Oibrithe gníomhaireachta

Réamhrá

Is éard atá in oibrí gníomhaireachta (nó oibrí gníomhaireachta sealadach) ná duine a bhfuil comhaontú aige/aici le gníomhaireacht chun oibriú do dhuine eile.

Mar shampla, d’fhéadfadh comhaontú a bheith ag rúnaí le gníomhaireacht rúnaíochta chun obair a dhéanamh d’oifig chomh fada is atá duine dá bhfostaithe ar saoire.

Cé nach bhfuil na cearta uile fostaíochta céanna ag oibrithe gníomhaireachta atá ag gnáthoibrithe, tá an ceart ag oibrithe gníomhaireachta i leith caitheamh cothrom faoi dhálaí bunúsacha oibre agus fostaíochta. Leagtar seo amach sa Treoir ón AE maidir le hObair Ghníomhaireachta Shealadach (féach ‘Reachtaíocht a bhaineann le caitheamh cothrom’ thíos).

Cé atá ina oibrí gníomhaireachta?

Is oibrí gníomhaireachta thú má tá tú fostaithe ag gníomhaireacht fostaíochta agus má shanntar go sealadach thú chun obair a dhéanamh d’eagraíocht eile (an fruilitheoir).

Cé nach oibrí gníomhaireachta é/í?

Ní cheaptar gurb oibrithe gníomhaireachta na hoibrithe seo a leanas:

•Daoine atá ag oibriú mar chonraitheoirí neamhspleácha nó a bhfuil a ngnólacht féin acu, a dhéanann gníomhaireacht fostaíochta a shuíomh. Sa chás seo, cliant nó custaiméir leis an bhfruilitheoir atá sa chonraitheoir.

•Roinnt oibrithe atá fostaithe faoi chonradh bainistithe seirbhíse. Conradh le haghaidh seirbhísí é seo (mar shampla, glantachán), ina bhfuil an conraitheoir freagrach as an tseirbhís a bhainistiú agus a sholáthar.

•Oibrithe atá rannpháirteach sa Chlár Taithí Ionad Oibre, Fostaíocht Pobail, TÚS nó aon scéim gairmoideachais nó athoiliúna na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi do stádas fostaíochta a thuiscint.

Cé a cheaptar atá i m’fhostóir?

Braitheann seo ar cén cearta fostaíochta a lorgaíonn tú a fheidhmiú.

Ar mhaithe le formhór na reachtaíochta fostaíochta (tá eisceachtaí thíos), is gnách go gceaptar gurb é an páirtí a íocann do phá, d’fhostóir. Is é seo an ghníomhaireacht fostaíochta nó an chliantchuideachta.

Tugtar soiléiriú san Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha, 2003 ar sheasamh na n-oibrithe gníomhaireachta ó thaobh árachas sóisialach. Deimhnítear ann go bhfuil fostaíocht inárachaithe ag oibrithe gníomhaireachtaí agus gurb é an duine a íocann an pá an fostóir chun cuspóirí ÁSPC.

Eisceachtaí

Faoin reachtaíocht um dhífhostú éagórach, is é d’fhostóir an duine a n-oibríonn tú dóibh, seachas an ghníomhaireacht.

Tá an duine nó an eagraíocht a n-oibríonn tú dóibh, seachas an ghníomhaireacht, freagrach freisin as riachtanais sláinte agus sábháilteachta a shásamh.

Teidlíocht do chaitheamh cothrom

Caithfear caitheamh go cothrom le hoibrithe gníomhaireachta mar a chaitear le gnáthoibrithe óna gcéad lá ag an obair.

Mar oibrí gníomhaireachta, cuirtear na coinníollacha bunúsacha céanna ar fáil duit faoi mar a rinneadh an fruilitheoir thú a earcú go díreach. Is iad na coinníollacha bunúsacha fostaíochta agus oibre seo:

Am oibre

Áirítear leis seo fad an ama oibre, tréimhsí scíthe, sosanna, obair oíche, saoire bhliantúil agus saoirí poiblí.

Is é an sainmhíniú a thugtar air seo ná bunphá, biseach sealoibre, tascobair, ragobair, uaireanta míshóisialta a oibríodh, agus obair ar an Domhnach.

