Tá na huaireanta oibre do dhaoine óg rialaithe ag an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996. Leagann an tAcht síos téarma íosaoise maidir le uaireanta uasoibre agus tréimhsí sosa agus cuireann sé cosc fostaíochta ar aon duine faoi bhun 18 mbliana d'aois maidir le hobair oíche dhéanach a dhéanamh.
Tá feidhm ag an Acht seo maidir le fostaithe faoi bhun 18 mbliana d'aois. Tá leanaí mínithe san Acht mar daoine faoi bhun 16 bliana d'aois agus daoine óga mar daoine idir 16 agus 17 bliana d'aois. Ní feidhm ag an Acht seo maidir leanaí nó daoine óga a bheidh fostaithe ag garghaol.
De réir an Achta, ní féidir le fostóirí postanna lánaimseartha rialta a thabhairt do dhaoine óga faoi bhun 16 bliana d'aois. Tá sé ceadaithe ag fostóirí daoine óga idir 14 agus 15 bliana d'aois a fhostú le hobair éadrom a dhéanamh seo leanas:
Uasuaireanta oibre seachtainiúil do dhaoine faoi bhun 16 bliana d'aois.
| Aois | 14 bliana d'aois | 15 bliana d'aois |
| Téarma scoile | Neamhní | 8 n-uaire |
| Laethanta saoire | 35 uaire | 35 uaire |
| Taithí oibre | 40 uaire | 40 uaire |
Am saor agus sosanna scithe do dhaoine óga faoi bhun 16 bliana d'aois
| Sos scíthe leathuaire | tar éis 4 huaire oibre |
| Sos scíthe laethúil | 14 uaire comhleantacha saor |
| Sos scíthe seachtainiúil | 2 lá saor, agus iad a bheith comhleantach chomh fada lena bhfuil sé praicticiúil |
Leagann an tAcht síos teorainneacha ar uaireanta oibre do dhaoine óga idir
16 agus 17 bliana d’aois. Má oibríonn duine óg do níos mó ná fostóir
amháin, ní féidir leis na huaireanta oibre seachtainiúil nó laethúil
comhcheangailte an uasuimhir uaireanta ceadaithe a shárú.
Uaireanta oibre, am saor agus sosanna scíthe do dhaoine óga idir 16
agus 17 bliana d'aois
| Uaslá oibre | 8 n-uaire |
| Uassheachtain oibre | 40 uaire |
| Sos leathuaire | tar éis 41/2 uaire oibre |
| Sos scíthe laethúil | 12 uaire comhleantacha saor |
| Sos scíthe seachtainiúil | 2 lá saor agus iad a bheith comhleantach chomh fada lena bhfuil sé praiticiúil |
Teorainneacha ar obair oíche agus obair luath na
maidine
De ghnáth, níl sé ceadaithe ag daoine óga obair a dhéanamh roimh 6 a chlog
ar maidin nó tar éis 10 a chlog san oíche. Ní foláir eisceachtaí ar bith
a bheith socruithe de réir rialacháin.
Tá sé ceadaithe ag daoine óga fostaithe le haghaidh dualgas ghinearálta in áitreabh ceadúnaithe de réir an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 (Fostaíocht in Áitreabh Ceadúnaithe) Rialacháin, 2001 - (IR 350 de 2001) obair a dhéanamh suas go dtí 11 i.n. ar lá nach dtagann díreach roimh lá scoile i rith téarma scoile nuair atá an duine óg ag freastal ar scoil.
Caithfidh na fostóirí cóip de theastas breithe an dhuine óig a fheiceáil nó fianaise eile maidir lena (h)aois roimh dóibh an duine siúd a fhostú. Má bhíonn an duine óg faoi bhun 16 bliana d'aois, caithfidh an fostóir cead i scríbhinn a fháil ó thuismitheoir nó ó chaomhnóir an dhuine óig.
Caithfidh na fostóirí taifid a choimeád i leith gach fostaí faoi bhun 18 mbliana d'aois lena n-áirítear amanna tosaithe agus críochnaithe an fhostaí i gcóir oibre.
Leigh tuilleadh faoi cearta fostaíochta do dhaoine óga.
Is féidir gearáin i dtaobh shárú an Achta um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 a chur faoi bhráid cigire na hÚdaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (UNCF).
Is féidir gearáin faoi phionós curtha ar fhostaí maidir le diúltú comhoibrithe le fostóir i sárú an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996 (m.s. diúltú uaire coiscthe a oibrigh) faoi bhráid Coimisinéara um Chearta taobh istigh de 6 mhí ón bpionós sin. Is féidir gearáin a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid. Is féidir síneadh 6 mhí bhreise a chur leis an tréimhse seo má tá an Coimisinéir sásta gur chuir cúinsí eisceachtúla moill ar chur isteach an ghearáin taobh istigh den tréimhse thuasluaite.
Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996, déan teagmháil leis na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.