Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cur i bhfeidhm agus cúiteamh > An Binse Comhionannais

Print Page Send to a Friend

An Binse Comhionannais

Eolas

Is é an Binse Comhionannais an comhlacht stáit neamhspleách arna bhunú chun fiosrúchán nó idirghabháil a dhéanamh ar ghearáin maidir le idirdhealú. Láimhseálann an Binse Fiosrúcháin Comhionannais gach gearán leatroim i bhfostaíocht agus rochtain ar earraí agus seirbhísí faoin reachtaíocht comhionannais seo:

  • Tá sé neamhdhleathach faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2011 idirdhealú a dhéanamh i gcúrsaí fostaíochta, lena n-áirítear: ardú céime, pá, coinníollacha, gairmoiliúint agus taithí oibre, briseadh as post agus ciapadh.
  • Tá sé neamhdhleathach faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2011 idirdhealú a dhéanamh lasmuigh den fhostaíocht lena n-áirítear: rochtain ar earraí agus seirbhísí, díol, ligean ar cíos nó cur ar léas fhoirgneamh agus gnéithe áirithe oideachais.

Tarlaíonn idirdhealú nuair a chaitear leat ar bhealach níos measa ná mar a chaitear le duine eile, nó mar a caitheadh nó a chaithfí leo, mar gheall ar do:

  • Inscne
  • Stádas sibhialta
  • Stádas teaghlaigh
  • Creideamh
  • Claonadh gnéasach
  • Aois
  • Míchumas
  • Cine (lena n-áirítear dath craicinn, náisiúntacht, bunús eitneach nó náisiúnta)
  • Ballraíocht den Lucht Siúil

ansmacht arna chlúdach freisin ag reachtaíocht comhionannais. Tarlaíonn ansmacht nuair a chaitear ar bhealach níos measa le duine amháin ná le duine eile mar gheall go raibh siad i gcoinne idirdhealaithe nó go raibh siad páirteach i ngearán idirdhealaithe mhídhleathúil.

Láimhseálann an Binse Fiosrúcháin Comhionannais freisin gach gearán idirdhealaithe ó thaobh incsne i scéimeanna pinsin ceirde faoi na hAchtanna na bPinsean 1990 go 2004. Ní féidir leis an mBinse Comhionannais gearáin maidir le háitribh cheadúnaithe (mar shampla, tithe tábhairne) agus clubanna cláraithe (mar shampla, tá roinnt clubanna gailf ina gclubanna cláraithe). Chun dul i mbun gearáin faoi áitreabh ceadúnaithe nó club cláraithe ní mór duit do chás a thabhairt go dtí an Chúirt Dúiche.

Céard é an difríocht idir an Binse Comhionannais agus an tÚdarás Comhionannais?

Is dhá eagraíocht ar leith iad an Binse Comhionannais agus an tÚdarás Comhionannais.

Is comhlacht stát-tionscanta é an tÚdarás Comhionannais arna bhunú chun deireadh a chur le idirdhealú mídhleathúil, chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus chun eolas a sholáthar don phobal ar an reachtaíocht comhionannais. Is féidir leis comhairle a chur ort agus tacaíocht a thabhairt duit agus tú ag tabhairt éilimh chuig an mBinse ach níl aon chumhacht aige cinneadh a dhéanamh ar chás.

Is chuig an mBinse Comhionannais a thugann tú d'éileamh. Déanann sé fiosrú nó idirghabháil ar éilithe idirdhealaithe mhídhleathúil faoin reachtaíocht comhionannais. Cabhróidh eadránaí ón mBinse leis na páirtithe a theacht ar chomhaontas a bheidh ina cheangal dlí. Nuair a dhéanann páirtithe gearán maidir le hidirghabháil, éistfidh Oifigeach Comhionannais ón mBinse an cás, agus cloisfidh sé/sí fianaise ón dá pháirtí roimh dó nó di Cinneadh a bheidh ina cheangal dlí a thabhairt.

Athchóiriú chun cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm

Ó 4 Eanáir 2012 tá pointe teagmhála aonair agus foirm gearáin shingil nua ar fáil ar láithreán gréasáin chomhroinnte ar workplacerelations.ie.

