Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Oibrithe imirceacha > Ceadanna fostaíochta > Ceadanna an Chárta Ghlais

Print Page Send to a Friend

Ceadanna an Chárta Ghlais

Eolas

Más saoránach náisiúnta thú ó thír nach bhfuil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (EEA) nó ón Eilvéis, is iondúil go mbíonn ceadúnas fostaíochta de dhíth ort le bheith ag obair in Éirinn. Ón 1 Feabhra 2007 faoi na Acht um Cheadanna Fostaíochta 2003 (pdf) agus na Acht um Cheadanna Fostaíochta 2006 (pdf), tá ceithre chineál ceadúnas fostaíochta ann: cead cárta Ghlais, Cead oibre, cead céile/cleithiúnaí agus cead aistrithe ionchuideachta (féach thíos).

Nóta: is é atá sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ná ballstáit an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua. Níl cead fostaíochta riachtanach le haghaidh daoine ag teacht ón Eilvéis le bheith ag obair in Éirinn. B’fhéidir go mbeadh ceadanna fostaíochta riachtanach le haghaidh shaoránach den Bhulgáir agus den Rómáin fós. Tá treoir maidir le Cártaí Glasa le haghaidh shaoránach den Bhulgáir agus den Rómáin (pdf) ar fáil ar an suíomh idirlín na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Ceadanna Chárta Ghlais - príomhghnéithe

Is é atá sa chead Cárta Ghlais ná cead fostaíochta don chuid is mó de na poist a bhfuil tuarastal bliantúil de níos mó ná €60,000 acu, nó roinnt post ina bhfuil ganntanas scileanna . Glacann cead an Chárta Ghlais áit víosa oibre agus údarú oibre ar cuireadh deireadh leo.

Is iad príomhghnéithe scéim chead an Chárta Ghlais ná:

  • Tá an cead Cárta Ghlais ar fáil do phoist a bhfuil tuarastal bliantúil de €60,000 acu nó níos mó -féach 'Poist incháilithe' thíos
  • Tá sí ar fáil chomh maith do liosta teoranta post le tuarastal bliantúil de €30,000 go €59,999 sna hearnálacha fostaíochta seo a leanas: teicneolaíocht faisnéise, cúram sláinte, tionsclaíocht, seirbhísí airgeadais agus taighde - rinneadh athbhreithniú ar liosta na ngairmeacha in Aibreán 2009 - féach liosta na ngairmeacha thíos.
  • Níl aon gá le tástáil riachtanas don mhargadh saothair – féach thíos
  • Eisítear an cead don Chárta Glas ar feadh 2 bhliain agus níl cead athnuachana riachtanach - féach 'Dáta éaga ancheada don Chárta Glas' thíos.
  • Is féidir le céilí, páirtnéirí sibhialta agus teaghlaigh sealbhóirí cead Cárta Ghlais teacht chun cónaí leo láithreach.
  • Is féidir leis an bhfostaitheoir nó leis an bhfostaí iarratas a dhéanamh ar an gcead fostaíochta, bunaithe ar thairiscint fostaíochta
  • Deonaítear don fhostaí é agus cuimsíonn ráiteas de chearta agus theidlíochtaí an fhostaí
  • Cuirtear cóip den chead fostaíochta chuig an bhfostaitheoir
  • Tá cosc ar an bhfostaitheoir costais earcaíochta a asbhaint ó phá an fhostaí nó doiciméid phearsanta an fhostaí a choinneáil.

Tá fostaithe ag obair ar cheadanna fostaíochta cosanta ag reachtaíocht fostaíochta ar an dóigh chéanna le fostaithe eile.

Rialacha

Tairiscint poist

Caithfidh go bhfuil tairiscint poist agat ó chuideachta nó ó fhostaitheoir atá cláraithe leis na Coimisinéirí Ioncaim, atá ag trádáil in Éirinn agus cláraithe le hOifig Chláraithe na gCuideachtaí. Caithfidh go bhfuil tú fostaithe go díreach agus do d’íoc in Éirinn. Ní ghlactar le tairiscintí poist ó ghníomhaireachtaí earcaíochtaí ná ó idirghabhálaithe eile faoin scéim.

Tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair

Ní bhíonn tástáil riachtanas an mhargaidh shaothair de dhíth, is é sin le rá nach gcaithfidh an fostaitheoir an post a fhógairt le FÁS/EURES nó i nuachtáin. Agus sin ráite, ní dheonfaí cead fostaíochta do chuideachtaí dá mba saoránaigh neamh-EEA iad níos mó ná 50% de na fostaithe dá thoradh sin.

Cáilíochtaí

Caithfidh na cáilíochtaí, scileanna agus taithí ábhartha atá de dhíth don phost a bheith agat.

Poist incháilithe

Tá dhá chatagóir de phoist atá i dteideal mar a leanas:

(1) Do phoist le tuarastal bliantúil os cionn €60,000 nó níos mó tá an cead Cárta Ghlais ar fáil do gach post (seachas catagóír neamh-incháilithe áirithe agus iad sin nach bhfuil ag teacht le leas an phobail)

(2) Do phoist le tuarastail bhliantúla de €30,000- €59,999 is féidir iarratais le haghaidh an Chárta Ghlais a dhéanamh do na poist ar an liosta thíos:

Poist atá incháilithe (tuarastal bliantúil idir €30,000 - €59,999)

Earnáil Eacnamaíoch

Gairm

Teidil na bPost

Teicneolaíocht Faisnéise Gairmithe TFC Bainisteoirí córas ríomhairí, Anailísithe ríomhairí, Cláraitheoirí ríomhairí, tástálaithe ríomhairí
Cúram Sláinte Gairmithe sláinte Altraí Cláraithe, Cleachtóirí Míochaine, Altraí speisialaithe, Cógaiseoirí/Cógaseolaithe, Cleachtóirí Fiaclóireachta
Cúram Sláinte Gairmithe comhlacha sláinte

Bia-eolaithe, Ortoptaigh, Fisicí Míochaine,
Teicneoirí leictreacardagraim, Teicneoirí tomhas néarafiseolaíochta, Teicneoirí cataitéaraithe croí, Teicneoirí soithíocha,, Teicneoirí anála, Teicneoirí feidhmithe GI, Éisteolaithe, Bithcheimiceoirí, Radagrafaithe míochaine

Tionsclaíocht Innealtóirí gairmiúla agus teicneolaithe Leictreachas, Bogearraí, Ceimiceach, Dearadh agus Forbairt, Pleanáil agus Rialú Cáilíochta, Gréasán, Bailíocht, Forbairt Táirge, Próiseas agus Comhionannas
Oideachas/Cúram Sláinte/Tionsclaíocht Taighdeoirí agus eolaithe nádúrtha Taighdeoirí, Ceimiceoirí, Eolaithe Nádúrtha, Eolaithe Bitheolaíocha, Fisiceoirí, Eolaithe Ábhar
Airgeadas Gairmithe gnó agus airgeadais agus gairmithe comhlacha

Cuntasóirí Cairte agus Deimhnithe, Achtúirí, Comhairleoirí bainistíochta, Anailísithe gnó, Speisialaithe Riosca, Saineolaithe cánach, Saineolaithe dlíthiúla

Clárú agus cead fanachta

Mura saoránach de chuid an EEA nó saoránach de chuid na hEilvéise thú, beidh ort clárú le d'oifigeach clárúcháin áitiúil um inimirce sa cheantar ina bhfuil sé ar intinn agat bheith i do chónaí nuair a bhainfidh tú an Stát amach. I gceantar Bhaile Átha Cliath, déantar an clárú ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (BNGSI). Má tá tú i do chónaí lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, ba cheart duit clárú ag Ceanncheathrú Ceantair an Gharda. Tá sé seo d’fhonn cead fanachta a fháil agus lena chinntiú go bhfuil an stádas ceart inimirce agat, is é sin, mar fhostaí. Tabharfar Deimhniú Clárúcháin duit nó cárta BNGSI mar a thugtar air freisin.

