Má tá tú ag filleadh ar an bhfostaíocht tar éis a bheith díomhaoin fada go leor, tá roinnt roghanna le cur san áireamh agus bearta ba cheart duit a dhéanamh sula dtosaíonn tú ar an obair. B'fhéidir go dteastóidh cabhair uait le post a fháil nó gur suim leat oiliúint bhreise sula dtosaíonn tú ag obair. Féadfaidh an tOifigeach Seirbhísí Fostaíochta san oifig áitiúil de chuid FÁS comhairle a thabhairt duit faoi dheiseanna fostaíochta agus oiliúint - féach leat 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos. Féadfaidh tú freisin dul i gcomhairle le Poist Éireann ar-líne le aghaidh mionsonraí faoi fholúntais i bpoist agus faoi chúrsaí oiliúna.
Rinneadh seirbhísí fostaíochta FÁS a aistriú chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí in Eanáir 2012 agus tá an Roinn anois freagrach as seirbhísí agus treoir fostaíochta a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist mar aon le tacaíocht ioncaim. An 23 Feabhra 2012, sheol an Rialtas an plean ‘Bealaí chun Oibre’ ag a bhfuil sé de chuspóir daoine dífhostaithe a chur ar ais ag oibriú. I measc ghnéithe an phlean nua seo tá:
* Díriú ar fhostaíocht fhadtéarmach (iad siúd atá ar an mBeochlár le 12 mhí anuas nó níos faide)
* Próifíliú cuardaitheoirí poist dá n-oiriúnacht do phoist nó d’oiliúint áirithe
*Cód nua cearta agus freagrachtaí inar gá do chuardaitheoirí poist fostaíocht a lorg go gníomhach nó cabhair a fháil ó sheirbhísí fostaíochta nó oiliúna mar chúiteamh ar thacaíocht leasa.
* Dreasachtaí d’fhostóírí le breis post a chur ar fáil do dhaoine atá dífhostaithe
* A mhéid agus 14 oifig leasa shóisialaigh a iompú ina n-ionaid ilfhreastail le linn 2012, (mar chuid den tSeirbhís nua Náisiúnta Fostaíochta agus Teidlíochtaí) a chuireann rochtain ar fáil do chuardaitheoirí poist ar theidlíochtaí agus ar chabhair lena bhfilleadh ar an obair a phleanáil.
Má tá tú dífhostaithe b'fhéidir go bhféadfaidh tú do chárta liachta nó d'Fhordheontas Cíosa a choinneáil nuair a rachaidh tú i mbun oibre - féach leat ina dhiaidh seo. Más post ar phá íseal a fuair tú agus go bhfuil muirín ort, b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh. Má tá tú dífhostaithe fada go leor agus nach bhfuil aon phost faighte agat fós, b'fhéidir go mbeidh tú incháilithe do scéim fostaíochta. Tá tacaí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumais ann.
Má tá tú ag filleadh ar an bhfostaíocht tar éis a bheith díomhaoin fada go leor, ba cheart duit deimhin a dhéanamh de go bhfuil na hasbhaintí cánach agus ÁSPC a dhéantar ar do phá ceart.
Caithfidh d'fhostóir nua cáin a bhaint as do phá faoin gcóras ÍMAT ó thús do fhostaíocht. Chun a chinntiú go ndéileáiltear i gceart le do cháin ón tús agus go mbaineann do fhostóir an cháin cheart as do phá, ní mór duit dhá rud a dhéanamh:
Bheadh sé níos fearr dá dtógfá na céimeanna seo chomh luath is a ghlacann tú le tairiscint poist, bíodh muna bhfuil ann ach obair pháirt-aimseartha nó obair shaoire. Tabharfaidh sé seo deis don fhostóir agus don oifig chánach rudaí a fháil réitithe roimh do chéad lá pá.
Cuirfidh an oifig chánach fógra chugat agus chuig do fhostóir maidir le do chreidmheasanna cánacha agus pointe scoir an meán ráta.
Muna bhfuil cúrsaí cánacha réitithe amach agat faoin am a thosaíonn tú ag obair beidh ar d'fhostóir cáin a asbhaint are bhunús "cáin éigeandála".
Nuair a thugann tú d'uimhir PSP (Pearsanta Seirbhís Poiblí) dod' fhostóir beidh do ranníocaíochtaí leasa shóisialaigh dhá gclárú in éineacht le aon ranníocaíochtaí a d'íoc tú i dtréimhsí fostaíochta roimhe seo.
Má tá tú amuigh as an bhfórsa oibre le cúpla bliain anuas, níl tú i dteideal íocaíochtaí gearrthéarma leasa shóisialaigh cosúil le Sochar Breoiteachta láithreach. Tá tú clúdaithe láithreach, áfach, i gcomhair sochar gortuithe, sa chás nach féidir leat obair mar thoradh ar thimpist ag an obair.
Braitheann sé ar cén cinéal sochair atá tú ag cur isteach air agus do chúinsí roimh duit filleadh ar an obair cé chomh luath agus a cháilíonn tú le haghaidh na sochair leasa shóisialaigh éagsúla. Tuilleann tú íocaíochtaí cridiúnaithe, má, mar shampla, tá tú tinn nó dífhostaithe. Sna cúinsí seo ní gá go ndéanfar aon asbhaint ÁSPC, ach d'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí creidiúnaithe ina áit. Tugtar íocaíochtaí creidiúnaithe le haghaidh aon tréimhse a fhaigheann tú íocaíochtaí mar Sochar Breoiteachta, Cuardaitheora Poist, Máithreachais nó Uchtála, nó Pinsean Easláinte nó Scoir.
Má thárlaíonn sé ag am ar bith de do shaol oibre nach bhfuil aon ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha nó mar íocaíochtaí creidiúnaithe ar feadh dhá bhliain iomlán as a chéile, ní féidir leat íocaíochtaí creidiúnaithe a fháil go dtí go bhfileann tú ar an obair agus ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat ar feadh ar a laghad 26 seachtain.
Cárta liachta
Má tá tú dífhostaithe agus tú anois ag filleadh ar an obair go lánaimseartha nó go páirtaimseartha, féadfaidh tú do chárta liachta a choinneáil go ceann 3 bliana ar chuntar go bhfuil tú ag fáil ceann de na liúntais nó na sochair seo le 12 mhí nó níos faide:
Má théann tú i mbun fostaíochta lánaimseartha coinneoidh tú do chárta liachta go ceann 3 bliana ón dáta ar thosaigh tú ar an obair. Má théann tú i mbun fostaíochta páirtaimseartha tosaíonn an tréimhse trí bliana an lá a sáraíonn d'ioncam an treoirlíne chuí don chárta liachta. Tá mionsonraí eile faoi choinneáil na gcártaí liachta i dTreoir maidir le Cártaí Leighis de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Fordheontas Cíosa
Ón 5 Meitheamh 2007 amach, má tá tú dífhostaithe nó gan a bheith
fostaithe go lánaimseartha le 12 mhí ar a laghad agus más é an measúnú
ort go bhfuil tú i ngátar tithíochta de bhun na Scéime
um Chóiríocht ar Cíos b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal d'Fhordheontas
Cíosa a choinneáil.
An oifig
cánach áitiúil.
An oifig leasa
shóisialaigh áitiúil
An oifig
áitiúil de chuid FÁS
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.