Cearta fostaíochta oibrithe tí

Cad is oibrí tí ann?

Duine atá in oibrí tí atá fostaithe chun tabhairt faoi dhualgais i dteach príobháideach, cosúil le glanadh, cócaireacht, feighlíocht leanaí, tiomáint agus garraíodóireacht. D'fhéadfaí cúram leanaí, cúram do dhaoine scothaosta nó cúram do dhaoine faoi mhíchumas a bheith i gceist le dualgais eile freisin. Saghsanna d’oibrithe tí iad cúntóirí cúraim agus cúntóirí baile.

Is féidir le hoibrithe tí oibriú go páirtaimseartha nó go lánaimseartha. Déanann na húinéirí tí iad a fhostú go díreach, de ghnáth. Cónaíonn roinnt oibrithe tí lena bhfostóir freisin, mar shampla, au pairs.

Bíonn na cearta fostaíochta céanna, go mór mór, ag daoine a oibríonn in áit chónaithe daoine eile, an ceart san áireamh conradh, pá íosta, saoirí, agus duillín pá a fháil. Mínítear ar an leathanach seo cearta oibrithe tí, oibleagáidí cánach san áireamh.

An oibrí tí mé?

Más é an t-úinéir tí d’fhostóir, agus má asbhaineann siad cáin ó do phá agus má íocann siad ÁSPC thar do cheann, fostaítear thú mar oibrí tí.

Mura n-oibríonn tú ach go hócáideach i dteach duine éigin mar ghlantóir nó cúramóir, b’fhéidir nach bhfuil tú fostaithe mar oibrí tí. Ina ionad sin, b’fhéidir go bhfuil tú:

  • Féinfhostaithe (sa chás seo, tá tú freagrach as do chánacha féin a íoc agus níl tú cumhdaithe ag an reachtaíocht um chearta fostaíochta)
  • Fostaithe ag gníomhaireacht (sa chás seo, is oibrí gníomhaireachta thú)

Do chearta fostaíochta mar oibrítí

Luaitear sa Chód Cleachtais um Dhaoine a Chosaint atá Fostaithe i dTithe Daoine Eile go bhfuil na cearta fostaíochta agus na cosaintí céanna ag oibrithe tí atá ag aon fhostaí eile faoi dhlí na hÉireann. Caithfidh an fostóir na cearta atá agat a insint duit. Is é an t-aon eisceacht an ceart atá ag oibrí tí teacht ar fhostaíocht – léigh ‘idirdhealú ag céim an agallaimh agus an roghnaithe’ thíos.

Conradh fostaíochta

Tá ceart ag oibrithe tí conradh fostaíochta scríofa a fháil, ina luaitear téarmaí agus coinníollacha a bhfostaíochta. Caithfear a áireamh leis an gconradh ainmneacha iomlána an fhostóra agus an fhostaí, teideal an phoist nó cineál na hoibre, an pá, agus uaireanta oibre. Ní féidir le d’fhostóir na coinníollacha seo a athrú mura gcomhaontaíonn tú leis.

Uaireanta oibre

Is é an méid uasta uaireanta oibre is féidir leat oibriú i seachtain 48 uair an chloig, ar an meán. Caithfidh an fostóir taifead a choimeád den mhéid uaireanta an chloig a oibríonn tú

Tá an ceart agat scíth 11 uair an chloig i ndiaidh a chéile a ghlacadh in aon tréimhse 24 uair an chloig. Chomh maith leis sin, tá sé de cheart agat scíth 24 uair an chloig i ndiaidh a chéile a fháil gach seachtain.

Chomh maith leis sin, tá sé de cheart agat sos 15 nóiméad a fháil tar éis 4 huaire go leith oibre agus sos 30 nóiméad a fháil tar éis 6 huaire a chloig oibre.

Pá breoiteachta

Níl sé de cheart reachtúil (dlíthiúil) agat pá breoiteachta a fháil ach ba chóir go sonrófaí an nós imeachta ar cheart duit cloí leis seo i do chonradh fostaíochta mura féidir leat oibriú mar gheall ar bhreoiteacht, agus chomh maith leis na socruithe le haghaidh pá i rith an ama seo.

Saoire bhliantúil agus saoirí poiblí

Má tá tú ag oibriú go lánaimseartha, tá an ceart agat saoire íoctha 4 seachtaine, ar a laghad, a ghlacadh sa bhliain (seo an méid is lú ó thaobh an dlí de). Tá sé de cheart agat 2 sheachtain saoire as a chéile a ghlacadh, chomh maith, agus íocaíocht a lorg ar an tréimhse seo roimh réidh.

