Ag teacht go hÉirinn - cáin agus ÁSPC

Eolas

Is féidir difear a dhéanamh do do dhliteanas cánach in Éirinn ag cibé acu an gcónaíonn tú sa tír nó a mhalairt agus cibé acu arb í nó nach í Éire do thír bhuan chónaithe. Is ann do shainiú sonrach ar áit chónaithe ar mhaithe le cuspóirí cánach ag brath ar cé mhéid laethanta a chaitheann tú sa tír. Mura bhfuil cónaí ort in Éirinn i mbliain áirithe, is féidir leat fós gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn, ó tharla go dtagraíonn an téarma seo don tír ina mbíonn gnáthchónaí ort thar roinnt blianta. Tugtar d’áit sainchónaithe ar an tír ina bhfuil buachónaí ort. Is féidir leat léamh ár ndoiciméad faoi cháin agus sainchónaí.

Gearrfar cáin Éireannach go ginearálta ar an ioncam a thuilleann tú in áit ar bith ar domhan nó a thagann i gceist sa bhliain chánach ina bhfuil tú i do chónaí, gnáthchónaí ort agus atá sainchónaí ar mhaithe le cúrsaí cánacha in Éirinn ort.

In aon bhliain chánach nach bhfuil tú i do chónaí, nó nach bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn gearrfar cáin Éireannach ort ar fhoinsí ioncaim Éireannacha amháin. D'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag do stádas sainchónaithe agus ag comhaontú um chánachas dúbailte ar an méid cáin ioncaim Éireannaigh a bheadh le n-íoc agat.

Sa bhreis ar an gcáin ioncaim agus an Muirear Sóisialta Uilíoch, gearrann fostóir tríd an gcóras cánach ÁSPC, (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) - féach 'Árachas Sóisialach' thíos. Más duine féin-fhostaithe thú íocann tú na nithe sin go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa leabhrán maidir le daoine atá ag athrú cónaí go hÉirinn. foilsithe ag na gCoimisinéirí Ioncaim.

Stádas cónaithe

Beidh tú i do chónaí in Éirinn i mbliain chánach:

  • Má chaitheann tú 183 lá nó níos mó in Éirinn ar chúis ar bith sa bhliain chánach sin
  • Má chaitheann tú 280 lá nó níos mó in Éirinn ar chúis ar bith thar tréimhse 2 bhliain as a chéile beidh cónaí ort in Éirinn don dara bhliain chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcóras cáin ioncaim. Ach má chaitheann tú 30 lá nó níos lú san iomlán in Éirinn in aon cheann den dá bhliain chánach, ní chuirfear na laethanta sin san áireamh ar mhaithe leis an scrúdú seo a chur i gcrích.

Is cuma má bhíonn tú ag teacht agus ag imeacht go minic i gcaitheamh na bliana cánaigh nó má bhí tú anseo go leanúnach. Déantar an méid laethanta ina iomlán i ngach bliain chánach a chaith tú in Éirinn ar chúis ar bith a chomhaireamh. Bíonn duine sa tír ar feadh ‘lá amháin’ ar mhaithe le cúspóirí cónaithe má tá sé nó sí i láthair sa Stát ag aon tráth le linn an lae.

Tionchar a bhíonn ag úinéireacht áitribh in Éirinn

Fiú más úinéir áitribh in Éirinn thú ní bheidh aon tionchar aige seo ar do stádas cónaithe maidir le cáin ioncaim. Ach, d'fhéadfadh sé go mbeadh tionchar aige ar chinneadh a bheadh le déanamh maidir le tír chónaithe amháin a aimsiú faoi chomhaontú um chánachas dúbailte dá mbeadh an tír eile sa chomhaontú ag éileamh go bhfuil cónaí ort ansin freisin.

Éire a roghnú mar áit chónaithe

Fiú muna bhfuil an méid laethanta a theastaíonn caite agat in Éirinn is féidir leat, más mian leat, Éire a roghnú mar d'áit chónaithe in aon bhliain chánach. Ní mór duit mar choinníoll áfach ar seo a bheith in ann a chruthú go sásúil don oifig chánach áitiúil go mbeidh cónaí ort in Éirinn sa bhliain chánach atá le teacht ar feadh an méid laethanta cuí, faoi aon cheann den dá rannóg scrúduithe thuas. Nuair atá an rogha seo déanta agat ní féidir é a chur ar ceal. Mar chónaithe beidh cáin le n-íoc agat ar aon ioncam a thuilleann tú in aon tír sa domhan nó a thagann i gceist sa bhliain chánach iomlán ina dtagann tú go hÉirinn. Gearrfar cáin ar ioncam fostaíochta ón dáta go dtagann tú go hÉirinn amháin. Is féidir iarratas ar rogha mar seo a chur i scríbhinn chuig an oifig áitiúil chánach.

