Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Oibrithe imirceacha > Ceadanna fostaíochta > Ceadanna oibre do chéilí agus do chleithiúnaigh shealbhóirí ceada oibre

Print Page Send to a Friend

Ceadanna oibre do chéilí agus do chleithiúnaigh shealbhóirí ceada oibre

Eolas

Tá scéim ceadanna oibre do chéilí, do pháirtnéiri sibhialta agus do chleithiúnaithe de shealbhóirí ceada fostaíochta áirithe faoin Acht um Cheadanna Fostaíochta 2003 (pdf) agus Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 (pdf). Caithfidh céilí, páirtnéirí sibhialta nó cleithiúnaithe a bheith ina gcónaí go dleathach agus cead oibre acu chun obair a dhéanamh in Éirinn. Caithfidh an iarratasóir agus sealbhóir an cheada fostaíochta a bheith pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus caithfidh an cleithiúnaí bheith ball teaghlaigh faoi bhun 18 bliain d’aois chun bheith i dteideal cead oibre céile/cleithiúnaí – féach ‘Cé a d'fhéadfadh déanamh iarratas’ sa rannán Rialacha thíos.

Baineann an scéim le céilí, páirtnéirí sibhialta agus le cleithiúnaithe de shealbhóirí ceada fostaíochta áirithe, mar shampla, ceadanna Cárta Ghlais agus ceadanna oibre a bronnadh roimh 1 Meitheamh 2009 - féach 'Cé a d'fhéadfadh déanamh iarratas' sa rannán Rialacha thíos. Má tá cead oibre céile/cleithiúnaí acu, tá teacht níos fusa ar fhostaíocht ag céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaithe incháilithe mar:

  • Nach gcaithfidh fostaitheoirí an post a fhógairt le FÁS/EURES sula ndéanann siad an t-iarratas ar chead oibre – tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair.
  • Is féidir leis an gcéile, páirtnéir sibhialta nó leis an cleithiúnach iarratas a chur isteach ar aon fholúntas poist
  • Tá an chéad iarratas agus athnuachan ar chead oibre céile/cleithiúnaí díolmhaithe ón ngnáth-tháille iarratais

Do chéilí, do pháirtnéirí sibhialta nó do chleithiúnaithe sealbhóirí ceadanna oibre a bronnadh an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis

Tháinig athruithe ar shocruithe do cheadanna oibre dóibh siúd atá ag déanamh iarratais ar chead oibre den chéad uair an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis agus ciallaíonn sé go gcaithfidh a gcéilí, a bpáirtnéirí sibhialta agus a gcleithiúnaithe iarratas ar cheadanna oibre ina gceart féin a dhéanamh. Níl ceadanna céile/cleithiúnaí ar fáil do chéilí, do pháirtnéirí sibhialta agus do chleithiúnaithe sealbhóirí ceadanna oibre nua a ceadaíodh an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis. Ciallaíonn iarratas ina gceart féin a dhéanamh:

  • Beidh tástáil riachtanas an mhargaidh saothair ag teastáil nuair atá iarratas á dhéanamh ar chead oibre do chéile/do pháirtnéir sibhialta/do chleithiúnach. Ciallaíonn sé seo go gcaithfear an folúntas a fhógairt le FÁS/EURES ar feadh 8 seachtaine agus sna meáin náisiúnta ar feadh 6 lá
  • Bíonn táillí iníoctha nuair atá iarratas nó athnuachan á dhéanamh ar chead oibre do chéile/do pháirtnéir sibhialta/do chleithiúnaí - féach 'Rátaí' thíos.
  • Ní bhreithneofar iarratais ar cheadanna oibre do chéile/do pháirtnéir sibhialta/do chleithiúnach maidir le gairmeacha atá liostaithe mar chinn neamh-incháilithe le haghaidh ceadanna oibre

Tá tuilleadh eolais ar fáil in ár ndoiciméad faoi cheadanna oibre.

Níl feidhm ag na hathruithe seo do chéilí, do pháirtnéirí sibhialta agus do chleithiúnaithe ar bronnadh cead oibre orthu cheana féin nó a dhéanann iarratas ar chead oibre roimh an 1 Meitheamh 2009.

Rialacha

Cé a d'fhéadfadh déanamh iarratas

D’fhonn a bheith incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar cead oibre céile/cleithiúnaigh caithfear na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) Caithfidh an iarratasoir agus sealbhóir an cheada fostaíochta a bheith pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta agus teastas pósta nó páirtnéireachta shibhialta a aithníonn an dlí a bheith acu. Ní bhainean socruithe do cheadanna oibre do chéilí nó do pháirtnéirí sibhialta ach le céilí/páirtnéirí sibhialta atá ina gcónaí go dleathach in Éirinn agus atá pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta lena chéile. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh le cead oibre céile a fháil mura bhfuil tusa agus do pháirtnéir neamh-LEE pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta. Ní mór do chleithiúnaí bheith neamhphósta agus faoi bhun 18 bliain d’aois – féach ‘Cleithiúnaithe’ thíos.

