Cearta oibrithe óga

Cé hiad ‘oibrithe óga?

Daoine idir 14 agus 18 mbliana d’aois iad oibrithe óga a oibríonn d’fhostóir.

Mar gheall go mbíonn oibrithe óga in oideachas lánaimseartha, go ginearálta, is éagsúil na dlíthe éagsúla fostaíochta a chosnaíonn iad ó na dlíthe a chosnaíonn daoine fásta. Is amhlaidh seo lena chinntiú nach gcuireann a n-obair a sláinte ná a n-oideachas i mbaol.

Mar shampla, déantar an méid seo a leanas sa dlí d’oibrithe óga:

  • Leagtar síos teorainneacha íosta aoise d’fhostaíocht
  • Leagtar síos na huaireanta oibre uasta
  • Cuirtear toirmeasc ann ar aon duine níos óige ná 18 mbliana d’aois ó obair go déanach san oíche a dhéanamh
  • Ceanglaítear ar oibrithe óga tréimhsí scíthe ar leith a ghlacadh
  • Ceanglaítear ar fhostóirí taifid ar leith a choimeád d’oibrithe níos óige ná 18 mbliana d’aois

Leagtar síos sa dlí rialacha éagsúla d’oibrithe óga, ag brath ar a n-aois. Aicmítear oibrithe 14 agus 15 bliana d’aois mar ‘leanaí’. Aicmítear oibrithe 16 agus 17 mbliana d’aois mar ‘daoine óga’.

Cruthúnas aoise agus cead scríofaó thuismitheoirí

Sular féidir leat post a fháil, caithfidh siad cóip dá dteastas breithe (nó cruthúnas eile i leith a n-aoise) a thaispeáint don fhostóir.

Má tá siad faoi 16 bliana d’aois, teastaíonn cead scríofa uathu óna dtuismitheoir nó óna gcaomhnóir. Caithfear an litir cheada seo a thabhairt don fhostóir.

Leagtar amach an dlí maidir le hoibrithe óga san Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 1996.

Is féidir níos mó a léamh faoi uaireanta oibre agus sosanna scíthe do leanaí agus daoine óga.

Srianta ar dhaoine 14 agus 15 blianad’aois a fhostú

De réir an dlí, ní féidir leanaí 14 agus 15 bliana a fhostú i bpoist rialta lánaimseartha. Is féidir leo an méid seo a leanas a dhéanamh, áfach:

  • Obair éadroim i rith saoirí scoile (caithfidh siad 21 lá, ar a laghad, a bheith saor acu ón obair i rith an ama seo)
  • Páirt a ghlacadh i gclár faofa taithí oibre nó oideachais (chomh fada agus nach ndéanann an obair díobháil dá sábháilteacht, sláinte, nó forbairt)
  • Oibriú sna scannáin, cultúr, fógraíocht nó spórt (faoi cheadúnais a eisíonn an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta)

Uaireanta oibre daoine 14 agus 15bliana d’aois

Lasmuigh d’am téarma scoile

Is féidir le leanaí 14 agus 15 bliana d’aois 35 uair an chloig sa tseachtain, ar a mhéid, a oibriú (nó a mhéid le 40 uair an chloig a oibriú má tá siad ag tabhairt faoi thaithí oibre fhaofa).

I rith am téarma scoile

Ní cheadaítear do leanaí 14 bliana d’aois oibriú i rith am téarma scoile. Is féidir le leanaí 15 bliana d’aois 8 n-uaire an chloig d’obair éadrom a dhéanamh sa tseachtain.

Srianta ar dhaoine 16 agus 17 mblianad’aois a fhostú

Is féidir le leanaí 16 agus 17 mbliana d’aois 8 n-uaire an chloig sa lá, ar a mhéid, a oibriú a fhaide le 40 uair an chloig sa tseachtain.

Má tá an t-oibrí óg níos óige ná 18 mbliana d’aois agus má oibríonn sé/sí le breis agus fostóir amháin, ní féidir lena n-uaireanta laethúla nó seachtainiúla i dteannta a chéile an líon uasta uaireanta a cheadaítear a shárú.

Ní cheadaítear do dhaoine óga ach oibriú idir 6am agus 10pm. Caithfear aon eisceacht leis seo a bheith leagtha síos sna rialacháin – féach ‘Oibriú in áitreabh ceadúnaithe’ thíos.

An scoil a fhágáil go luath chunglacadh le fostaíocht

Má tá tú 16 nó 17 mbliana d’aois, agus má roghnaíonn tú an scoil a fhágáil go luath chun glacadh le fostaíocht, caithfidh tú Tusla a chur ar an eolas.

Cinntíonn Tusla go ndéanann gach leanbh freastal ar an scoil nó, ar bhealach eile, go gcuirtear oideachas íosta orthu. Coimeádann sé clár daoine óga 16 agus 17 mbliana d’aois a fhágann an scoil go luath chun glacadh le post.

Déanann Tusla socruithe freisin do d’oideachas agus oiliúint leanúnach, i gcomhairle le soláthraithe oideachais agus fostóirí.

Oibriú in áitreabh ceadúnaithe (arnós teach tábhairne)

Is féidir daoine óga atá ag freastal ar an scoil a fhostú ar dualgais ghinearálta in áitreabh ceadúnaithe, ar nós teach tábhairne.

I rith téarma scoile, ní féidir leo oibriú ach go dtí 11pm ar lá nach díreach roimh lá scoile é. Mar shampla, is féidir leat oibriú go dtí 11pm ar oíche na hAoine mura mbíonn tú ar scoil ar an Satharn. Ní féidir leat oibriú go dtí 11pm ar an Domhnach, áfach, más gá duit a bheith ar scoil ar an Luan.