Ní áirítear leis an reachtaíocht scéimeanna pinsin gairme, pá breoiteachta, bónais, pá máithreachais nó sochar comhchineáil.

Má tá conradh buan agat leis an ngníomhaireacht agus má íoctar thú idir sannacháin, ní bheidh tú i dteideal caitheamh cothrom a fháil maidir le pá.

Teacht ar áiseanna

Caithfidh tú teacht cothrom a bheith agat ar áiseanna, cosúil le cúram leanaí, an ceaintín agus carrpháirceáil. Caithfear a insint duit faoi dheiseanna fostaíochta buaine freisin.

An reachtaíocht a bhaineann le caitheamh cothrom

Leagtar amach na rialacha maidir le caitheamh cothrom san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012.

Cuireann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre treoir ar fáil ar an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012 (pdf).

Oibrithe gníomhaireachta páirtaimseartha

Más oibrí gníomhaireachta páirtaimseartha thú, ní féidir leat tú féin a chur i gcomparáid ach le fostaí lánaimseartha inchomparáide arb oibrí gníomhaireachta iad freisin. Leagtar amach na rialacha seo san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001.

Dlíthe eile a chosnaíonn oibrithe gníomhaireachta

Mar oibrí gníomhaireachta, bronntar cearta áirithe ort freisin faoin reachtaíocht fostaíochta seo a leanas:

•Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977-2007

•Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967-2014

•Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973-2005

•An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997

•An tAcht um Íoc Pá, 1991

•Na hAchtanna um Chosaint Máithreachais, 1994 agus 2004

•Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta, 1998-2015

Tá sé tábhachtach gurb eol duit cé atá freagrach as comhlíonadh na reachtaíochta um chosaint fostaíochta a chinntiú - an ghníomhaireachta nó an gnóthas a n-oibríonn tú dóibh (an fruilitheoir). Féach ‘Cé a cheaptar atá i m’fhostóir?’ thuas.

Reachtaíocht nach mbaineann le hoibrithe gníomhaireachta

Baineann an tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Théarma Shocraithe), 2003 le formhór na bhfostaithe a bhfuil conarthaí téarma sheasta acu. Ní bhaineann sé le hoibrithe gníomhaireachta a rinne gníomhaireacht oibre shealadach a shuíomh chun oibriú in eagraíocht eile. Baineann an tAcht le hoibrithe gníomhaireachta, áfach, atá fostaithe go díreach ag an ngníomhaireacht fostaíochta.

Má cheapann tú go ndearnadh íospairt ort mar oibrí gníomhaireachta

Cosnaítear oibrithe gníomhaireachta in aghaidh íospartha i ngeall ar sháruithe ar an Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012 a thabhairt le fios.

Ciallaíonn seo nach féidir leis an bhfruilitheoir nó an ghníomhaireacht pionós a ghearradh ort trí dhífhostú, caitheamh éagórach nó athrú mífhabhrach ar do choinníollacha fostaíochta.

Gearán a dhéanamh

Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi shárú ar do chearta fostaíochta mar oibrí gníomhaireachta leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre. Ba cheart duit an fhoirm ghearáin ar líne a úsáid.

Caithfidh tú an gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an díospóid. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a chur leis an teorainn ama ach amháin má tá cúis réasúnta leis a chuir cosc ort do ghearán a dhéanamh laistigh den ghnáth-thréimhse ama.

Eolas breise

Is féidir leat teacht ar eolas breise faoi chearta oibrithe gníomhaireachta ó Sheirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre - féach an seoladh thíos.

Gníomhaireachtaí fostaíochta a rialáil

Déantar gníomhaireachtaí fostaíochta in Éirinn a rialáil ag an Acht um Gníomhaireacht Fostaíochta, 1971. Faoin Acht, caithfidh ceadúnas lena gnólacht a oibriú a bheith ag gníomhaireacht fostaíochta. Tá sonraí faoin nós imeachta iarratais agus liosta de ghníomhaireachtaí fostaíochta ceadúnaithe (pdf) ar fáil ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 Meán Fómhair 2017