Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Oibrithe imirceacha > Ceadanna fostaíochta > Ceadanna oibre

Print Page Send to a Friend

Ceadanna oibre

Eolas

Go ginearálta, caithfidh saoránaigh nach saoránaigh LEE iad cead a bheith acu chun obair a dhéanamh in Éirinn. Níl cead fostaíochta de dhíth ar shaoránaigh Eilvéiseacha agus saoránaigh LEE, ach amháin saoránaigh Bhulgáireacha agus Rómáineacha – féach thíos. Ó 1 Feabhra 2007 bhí roinnt athruithe ann maidir le ceadanna fostaíochta a iarraidh agus a cheadú. Faoi an Acht um Cheadanna Fostaíochta 2003 (pdf) agus an Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 (pdf) tá ceithre chineál ceadanna fostaíochta ann: ceadanna oibre, ceadanna Cárta Ghlais, ceadanna oibre chéile/chleithiúnaigh agus ceadanna aistrithe inchuideachta (pdf).

Nóta: is é atá sa LEE (Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) ná ballstáit an AE maraon leis an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin.

Ceadanna oibre - príomhghnéithe

  • Tá ceadanna oibre ar fáil do phoist le tuarastal bliantúil de €30,000 nó níos mó
  • Níl siad ar fáil do líon teoranta post le tuarastal níos lú ná €30,000 ach is féidir iad a mheas i gcásanna eisceachtúla
  • Ní bhreathnófar ar cheadanna oibre do phoist liostaithe mar neamh-incháilithe do cheadanna oibre – féach thíos
  • Deonaítear an cead oibre do 2 bhliain ar dtús, agus ansin do 3 bliana eile. D’fhéadfadh sé nach mbeadh gá agat le cead oibre a thuilleadh tar éis 5 bliana - féach 'Ceadanna oibre a athnuachan' thíos.
  • Tá tástáil riachtanas margaidh shaothair (féach thíos) riachtanach le gach iarratas ar chead oibre
  • Is féidir leis an bhfostaitheoir nó leis an bhfostaí iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta, bunaithe ar thairiscint fostaíochta
  • Deonófar don bhfostaí é agus cuimseoidh sé ráiteas faoi chearta agus teidlíochtaí an fhostaí
  • Tá cosc ar an bhfostaitheoir costais earcaíochta a asbhaint ó thuarastal an fhostaí nó doiciméid phearsanta an fhostaí a choinneáil.

Nuair a eisítear cead fostaíochta duit beidh na cearta fostaíochta go léir agat atá ag saoránaigh Éireannacha nó AE fad a mhairfidh an ceadúnas fostaíochta.

Athruithe ar iarratais ar cheadanna nua oibre ón 1 Meitheamh 2009

Tháinig athruithe ar incháilitheacht do cheadanna oibre dóibh siúd atá ag déanamh iarratais ar chead oibre don chéad uair an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis. Ní bhaineann na hathruithe seo leo siúd ar bronnadh cead oibre orthu cheana féin nó a dhéanann iarratas ar chead oibre roimh an 1 Meitheamh 2009. Ina theannta sin ní bhaineann na hathruithe le náisiúnaigh na Rómáine ná na Bulgáire (pdf) - féach thíos.

I measc na n-athruithe d’iarratais ar cheadanna nua oibre a gheofar an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis tá:

  • Catagóirí eisiata breise: níl marcaigh oibre (rásaíocht chapall), oibrithe baile agus tiománaithe HGV incháilithe a thuilleadh d’iarratais nua i gcomhair ceadanna oibre - féach thíos
  • Ní bhronnfar ceadanna oibre do jabanna a bhfuil tuarastal faoi bhun €30,000 in aghaidh na bliana ag gabháil leo, (is féidir iad a mheas i gcásanna eisceachtúla)
  • Athraíodh tástáil riachtanas an mhargaidh saothair go fógraíocht le FÁS/EURES ar feadh 8 seachtaine agus sna meáin náisiúnta ar feadh 6 lá
  • Níl céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaigh shealbhóirí na gceadanna nua fostaíochta díolmhaithe ó thástáil agus táille chun riachtanais an mhargaidh saothair a dhéanamh a thuilleadh
  • Tá ardú ar na táillí athnuachana do shealbhóirí ceadanna nua oibre.

