Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 cosc ar leatrom a dhéanamh i gcúrsaí fostaíochta ar chúinsí faoi leith, aois san áireamh. Tá sé neamhdhleathach leatrom a dhéanamh ar dhuine ar chúinse aois. Tá roinnt eisceachtaí a bhaineann leis an riail ginearálta a chuireann cosc ar leatrom. Cuireann na Achtanna síos freisin ar ghníomhú dearfach chúinsí faoi leith, aois san áireamh. Tá na hAchtanna forfheidhmithe ag an Údarás Comhionannais agus an Binse Comhionannais.
Tá dualgas ginearálta aran Údarás Comhionannais comhionannas a chur chun cinn faoin reachtaíocht a bhaineann le comhionannas fostaíochta agus comhionannas deiseanna. Cuireann sé cúnamh ar fáil do dhaoine a chreideann gur déanadh leatrom orthu.
Scrúdaíonn an Binse Comhionannais agus/nó déanann sé idirghabháil i gcás easaontais maidir leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm. Is féidir gearán maidir le leatrom aoise a dhéanamh leis an stiúrthóir a dhéanfaidh scrúdú ar an ngearán agus a ordóidh sásamh nó cúiteamh más cuí.
Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2008 cosc ar leatrom díreach nó indíreach sa láthair oibre agus i gcoinníollacha fostaíochta ar bhonn gnéis, stádas pósta agus teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, aois, míchumas, cine agus ballraíocht den lucht siúil.
Sainmhínítear an leatrom mar chaitheamh le duine amháin ar bhealach níos mífhabhraí ná duine eile i gcúinsí cosúla ar aon cheann de na forais a shainítear. Ní hiad an leatrom reatha agus caite amháin a chlúdóidh sé, ach leatrom a d'fhéadfadh tarlú sa todhchaí nó atá curtha i leith duine éigin freisin.
Tá cosc san Achtanna ar leatrom a dhéanann
Tá cosc ar leatrom i dtaobh teacht ar fhostaíocht, coinníollacha oibre, i dtraenáil nó taithí, ardú céime nó maidir le rangú fostaíochta. Sa chomhthéasc seo níl pinsin san áireamh i gcoinníollacha oibre.
Leatrom indíreach i.e. tá riachtanas a chuireann i bhfad níos mó daoine de ghrúpa amháin faoi míbhuntáiste ná daoine i ngrúpa eile agus nach bhfuil fáth maith leis i gcoinne an dlí.
Tá cosc ar fhógraí poist a dhéanann leatrom.
Is féidir le fostóir:
Tá eisceachtaí curtha isteach in Alt 34 freisin ag Alt 23 den Acht Comhionannais 2004. Maidir le scéim sochair cheirde, ní leatrom ar fhorais aoise é d'fhostóir:
Tá gníomhú dearfach chun comhtháthú isteach san fhostaíocht a éascú do dhaoine thar na naoi bhforas go léir seo a cheadaítear faoin Achtanna.
Má cheapann tú gur déanadh leatrom ort ar bhonn aoise (nó ar aon bhonn eile) ba cheart duit ar dtús na ceisteanna ar fad a ardú leis an bhfostóir nó le soláthraí na seirbhíse. Muna n-éiríonn leat aon sásamh a fháil as an bpróiséas seo ba cheart teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Comhionannais agus/nó do cheardchumann nó dlíodóir.
Ba chóir duit do ghearán a sheoladh isteach laistigh de shé mhí ó dháta an leatroim mura bhfuil 'cúis réasúnta' leis an moill.
Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire
Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie
3 Sráid Chluain Meala
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 477 4100
Lóghlao:1890 34 44 24
Facs:+353 (0)1 477 4141
Láithreán Gréasáin: http://www.equalitytribunal.ie/
R-phost: info@equalitytribunal.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.