Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cur i bhfeidhm agus cúiteamh > An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

Print Page Send to a Friend

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

Eolas

Is é aidhm an Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta ná féachaint chuige go gcomhlíontar an reachtaíocht cearta fostaíochta. Is iad na príomhghníomhaíochtaí atá aige ná faisnéis a chur ar fáil faoi chearta fostaíochta agus a chuid cigirí a chur i mbun monatóireachta ar choinníollacha fostaíochta. Lena chois sin is féidir leis comhlíonadh a fhorfheidhmiú agus sásamh a lorg.

Bunaíodh NERA ar bhonn eatramhach i mí Feabhra 2007 mar oifig de chuid na Roinne Post, Fiontar agus Fostaíochta (an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta faoi láthair). Aistríodh an Fhoireann Chigireachta Saothair, an tAonad Faisnéise faoi Chearta Fostaíochta agus rannóga Forfheidhmithe agus Ionchúisimh na Roinne chuig NERA agus is iad Seirbhísí Cigireachta (féach thíos), Seirbhísí Faisnéise agus Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúisimh NERA faoi seach anois iad. Cuireann Seirbhís Faisnéise NERA faisnéis ar fáil le haghaidh fostaithe agus fostóirí faoi chearta agus teidlíochtaí daoine faoin reachtaíocht fostaíochta. Cinntíonn Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúisimh NERA go gcuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht faoi chearta fostaíochta agus go gcomhlíontar í.

B'é atá á bheartú ag an mBille Um Chomhlíonadh An Dlí Fostaíochta 2008 (pdf), ná:

  • NERA a bhunú ar bhonn reachtúil
  • Cumhachtaí cigireachta agus forfheidhmithe NERA a neartú
  • Cur ar chumas cigirí NERA an reachtaíocht um cheadanna fhostaíochta a fhorfheidhmiú.

Seirbhísí Cigireachta NERA

Bunaíodh an Chigireacht Saothair ar dtús chun Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontuithe Cláraithe Fostaíochta a fhorfheidhmiú faoi na hAchtanna Caidrimh Tionscail 1946–2001. Tá an obair seo ina chuid mhór den obair fhorfheidhmithe atá ag seirbhísí cigireachta NERA agus comhlíonann siad an ról seo i gcomhar leis an g Cúirt Oibreachais.

Tháinig méadú mór ó 2007 ar líon cigirí NERA agus tá sé de chumhacht acu anois oibriú i gcomhar leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus leis na Coimisinéirí Ioncaim in Aonaid Comh-Imscrúdaithe agus faisnéis a mhalartú leo.

Rinne cigirí NERA feachtas cigireachta. Bhí ceann acu dírithe ar an earnáil thógála, lónadóireachta agus slandála agus bhain an péire eile leis an reachtaíocht maidir le pá íosta agus cosaint daoine óga atá fostaithe. Tá tuilleadh eolais sa Treoir d'Iniúchtaí (pdf).

Tá ról forfheidhmithe ag na Seirbhísí Cigireachta maidir le:

Tá feidhm eile ag na Seirbhísí Cigireachta agus is é sin cigireacht a dhéanamh agus faisnéis a bhailiú le haghaidh daoine eile sa Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta i gcomhthéacs na nAchtanna seo a leanas:

agus, thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

Rialacha

D'fhéadfadh cigirí dul isteach in áitribh ag am réasúnta, fostaithe agus fostóirí a chur faoi agallamh, ráitis a ghlacadh, cóipeanna taifead a scrúdú agus a thógáil agus tús a chur le himeachtaí dlí.

Déantar cigireacht chun gearán faoi leith a scrúdú nó d'fhéadfadh foireann cigirí imscrúdaithe randamacha nó sonraithe a dhéanamh in earnáil áirithe den bhfostaíocht.

Go ginearálta, tá trí chéim difriúla ag baint leis an gcigireacht :

  • Má thagann sárú reachtaíochta fostaíochta chun solais nuair a scrúdaítear na taifid ar dtús, ordaítear don bhfostóir é sin a réiteach
  • Cuirtear litir ansin ag lorg fianaise go bhfuil an fostóir ag cloí leis an ndlí mar a ordaíodh
  • Mura bhfuil freagra ar bith nó má tá freagra míshásúil ar an litir, leanann dara cigireacht. Tiocfaidh an dara cigireacht in éineacht le rabhadh go gcuirfear aon sárú nua a aimsítear go dtí seirbhísí dlí na Roinne le hionchúiseamh a dhéanamh.

Glactar le heisceacht leis na nósanna imeachta thuas nuair a aimsítear sáruithe ar an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996. Atreoraítear iad sin le haghaidh ionchúisimh tar éis an chéad chigireachta.

Conas iarratas a dhéanamh

Más mian leat gearán a dhéanamh maidir leis an reachtaíocht fostaíochta a léirítear thuas, ba chóir duit dul i dteagmháil leis na seirbhísí chigireachta na hÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta le foirm ghearáin a fháil. Is féidir an fhoirm ghearáin a íoslódáil anseo. Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an seirbhísí faisnéise na hÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta le haghaidh tuilleadh eolais.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta

Seirbhísí Chigireachta
Oifigí Rialtais
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Teil:(059) 917 8900
Lóghlao:1890 220 100
Láithreán Gréasáin: http://www.employmentrights.ie/en/aboutnera/inspectionservices/
R-phost: inspection@employmentrights.ie

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 18 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.