Saoránaigh Bhulgáireacha agus Rómáineacha

Ón 1 Eanáir 2007 i leith is saoránaigh AE iad saoránaigh na Rómáine agus na Bulgáire ach tá sé riachtanach fós go bhfuil cead oibre ar feadh tréimhse de 12 mhí acu le bheith ag obair in Éirinn. Tabharfar tús áite d’iarratais ar cheadanna fostaíochta dóibhsean thar na hiarratais do shaoránaigh nach saoránaigh LEE iad. Ní bheidh ceadanna fostaíochta de dhíth ar shaoránaigh Bhulgáireacha (pdf) agus Rómáineacha (pdf) áirithe.

Rialacha

Eisíonn an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta ceadanna oibre. Is féidir leis an bhfostaitheoir nó leis an bhfostaí iarratas a dhéanamh ar an gcead a chaithfidh a bheith bunaithe ar thairiscint fostaíochta – féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Bíonn iarratais ar cheadanna oibre i 2 chatagóir mar a leanas:

(a) Poist le tuarastal bliantúil de €30,000 nó níos mó

(b) Poist a bhfuil tuarastal bliantúil de níos lú ná €30,000 ag gabháil leo - níl fáil orthu ó 1 Mheitheamh 2009

Ní bhreathnófar ar iarratais ar phoist i gceachtar den dá chatagóir, áfach, má tá siad do phoist atá liostaithe mar neamh-incháilithe – féach an liosta thíos.

Náisiúnaigh de chuid na Bulgáire agus na Rómáine: baineann riachtanais incháilitheachta 2007 agus liosta na gcatagóirí neamh-incháilitheachta 2007 (pdf) le hiarratais ar cheadanna oibre a dhéanann náisiúnaigh de chuid na Bulgáire agus na Rómáine. Ní bhaineann na hathruithe a rinneadh in 2009 maidir le cheadanna oibre leo.

Tairiscint poist

Caithfidh go bhfuil na cáilíochtaí, scileanna agus an taithí agat atá de dhíth don phost agat. Caithfidh tú a bheith fostaithe go díreach agus íoctha ag d’fhostaitheoir. Ní ghlacfar le hiarratais ar cheadanna oibre ó ghníomhaireachtaí earcaíochtaí nó ó idirghabhálaithe eile faoin scéim. Caithfidh an fostaitheoir a bheith ag trádáil in Éirinn, cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le hOifig Chláraithe na gCuideachtaí. Ní eiseofar cead oibre do chuideachta sa chás go mbeadh níos mó ná 50% de na fostaithe ina saoránaigh neamh-LEE dá ndeonfaí an cead.

Tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair

Caithfear fianaise dhoiciméadach a bheith leis an iarratas nua ar chead oibre ag cruthú go ndearnadh tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair. Ó 1 Meitheamh 2009 de réir an tástála, is riachtanach gur fógraíodh an folúntas le líonra fostaíochta FÁS/EURES ar feadh 8 seachtain agus i nuachtain áitiúil agus náisiúnta ar feadh 6 lá. Déantar é seo lena chinntiú nach féidir sa chéad chás, saoránach LEE nó Eilvéiseach nó sa dara cás, nach féidir saoránach Bulgáireach nó Rómáineach a aimsiú leis an bhfolúntas a líonadh. Nuair cláraíonn an fostóir an folúntas le FÁS/EURES ní mór dó/dí sonrú gur iarratas ar chead oibre féideartha é an folúntas. Ar a mhalairt d'fhéadfadh nach bhfuil cead oibre ar fáil ina dhiaidh sin.

Poist nach bhfuil incháilithe le haghaidh ceadanna oibre

Bíonn an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, i ndiaidh comhairliú a dhéanamh le FÁS, ag fógairt, ar bhonn ráithiúil, earnálacha oibre a mheastar a bheith neamh-incháilithe le haghaidh ceadanna oibre.

