Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Oibrithe imirceacha > Ag teacht ón AE/LEE chun oibriú

Print Page Send to a Friend

Ag teacht ón AE/LEE chun oibriú

Eolas

Mar shaoránach de chuid an AE tá tú i dteideal teacht go hÉirinn chun gabháil d’fhostaíocht nó d’fhéinfhostaíocht. Ní gá duit cead fostaíochta a fháil. Caithfidh náisiúnaigh de chuid na Bulgáire agus na Rómáine fós ceadanna fostaíochta a fháil. Caithfidh siad oibrigh in Éirinn ar chead fostaíochta ar feadh tréimhse leanúnaí 12 mhí agus ansin is féidir leo bheith ag obair in Éirinn gan cead fostaíochta.

Ní gá do shaoránaigh as na tíortha eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (an Iorua, an Íoslann agus Lichtinstéin) agus de chuid na hEilvéise ceadanna fostaíochta a fháil chun dul i mbun oibre in Éirinn.

Rialacha

Cónaí

Más náisiúnach de chuid an AE/LEE nó de chuid na hEilvéise tú tá an ceart agat agus ag na daoine de do theaghlach teacht go hÉirinn ar feadh 3 mhí gan aon choinníollacha a bheith ag gabháil leis mar go ndearnadh dlí de Rialacháin 2006 (Saorghluaiseacht Daoine) na gComhphobal Eorpach, lena gcuirtear Treoir de chuid an AE maidir le saorghluaiseacht daoine i ngníomh. Tá ceart cónaithe agat ansin go ceann tréimhse is faide ná 3 mhí más rud é:

  • Go bhfuil go leor acmhainní agat ionas nach dtiocfaidh tú agus do chleithiúnaithe chun bheith ina n-ualach ar an gcóras um chúnamh sóisialach agus go bhfuil árachas cuimsitheach breoiteachta agat.

  • Gur mac léinn tú, gur féidir leat tú féin a chothú, go bhfuil áit agat in institiúid oideachais agus go bhfuil árachas breoiteachta agat.

Ní cheanglaítear ar náisiúnaigh de chuid an AE/LEE nó de chuid na hEilvéise (lena n-áirítear náisiúnaigh de chuid na Bulgáire agus na Rómáine) clárú leis na húdaráis inimirce. Ceanglaítear ar dhaoine de theaghlaigh saoránach de chuid an AE nach náisiúnaigh iad féin de chuid an AE/LEE nó de chuid na hEilvéise a chlárú leis na húdaráis um inimirce agus Cárta Cónaithe a fháil.Tá tuilleadh eolais faoi chearta cónaithe náisiúnach de chuid an AE/LEE ar fáil.

Ag filleadh ar Éirinn

Más saoránach Éireannach thú ag filleadh ar an tír seo agus má bhí tú ag obair i dtír eile den AE is oibrí inimirce thú go hoifigiúil de réir dlí an AE. Dá bharr seo, i measc rudaí eile, tá tionchar an-mhór ag Rialacha an AE ar na cearta leasa shóisialaigh atá agat.

Slándáil Shóisialach

Má tá tú dífhostaithe, ba cheart duit iarratas ar shochar dífhostaíochta a dhéanamh sa tír atá á agat fágáil agus ansin é a fháil aistrithe go hÉirinn. Faoi Rialacháin AE is féidir an sochar a aistriú agus ba chóir duit an fhoirm U2 (E303 roimhe seo) le sonraí do chuid íocaíocht a thabhairt. Beidh ort na rialacha atá i bhfeidhm sa tír sin i dtaobh sochar dífhostaíochta a shásamh. Nuair a thagann tú go hÉirinn ba cheart duit síniú ag an oifig áitiúil leasa shóisialaigh - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos. Cuirfear sochar ar fáil ansin duit ar feadh 13 seachtain (suas go 26 seachtain i gcasanna áirithe). Gheobhaidh tú an sochar céanna agus a bhí ar fáil duit sa tír ina raibh tú. Tá sé de cheart agat seirbhísí cárta leighis in Éirinn a bheith agat an fhad agus atá sochar díofhostaíochta dhá fháil agat ó thír eile.