Caithfidh fostóirí a fhostaíonn daoine óga in áitreabh ceadúnaithe cloí leis an gCód Cleachtais maidir le Fostaíocht Daoine Óga in Áitreabh Ceadúnaithe (pdf).

Leagtar amach an dlí maidir le hoibrithe óga atá fostaithe in áitreabh ceadúnaithe i Rialacháin an Achta um Chosaint Daoine Óga, 1996 (Fostaíocht in Áitreabh Ceadúnaithe), 2001.

Daoine óga a íoc

Duillín pá fháil

Tá ceart ag gach fostaí duillín pá a fháil. Ráiteas scríofa é duillín pá ón bhfostóir ina mínítear do phá iomlán roimh cháin, agus na sonraí go léir faoi aon asbhaintí ón bpá.

Deimhnigh cad ba chóir a bheith ar do dhuillín pá agus conas a ríomhtar do cháin.

Pá íosta

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, is é an pá íosta náisiúnta €12.70 san uair. Níl gach duine i dteideal é seo a fháil go huathoibríoch, áfach.

Ní ráthaítear go n-íocfar ach a mhéid le 70% den phá íosta náisiúnta le hoibrithe atá níos óige ná 18 mbliana d’aois, agus is ionann sin agus €8.89 san uair. Is féidir le d’fhostóir níos mó ná an pá íosta a íoc leat más mian leo, ach níl dualgas orthu sin a dhéanamh faoin dlí.

Síntiúis agus aiscí

Má oibríonn tú i bpost ina n-íocann custaiméirí síntiúis agus aiscí leis an bhfoireann (cosúil le bialann nó beár), níl tú i dteideal na síntiúis seo a fháil go huathoibríoch. Níl ort do shíntiúis a thabhairt do d’fhostóir ach chomh beag, áfach.

Braitheann sé ar ‘an gnás agus an cleachtas’ i d’ionad oibre. Is amhlaidh atá seo mar gheall nach bhfuil aon dlíthe ann faoi láthair ina leagtar amach na rialacha maidir le síntiúis agus aiscí.

Má bhailíonn an bhainistíocht na síntiúis go léir agus má íocann siad leis an bhfoireann iad tríd an bpárolla, gearrtar cáin ar na síntiúis seo ar an ngnáthbhealach.

Athruithe a bheidh ag teacht aníos ar an dlí maidir le síntiúis

Foilsíodh an dréacht-Bhille um Íoc Pá (Leasú) (Síntiúis agus Aiscí) (pdf) in Eanáir 2022. A luaithe a achtófar é, bronnfaidh sé cearta dlíthiúla nua ar fhostaithe maidir le hairgead tirim agus síntiúis cárta. Beidh ar fhostóirí a chinntiú go n-íoctar síntiúis leis an bhfoireann go cothrom, go cóir agus ar bhealach trédhearcach. Beidh orthu fógra a thaispeáint freisin ar a mínítear conas a roinntear síntiúis i measc na foirne.

Tá ar an dréacht-Bhille gabháil tríd an nós imeachta iomlán reachtaíochta sula ndéanfar dlí de. Nuashonróimid an leathanach seo de réir mar a bhíonn níos mó eolais ar fáil.

Freagrachtaí fostóirí

Caithfidh fostóirí taifid a choimeád do gach fostaí atá níos óige ná 18 mbliana d’aois, an méid seo a leanas ina measc:

  • Ainm iomlán an fhostaí
  • Dáta breithe an fhostaí
  • Amanna tosaigh agus críochnaithe an fhostaí don obair
  • An ráta pá agus an pá iomlán a íocadh leis an bhfostaí.

Ní mór don fhostóir na taifid seo a choinneáil ar feadh 3 bliana, ar a laghad.

Achoimre a thabhairt d’oibrithe óga ar a gcearta

Caithfidh fostóirí cóip den achoimre oifigiúil ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) a thabhairt d’fhostaithe chomh maith le sonraí eile faoina dtéarmaí fostaíochta, laistigh de mhí amháin tar éis glacadh le post.

Caithfidh fostóirí a bhfuil fostaithe acu atá níos óige ná 18 mbliana d’aois an achoimre oifigiúil ar an Acht a thaispeáint ina n-ionad oibre, áit ar féidir leis an bhfoireann é a léamh gan stró.

Sáruithe ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996

Is féidir fíneáil a mhéid le €1,904.61 agus suim bhreise €317.43 sa lá i ngeall ar chion leanúnach a ghearradh ar fhostóirí a dheimhnítear atá ciontach i gcion faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht).

Gearán a dhéanamh faoi shárú archearta fostaíochta

Má bhíonn gearán agat faoi do chearta fostaíochta, ba cheart duit labhairt le d’fhostóir faoi ar dtús. Mura féidir leat do ghearán a réiteach, is féidir leat gearán a dhéanamh faoin Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 le Seirbhísí Cigireachta an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO).

Má cheapann tú gur gearradh pionós ort i ngeall gur dhiúltaigh tú comhoibriú le fostóir chun an tAcht a shárú (mar shampla, trí dhiúltú uaireanta toirmiscthe a oibriú), is féidir le do thuismitheoir nó do chaomhnóir gearán a dhéanamh le breithneoir an CCÁO thar do cheann.

Ba cheart duit an gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh gur tharla an eachtra, trí úsáid a bhaint as foirm ghearáin ar líne an CCÁO.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh, chomh maith, le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an CCÁO nó an treoir maidir leis an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 (pdf) de chuid an CCÁO a íoslódáil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Feabhra 2024