Tá sé de cheart ag oibrithe tí íocaíocht a fháil do na 9 saoire phoiblí, nó lá íoctha eile a ghlacadh ina ionad sin, nó pá lae breise a fháil dó.

Má thaistealaíonn tú le d’fhostóir ar saoire, glactar leis gurb obair atá i gceist leis seo agus tá an fostaí i dteideal pá iomlán a fháil don tréimhse seo.

Taifid fostaíochta

Tá ar fhostóirí taifid áirithe a choimeád maidir lena bhfostaithe. Is amhlaidh atá seo lena thaispeáint go gcomhlíonann siad an reachtaíocht fostaíochta. Ní mór don fhostóir na taifid seo a choinneáil ar feadh 3 bliana.

Is féidir leat teacht ar liosta doiciméad nach mór d’fhostóirí a choinneáil in cearta fostaíochta oibrithe tí in Éirinn (pdf). Beidh teacht ar na taifid seo ag teastáil ó chigirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) i rith cigireachta. Léigh treoir an CCÁO maidir le conas a thugtar faoi chigireachtaí (pdf).

Dífhostú agus fógra

Tá oibrithe tí i dteideal méid íosta fógra a fháil má thagann deireadh lena bhfostaíocht.

Tá cosaint agat freisin in aghaidh dífhostú éagórach chomh fada agus a bhí tú ag oibriú do d’fhostóir ar feadh breis agus bliain. Níl cosaint agat in aghaidh dífhostú éagórach ach nuair a d’oibrigh tú ar feadh níos lú ná bliain má bhaineann an dífhostú le gníomhaíocht ar leith, cosúil le ballraíocht de cheardchumann, toircheas nó teidlíocht don phá íosta.

Dínit agus príobháideachas

Luaitear sa Chód Cleachtais um Dhaoine a Chosaint atá Fostaithe i dTithe Daoine Eile gur cheart don fhostóir meas a léiriú ar dhínit agus príobháideachas an fhostaí. Má tá ort cónaí i dteach d’fhostóra, ba cheart don fhostóir seomra príobháideach slán a thabhairt duit ina bhfuil leaba. Más gá duit seomra a roinnt, níor cheart seo a dhéanamh ach má chomhaontaíonn tú leis.

Ba cheart go ndéanfadh fostóirí éasca ort é tabhairt faoi do chaitheamh aimsire agus na rudaí a bhfuil spéis agat iontu a dhéanamh lasmuigh de do chuid am oibre.

Faoin gcód, níor cheart do d’fhostóir aon chinn de do cháipéisí pearsanta a choimeád siar, cosúil le do phas nó do víosa. Ar an gcuma chéanna, níor cheart don fhostóir cosc a chur ort ó bhallraíocht a ghlacadh le ceardchumann.

Do phá agus d’oibleagáidícánach

Tá oibrithe i dteideal pá íosta agus duillín pá a fháil freisin. Má oibríonn tú ar an Domhnach, tá tú i dteideal pá breise nó am saor íoctha ón obair a fháil.

Ba cheart d’oibrithe tí cáin, ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a íoc ar an mbealach céanna a íocann fostaithe eile iad. Tá an fostóir freagrach as cáin a asbhaint ó do phá. Caithfidh an fostóir ranníocaíocht ÁSPC an fhostóra a íoc freisin thar do cheann – féach ‘Cáin, MSU agus ÁSPC a íoc d’oibrí tí' thíos.

Asbhaintí ó phá

Má fhaigheann tú bia agus lóistín (bia agus cóiríocht) mar chuid de d’fhostaíocht, is féidir leis an bhfostóir é seo a asbhaint ó do phá. Caithfidh an asbhaint a bheith cothrom agus réasúnta, áfach, agus caithfear é a lua i do chonradh fostaíochta. Caithfear fógra scríofa maidir leis an asbhaint a thabhairt duit.

Cuirtear na suimeanna seo a leanas san áireamh nuair a bhíonn pá íosta á ríomh:

  • I gcás bia amháin: €0.87 san uair a oibríodh (ríomhtar é ar an ráta san uair)
  • I gcás lóistín (cóiríocht) amháin: €23.15 sa tseachtain nó €3.32 sa lá

Caithfidh asbhaintí ar chúiseanna eile, cosúil le bristeacha nó caillteanas a mbíonn an fostóir thíos leis, a mhacasamhail de chritéir a shásamh. Mar shampla, caithfear a lua i do chonradh gur féidir na hasbhaintí seo a dhéanamh. Caithfidh an asbhaint a bheith cothrom, agus caithfidh an fostóir fógra scríofa a thabhairt duit faoin asbhaint.

