Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Dul ar scor > Seanóirí agus obair > Obair tar éis dul ar scor

Print Page Send to a Friend

Obair tar éis dul ar scor

Eolas

Éiríonn roinnt daoine as a bpost go luath chun post eile a ghlacadh nó chun a bheith féin-fhostaithe. Tá go leor daoine thar an "gnáthaois" phinsin fostaithe. Tá roinnt bheag slite beatha go bhfuil uasteorainn aoise ag baint leo, ach, go ginearálta, níl aon riail ann a chuireann cosc ar dhaoine thar 65 bliain d'aois a bheith fostaithe nó féinfhostaithe. Bíonn roinnt mhaith daoine féinfhostaithe a leanann ag obair go maith thar an "gnáthaois" phinsin.

Má tá tú ag fáil sochair leasa shóisialaigh áirithe, msh. Pinsean Stáit (Idirthréimhse), d'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag an bhfostaíocht orthu seo. Má bhí tú i do státsheirbhíseach buan agus inphinseanaithe, d'fhéadfadh sé go dtiocfadh maolú ar do phinsean má théann tú ar ais ag obair san earnáil phoiblí. Is iondúil nach féidir tuilleadh íocaíochtaí a dhéanamh i scéim pinsin cheirde tar éis an gnáthaois phinsin.

Tá cur síos ar na socruithe cánacha a bhaineann le daoine 65 bliain d'aois agus ós a chionn sa mhír Cáin ar Phinsin agus Cáin do Dhaoine atá ós cionn 65.

Rialacha

Uasteorainn aoise i bhfostaíocht

Go hiondúil, níl aon uasteorainn aoise i gceist le haghaidh fostaíochta. I bpostanna áirithe, tá uasteorainn aoise reachtúla i gceist, agus bíonn uasteorainn aoise scoir leagtha síos i go leor conarthaí. Ní féidir leat leanacht ar aghaidh i bpost nuair atá an uasteorainn aoise reachtúla sroichte amach agat nó ní féidir leat an post a thógáil má tá tú níos sine ná an uasteorainn aoise sin. Má tá uasteorainn aoise i do chonradh fostaíochta, caithfidh tú éirí as an bpost nuair a shroicheann tú an teorainn sin. Is féidir leatsa agus do fhostóir conradh eile a dhéanamh, áfach. Má tá uasteorainn aoise scoir reachtúla nó sainordaithe i do phost, níl aon chosc ort post eile a ghlacadh nó a bheith féinfhostaithe tar éis duit éirí as an bpost seo.

Tionchar ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Má tá tú ag fáil aon íocaíocht leasa shóisialaigh taobh amuigh den Phinsean Stáit (Ranníocach)Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) beidh tionchar aige orthu seo má bhíonn tú ag obair.

Sochar nó Liúntas Cuardaitheora Poist

B'fhéidir go bhféadfá roinnt oibre páirtaimseartha a dhéanamh agus fós a bheith i dteideal cuid den Sochar nó Liúntas Cuardaitheora Poist.

Liúntas Réamh Scoir

Arís b'fhéidir go bhféadfá roinnt oibre a dhéanamh agus fós a bheith i dteideal cuid den liúntas.

Pinsean Stáit (Idirthréimhse)

Tá cosc ort a bheith ag obair má tá tú ag fáil Pinsean Stáit (Idirthréimhse) agus tú idir 65 agus 66 bliain d'aois. Ceann de na coinníollacha a bhaineann leis an bpinsean seo ná go gcaithfidh tú a bheith éirithe as. Sa chomhthéacs seo nach bhfuil tú i bhfostaíocht ná féin-fhostaíocht agus ag íoc árachais. Ciallaíonn sé seo, má tá tú ag saothrú go gcaithfidh do ioncam ón obair a bheith faoi €38 sa tseachtain nó €5,000 sa bhliain ó fhéin-fhostaíocht. Má tá ioncam agat ó infheistíocht nó ó choigiltis, d'fhéadfadh sé go mbeadh ort ÁSPC féin-fhostaíochta a íoc ach ní chuireann sé sin cosc ort Pinsean Stáit (Idirthréimhse) a fháil muna bhfuil tú féinfhostaithe.

