Íocann formhór na bhfostaithe in Éirinn cáin tríd an gcóras ÍMAT (Íoc Mar a Thuillir). Ciallaíonn sé sin go mbaineann d’fhostóir an cháin a bhíonn dlite ort díreach as do phá, agus go n-íocann siad an cháin sin go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim cánacha ó shaoránaigh thar ceann Rialtas na hÉireann.
Gearrfar ÁSPC agus an Muirear Sóisialta Uilíoch ar d’ioncam freisin.
Tá sé tábhachtach a chinntiú go bpléitear i gceart le do cháin ón tús agus go mbaineann d’fhostóir nua an méid ceart cánach as do phá. Lena chinntiú go dtarlaíonn sé sin, beidh ort dhá rud a dhéanamh:
Lena chinntiú go mbeidh am ag d’fhostóir agus ag d’oifig cánach gach rud a réiteach sula bhfaigheann tú do chéad phá, moltar duit é sin ar fad a dhéanamh chomh luath agus a ghlacann tú le tairiscint poist (fiú amháin post páirtaimseartha nó fostaíocht saoire).
Cinneann do chuid imthoscaí pearsanta féin líon na gcreidmheasanna cánach a bheidh tú i dteideal a fháil. Seolfaidh an oifig cánach ráiteas sonraithe chugat ansin de do chuid creidmheasanna cánach. Cuirfear d’fhostóir ar an eolas freisin faoi do chuid creidmheasanna cánach tú.
Laghdaíonn creidmheasanna cánach an méid cánach a bhíonn ort a íoc. Socraítear an t-ollmhéid cánach ar chóir duit a íoc de réir d'ioncaim. Dealaítear luach na gcreidmheasanna as an ollmhéid sin ansin chun an méid cánach ar chóir a íoc a aimsiú.
Tá liúntais agus faoisimh éagsúla sna creidmheasanna cánach a bhféadfá éileamh a dhéanamh orthu, ag brath ar do chuid imthoscaí. Is féidir le gach duine liúntas pearsanta a éileamh, mar shampla, agus féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh chomh maith ar nithe mar phréimheanna árachais sláinte, ús ar mhorgáiste. Tá sonraí faoi na príomh-liúntais agus faoisimh (lena n-áirítear an tsuim a bhíonn dlite don bhliain reatha) tugtha ar an mbileog míniúcháin a eisítear chugat gach bliain ó na Coimisinéirí Ioncaim le do theastas creidmheasanna cánach. Beidh an t-eolas sin ar fáil chomh maith ó d’oifig cánach nó ar líne ó láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.
Bíonn cáin iníoctha ar gach cineál tuilleamh a bhíonn mar thoradh ar do chuid fostaíochta (lena n-áirítear, mar shampla, bónais, rag-obair, íocaíocht neamh-airgid nó sochar comhchineáil mar úsáid charr an chomhlachta, síneadh láimhe, bronntanais na Nollag srl.). Ní íocann tú cáin ar: Ioncam Scoláireachta, Ús ó Theastais Choigiltis, Bannaí Coigiltis agus Scéimeanna Tráthchoigiltis Náisiúnta, agus Íocaíochtaí chuig scéimeanna pinsin cheadaithe.
Cuirtear pá a fhaigheann tú trí uaireanta breise a obair (rag-obair), bónais srl., san áireamh mar chuid de do phá inchánach don tseachtain nó don mhí sin. Ní fhaigheann tú aon liúntais bhreise saor ó cháin in aghaidh na dtuilleamh breise sin.
Mura mbeidh siad seo a leanas faighte ag d’fhostóir:
beidh sé d'oibleagáid ar d’fhostóir cáin a asbhaint ar bhonn éigeandála nuair a bheidh siad ag íoc do chéad phá nó tuarastal mar fhostaí. Ciallaíonn sé sin go dtabharfaidh siad liúntas saor ó cháin sealadach duit don chéad mhí fostaíochta agus méadófar asbhaintí cánach de réir a chéile ón dara mí ar aghaidh. Is é an toradh a bhíonn ag an mbunús éigeandála ná: tar éis 4 seachtaine, ní thugtar aon liúntas shaor ó cháin agus íoctar cáin ag an ráta is airde ó sheachtain 9, beag beann ar an leibhéal pá. Déanann sé ciall mar sin an bunús éigeandála sin a sheachaint trí na céimeanna simplí a tugadh cuntas orthu ní ba luaithe a leanúint nuair a thosaíonn tú ag obair in Éirinn. Tá tuilleadh eolais faoi cáin éigeandála ar an suíomh na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cinnfidh bandaí cháin ioncaim an ráta cánach a íocfaidh tú ar d’ioncam nó do thuarastal. Sa bhliain cánach 2011 mar shampla, íocfaidh duine singil 20% cánach ar ioncam suas go dtí €32,800 agus 41% ar an iarmhéid. Léigh tuilleadh faoi conas a ríomhtar do cháin anseo.
Tá eolas breise níos mionsonraithe maidir le creidmheasanna cánach agus faoisimh ar fáil ó d’oifig cánach áitiúil.
Is liúntas cánach speisialta é Cúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim do dhaoine a bhíonn dífhostaithe ar feadh bliana nó níos mó agus a thosaíonn i bpost éigin arís. Is ionann an liúntas sa chéad bhliain fostaíochta €3,810 móide agus 1,270 i gcás gach leanbh, agus bíonn sé ar fáil ar feadh thrí bliana san iomlán (ach ag ráta níos ísle i mblianta a dó agus a trí).
Má roghnaíonn tú glacadh leis an dara post, beidh treoracha ag do chéad fhostóir cheana féin ón oifig cánach na creidmheasanna cánach ar fad a bhfuil tú i dteideal a fháil in aghaidh do phá a thabhairt duit. Mura n-éilíonn tú ar d’Oifig Cánach Dúiche teastais nua a eisiúint, ceann do gach fostóir, agus na creidmheasanna cánach agus an ráta caighdeánach scoithphointe a roinnt idir an dá phost, feidhmeoidh d'fhostóir nua (.i. i do dhara post) do phá ar bhonn éigeandála cánach.
Ciallóidh sé sin go bhfaighfeá ní ba mhó creidmheasanna cánach ná mar a bheifeá i dteideal a fháil, agus nach mbeifeá ag íoc do dhóthain cánach dá réir, agus caithfear an cháin sin a íoc ag deireadh na bliana cánach. Téigh i dteagmháil le seirbhís fiosrúcháin ÍMAT lóghlao na gCoimisinéirí Ioncaim (féach an nasc thíos) le haghaidh sonraí teagmhála de d’Oifig Cánach Dúiche.
Mura bhfuil an fhoirm iarratais 12A (Iarratas ar Theastas Creidmheasanna Cánacha agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh) ag d'fhostóir, féadfaidh tú ceann a fháil óntseirbhís fiosrúcháin íosghlao ÍMAT. Fiafraigh de d'fhostóir cén oifig cánach ar cheart an fhoirm chomhlánaithe a chur chuici.
Tá tuilleadh eolais faoi mar is féidir cur isteach ar Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (Uimh. PSP) le fáil anseo.
Féadfaidh tú breathnú anseo ar roinnt Ceisteanna
a Chuirtear go Minic faoi cháin agus faoi thosú ag obair in Éirinn.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.