Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cur i bhfeidhm agus cúiteamh > Íospairt ag an obair in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Íospairt ag an obair in Éirinn

Eolas

Úsáidtear an téarma íospairt chun cur síos a dhéanamh ar chaitheamh míchóir a dhéanann fostóir le hoibrí mar gheall ar ghníomh éigin de chuid an oibrí. Tá roinnt reachtaíochta fostaíochta ann a thugann cosaint duit ó íospairt má tá tú ag iarraidh do chearta a fháil, nó ag úsáid do chearta faoin reachtaíocht. Ciallaíonn sé seo nach féidir le d'fhostóir pionós a chur ort trí dhífhostú, caitheamh leat go míchothrom, nó athrú neamhfhabhrach a dhéanamh ar do choinníollacha fostaíochta. Déanann roinnt reachtaíochta cur síos ar an iompar seo mar ''pionós a ghearradh'', ar fhostaí tugann reachtaíocht eile íospairt air. Má tá íospairt á dhéanamh ort ach nach bhfuil sé ag tarlú mar gheall go bhfuil tú ag éileamh do chearta faoi reachtaíocht fostaíochta áirithe, d'fhéadfadh sé gur ciapadhbulaíocht san ionad oibre atá i gceist.

Reachtaíocht fostaíochta a chuireann cosc ar íospairt

Íosphá
Cuireann an tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 cosc ar d'fhostóir íospairt a dhéanamh ort mar gheall go bhfuil tú ag úsáid do chearta faoin Acht seo. Má tá ardú pá ag dul duit faoin Acht seo, mar shampla, ní ceadmhach íospairt a dhéanamh ort trí, mar shampla, laghdú a dhéanamh ar do chuid uaireanta oibre.

Comhionannas fostaíochta
Má thóg tú éileamh nó má thug tú fianaise in imeachtaí i gcoinne d'fhostóra faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998-2008 tá cosaint agat i gcoinne íospartha. Má dhéanann d'fhostóir íospairt ort is féidir leat éileamh eile a thabhairt chuig an mBinse Comhionannais - féach ''Conas iarratas a dhéanamh'' thíos. Is féidir go mbeadh ar d'fhostóir cúiteamh a íoc leat. Tá sé seo fíor fiú amháin má chaill tú do bhunchás i gcoinne d'fhostóra.

Sláinte agus sábháilteacht
Faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005(pdf) ní féidir pionós a ghearradh ort mar gheall gur bhain tú tairbhe as do chearta faoi reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta. Mar shampla, ní féidir le d'fhostóir tú a dhífhostú ná pionós a ghearradh ort mar gheall ar ghearán a dhéanamh faoi sláinte agus sábháilteacht ag an obair chuig an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.

Saoire cúramóra
Faoin Acht um Shaoire Cúramóra 2001 tugtar cosaint duit i gcoinne íospairt a bheith déanta ort as ucht saoire cúramóra a thógáil, nó é a bheith i gceist agat é a thógáil.

Fostaithe páirtaimseartha
Más fostaí páirtaimseartha tú, ní ceadmhach pionós a ghearradh ort mar gheall ar éileamh a dhéanamh ar do chearta faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001.

Fostaithe ar théarma socraithe
Tá cosc ar fhostóir íospairt a dhéanamh ar fhostaí ar théarma socraithe atá ag éileamh a chearta faoin Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003. Is íospairt atá i gceist le dífhostú chun a chinntiú nach mbeidh conradh tréimhse socraithe á mheas mar chonradh neamhiata.

Sceithirí

Faoin Acht um Cheartas Coiriúil 2011 (pdf) má nochtann tú faisnéis do na Gardaí nó má thugann tú fianaise faoi chionta ábhartha tá d'fhostóir toirmiscthe tú a dhífhostú nó pionós a ghearradh ort. Is iad cionta ábhartha iad atá bainteach le coireacht an bhóna bháin, mar shampla, baincéireacht, dlí cuideachta, calaois agus éilliú.