Ó 16 Aibreáin 2009 níl ceadanna oibre ar fáil do na poist seo a leanas:

  • Foireann chléiriúil agus riaracháin
  • Oibrithe ginearálta agus saothraithe
  • Foireann oibreoirí agus táirgíochta
  • Foireann miondíola, ionadaithe díolacháin agus foireann bhainistíochta díolacháin/maoirseachta/speisialaithe.
  • Tiománaithe - ón 1 Meitheamh 2009 tá tiománaithe FET san áireamh anseo
  • Oibrithe naíolainne/creise, feighlithe leanaí/buimí
  • Foireann óstán, turasóireachta agus lónadóireachta
  • Na hoibrithe ceirde seo a leanas agus oibrithe ceirde printiseacha/oiliúnacha: ceanglóirí leabhar, bríceadóirí, caibinéadairí, saoir adhmaid/siúinéirí, déantóirí cartáin, feisteoirí d’fhearas tógála, leictreoirí, ceardaithe ionstraimíochta, feisteoirí, tíleoirí – urláir/balla, meicneoirí, ceardaithe ionstraimíochta, déantóirí earraí miotail, meicneoirí – mótair, tionscnóirí, péintéirí agus maisitheoirí, pluiméirí, clódóirí, innealtóirí – cuisneoireachta, oibrithe miotail leatháin, déantóirí uirlisí, deisitheoirí coirp feithiclí, meaisíneoirí – adhmad, plástrálaithe agus táthairí
  • Oibrithe baile - tá cúramóirí baile agus feighlithe leanaí san áireamh anseo (d’iarratais ar cheadanna oibre a fuarthas an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis)
  • Marcaigh oibre (d’iarratais ar cheadanna oibre a fuarthas an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis)

Athnuachan ceadanna oibre

Má tá tú ag obair ar chead oibre reatha ón 1 Meitheamh 2009 ba cheart duit leanúint ar aghaidh ag obair go rachaidh sé in éag. Ní bhaineann an liosta de chatagóirí neamh-incháilithe ach le hiarratais nua ar cheadanna oibre. Féadfaidh tú féin nó d’fhostóir cur isteach ar athnuachan agus ní bheidh gá le tástáil riachtanas an mhargaidh saothair.

Má dhéanann tú iarratas ar chead oibre den chéad uair an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis, beidh tástáil riachtanas an mhargaidh saothair riachtanach don chéad iarratas agus chun é a athnuachan. Freisin tá táille athnuachana níos airde i gceist - féach 'Rátaí' thíos.

Eisítear cead oibre ar feadh 2 bhliain ar dtús agus ansin is féidir é a athnuachan ar feadh 3 bliana eile. Ón 28 Lúnasa 2009 má d’oibrigh tú go leanúnach ar chead oibre ar feadh 5 bliana ní bheidh gá duit cead a fháil a thuilleadh chun oibriú in Éirinn. Eiseoidh d’oifigeach inimirce áitiúil - féach ‘Clárúchán’ thíos - cead inimirce stampa 4 ort ar feadh aon bhliain amháin a ligfidh duit dul i mbun fostaíochta ar bith ach amháin féinfhostaíocht.

Nuair atá tú i do chónaí agus ag obair go dleathach in Éirinn ar feadh 5 bliana le cead oibre is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chónaitheacht fadtéarmach le Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ) - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin a bheith díolmhaithe ón riachtanas cead fostaíochta a bheith agat. Má éiríonn le d’iarratas bronnfar cead cónaitheachta sínte ort ar feadh 5 bliana eile agus ní bheidh cead oibre uait le bheith ag obair in Éirinn.

Fostaíocht a athrú

Más é seo do chéad chead oibre in Éirinn, beifear ag dúil go bhfanfaidh tú le d’fhostaitheoir nua go ceann 12 mhí (seachas in imthosca eisceachtúla). Ina dhiaidh sin is féidir leat aistriú chuig fostaitheoir nua ar an gcoinníoll go ndearnadh iarratas nua ar chead oibre sa gceird céanna nó ceird eile ceadaithe. Ní bheidh tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair de dhíth ort.

