Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dul ar scor > Scor ón obair in Éireann

Print Page Send to a Friend

Scor ón obair in Éireann

Eolas

Do mhórán againn, nuair a smaoinímid ar scor ó obair, feicimid deis le treonna nua a ghlacadh nó dúshláin nua a thabhairt. Mar shampla, d'fhéadfá a bheith ag smaoineamh ar obair dhifriúil íoctha nó dheonach a dhéanamh, scileanna nua a fhoghlaim, dul ag taisteal nó níos mó ama a chaitheamh ar do rogha caitheamh aimsire.

Má dhéanann tú pleanáil don scor, tabharfaidh sé an seans is fearr duit tairbhe a bhaint as do chuid ama, dul i dtaithí ar an athrú saoil sin agus cabhróidh sé leat do chuid airgid a bhuiséadú do do rogha slandála airgeadais i rith an scoir. Tá daoine an lae inniu inÉirinn ag maireachtáil níos faide agus tá siad níos sláintiúla agus mar sin tá sé tábhachtach pleanáil roimh ré don chéim nua sin sa saol.

Athruithe i stíleanna maireachtála

Den chuid is mó, tarlaíonn an t-athrú ó fhostaíocht chuig scor ar dháta sonraithe agus níl an dáta sin inchaibidle. I bhfocail eile, tá sé de cheart agat dul ar scor ó do chuid oibre chomh luath agus a shroicheann tú aois áirithe nó ar dháta eile atá leagtha síos i do chonradh fostaíochta. Tá sé de rogha ag daoine áirithe dul ar scor de réir a chéile mar is féidir leo a n-ualach oibre a laghdú nó obair pháirtaimseartha a dhéanamh. San eolas seo a leanas, léirítear na saincheisteanna éagsúla a d'fhéadfadh a bheith ann agus tú ag athrú ó fhostaíocht chuig scor agus cuirtear eolas ar fáil le cabhrú leat athrú éasca a dhéanamh. Soláthraíonn roinnt eagraíochtaí trasna na tíre cúrsaí réamhscoir a d'fhéadfadh cabhrú leat ullmhú don scor. Is coincheap é scor gníomhach atá ag dul i dtreise in Éirinnagus tá réimse eagraíochtaí ann a chuireann oideachas agus gníomhaíochtaí fóillíochta chun cinn i measc daoine atá scortha. Léigh faoi scor gníomhach anseo.

Ag obair agus tú ar scor

I gcás daoine áirithe, d'fhéadfadh sé nach mbeidís ach éirithe as gairm amháin. Mar gheall air sin, d'fhéadfadh sé go mbreathnófá ar an scor mar athrú fostaíochta seachas cúlú iomlán ón bhfórsa oibre. Mar sin, b'fhéidir gurbh ionann an scor ó obair agus athrú gairme. Ní thugann formhór na reachtaíochta uasteorainn aoise agus é ag plé le cosaint fostaithe in Éirinn. Ciallaíonn sé sin go bhfuil na cearta fostaíochta céanna agat le gach duine eile atá ag obair in Éirinn. Léigh faoi ag obair agus tú ar scor anseo. Má dhéanann tú an cinneadh dul ag obair go páirtaimseartha, tugtar cur síos ar do chearta i gcearta fostaíochta d'fhostaithe páirtaimseartha.

Aois an scoir

D'ainneoin na míthuisceana, níl aon aois scoir ar leith inÉirinn, cé gurb í 65 an aois is comónta don scor. Tá uasteorainneacha aoise ann a chuireann srian ar rochtain ar ghníomhaíochtaí éagsúla, ar nós iontrála do ghairmeacha éagsúla.

Tá aois scoir éigeantach luaite i bhformhór na gconarthaí fostaíochta - an aois ag a gcaithfidh tú dul ar scor. Is í an ghnáthaois scoir i gconarthaí fostaíochta ná 65. Is iomaí conradh fostaíochta, áfach, a dhéanann foráil do luathscor ó 60 bliain d'aois, (nó i gcásanna áirithe ó 55 bliana d'aois). Déanann an formhór foráil do luathscor mar thoradh ar shláinte.
Déanann na hAchtanna um Chomhionanas Fostaíochta foráil do chomhionannas aoise san fhostaíocht ach ní chuireann siad cosc ar aoiseanna éagsúla a shocrú i gcomhair scoir. Más mian leat dul ar luathscor, b'fhéidir go mbeidh ort tabhairt faoi chéimeanna éagsúla le do theidlíocht chuig pinsin leasa shóisialaigh a choinneáil.