Reachtaíocht fostaíochta agus dífhostú éagórach

Tá reachtaíocht fostaíochta eile ann a thugann cosaint duit i gcoinne dífhostaithe mar thoradh ar iarracht a dhéanamh do chearta faoin reachtaíocht a úsáid ach ní thugann sé cosaint duit i gcoinne íospartha. Má dhífhostaítear tú mar gheall go bhfuil tú ag iompar clainne nó mar gheall go bhfuil tú ag éileamh do chearta faoi reachtaíocht um chosaint mháithreachais is dífhostú éagórach atá i gceist. Tugtar cosaint duit freisin i gcoinne dífhostaithe éagóraigh má thógann tú nó má tá sé i gceist agat saoire uchtaíoch, saoire thuismitheoirísaoire force majeure a thógáil. Sna cúinsi sin, ní gá duit aon tréimhse seirbhíse ar leith a bheith agat le d'fhostóir chun éileamh ar dhífhostú éagórach a dhéanamh - féach ''Conas iarratas a dhéanamh'' thíos.

Conas iarratas a dhéanamh

Íospairt: Má tá íospairt déanta ort is féidir leat gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta. Ní mór an gearán a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí den íospairt líomhnaithe. Is féidir an teorainn ama seo a shíneadh go dtí 12 mhí faoi rogha an Choimisinéara um Chearta.
Is féidir gearáin faoi íospairt a sheoladh ar aghaidh chuig Coimisinéir um Chearta faoin reachtaíocht seo a leanas:
An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 (pdf)
An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001 (pdf)
An tAcht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 (pdf)

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001 (pdf)
An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003 (pdf)

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2011

Dífhostú éagórach: Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi dhífhostú éagórach leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta trí úsáid a bhaint as an ríomh-fhoirm TI-A (pdf). Ní mór iarratais a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí tar éis an dífhostaithe. Is féidir an teorainn ama seo a shíneadh go dtí 12 mhí má tá ''cúinsí eisceachtúla'' i gceist. Ba chóir gearáin faoi dhífhostú a thagann faoi reachtaíocht comhionannais fostaíochta a dhéanamh leis an mBinse Comhionannais - féach thíos.

Má tá dífhostú déanta ort mar gheall gur éiligh tú do chuid cearta faoi reachtaíocht um chosaint mháithreachais, saoire uchtaíoch, saoire thuismitheoirí nó saoire cúramóirí ní gá duit seirbhís bliana a bheith agat chun éileamh a dhéanamh faoi reachtaíocht dífhostaithe éagóraigh.

Má ghearradh pionóis ort tríd dífhostú agus má dhéanann tú iarratas faoi na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go dtí 2007, ní féidir leo gearán a dhéanamh leis an gCoimisinéir um Chearta freisin.

Comhionannas fostaíochta
Ní mór gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta maidir le híospairt, lena n-áirítear dífhostú agus gearáin faoi dhífhostú idirdhealaitheach, a sheoladh ar aghaidh chuig an mBinse Comhionannais ag úsáid foirm EEI (pdf). Ní mór an gearán a thabhairt chun cinn taobh istigh de 6 mhí den ghníomh deireanach íospartha nó dáta an dífhostaithe. Is féidir an teorainn ama seo a mhéadú go dtí 12 mhí sa chás go bhfuil ''cúis réasúnach'' ann leis an moill.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Binse Comhionannais

3 Sráid Chluain Meala
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 477 4100
Lóghlao:1890 34 44 24
Facs:+353 (0)1 477 4141
Láithreán Gréasáin: http://www.equalitytribunal.ie/
R-phost: info@equalitytribunal.ie

Seirbhís Choimisinéir um Chearta

An Coimisiún Um Chaidreamh Oibreachais
Teach Thomáis Mac Sheáin
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 613 6700
Lóghlao:1890 220 227 (outside 01 area)
Facs:+353 (0)1 613 6701
Láithreán Gréasáin: http://www.lrc.ie/docs/Rights_Commissioner_Service_-_Information_about_the_service/234.htm
R-phost: rightscomm@lrc.ie

An Binse Achomhairc Fostaíochta

Teach Davitt
65a Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 631 3006
Lóghlao:1890 220 222
Facs:+353 (0)1 631 3266
Láithreán Gréasáin: http://www.eatribunal.ie/
R-phost: eat@entemp.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 September 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.