Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cur i bhfeidhm agus cúiteamh > An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Print Page Send to a Friend

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Eolas

Tá sé mar phríomhaidhm ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais feabhas i gcaidreamh tionsclaíoch a chur chun cinn. Má tá fadhbanna agat sa réimse seo, is féidir iarraidh ar an gCoimisiún a gcuid sheirbhísí a chur ar fáil leis an díospóid a réiteach. Bunaíodh an Coimisiún i 1991 faoin Acht Chaidrimh Thionscail 1990 agus tá ról comhairleach aige ar chaidrimh thionsclaíocha. Déanann sé é seo trí réimse seirbhísí a sholáthar d'fhostóirí, d'fhostaithe agus do cheardchumainn. Áirítear leo an tSeirbhís Idir-Réitigh, an tSeirbhís Chomhairleach, an tSeirbhís Choimisinéir um Chearta agus an tSeirbhís Idirghabhála san Ionad Oibre. Cuireann an Coimisiún cúnamh ar fáil freisin do na Comhchomhairlí Tionscail agus Comhchoistí Oibreachais. Is féidir níos mó a léamh faoi bheartas an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais anseo.

Athchóiriú chun cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm

Ó 4 Eanáir 2012 tá pointe teagmhála aonair agus foirm gearáin shingil nua ar fáil ar láithreán gréasáin chomhroinnte ar workplacerelations.ie.

An 5 Aibreán 2012, d’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta doiciméad Treoirphlean a sonraíonn na struchtúir institiúideacha nua um chaidreamh tionsclaíoch a chuirfear in áit roimh dheireadh 2012. Cuirfidh Coimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre le chéile na seirbhísí reatha na gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís Choimisinéir um Chearta, an Bhinse Comhionannais, Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta agus na feidhmeanna céadchéime an Bhinse Achomhairc Fhostaíochta. Is é an Chúirt Oibreachais an comhlacht achomhairc aonair a éistfear an uile achomhairc ionad oibre, achomhairc Bhinse Achomhairc Fhostaíochta san áireamh. Dréachtaítear reachtaíocht chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm i bhfómhair 2012.

Seirbhís Idir-Réitigh

Cabhraíonn an tSeirbhís Idir-Réitigh le fostaithe agus a bhfostóirí díospóidí a réiteach nuair a theip ar a n-iarrachtaí féin teacht ar réiteach. Bíonn an tOifigeach um Chaidreamh Thionsclaíoch de chuid an Choimisiúin mar chathaoirleach sna cruinnithe agus cabhraíonn sé leis na comhpháirtithe teacht ar réiteach. Réitítear an chuid is mó de na cásanna a atreoraítear chuig an seirbhís idir-réitigh Mura dtagtar ar réiteach, más mian leis na comhpháirtithe, is féidir leo an díospóid a atreorú chuig an gCúirt Oibreachais.

Seirbhís Chomhairleach

Cuireann an tSeirbhís Chomhairleach comhairle agus cúnamh ar fáil d'fhostóirí, d'fhostaithe agus do cheardchumainn nuair nach bhfuil aon díospóid i gceist. Cabhraíonn sí le fostaithe agus fostóirí deachaidrimh oibre a fhorbairt agus teicnící a cothú chun fadhbanna a réiteach. Seirbhís amháin atá acu ná idirghabháil choisctheacha, is é sin comhairle a thabhairt ar nósanna imeachta casaoide agus athrú struchtúrach. D'fhoilsigh sé códanna cleachtais freisin, lena n-áirítear Nósanna Imeachta Casaoide agus Araíonachta agus Nósanna Imeachta le Déileáil le hIompar Bulaíochta san Áit Oibre (pdf)

Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta

Déanann Seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta fiosrú ar díospóidí, casaoidí agus éilimh in Éirinn a dhéanann daoine aonair nó grúpaí beaga fostaithe faoi reachtaíocht áirithe. Feidhmíonn seirbhís na gCoimisinéirí um Chearta mar chuid den Choimisiún um Chaidreamh Oibreachais. Tá na Coimisinéirí um Chearta neamhspleách ina ndualgais agus tá réimse leathan feidhmeanna acu faoi reachtaíocht fostaíochta lena n-áirítear, an tAcht um Shaoire Uchtaíoch 1995, Acht um Shaoire Cúramóra 2001, Acht um Chosaint Mháithreachais 1994, Acht um Íosráta Pá Náisiúnta 2000, Acht um Eagrú Ama 1997, Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998, Acht um Íoc Pá 1991, Acht um Chosaint Chearta Fostaithe (Obair Théarma Socraithe) 2003, Acht um Chosaint Chearta Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha)) 2001, Acht um Chosaint Dhaoine Óga (Fostaíocht) 1996, Acht um Shláinte agus Sábháilteachta agus Leasa san Ionad Oibre 2005, Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus Acht um Dífhostú Éagórach 1997-1993.

Léigh níos mó faoi Sheirbhís na gCoimisinéirí um Chearta anseo. Féach "Conas iarratas a dhéanamh" thíos más mian leat aighneas a atreorú chuig coimisinéir um chearta.

Seirbhís Idirghabhála san Ionad Oibre

Tá sé mar aidhm ag an Seirbhís Idirghabhála san Ionad Oibre díospóidí agus easaontais a réiteach go háirithe díospóidí lena mbaineann daoine aonair nó grúpaí beaga oibrithe . Nuair a bhíonn fostaithe agus a bhfostóirí i gcoimhlint lena chéile deis tugann an tSeirbhís rúnda seo deis dóibh a gcoimhlint a réiteach ar bhealach frithpháirteach ag obair leis an idirghabhálaí. Is próiseas deonach í an Idirghabháil san Ionad Oibre agus ní féidir leis an bpróiseas leanúint ar aghaidh ach amháin má tá gach páirtí sásta páirt a ghlacadh ann agus obair a dhéanamh le teacht ar réiteach na faidhbe. An buntáiste a bhineann leis an idirghabháil san ionad oibre a úsáid ná gur deis í chun fadhbh a réiteach ar bhealach neamhfhoirmiúil. Cintíonn sé go gcloistear gach comhpháirtí agus go bhfuil nglacann siad ar fad páirt i bhforbairt an réitigh. Léigh níos mó faoi Sheirbhís Idirghabhálaí san Ionad Oibre anseo.

Conas iarratas a dhéanamh

Go ginearálta, ba chóir d'fhostóirí agus fhostaithe dul i dteagmháil leis an gCoimisiún trí eagraíochtaí fostóirí nó cheardchumainn. Tá sé de cheart ag fostóir, nach ball d'eagraíocht fostóirí é/í, nó fostaí aonair, cuma go bhfuil sé/sí mar bhall de cheardchumann nó nach bhfuil, dul i dteagmháil dhíreach leis an gCoimisiún.

Más mian leat éileamh a chur chuig coimisinéir um chearta, déan iarratas tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais

Teach Tom Johnson
Bóthar Haddington
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 613 6700
Facs:+353 (0)1 617 6701
Láithreán Gréasáin: http://www.lrc.ie
R-phost: info@lrc.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.