Cuireann na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2011 cosc ar idirdhealú i réimse leathan fostaíochta agus cúrsaí a bhaineann le fostaíocht. Baineann siad sin le hearcaíocht agus cur chun cinn; pá cothrom; dálaí oibre; oiliúint nó taithí; dífhostú nó ciapadh lena n-áirítear ciapadh gnéasach. Tugann an reachtaíocht sainmhíniú ar idirdhealú mar caitheamh le duine amháin ar bhealach nach bhfuil chomh fabhrach leis an gcaoi a chaitear le duine eile agus é sin ar aon cheann den 9 bhfáth seo a leanas:
Is é sainmhíniú a thugtar ar idirdhealú ná níos lú fabhar a thabhairt do dhuine. Is féidir a rá go bhfuil idirdhealú á dhéanamh in aghaidh fostaí má thugtar níos lú fabhar dó nó di ná mar a tugadh, nó a thabharfaí, do dhuine eile i gcás cosúil leis ar aon cheann den 9 bhfáth thuas. Má tá cás idirdhealaithe le cruthú caithfear comparáid dhíreach a dhéanamh idir dhá chás. Mar shampla, má tá cás idirdhealaithe ar bhunús míchumais le cruthú caithfear comparáid a dhéanamh idir duine a bhfuil míchumas air nó uirthi agus duine nach bhfuil nó idir bheirt a bhfuil míchumais éagsúla orthu.
Tarlaíonn idirdhealú indíreach nuair nach cosúil go ndéanann beartais nó cleachtais idirdhealú in aghaidh grúpa amháin seachas grúpa eile ach go mbíonn tionchar idirdhealaitheach acu i ndáiríre. Féadfaidh idirdhealú tarlú freisin nuair a bhíonn riachtanas ann, agus bíodh is nach cosúil go bhfuil sé idirdhealaitheach, go mbíonn drochthionchar aige ar ghrúpa nó ar aicme daoine.
Míchumas: Tá sé de dhualgas ar fhostóirí freastal réasúnta a dhéanamh ar baill foirne faoi mhíchumas. Áirítear leis seo rochtain a sholáthar d’fhostaíocht, cur ar chumas daoine faoi mhíchumais páirt a ghlacadh i bhfostaíocht agus in oiliúint agus arduithe céime a fháil.
Toircheas: Idirdhealú ar bhunús inscne is ea idirdhealú a bhaineann le toircheas agus áirítear leis cúrsaí earcaíochta, arduithe céime agus coinníollacha ginearálta fostaíochta. Tugann an reachtaíocht a bhaineann le cosaint mháithreachais agus dífhostú éagórach cosaint do mhná atá ag iompar clainne nó ar rugadh leanaí dóibh le deireanas.
Idirdhealú ó thaobh dálaí fostaíochta is ea Ciapadh lena n-áirítear ciapadh gnéasach bunaithe ar aon cheann den 9 bhunús thuas. Má bhaineann Bulaíocht san ionad oibre le ceann ar bith de na 9 mbunús idirdhealaithe thuas cuimsíonn an reachtaíocht chomhionannais fostaíochta í.
Íospairt: Cosnaíonn an reachtaíocht chomhionannas fostaíochta thú in aghaidh íospairt má dhéanann tú éileamh maidir le hidirdhealú mídhleathach in aghaidh d’fhostóra nó má tá páirt agat ina leithéid de ghearán. Ciallaíonn sé seo nach féidir le d'fhostóir pionós a chur ort trí dhífhostú, caitheamh leat go míchothrom, nó athrú neamhfhabhrach a dhéanamh ar do choinníollacha fostaíochta.
Dhá eagraíocht faoi leith iad An tÚdarás Comhionannais agus An Binse Comhionannais a oibríonn le cinntiú go mbeidh comhionannas san ionad oibre.
Comhlacht reachtúil is ea an Údarás Comhionannais a bunaíodh le deireadh a chur le hidirdhealú, chun cothromaíocht deiseanna a chur chun cinn agus le faisnéis a sholáthar don phobal faoi reachtaíocht chomhionannais. Feadfaidh sé comhairle agus tacaíocht a thabhairt duit chun cás a thabhairt os comhair An Bhinse Comhionannais ach níl sé de chumhacht aige breith a thabhairt faoi chás. Féadfaidh sé ar a lánrogha cúnamh dlí a sholáthar do dhaoine ar mhian leo éilimh a thabhairt chun an Bhinse Comhionannais. Tá bileog maidir le do chearta chomhionannais fostaíochta (pdf) ar fáil ar an suíomh gréasáin na hÚdaráis Chomhionannais.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.