáid orthu glacadh le d’iarraidh.

Má dhiúltaítear d’iarraidh ar obair pháirtaimseartha

Má dhiúltaíonn d’fhostóir iarraidh ar obair pháirtaimseartha, caithfidh siad cúis a thabhairt duit a bhí leis an diúltú (mar shampla, go n-eascródh deacrachtaí soláthair foirne as an athrú).

Mura bhfuil tú sásta le freagairt d’fhostóra agus má chreideann tú gur sháraigh siad do chearta fostaíochta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an CCÁO – léigh ‘Gearán a dhéanamh’ thíos.

Pionós a ghearradh ar fhostaithepáirtaimseartha

Ní féidir le d’fhostóir pionós a ghearradh ort sna cásanna seo a leanas:

•Chuir tú do cheart i bhfeidhm nach gcaitear leat níos mífhabhraí ná mar a chaitear le do chomhghleacaí lánaimseartha inchomparáide

•Dhiúltaigh tú comhaontú le hiarraidh d’fhostóra go n-athróidh tú ó obair lánaimseartha go hobair pháirtaimseartha (nó a mhalairt)

•Chuir tú in aghaidh gnímh atá neamhdhleathach faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001

•Thug tú fianaise in aon imeachtaí faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) nó thug tú fógra go mbeartaíonn tú fianaise a thabhairt

Meastar gur ghearr d’fhostóir pionós ort sna cásanna seo a leanas:

•Rinne siad thú a dhífhostú

•Déanann siad athrú mífhabhrach ar do choinníollacha fostaíochta

•Caitheann siad leat go héagórach, roghnaítear d’iomarcaíocht thú

•Téann siad i mbun aon ghnímh eile a dhéanann dochar do d’fhostaíocht

Eisceachtaí

Ní mheastar gur ghearr fostóirí pionós ar fhostaí páirtaimseartha faoi chúinsí áirithe. Mar shampla, iarann d’fhostóir ort athrú ó obair lánaimseartha go hobair pháirtaimseartha (nó a mhalairt).

Bíonn na coinníollacha seo a leanas i gceist, áfach:

•Caithfidh go mbíonn forais shubstainteacha ag d’fhostóir chun údar a thabhairt leis an iarraidh agus le dul i mbun aon ghnímh i ndiaidh gur dhiúltaigh tú dóibh

•Caithfidh aon ghníomh faoina dtugann d’fhostóir a bheith i gcomhréir le do chonradh fostaíochta agus leis an reachtaíocht um chearta fostaíochta

Gearán a dhéanamh

Má bhíonn gearán agat, ba cheart duit labhairt le d’fhostóir go díreach. Mura féidir leat do ghearán a réiteach go neamhfhoirmiúil, is féidir leat do ghearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) trí úsáid a bhaint as an bhfoirm ghearáin ar líne.

Caithfidh tú an gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an díospóid. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a chur leis an teorainn ama ach amháin má tá cúis réasúnta leis a chuir cosc ort do ghearán a dhéanamh laistigh den ghnáth-thréimhse ama.

Na dlíthe ar obair pháirtaimsearthain Éirinn

Leagtar amach an dlí maidir le hobair pháirtaimseartha san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001. Baineann an tAcht seo le gach oibrí páirtaimseartha, oibrithe páirtaimseartha san áireamh.

Is gnách go mbíonn teidlíochtaí fostaithe páirtaimseartha i gcomhréir le teidlíochtaí fostaithe lánaimseartha (ar bhonn pro-rata). Ciallaíonn seo gur cheart go mbeidís i gcomhréir le d’uaireanta.

Bíonn tréimhsí íosta de sheirbhís leanúnach i gceist, áfach, maidir leis an méid seo a leanas:

•Dífhostú éagórach, faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1973-2015, agus

•Teidlíochtaí iomarcaíochta, faoin Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 2003

Eolas breise

Is féidir níos mó a léamh faoi chearta oibrithe páirtaimseartha i leabhrán mínitheach d’fhostóirí agus d’fhostaithe (pdf) an CCÁO.

B’fhéidir gur mian leat ár leathanach a léamh freisin ar Chearta agus teidlíochtaí fostaithe chun teacht ar shonraí faoi phá íosta, sosanna i rith uaireanta oibre, saoire ón obair, agus mar sin de.

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre - Seirbhís Eolais agus Custaiméirí

Bóthar Uí Bhriain

Ceatharlach

R93 E920

Uaireanta oscailte: Luan go hAoine, 9.30rn-5in

Teil: (059) 917 8990

Íosghlao: 1890 80 80 90 (d'fhéadfadh rátaí éagsúla a bheith i gceist)

Idirlíon: www.workplacerelations.ie

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 Deireadh Fómhair 2023