Gnáthchónaí

Má tá tú i do chónaí anseo le 3 bliana cánach anuas, déanfar gnáthchónaitheoir díot ó thús an cheathrú bliain. Má fhágann tú an tír, leanfaidh tú de bheith i do ghnáthchónaitheoir go dtí go mbíonn tú i do neamhchónaitheoir ar feadh 3 bliana cánach anuas.

Sainchónaí

Is é d’áit sainchónaithe an tír ina gcónaíonn tú agus é ar intinn agat fanacht inti go buan. D’fhéadfadh seo bheith éagsúil le d’áit chónaithe nó le do náisiúntacht. Nuair a shaolaítear thú, tá agat áit sainchónaithe bunúis. Is féidir an áit sainchónaithe seo a athrú chuig rogha áit sainchónaithe, má bhogann tú chuig tír éagsúil agus é ar intinn agat cónaí inti go buan.

Tobhach sainchónaithe: Ó 2010, tugadh isteach tobhach nua sainchónaithe Éireannaigh. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin tobhach sainchónaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Cánachas

Comhaontú um chánachas dúbailte

D'fhéadfadh sé go mbeadh cáin ioncaim iníoctha ar ioncam a thuilltear i dtír amháin agus sa tír ina bhfuil an faighteoir ina c(h)ónaí. Dá bhrí sin tá comhaontaithe um chánachas dúbailte ag Éire le tíortha eile ar mhaithe le dliteanas cánach i ndá thír a sheachaint. Is ann do liosta de na comhaontuithe um chánach dúbailte atá i bhfeidhm ar revenue.ie.

Má tá d'ioncam inchánaithe in Éirinn agus sa tír ina bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte ag Éire léi is féidir dliteanas cánach faoi dhó a sheachaint faoin gcomhaontú ar cheann de na bealaí seo a leanas:

  • Díolúine ó cháin a thabhairt don ioncam i gceann den dá thír, nó
  • Creidmheas don cháin atá íoctha i dtír amháin a thabhairt ar an ioncam céanna sa tír eile.

Braitheann an bealach faoi leith ina gcaithfear le d'ioncam ar an gcomhaontú faoi leith, an cineál ioncaim atá agat agus a fhoinse, agus i gcásanna faoi leith, ar do náisiúntacht/shaoránacht.

Má thagann ioncam i gceist i dtír nach bhfuil comhaontú le hÉirinn léi, bunófar an méid cánach a bheidh le híoc in Éirinn ar an méid glan a thuilleann tú tar éis go n-asbhaintear an cháin iasachta a íocadh. Níl aon creidhmeas le fáil ar cháin atá íoctha le tír iasachta ar an méid cánach a bheidh le n-íoc ar an ioncam céanna in Éirinn.

Ioncam a thuilleadh roimh teacht go hÉirinn

Más ag bogadh go hÉirinn don chéad uair atá tú nó más Éireannach thú atá ag filleadh ar Éirinn agus muna raibh cónaí ort ná gnáthchónaí ort in Éirinn nuair a thuill tú an t-ioncam is mar seo a leanas a bheidh an cás maidir le cáin ioncaim:

  • Ní bheidh aon dliteanas cánach ar airgead atá cruinnithe ó ioncam a thuill tú roimh thús na bliana cánaigh sa bhliain ina dtagann tú le cónaí in Éirinn.
  • Ach, beidh cáin le n-íoc agat ar ioncam a thugann tú isteach sa tír seo nach ioncam ó fhostaíocht é a tháinig i gceist ó thús na bliana cánaigh agus dáta do theacht go hÉirinn, muna bhfuil bealach eile le deileáil leis leagtha síos sa chomhaontú um chánachas dúbailte idir an tír seo agus foinse an ioncaim.