Tagann deireadh leis an gcoinníoll seo nuair a shroicheann tú 66 bliain d'aois. Ansin, is féidir leat ioncam a bheith agat ó fhoinse ar bith agus an Pinsean Scoir a fháil i gcónaí nó is féidir leat athrú go dtí an Pinsean Stáit (Ranníocach) más fearr as a bheith tú dhá bharr. Ó aois 66 is cuma céard a thugtar ar do phinsean, ní gá go mbeadh duine ‘éirihe as’ an obair níos mó.

Pinsean Stáit (Rannioch)

Má tá an Pinsean Stáit (Rannioch) dhá íoc leat is féidir leat a bheith fostaithe nó féinfhostaithe gan aon tionchar a bheith aige seo ar an bpinsean.

Pinsin Cheirde

Má tá pinsean ceirde dhá íoc leat is féidir leat a bheith ag obair nó a bheith féinfhostaithe chomh maith. Má tá pinsean ón earnáil phríobháideach dhá íoc leat go hiondúil ní bhíonn aon tionchar ag aon obair a bheadh agat ar seo.

Ach, tá maolú i gceist le formhór na scéimeanna pinsin san earnáil phoiblí má fhilleann tú ar obair san earnáil phoiblí. Ní mar an gcéanna a bhíonn na coinníollacha sna scéimeanna seo, ach go ginearálta ciallaíonn an maolú seo go laghdófar do phinsean chun a chinntiú nach bhfuil tú ag fáil níos mó ón bpinsean agus an t-ioncam ón bhfostaíocht ná a mbeifeá ag saothrú dá mbeifeá fós sa phost óna bhfuil tú ag fáil an phinsin. Má tá tú ag fáil pinsin ón tseirbhís phoiblí agus go dtéann tú ag obair san earnáil phríobháideach, níl aon tionchar aige seo ar do phinsean.

Ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin cheirde

Má tá tú fostaithe, is féidir leat ranníocaíochtaí a dhéanamh don scéim nua pinsin má tá tú i dteideal seo a dhéanamh. Ní bhíonn aon réiteach ag formhór na scéimeanna pinsin cheirde i gcomhair ranníocaíochtaí thar aois 65, ach d'fhéadfadh sé go mbeadh ag roinnt acu. Is féidir faoiseamh cánach a fháil ar íocaíochtaí suas go dtí 70 bliain d'aois.

Má tá tú féinfhostaithe nó muna bhfuil scéim pinsin cheirde ag baint le do fhostaíocht nua, d'fhéadfá socruithe a dhéanamh i gcomhair pinsin phearsanta. Arís, tá faoiseamh cánach ar fáil ar na ranníocaíochtaí seo suas go dtí 70 bliain d'aois.

Reachtú Cosanta Fostaithe

Ní bhaineann aois teorainn leis an gcuid is mó den reachtú a bhaineann le cosaint fhostaithe. Mar sin, más oibrí níos sine tú, is cuma páirt nó lánaimseartha, tá tú clúdaithe ag reachtú a bhaineann leo seo a leanas:

Má chailleann tú do phost agus go bhfuil airgead ag dul ag d'fhostóir duit ar phá, saoire agus roinnt nithe eile, is féidir leat an t-airgead seo a éileamh ón gCiste Iomarcaíochta agus Dócmhainneachta Fostóra. Tá uasteorainn aoise ag baint le reachtú maidir le hiomarcaíocht agus Briseadh Éagórach.

Briseadh éagórach

Faoin Acht um Bhriseadh Éagórach, is féidir le dífhostú ar bhonn aoise a bheith éagórach. Ní féidir le daoine a bhfuil orthu an fhostaíocht a fhágáil nuair a shroicheann siad aois an phinsin sainordaithe éileamh a dhéanamh mar gheall ar bhriseadh éagórach.