Tar éis 13 seachtain titfidh tú faoin ngnáthchóras leasa shóisialaigh in Éirinn. Beidh ort post a fháil in Éirinn agus ranníocaíocht amháin ar a laghad ag Aicme A den chóras ÁSPC a íoc le bheith i dteideal sochair. Ag an bpointe sin cuirfear na ranníocaíochtaí ón tír eile le chéile leis an ranníocaíocht Éireannach ar mhaithe le sochair a chur ar fáil duit.

Nuair atá tú ag filleadh ar Éirinn ba cheart duit fianaise ar na híocaíochtaí atá déanta agat a thabhairt leat ar Foirmeacha U1 (E301 roimhe seo) agus E104 ón institiúid leasa shóisialaigh sa tír ina bhfuil tú ag fágáil. Beidh an próiséas le sochair a íoc faoi rialacha an AE i bhfad níos tapúla má tá na foirmeacha sin agat.

Más fostaí thú nuair a thagann tú ar ais go hÉirinn beidh tú clúdaithe faoi na gnáthrialacha leasa shóisialaigh in Éirinn.

Gnáthchónaí

Más saoránaigh de chuid LEE nó na hEilvéise iad agus má tá siad fostaithe nó féinfhostaithe in Éirinn agus má tá siad páirteach i gcóras Árachas Sóisialta na hÉireann, is féidir leo Coinníoll maidir le Gnáthchónaí a shásamh chun sochair theaghlaigh a fháil, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh agus Sochar Leanaí san áireamh.

Is féidir oibrithe de chuid AE/ LEE nó na hEilvéise an Coinníoll maidir le Gnáthchónaí a shásamh chun Liúntas Leasa Forlíontach a fháil. Maidir le saoránaigh de chuid LEE nó na hEilvéise a thagann go hÉirinn ag cuardach fostaíochta, áfach, ní mór dóibh an Coinníoll maidir le Gnáthchónaí a shásamh fad is atá siad ag lorg oibre.

Do chearta agus tú ag obair in Éirinn

Mar shaoránach den AE/CEE atá ag obair in Éirinn tá tú i dteideal na cearta ceanna agus atá saoránaigh Éireannacha faoin gcóras leasa shóisialaigh, mar aon le cearta fostaíochta agus sóisialta go ginearálta. Nuair a thagann tú go hÉirinn ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí chun chlárú ar chursaí cánach agus árachas sóisialta. Má bíonn cabhair chun post a fháil ag teastáil uait, is féidir leat comhairle faoi dheiseanna fostaíochta agus oideachais ó FÁS a fháil.

Má chuireann do fhostóir anseo thú go sealadach tá tú i dteideal na seirbhísí céanna agus atá daoine le cártaí leighis. Má tá tú fostaithe nó féin-fhostaithe agus ag fanacht go buan, baineann na rialacha céanna leat maidir le cearta seirbhísí sláinte agus a bhaineann le saoránaigh Éireannacha go ginearálta. Mar sin, beidh ort scrúdú maoine a shásamh le cárta leighis a fháil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Déan teaghmháil leis an oifig áitiúil leasa shóisialaigh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 June 2011

Ábhar Gaolmhar

  • Sula dtagann tú go hÉirinn
    Ní mór do dhaoine ar mian leo teacht go hÉirinn a bheith ar an eolas i dtaobh a dteidlíochta chun cónaí anseo agus céard is féidir leo a dhéanamh nuair a thiocfaidh siad anseo.
  • Díotha cónaithe do chabhair shóisialta in Éirinn
    Ón 1 Bealtaine 2004, ní mór duit gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn le bheith cáilithe d'íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh. Céard é an riail a bhaineann le gnáthchónaí agus cén chaoi a sásaíonn duine é?
  • Oibrithe imirceacha agus dífhostaíocht
    Leagann sé seo síos na teidlíochtaí iomarcaíochta, leasa shóisialaigh agus cánach atá ag oibrithe imirceacha a chailleann a bpost.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.