Ag cailleadh do phoist

Má chailleann tú do phost de bharr iomarcaíochta ba cheart duit an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta a chur ar an eolas faoi. Ón 28 Lúnasa 2009 tá forálacha nua ann i gcás oibrithe neamh-LEE mar seo a leanas:

Cead oibre ar feadh 5 bliana:
Má rinneadh iomarcach tú tar éis oibriú go leanúnach ar chead oibre ar feadh 5 bliana ní bheidh gá duit cead oibre a thuilleadh chun oibriú in Éirinn. Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar d’oifigeach inimirce áitiúil - féach ‘Clárúchán’ thíos - agus eiseoidh sé/sí cead inimirce stampa 4 ort ar feadh aon bhliain amháin. Is féidir an cead sin a athnuachan gach bliain agus ligfidh sé duit dul i mbun fostaíochta nó féinfhostaíocht ar bith.

Cead oibre ar feadh níos lú ná 5 bliana:
Ceadóidh an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta 6 mhí duit (3 mhí roimhe seo) chun post eile a fháil. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead oibre nua nuair a fhaigheann tú post eile ach ní bheidh tástáil riachtanas an mhargaidh saothair riachtanach. Más rud é gur chaill tú do phost de bharr iomarcaíochta ó phost atá ar liosta na gcatagóirí neamh-incháilithe is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead oibre nua do phost ar an liosta neamh-incháilithe sin.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach inimirce áitiúil atá agat chun do stádas inimirce a dhearbhú - féach 'Clárúchán' thíos. Má tá breis is 6 mhí fágtha agat sula n-imeoidh do chead inimirce in éag, féadfaidh tú cónaí in Éirinn faoi do chead stampa 1 ar feadh 6 mhí breise. Má tá níos lú ná 6 mhí de chead inimirce agat féadfaidh tú do chead inimirce a shíneadh go dtí 6 mhí rud a chiallaíonn go mbeidh ort €150 a íoc as cárta GNIB nua. Mura bhfaigheann tú post nua tar éis 6 mhí beifear ag súil go n-imeoidh tú as Éirinn. Má fhaigheann tú tairiscint fostaíochta in Éirinn ansin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead oibre nua.

Obair ghearr-ama: más rud é gur cuireadh ar obair ghearr-ama tú agus cead oibre agat is féidir leat iarratas a dhéanamh chun do chead oibre a athnuachan.

Víosaí

Más saoránach a bhfuil víosa de dhíth air thú, is riachtanas é seo fós fiú mura bhfuil cead oibre de dhíth ort. Ba cheart duit víosa a fháil sula dtaistealaíonn tú go hÉirinn. Beidh an ambasáid nó consalacht na hÉireann is gaire duit in ann comhairle a thabhairt duit faoi cé acu atá víosa taistil de dhíth ort nó nach bhfuil.

Clárú agus cead eile chun fanachta

Caithfidh saoránaigh nach saoránaigh den LEE iad (ach amháin saoránaigh na hEilvéise) clárú le d'oifigeach clárúcháin áitiúil um inimirce sa limistéar ina bhfuil sé ar intinn acu a bheith ina gcónaí nuair a bhaineann siad an Stát amach. I mBaile Átha Cliath déantar an clárú ag Biúró Náisiúnta an Gharda Siochána um Inimirce (BNGSI). Taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath caithfidh tú clárú ag do Ceanncheathrú Ceantair Garda áitiúil. Tar éis duit a bheith in Éirinn ar feadh 5 bhliain ar chead oibre is féidir leat iarratas a dhéanamh chun buanchónaí a fháil chuig Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann – féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Má tá tú tar éis oibriú go leanúnach ar chead oibre ar feadh 5 bliana ní bheidh gá duit cead oibre - féach 'Athnuachan ceadanna oibre' thíos . Is féidir leat freisin iarratas a dhéanamh chun buanchónaí a fháil chuig Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann – féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.

Oibrithe gan doiciméid: Bhí scéim d'oibrithe neamh-LEE áirithe gan doiciméid a raibh cead fostaíochta acu roimhe sin. Tá an scéim dúnta ó 31 Nollaig 2009.

Cleithiúnaigh

Tar éis duit a bheith ag obair in Éirinn ar feadh 1 bhliain ar chead oibre is féidir leat iarratas a dhéanamh le do theaglaigh a thabhairt amach chun cónaí leat. Caithfidh tú taispeáint go bhfeadfadh tú tacaíocht do do theaglaigh a thabhairt. Dáiríre, caithfidh tú ioncam níos mó ná Forlíonadh Ioncaim Teaglaigh a fháil.