(b) Caithfidh go bhfuil ceadúnas bailí fostaíochta ag sealbhóir an cheadúnais fostaíochta, ar ceann de na rudaí seo a leanas é:

(c) Caithfidh sealbhóir an cheada fostaíochta a bheith ag obair fós taobh istigh de théarmaí a c(h)ead

Iarshealbhóirí cead fostaíochta le cead Stampa 4

Tá cead Stampa 4 faighte ag roinnt daoine a raibh ceadanna fostaíochta acu cheana chun cónaí agus oibriú sa Stát. Tá a gcuid céilí, cleithiúnaigh agus páirtnéirí sibhialta incháilithe le cur isteach ar cheadanna oibre céile/cleithiúnaigh. Caithfidh gur tugadh cead Stampa 4 do na hiarshealbhóirí cead fostaíochta, ar a dtugtar oibrithe príomha, ar cheann de na fáthanna a leanas:

  • Tá cónaí fadtéarmach bronnta orthu agus ní theastaíonn cead fostaíochta uathu
  • Ba shealbhóirí Cárta Glas ar feadh 2 bhliain atá imithe i léig a bhí iontu
  • D’oibrigh siad ar chead fostaíochta ar feadh 5 bliana, agus ní theastaíonn cead fostaíochta uathu a thuilleadh

Caithfidh iarratais do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chleithiúnaigh atá ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn dul trí na gnáthphróisis do cheadanna oibre.

Tá na socruithe nua cead fostaíochta seo a leanas i bhfeidhm ar an gcead oibre céile/cleithiúnaigh:

  • Is féidir leis an bhfostóir nó leis an bhfostaí iarratas a chur isteach ar an gcead oibre, bunaithe ar thairiscint fostaíochta.
  • Deonaítear an cead oibre don fhostaí agus cuimsíonn ráiteas de chearta agus teidlíochtaí an fhostaí.
  • Cuirtear cóip den chead oibre chuig an bhfostaitheoir.
  • Tá cosc ar an bhfostóir costais earcaíochta a asbhaint ó phá an fhostaí nó doiciméid phearsanta an fhostaí a choinneáil.

Tairiscint oibre

Caithfidh go bhfuil tairiscint oibre ag an gcéile, ag an bpáirtnéir sibhialta nó ag an gcleithiúnaí agus caithfidh go bhfuil na cáilíochtaí, scileanna agus an taithí atá riachtanach don phost sin acu. Caithfidh siad a bheith fostaithe go díreach agus íoctha ag a bhfostóír in Éirinn. Níl tairiscintí oibre ó ghníomhaireachtaí earcaíochta agus ó idirghabhálaithe eile inghlactha faoin scéim. Caithfidh an fostóir a bheith ag trádáil in Éirinn, cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim agus le hOifig Chláraithe na gCuideachtaí. Ní eiseofar cead oibre do chuideachta sa chás go mbeadh níos mó ná 50% de na fostaithe ina saoránaigh neamh-LEE dá ndeonfaí an cead.

Cleithiúnaithe

Níl ceadanna oibre cleithiúnaí ar fáil ach do leanaí cleithiúnacha neamhphósta atá faoi 18 d’aois, atá ina gcónaí in Éirinn mar bhaill de theaghlach shealbhóir an ceada fostaíochta. I gcásanna eisceachtúla is féidir ceadanna oibre a bheith ar fáil do chleithiúnaithe atá os cionn 18 d’aois, ar rinneadh cónaitheoirí dleathacha díobh in Éirinn sula raibh siad 18.

Tréimhse agus athnuachan ceadanna oibre

Is gnáth go n-eisítear é don tréimhse suas le dáta éaga cárta BNGSI shealbhóir an ceada fostaíochta nó oibrí phríomhúil. Is féidir é a athnuachan ansin – féach 'Conas iarratas a dhéanamh thíos. Má tá obair ar chead oibre le 5 bhliain as a chéile déanta agat, ní gá duit cead oibre a bheith agat a thuilleadh. Ba chóir duit dul i dteagmháil le d' oifigeach inimirce áitiúil chun do chead inimirce a athrú.