Tacaíocht ioncaim agus tú ar scor

Sula ndéanann tú an cinneadh dul ar scor ó fhostaíocht, seans go mbeidh eolas ag teastáil uait faoi thacaíocht ioncaim atá ar fáil. Más feirmeoir tú, b'fhéidir go mbeadh eolas faoin Scéim Luathscoir ó Fheirmeoireacht ag teastáil uait. Is é cuspóir na scéime ná feirmeoirí a spreagadh lena gcuid talún a chur ar aghaidh chuig feirmeoirí níos óige.

Má théann tú ar scor go luath, b'fhéidir go measfaidh tú go bhfuil tú dífhostaithe in ionad a bheith ar scor agus b'fhéidir go mbeidh eolas ag teastáil uait ar shochair do dhaoine dífhostaithe. Má tugadh iomarcaíocht duit féadann tú a bheith i dteideal cnapshuim iomarcaíochta faoi reachtaíocht a fháil. Má théann tú ar scor go luath, cuma cén chúis, b'fhéidir go gcáileoidh tú le haghaidh Sochair Cuardaitheora Poist agus ina dhiaidh sin, le haghaidh Liúntais Cuardaitheora Poist. Féadann tú a bheith i dteideal réimse scéimeanna le filleadh ar obair agus filleadh ar an oideachas.

Pinsin

Tá cineálacha éagsúla pinsin ar fáil. Má rinne tú ranníocaíochtaí chuig scéim phinsin i rith do shaoil oibre gheobhaidh tú pinsean ceirde nó beidh socrú pinsin phearsanta agat. Caithfidh tú déileáil go díreach leis an soláthraí pinsin le fáil amach céard iad na sochair atá ag dul le do phinsean.

Má rinne tú go leor ranníocaíochtaí ÁSPC i rith do bhlianta oibre agus má théann tú ar scor ag 65, d'fhéadfá a bheith i dteideal anPinsean Stáit (Idirthréimhseach) a fháil. Ag 66 d'fhéadfá a bheith i dteideal an Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil. Mura ndearna tú go leor ranníocaíochtaí ÁSPC, is féidir leat iarratas a dhéanamh arPhinsean Stáit (Neamh-ranníocach) agus déantar tásáil acmhainne air sin. D'fhéadfá a bheith i dteideal Saorthaisteal agus an Pacáiste Sochar Teaghlaigh a fháil.

Cánachas

D'fhéadfadh sé go mbeadh eolas uait maidir le gearradh cánach ar chnapshuimeanna íocaíochtaí cúitimh. Tá roinnt socruithe cánach speisialta do dhaoine atá 65 bliain d'aois nó níos sine ná sin . D'fhéadfadh sé go mbeadh eolas uait maidir le gearradh cánach ar phinsin.

Teacht ar scor go hÉirinnó thír thar lear

Gach bliain, tagann daoine ar scor go hÉirinn. Má tá tú ag smaoineamh ar an rogha seo a dhéanamh, b'fhéidir gur mhaith leat ár sliocht ar bhogadh go hÉirinn a léamh.

Saincheisteanna dlíthiúla agus seanóirí

Tá sé éasca smaointe mar gheall ar an seanaois a chur ar an méar fhada, smaointe ar nós céard a thitfidh amach nuair a théann tú in aois agus nuair a chaillfidh tú an cumas do chúrsaí airgeadais agus dlíthiúla féin a bhainistiú. Tá sé tábhachtach, áfach, do dhuine ar bith ag aois ar bith breathnú ar na saincheisteanna seo. Léigh níos mó faoi shocruithe dlí i gcás duine atá míchumasaithe anseo. Is féidir níos mó a léamh faoi uacht a dhéanamh agus cumhacht aturnae anseo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 October 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Scéim Iarfheirmeoirí
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar an scéim, a bhfuil cabhair airgid ann dó ón Aontas Eorpach, le pinsean iarfheirmeoirí a chur ar fáil do na feirmeoirí atá 55 bliain agus ós a chionn
  • Obair tar éis dul ar scor
    Tá cur síos anseo ar an tionchar a bhíonn ag obair tar éis dul amach ar phinsean ar shochair leasa shóisialaigh, cailíocht i gcomhair pinsin agus reachtú cosanta fostaithe.
  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.