Má dhéan tú iarratas ar do chead oibre roimh 1 Meitheamh 2009 is féidir le céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe faoi bhun 18 bhliain iarratas a dhéanamh ar cheadanna oibre chéile/cleithiúnaigh (pdf) ar an gcuntar go bhfuil siad ina gcónaí anseo ar bhonn dleathach. Má dhéanann tú iarratas ar do chead oibre i ndiaidh 1 Meitheamh 2009 ní bheidh siad cáilithe iarratas a dhéanamh ar chead oibre chéile/cleithiúnaigh ach is féidir leo iarratas a dhéanamh ar chead oibre de cheart féin. B’fhéidir éilitear orthu víosaí a fháil agus tá treoirlínte faoi riachtanais víosaí um athaontú teaghlaigh do oibrithe ag SEIE.

Ní gá cead oibre

Más saoránach eachtrannach thú, níl cead oibre de dhíth ort má tá tú i gceann de na catagóirí seo a leanas:

  • Saoránach LEE/Eilvéiseach agus do chéile, do pháirtnéir sibhialta (is cuma an saoránach LEE/Eilvéiseach ise nó nach ea) agus do leanaí cleithiúnacha – ach amháin saoránaigh Bhulgáireacha agus Rómáineacha, féach thuas
  • Duine ar deonaíodh stádas teifigh dó – bíodh sin tríd an ngnáthphróiseas nó mar theifeach cláir.
  • Duine ar diúltaíodh stádas teifigh orthu ach ar deonaíodh cead fanachta orthu ar fhoras daonchairdiúil.
  • Duine a bhfuil cead aige/aici fanacht toisc gur tuismitheoir linbh Éireannaigh é/í
  • Duine a bhfuil cead inimirce ar leith acu chun bheith ina gcónaí agus ag obair in Éirinn – féach ‘Athnuachan ceadanna oibre’ thuas
  • Duine a bhfuil cead gnó chun gnó a bhunú in Éirinn
  • Mac léinn cláraithe – féach thíos
  • Duine a bhfuil víosa oibre agus údarú oibre acu

Diúltú cead oibre

Diúltófar cead oibre duit sa chás:

  • Gur tháinig tú go dtí an stát ar an bhforas nach bhfuil tú ag dul i bhfostaíocht, mar shampla, mar chuairteoir
  • Go bhfuil tú sa stát go neamhdhleathach nó nach gcomhlíonann tú na coinníollacha faoinar ligeadh isteach tú
  • Gur iarr an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ort an stát a fhágáil
  • Go bhfuiltear i bpróiseas tú a ionnarbadh
  • Go bhfuil tú ar lorg fostaíochta le fostaitheoir neamh-LEE/Eilvéiseach atá ag obair sa stát gan cead gnó ón Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais.

Mic léinn

Is bunchoinníoll iontrála sa stát do mhic léinn go bhfuil ar a gcumas iad féin a chothú agus iad ag déanamh staidéir anseo. Ní thabharfar cead oibre (a shainmhínítear mar suas le 20 uair an chloig d’obair pháirtaimseartha sa tseachtain nó obair lánaimseartha le linn tréimhsí saoire) do mic léinn nua ar tugadh cead dóibh fanacht in Éirinn le haghaidh staidéir, mura bhfuil siad ag freastal ar chúrsa lánaimseartha de bhliain amháin ar a laghad a mbeidh cáilíocht aitheanta mar thoradh air.

B’fhéidir go mbeadh cead ag mic léinn neamh-LEE ar bronnadh céim orthu ar nó tar éis 1 Eanáir 2007 le leibhéil 7 fanacht in Éirinn go ceann 6 mhí agus iad ar bronnadh céim le leibhéil 8-10 go ceann 12 mhí. Ligfidh Scéim na gCéimithe Tríú Leibhéal (pdf) dóibh fostaíocht a fháil agus iarratas a dhéanamh ar chead oibre nó chead Cárta Ghlais. Caithfidh siad a bheith ina gcónaí in Éirinn go dleathach agus ba cheart dóibh iarratas a dhéanamh ar an síneadh 6 mhí seo dá gcead mic léinn (stampa 2) chuig a n-oifig cláraithe inimirce áitiúil – féach 'Clárú agus cead fanachta' thuas.