Ag athrú poist

Táthar ag dúil go bhfanfaidh duine atá ag obair ar chead oibre céile nó cleithiúnaí leis an chéad fostóir go ceann 12 mhí (mura bhfuil imthosca eisceachtúla ann). Ina dhiaidh sin is féidir post a athrú ar an gcuntar go ndéantar iarratas nua ar chead oibre do chéile/chleithiúnaí.

Rátaí

I gcás céilí, páirtnéirí sibhialta nó cleithiúnaithe sealbhóirí ceadanna oibre a bronnadh roimh an 1 Meitheamh 2009, níl aon táille as iarratas a dhéanamh ar chead oibre do chéile/do chleithiúnaí nó athnuachana.

Níl na céilí, páirtnéirí sibhialta nó cleithiúnaithe sealbhóirí ceadanna oibre a bronnadh an 1 Meitheamh 2009 nó dá éis cáilithe chun iarratas ar chead oibre céile/cleithiúnaí a dhéanamh. Is féidir leo iarratas ar chead oibre normálta a dhéanamh agus caithfidh siad táille a íoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leis an bhfostaitheoir nó leis an bhfostaí iarratas a dhéanamh chuig Rannóg na gCeadanna Fostaíochta na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta do cheadúnas oibre do chéile/chleithiúnaí ag úsáid an fhoirm iarratais ar chead fostaíochta nua (pdf). Ar na doiciméid atá le cur isteach leis an iarratas tá:

  • Litir ag dearbhú gur iarratas ar chead do chéile/chleithiúnaí atá ann.
  • Cóipeanna de phas shealbhóir an ceada fostaíochta, den chead fostaíochta agus de chárta cláraithe ó Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce
  • Litir ó fhostaitheoir shealbhóir an ceada fostaíochta ag dearbhú teideal an phoist, an tuarastail agus na tréimhse ama sa phost.
  • Teastas pósta nó páirtnéireachta shibhialta an iarratasóra nó teastas breithe an chleithiúnaí.
  • Má tá an cead oibre do chleithiúnaí faoi 18 bliain d’aois, litir ag dearbhú go gcomhlíonfaidh an fostaitheoir téarmaí agus coinníollacha an Acht um Chosaint Fostaíochta Daoine Óga 1996.

Oibrithe príomha le Stampa 4: Má thug an t-oibrí príomha a Stampa 4 chun dáta i ndiaidh iarratais ar chead fostaíochta, ba cheart go gcuirfí sonraí Stampa 4 agus leathanach sonraí beatha dá bpas sa phost nó ar feaics chuig an Rannóg Ceadanna Fostaíochta chun iad a nascadh leis an iarratas.

Athnuachan: Is féidir le fostaitheoir nó le fostaí iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm athnuachan do chead oibre céile/cleithiúnaí (pdf).

Nuair a eisítear cead oibre do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chleithiúnach incháilithe caithfidh sé nó sí clárú le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (má tá sé/sí ina chónaí/cónaí i mBaile Átha Cliath) nó Ceanncheathrú Dúiche an Gharda (má tá siad ina gcónaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath. Tá sé seo d’fhonn cead a fháil fanacht sa Stát mar fhostaí. Tá sé tábhachtach é seo a dhéanamh nó, gan sin, ní bheidh an stádas ceart inimirce ag an gcéile nó ag an gcleithiúnach.

Tá tuilleadh faisnéise sa Treoir faoi Chead Oibre do Chéilí agus do Chleithiúnaigh Shealbhóirí Ceada Fostaíochta (pdf) ón Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Rannóg Ceadanna Fostaíochta
Teach Daibhéid
65a Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan, Céadaoin, Aoine 9:30rn - 12.30ir
Teil:+353 1 417 5333
Lóghlao:1890 201 616
Facs:+353 1 631 3268
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/labour/workpermits/index.htm
R-phost: employmentpermits@djei.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 June 2011

Teanga

English

Acmhainní Úsáideacha

Ábhar Gaolmhar

  • Ceadanna oibre
    Faigh amach faoi cheadanna oibre, cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh agus cá huair is féidir le duine a bhfuil cead oibre aige poist a mhalartú
  • Ceadanna an Chárta Ghlais
    Is cead fostaíochta an Cárta Glas d'fhostaithe i gcatagóirí ainmnithe, ag brath ar leibhéal an tuarastail. Glacann sé áit scéim an víosa oibre agus scéim údaraithe na hoibre.
  • Ag teacht go hÉirinn chun oibriú
    Ceart na náisiúnach AE agus na náisiúnach neamh-AE chun oibriú in Éirinn. Leagtar amach critéir maidir leis an riachtanas do cheadanna fostaíochta agus áirítear faisnéis ar conas iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.