Ag obair in Éirinn, ach ag fáil íochta ó thír eile

Muna bhfuil díolúine ó cháin Éireannach ag d'ioncam faoi chomhaontú um chánachas dúbailte beidh sé incháinithe anseo ón dáta a thagann tú go hÉirinn, is cuma cén stádas cónaithe Éireannaigh ar mhaithe le cúrsaí cánacha atá agat. Ach más saoránach Éireannach thú nach bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn nó nach bhfuil cónaí in Éirinn ort, ní ghearrfar cáin ar an ioncam ón iasacht ach ar an méid a sheoltar isteach go hÉirinn (níl ioncam ón Ríocht Aontaithe san áireamh). Má tá cónaí ort ar mhaithe le cúrsaí cánacha in Éirinn sa bhliain ina tuilltear an t-ioncam beidh creidmheasanna iomlána pearsanta cánacha agus faoisimh ar fáil duit.

Fostaíocht sealadach in Éirinn

Má tá tú ag teacht go hÉirinn le dul ag obair go sealadach ní bheidh cónaí ort anseo ar mhaithe le cáin Éireannach, is féidir le saoránaigh Éireannacha nach bhfuil cónaí anseo orthu, le saoránaigh, géillsinigh nó náisiúnaigh ballstáit eile den Aontas Eorpach creidmheasanna agus faoisimh comhréireacha a fháil. Tá sé seo amhlaidh freisin i gcás daoine a chónaíonn nó gur náisiúnaigh iad de thír lena bhfuil comhaontú um chánachas dúbailte ag Éire léi agus a bhfuil na liúntais sin ar fáil de réir an chomhaontaithe. Déantar an méid liúntais atá tú ina theideal a áireamh bunaithe ar d'ioncam don bhliain chánach a bheidh cáin Éireannach le n-íoc agat inti thar d'ioncam ó chuile fhoinse. Ach, tá daoine a chónaíonn i mballstáit eile den Aontas Eorpach i dteideal creidmheasanna iomlána pearsanta cánacha agus faoisimh maidir le aon bhliain chánach ina bhfuil 75% dá n-ioncam domhanda incháinithe in Éirinn.

Is gnách go mbíonn pinsin agus sócmhainní eile incháinithe, seachas roinnt eisceachtaí, mar shampla, roinnt pinsean den RA.

ÁSPC

Bainfidh d’fhostóir ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh, dá ngairfear ÁSPC (Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa) as do chuid pá. Beidh siad ina chúnamh duit íocaíochtaí leasa shóisialaigh ranníocacha a fháil cosúil le Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Míchumais agus Pinsean Stáit (Ranníocach) Braitheann an méid a bheidh le híoc agat ar an aicme lena mbaineann tú mar fhostaí. Mar shampla, íocann an chuid is mó fostaithe a gcuid ranníocaíochtaí ag Aicme A agus braitheann an méid faoi leith ar d'ioncam. Is féidir leat léamh tuilleadh maidir le bogadh go hÉirinn agus do theidlíochtaí leasa shóisialaigh agus forbhreathnú ar an gcóras leasa shóisialta in Éirinn a fháil.

Uimhir Phearsanta Sheirbhís Phoiblí

Teastaíonn Uimhir Phearsanta Seirbhis Phoiblí (PSP) uait le dul ag obair . Is féidir uimhir PSP fháil (nó seancheann, más ann dó, a lorg) ag an oifig áitiúil leasa shóisialaigh. Beidh pas agus/nó deimhniú clárúcháin BNGSI ag teastáil ó náisiúnaigh eachtracah agus cáipéis eile tacaíochta ar nós billí tí le iarratas ar uimhir PSP a dhéanamh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Má tá ceisteanna agat faoi chónaí agus cáin ioncam roimh bogadh go hÉirinn, ba chóir duit dul i dteagmháil le Coimisinéirí Ioncaim.

Má tá ceisteanna agat faoi árachas sóisialta, ba chóir duit dul i dteagmháil le d'oifig áitiúil leasa shóisialaigh nó ionad Intreo.

Má tá ceisteanna agat faoi Uimhir PSP, ba chóir duit dul i dteagmháil le Seirbhísí Aitheantais Chliaint sa Roinn Coimirce Sóisialaí trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais ar líne nó tríd an nguthán ag 1890 927 999 nó (071) 967 2616.

Page edited: 26 March 2014