Oibleagáidí cánach agus ÁSPCfostóra

Ba cheart d’oibrithe tí cáin, ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) a íoc ar an mbealach céanna a íocann fostaithe eile iad. Má tá duine éigin á fhostú agat féin, an fostóir, chun obair thí a dhéanamh, cosúil le fódóireacht, cúram a thabhairt do leanaí nó do dhaoine breacaosta, agus má tá €40 sa tseachtain nó níos mó á íoc agat leo, caithfidh tú clárú mar fhostóir leis na Coimisinéirí Ioncaim, trí úsáid a bhaint as seirbhís ríomchlárúcháin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Mar fhostóir, tá tú freagrach as ÍMAT (cáin), ÁSPC agus MSU a asbhaint ó phá d’fhostaí. Ina theannta sin, caithfidh tú ranníocaíochtaí ÁSPC fostóra a íoc leis an gCiste Árachais Shóisialaigh. Caithfidh tú duillín pá a thabhairt don fhostaí ar a bhfuil sonraí faoi ÍMAT, ÁSPC agus MSU a asbhaineadh.

Is féidir leat Treoir Fostóra maidir le ÍMAT (pdf) a léamh chun teacht ar eolas ar fhostaithe nua, an cháin atá dlite, agus ÁSPC a ríomh. Chun teacht ar chúnamh, cuir glaoch ar an líne chabhrach Fostóirí Náisiúnta: 01 738 3638.

Idirdhealú ag céim an agallaimhagus an roghnaithe

Bíonn na cearta fostaíochta céanna, go mór mór, ag daoine a oibríonn in áit chónaithe daoine eile a bhíonn ag oibrithe eile. Is é ‘teacht ar fhostaíocht’ an t-aon limistéar ina bhfuil cearta oibrithe tí éagsúil uathu siúd atá ag oibrithe eile.

Nuair a bhíonn sé neamhdhleathach de ghnáth idirdhealú a dhéanamh in aghaidh fostaithe ionchasacha nuair a dhéantar iad a fhruiliú (mar shampla, ag céim an agallaimh agus an roghnaithe), tá eisceacht ann nuair atá an post le déanamh in áit chónaithe duine éigin. Sa chás seo, níl sé in aghaidh an dlí idirdhealú a dhéanamh in aghaidh fostaí ionchasach tí ag céim an agallaimh agus an roghnaithe.

Mar shampla, d’fhéadfadh fostóir a lua go bhfuil bean á lorg acu le haire a thabhairt do leanaí gan a mheas go bhfuil sin ‘idirdhealaitheach’. A luaithe a ghlac an fostaí leis an bpost, áfach, tá siad á chosaint go hiomlán ag an reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta.

Eolas breise

Dhaingnigh Rialtas na hÉireann (ghlac sé go foirmiúil le) Coinbhinsiún na hEagraíochta Oibreachais Idirnáisiúnta (EIS) 2011, a Bhaineann le hObair Chuibhiúil d’Oibrithe Baile.

Is féidir leat bileog a léamh faoi chearta fostaíochta oibrithe tí (pdf), a d’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) freisin, a dhéanann feachtas chun eolas a chur ar fáil d’oibrithe tí ar a gcearta.

Eolas d’oibrithe imirceacha

Oibrithe imirceacha iad go leor oibrithe tí in Éirinn, agus is minic gurb as áiteanna iad atá lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE). Teastaíonn ceadanna fostaíochta ó na fostaithe seo chun oibriú in Éirinn. Cuireann Ionad Chearta na nImirceach in Éirinn tacaíocht ar fáil d’oibrithe imirceacha.

D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre bileoga faoi obair thí i dteangacha éagsúla. Is féidir leat an bhileog a íoslódáil sa Hiondúis (pdf), nó sa Mhandairínis (pdf), nó sa Phortaingéilis (pdf), nó sa Rúisis (pdf), nó sa Spáinnis (pdf), nó sa Fhraincis (pdf).

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90

Comhar Ceardchumann na hÉireann

31-32 Cearnóg Parnell
ZZZ
Ireland

Teil: (01) 8897777
Facs: (01) 8872012
Láithreán Gréasáin: http://www.ictu.ie/

Ionad um Chearta Imirceach Éire

13 Sráid Dorset Íochtarach
Baile Átha Cliath 1
Éire
D01 Y893

Teil: (01) 889 7570
Láithreán Gréasáin: https://www.mrci.ie/
R-phost: info@mrci.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Feabhra 2022