Dáta éaga an cheada don Chárta Glas

Eisítear an cead don Chárta Glais ar feadh 2 bhliain agus níl aon dualgas ort an cead a athnuachan. Ón 30 Lúnasa 2010, faoi shocruithe inimirce athbhreithnithe, d’fhéadfadh sé go dtabharfaí ceadúnas stampa 4 ar feadh dhá bhliain sa bhreis do shealbhóirí ceadúnais an Chárta Ghlais ar feadh dhá bhliain nó iarshealbhóirí an Chárta Ghlais ar tugadh stampa 4 dóibh in 2009.

Laistigh de 2 sheachtain ó dháta éaga an cheada don Chárta Glais, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an oifigeach inimirce áitiúil chun do chead cónaithe a athnuachan - féach thuas. Caithfidh na doiciméid a leanas a bheith agat:

  • Pas
  • Deimhniú Clárúcháin (Cárta BNIGS)
  • Do chead don Chárta Glais
  • An duillín pá is déanaí a fuair tú

Chomh fada agus go mbíonn tú ag obair sa ghairm chéanna, don fhostóir céanna agus ar an tuarastal céanna ar a laghad is atá luaite ar an gcead don Chárta Glais, tabharfar cead Stampa 4 duit ar feadh 2 bliana. Ceadaíonn sé seo duit oibriú in Éirinn gan chead agu is socrú eatramhach é seo. Mura bhfuil an t-oifigeach inimirce sásta go ndéanann tú na critéir incháilithe a shásamh, tabharfar cead Stampa 1 duit ar feadh 3 mhí agus déanfar tú a atreorú chuig Rannóg Ceadanna Fostaíochta na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Mura mbíonn ach amháin ceadanna don Chárta Glais agat, ní bheidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar chónaí fadtéarmach go dtí go mbeidh an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint 2010 (pdf) curtha i bhfeidhm. Is féidir liosta de cheisteanna coitianta faoi shocruithe athnuachana do shealbhóirí ceada an Chárta Ghlais a fháil ar láithreán gréasáin an SEIÉ.

Víosaí

Má tá pas agat ó tír a bhfuil víosa de dhíth ar a bpas-shealbhóirí le teacht isteach in Éirinn ba cheart duit víosa iontrála a iarraidh ó ambasáid nó consalacht na hÉireann sa tír a bhfuil tú i do chónaí inti.

Cleithiúnaigh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh le do chéile, do pháirtnéir sibhialta agus/nó leanaí a thabhairt amach chun cónaí leat i ndiaidh duit do chead Cárta Ghlais a fháil. Tá tuilleadh eolais ar aonaontú teaghlaigh ar an láithreán gréasáin na Seirbhíse Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann. Is féidir le céilí, páirtnéirí sibhialta agus cleithiúnaigh fostaithe ar cheadanna fostaíochta ceadanna oibre do chéilí/chleithiúnaigh (pdf) ar an gcuntar go bhfuil siad ina gcónaí anseo ar bhonn dleathach.

Ag athrú post

Más é seo an chéad chead fostaíochta in Éirinn glactar leis go bhfanfaidh tú le d’fhostaitheoir go ceann 12 mhí (mura bhfuil imthosca eisceachtúla i gceist). Ina dhiaidh sin is féidir leat d’fhostaitheoir a athrú ar an gcuntar go ndéantar iarratas nua ar Chárta Glas.

Ag cailleadh do phoist

Má chailleann tú do phost de bharr iomarcaíochta ba cheart duit scéal a chur chuig an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Ó 28 Aibreán 2009 tabharfaidh an Roinn 6 mhí duit (3 mhí a ceadaíodh roimhe sin) chun post eile a fháil. Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar chead nua don Chárta Glas nuair a fhaigheann tú post eile.

Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifigeach inimirce áitiúil atá agat chun do stádas inimirce a dhearbhú - féach 'Clárúchán' thuas. Má tá breis is 6 mhí fágtha sula n-imeoidh do chead inimirce BNGSI in éag, féadann tú cónaí in Éirinn faoi do chead stampa 1 ar feadh 6 mhí eile. Má tá níos lú ná sé mhí fágtha den chead inimirce féadann tú do chead inimirce a shíneadh go 6 mhí rud a chiallaíonn go mbeidh ort €150 a íoc as cárta BNGSI nua. Mura bhfaigheann tú post nua tar éis 6 mhí beifear ag súil go n-imeoidh tú as Éirinn. Má fhaigheann tú tairiscint fostaíochta in Éirinn ansin is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chead fostaíochta nua. Tá tuilleadh sonraí faoi na forálacha nua do náisiúnaigh neamh-LEE a dhéantar iomarcach ar láithreán gréasáin Sheirbhís Eadóirseachta agus Inimirce na hÉireann (SEIÉ). Baineann na forálacha seo do náisiúnaigh neamh-LEE ar víosa oibre agus údarú oibre freisin.

Sealbhóirí ceada oibre

Más saoránach neamh-EEA thú atá ag obair in Éirinn cheana féin ar chead bailí oibre is féidir leat iarratas a chur isteach ar chead Cárta Ghlais más amhlaidh go gcomhlíonann tú na critéir. Caithfidh tú do chead oibre a thabhairt ar ais le d’iarratas nua le haghaidh cead Cárta Ghlais. Mura bhfuil tú incháilithe le haghaidh cead Cárta Ghlais is féidir leat iarratas a dhéanamh do chead oibre a athnuachan nuair a théann sé in éag. (Má tá do chead fostaíochta á athnuachan agat, cuirfear na socruithe nua i bhfeidhm i ndáil le táillí agus tréimhse an cheada fostaíochta. Baineann liosta na gcatagóirí neamh-incháilithe le hiarratais nua ar cheadanna fostaíochta amháin.)

Scéim aistrithe ionchuideachta

Ón 1 Feabhra 2007 tá scéim aistrithe ionchuideachta (pdf) i ndiaidh teacht isteach. Tugann an scéim seo deis do bhainisteoireacht shinsearach, phearsanra tábhachtach agus oiliúnaithe ar saoránaigh neamh-Éireannacha iad atá ag obair i mbrainse thar lear de chuideachta ilnáisiúnta aistriú chuig an mbrainse Éireannach. Caithfidh an fostaí a bheith ag tuilleamh €40,000 sa bhliain ar a laghad agus caithfidh go raibh siad ag obair leis an gcuideachta ar feadh íosmhéid de 12 mhí. Is féidir cead aistrithe inchuideachta a dheonú ar feadh uasmhéide de dhá bhliain ar dtús agus ansin is féidir síneadh a chur leis sin suas le huasmhéid de 5 bliana.

Scéim na gcéimithe

Ón 10 Aibreán 2007, is féidir cead a thabhairt do mhic léinn neamh-EEA ar bronnadh bunchéim, máistreacht nó dochtúireacht orthu ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2007, fanacht in Éirinn go ceann 6 mhí. Cuirfidh Scéim na gCéimithe Tríú Leibhéil ar a gcumas fostaíocht a fháil agus iarratas a chur isteach ar chead oibre nó ar chead Cárta Ghlais. Le linn na tréimhse 6 mhí seo is féidir leo a bheith ag obair go lánaimseartha. Caithfidh siad a bheith ina gcónaí go dleathach in Éirinn agus ba chóir dóibh iarratas a chur isteach ar an síneadh seo ar a gcead mac léinn (stampa 2) chuig a n-oifig áitiúil chláraithe inimirce – féach 'Clárú agus cead fanachta' thíos.