Catagóirí eile

  • Tá socruithe speisialta ann d’iarratais ar cheadanna oibre do gairmithe spóirt (imreoirí amháin), altraí agus dochtúirí
  • Ón 6 Meitheamh 2006, ní féidir le duine ar údarú saoire oibre aistriú chuig cead oibre níos mó.
  • Seachas roinnt iarrthóirí tearmainn fad-téarmacha, níl daoine a chuireann iarratas isteach ar stádas teifigh in Éirinn i dteideal obair a dhéanamh ar chor ar bith.

Rátaí

Beidh ar an iarratasóir an táille a íoc. In imthosca áirithe, is féidir an táille a tharscaoileadh.

Táillí d’iarratais nua agus athnuachan ar cheadanna oibre roimh 1 Meitheamh 2009

Tréimhse an ceada oibre Méid
Suas le 6 mhí €500
Suas le 2 bhliain €1,000
2 bhliain go 3 bliana (athnuachan) €1,500

Táillí d’iarratais nua ar cheadanna oibre ó 1 Meitheamh 2009

Tréimhse an ceada oibre Méid
Suas le 6 mhí €500
Suas le 2 bhliain €1,000

Táillí d’athnuachan ar cheadanna oibre ó 1 Meitheamh 2009

Tréimhse an ceada oibre Méid
Suas le 6 mhí €750
Suas le 3 bliana €1,500

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir le fostaitheoir ionchasach nó leis an bhfostaí iarratais nua ar cheadanna oibre a dhéanamh chuig Rannóg na gCeadanna Fostaíochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Caithfear iarratais a dhéanamh ag úsáid na foirme iarratais ar chead fostaíochta nua (pdf).

Caithfidh na rudaí seo a bheith leis:

  • Dhá grianghraf pas a glacadh le déanaí den fhostaí mholta
  • Fianaise dhoiciméadach go ndearnadh tástáil riachtanas an mhargaidh saothair.
  • Fianaise dhoiciméadach de cháilíochtaí deimhnithe an fhostaí.
  • An táille chuí

Agus:

  • Má tá an fostaí molta ina chónaí in Éirinn, cóipeanna de gach víosa, stampaí cónaitheachta agus Cárta Cláraithe BNGSI – féach thuas
  • Mura bhfuil an fostaí molta ina chónaí in Éirinn, ansin ba cheart dó nó di iarratas a dhéanamh ar víosa – féach thuas

Athnuachan ceadúnais oibre: Is féidir le fostaitheoir nó le fostaí iarratas a dhéanamh ar athnuachan ag úsáid an foirm iarratais ar athnuachan (pdf).

Má chuireann fostaitheoir isteach ar chead oibre maidir le hiar-fhostaí a d’fhág an stát, measfar é seo mar iarratas nua.

Ba cheart duit 2 go 3 mhí a cheadú le hiarratas nua nó athnuachan a phróiseáil.

Tá tuilleadh faisnéise sa Treoir do Chead Oibre (pdf) ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Ní mór 2 go 3 mhí 3 seachtaine a cheadú roimh an iarratas nua nó athnuachan a bheith próiseáilte.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Rannóg Ceadanna Fostaíochta
Teach Daibhéid
65a Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan, Céadaoin, Aoine 9:30rn - 12.30ir
Teil:+353 1 417 5333
Lóghlao:1890 201 616
Facs:+353 1 631 3268
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/labour/workpermits/index.htm
R-phost: employmentpermits@djei.ie

Inimirce: Rannóg Cónaitheachta Fhadtéarmach

An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
Seirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann
3ú Urlár
13/14 Cé an Bhúrcaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Líne Chabrach: Luan, Aoine 10rn go 12.30in
Teil:+353 (0)1 6167700
Lóghlao:1890 551 500
Láithreán Gréasáin: http://www.inis.gov.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 March 2012

Teanga

English | Română

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.