Má tá tú ag athrú do phost in Éirinn, caithfidh tú de réir an dlí fógra a thabhairt do d’fhostóir reatha go bhfuil sé i gceist agat éirí as. Braithfidh fad an fhógra a chaithfidh tú a thabhairt ar do chonradh fostaíochta agus ar an íostréimhse fógra a chaithfidh tú a thabhairt de réir an dlí. Is í an phríomhreachtaíocht atá i bhfeidhm sa réimse seo den dlí a bhaineann le fostaíocht in Éirinn ná tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973. Leigh tuilleadh eolais faoi bhunthréimhse do fhógra scoir anseo
D’fhéadfadh conradh fostaíochta a bheith aontaithe le focal béil nó a bheith leagtha amach i scríbhinn. De réir an dlí is iad riachtanais maidir le fógra ar chuid de na nithe a chaithfidh a bheith i bhfoirm scríofa. Ba cheart duit, mar sin, na forálacha a bhaineann leis an bhfógra a chaithfidh tú a thabhairt a sheiceáil i do chonradh fostaíochta agus iad sin a leanúint. Meabhraigh gur féidir i gcónaí socrú eile seachas an ceann atá sa chonradh le d’fhostóir a dhéanamh.
Muna bhfuil foráil i do chonradh fostaíochta a phléann fógra, tiocfaidh an fógra íosta reachtúil de sheachtain amháin i bhfeidhm agus is é seo an fógra ba cheart duit a thabhairt do d’fhostóir. Tá an fógra íosta reachtúil de sheachtain amháin leagtha síos in Alt 6 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973.
Má bhí fostaí ag obair d’fhostóir le haghaidh tréimhse níos lú ná 13 seachtaine nó sa chás go raibh an fostaí ciontach i dtaobh drochiompair thromchúisigh, ní chaithfidh an fostóir an fógra íosta de sheachtain amháin a thabhairt don bhfostaí.
Tá sé leagtha síos i reachtaíocht fhostaíochta in Éirinn gur féidir le fostaí a c(h)eart chun fógra a fháil a tharscaoileadh, má aontaíonn an fostóir agus an fostaí araon. Chomh maith leis sin, má aontaíonn an fostóir agus an fostaí, is féidir leis an bhfostóir an fostaí a íoc in áit fógra a thabhairt. Má ghlacann tú le híocaíocht in áit fógra, is é an dáta ar a mbeadh an fógra istigh (dá dtabharfaí é) an dáta ar a gcríochnaíonn d’fhostaíocht. Tá na cearta seo leagtha síos in Alt 7 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973.
Ní chlúdaíonn an reachtaíocht úsáid a bhaint as laethanta saoire nár tógadh (saoire bhliantúil) in ionad fógra scoir a thabhairt. Is ceist í seo ar chóir a shocrú idir an fostóir agus an fostaí. Ag an am céanna, bíonn fostaí a fhágann a phost i dteideal íocaíocht a fháil ar son aon saoire bhliantúil nár tógadh.
Ní féidir leat d’fhógra go bhfuil tú ag cur deireadh le d’fhostaíocht a tharraingt siar ach amháin má tá tú in ann é sin a shocrú le d’fhostóir.
Tá an fógra íosta reachtúil a chaithfidh fostaí a thabhairt le fáil sna hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta 1973 – 2001.
Agus duine ag athrú nó ag éirí as post, is minic a thugann an fostóir teastas t dó (nó bíonn sé sásta bheith mar mholtóir dó). Is moladh foirmiúil é teastas (a scríobhtar go hiondúil, ach d'fhéadfaí tagairt labhartha a thabhairt freisin) a thugann iarfhostóir d'ábhar fostóra. Is cur síos é an teastas ar cháilíochtaí, taithí agus iontaofacht an fhostaí. Ach, ní fholaíonn reachtaíocht fostaíochta na hÉireann aon cheart dlíthiúil chun teastas a fháil. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil sé de cheart doshéanta agat teastas a fháil ó fhostóir agus tú ag fágáil poist. Cé nach bhfuil dualgas ar fhostóir teastas a thabhairt (nó bheith mar mholtóir), is féidir leo é sin a dhéanamh ar a ndiscréid féin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ón:
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.