Rátaí

Is iad seo a leanas na táillí as cead Cárta Ghlais, atá le híoc ag an iarratasóir:

Cead Táille Fad
Nua €1,000 Suas le 2 bhliain

Is iad seo a leanas na táillí as cead aistrithe ionchuideachta:

Cead Táille Fad
Nua €500 Suas le 6 mhí
Nua €1,000 Suas le 2 bhliain
Athnuachan €500 Suas le 6 mhí
Athnuachan €1,000 Suas le 2 bhliain
Athnuachan €1,500 Suas le 3 bliana

Cónas a dhéanfaidh mé iarratas

Ba chóir iarratais ar chead Cárta Ghlais a dhéanamh chuig Rannóg na gCeadanna Fostaíochta sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Nóta: ní phróiseálann Ambasáidí na hÉireann iarratais ar cheadanna Chárta Ghlais.

Is féidir leis an bhfostaitheoir nó leis an bhfostaí iarratas a dhéanamh ag úsáid the foirm iarratais ar chead nua fostaíochta (pdf).

Agus tú ag cur iarratais isteach ar chead Cárta Ghlais ba chóir duit an fhaisnéis seo a sholáthar:

  • Foirm iarratais críochnaithe le haghaidh Cárta Ghlais
  • Tairiscint phoist do dhá bhliain nó níos mó ar pháipéar a bhfuil ceannteideal na cuideachta air, de dháta laistigh de 60 lá roimhe sin, lena n-áirítear cur síos ar an bhfostaíocht, an dáta tosaithe, tuarastal bliantúil agus faisnéis ar cháilíochtaí an fhostaitheora, scileanna nó an taithí atá riachtanach don phost.
  • Fianaise dhoiciméadach ar cháilíochtaí an fhostaitheora
  • Táille iarratais de €1,000
  • Cóip de phas an fhostaí – caithfidh pas an fhostaí a bheith bailí agus bailí go ceann trí mhí tar éis an dáta éaga beartaithe don Chárta Glas.
  • I gcás inarb infheidhmthe é, cóipeanna de na víosaí, stampaí cónaitheachta agus cóip de chlárú BNGSI an fhostaí
  • Más gairmí míochaine an fostaí, cóip den chlárú leis an gcomhlacht cuí míochaine nó bailíochtú de cháilíochtaí ón Roinn Sláinte. Tá liosta de chomhlachtaí cláraithe agus bailíochtaithe do ghairmithe míochaine sa Treoir do cheadanna Cárta Ghlais – féach thíos. Tá socruithe nua ann d’iarratais ar cheadanna fostaíochta do dhochtúirí agus altraí.

Tá níos mó eolais sa Treoir ar Cheadanna Cárta Ghlais (pdf) de chuid na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.

Dáta éaga an cheada don Chárta Glas: Má tá dáta éaga dochead don Chárta Glas ag teacht go luath agus nach sásaíonn tú na critéir incháilithe chun cead Stampa 4 a fháil, tabharfaidh an oifig inimirce cead Stampa 1 duit ar feadh 3 mhí agus déanfar tú a atreorú chuig rannóg Ceadanna Fostaíochta na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta. Ba chóir duit foirm atreoraithe (pdf) chomhlánaithe a sheoladh chuig an Rannóg Ceadanna Fostaíochta mar aon le cóipeanna de dhoiciméid cosúil le do P60 agus na 3 dhuillín pá is déanaí a fuair tú.

Cead aistrithe ionchuideachta: Ba chóir don ósteagraíocht in Éirinn iarratas a dhéanamh ar chead aistrithe ionchuideachta ag úsáid an foirm iarratais ar chead aistrithe ionchuideachta (pdf).

Ba chóir duit 2 go 3 mhí a cheadú le haghaidh phróiseáil iarratais nua nó a athnuachan.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta

Rannóg Ceadanna Fostaíochta
Teach Daibhéid
65a Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan, Céadaoin, Aoine 9:30rn - 12.30ir
Teil:+353 1 417 5333
Lóghlao:1890 201 616
Facs:+353 1 631 3268
Láithreán Gréasáin: http://www.djei.ie/labour/workpermits/index.htm
R-phost: employmentpermits@djei.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 December 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.