Mar sin, má go mbristear go héagórach tú as do phost, is féidir leat gearán a dhéanamh leis An mBinse Achomhairc Fostaíochta, gur féidir leo ordú a dhéanamh tú a athcheapadh sa phost nó cúiteamh a íoc leat.

Iomarcaíocht

Má tugadh iomarcaíocht duit féadann tú a bheith i dteideal iomarcaíocht a fháil.

Comhionannas

Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 cosc ar leatrom a dhéanamh i gcúrsaí fostaíochta ar 9 chúinsí faoi leith, aois san áireamh (tá roinnt eisceachtaí ann). Baineann an tAcht, áfach, le daoine atá os cionn aois 16. Ní raibh aon uasteorainn aois san Acht um Stádas Comhionann 2000 ach tá sé leasaithe ag an Acht um Chomhionannas agus tá sé níos éasca cás idirdhealaithe a thabhairt mar thoradh ar aois (agus 8 bhforas eile).

Íocaíochtaí ÁSPC

Má tá tú faoi 66 bliain d'aois agus fostaithe nó féinfhostaithe, tá dliteanas ort ÁSPC a íoc sa ghnáthbhealach.Tá sé seo i gceist is cuma céard a rinne tú roimhe seo. Mar shampla, más iar-státsheirbhíseach tú agus go nglacann tú post sa rannóg phríobháideach, caithfidh tú láníocaíochtaí ÁSPC a dhéanamh. Sa chás seo, d'fhéadfadh sé go gcáileófá don phinsean ranníocaíochta seanaoise pro-rata.

Ní íocann tú ÁSPC ach amháin ar d'ioncam ó fhostaíocht nó féinfhostaíocht. Ní chaithfidh tú ÁSPC a íoc ar do phinsean ó fhostaíocht a bhí agat cheana.

Má dhéanann tú obair pháirtaimseartha nó obair ar phá íseal beidh tú fós sa chóras ÁSPC ach ní gá go mbeidh ort tada a íoc. Má thuilleann tú níos lú ná €352 sa tseachtain níl aon ÁSPC le n-íoc agat. Má thuilleann tú ós cionn €38 ní mór don fhostóir íoc ar do shon agus tá lánchlúdach agat. Nuair a thuilleann tú ós cionn €352 sa tseachtain bíonn ort íoc ar d’ioncam ar fad ós cionn €127 sa tseachtain.

Níl dliteanas ranníocaíochtaí ÁSPC ort tar éis aois 66 – tá sé seo amhlaidh is cuma an fostaithe nó féin-fhostaithe atá tú. Muna bhfuil dóthain íocaíochtaí agat ag aois 66, ní féidir leat cur leo ina dhiaidh sin. Níl aon deis agat íocaíochtaí ÁSPC a íoc go siarghábhálach, deis atá ar fáil áfach i gcuid de na scéimeanna pinsin cheirde.

Má tá tú 66 bliain d'aois agus fostaithe, íocann d'fhostóir ranníocaíocht bheag ÁSPC chun clúdach a chur ar fáil do ghortú ceirde. Tugtar árachas sóisialta Aicme J air seo.

Muirear Uilíoch Sóisialach

Ó 1 Eanáir 2011 cuirtear an Muirear Sóisialta Uilíoch in ionad na tobhaigh ioncaim agus sláinte. Gearrfar é ar an uile ioncam seachas íocaíochtaí leasa sóisialaigh nó íocaíochtaí comhchosúla.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Pinsean Stáit (Eatramhach)
    Tá Pinsean Stáit (Eatramhach), a thugadh Pinsean Scoir roimhe sin, iníoctha le daoine atá 65 bliana d’aois agus ar scor agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais sóisialta acu.
  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
    Íoctar an Pinsean Stáit (Ranníocach), a thugadh Pinsean Seanaoise (Ranníocach) roimhe sin, do dhaoine os cionn 66 bliana d'aois a d'oibrigh agus a d'íoc a ndóthain ranníocaíochtaí árachais sóisialta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.