An 5 Aibreán 2012, d’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta doiciméad Treoirphlean a sonraíonn na struchtúir institiúideacha nua um chaidreamh tionsclaíoch a chuirfear in áit roimh dheireadh 2012. Cuirfidh Coimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre le chéile na seirbhísí reatha na gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís Choimisinéir um Chearta, an Bhinse Comhionannais, Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta agus na feidhmeanna céadchéime an Bhinse Achomhairc Fhostaíochta. Is é an Chúirt Oibreachais an comhlacht achomhairc aonair a éistfear an uile achomhairc ionad oibre, achomhairc Bhinse Achomhairc Fhostaíochta san áireamh. Dréachtaítear reachtaíocht chun na hathruithe seo a chur i bhfeidhm i bhfómhair 2012.

Rialacha

Ní féidir leis an mBinse Comhionannais gníomhú ach amháin i leith gearán a dhéantar i scríbhinn. Más mian leat gearán a dhéanamh ní mór duit é a dhéanamh taobh istigh de na teorainn ama atá leagtha síos faoin dlí - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Má tá gearán á dhéanamh agat faoin reachtaíocht stádas comhionann ní mór duit an duine nó an eagraíocht a bhfuil tú ag déanamh an gearán ina leith a chur ar an eolas ar dtús taobh istigh de dhá mhí ó dháta an ghnímh dheiridh idirdhealaithe - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.

Idirghabháil

Nuair a dhéanann tú do ghearán chuig an mBinse Comhionannais tairgfear idirghabháil duit. Is éard atá in idirghabháil ná iarracht comhaontas a fháil idir na páirtithe.

Ní mór duit foirm ET.1 (pdf); a chomhlánú chun glacadh leis an tairiscint idirghabhála nó chun é a dhiúltú. Síníonn an dá thaobh comhaontas atá ina cheangal dlí ag deireadh na hidirghabhála ionas go mbeidh ar an dá thaobh cloí le téarmaí an chinnte. Bíonn idirghabháil ar siúl go príobháideach agus ní fhoilsítear an comhaontas. Mura dtagann sibh ar chomhréiteach trí idirghabháil is féidir leat a iarraidh go dtabharfaí do chás faoi imscrúdú.

Fiosrúchán

Má dhiúltaíonn tú don tairiscint idirghabhála rachaidh do ghearán díreach chuig imscrúdaithe. Bíonn imscrúdú ar siúl go príobháideach freisin. Ag deireadh an imscrúdaithe eisíonn Oifigeach Comhionannais an Bhinse cinneadh atá ina cheangal dlí freisin. Ní mór gach cinneadh a fhoilsiú faoin dlí ach i gcásanna íogair is féidir ainmneacha a choinneáil siar. Má dhéanann an tOifigeach Comhionannais cinneadh i do fhábhar, déanfar ordú a bheidh ina cheangal dlí. Beidh ceann nó níos mó de na nithe seo a leanas i gceist mar leighis: cúiteamh, ordú i gcomhair pá comhionann nó caitheamh le daoine ar bhealach comhionann, agus/nó ordú go ndéanfaidh duine éigin gníomh sainithe a chur i gcrích. Chun tuilleadh eolais a fháil faoi imscrúdú ní mór duit dul i dteagmháil leis an mBinse. Cuirtear cóipeanna de na cinntí ar fad ar fáil ar shuíomh idirlín an Bhinse.

Ní féidir leis an mBinse comhairle a thabhairt do cheachtar taobh maidir le fiúntais do cháis mar nach mór dó a bheith neamhchlaonta. Is féidir go mbeadh comhairle ar fáil ó cheardchumann, grúpa tacaíochta, Ionad Faisnéise do Shaoránaigh nó an tÚdarás Comhionannais.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór gearáin faoi na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2011 a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí tar éis an ghnímh dheiridh idirdhealaithe. Ba chóir duit gearán a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Ní mór gearáin maidir le leatrom i bpinsin a dhéanamh taobh istigh de 6 mhí tar éis an post a fhágáil. Ba chóir duit gearán a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Má tá gearán á dhéanamh agat faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2011 ní mór duit an duine nó an eagraíocht a bhfuil tú ag déanamh an gearán ina leith a chur ar an eolas ar dtús taobh istigh de 2 mhí ó dháta an ghnímh dheiridh idirdhealaithe. Chun é seo a dhéanamh is féidir leat foirm ES.1 a chomhlánú (pdf) agus a sheoladh chuig an duine nó an eagraíocht a bhfuil tú ag déanamh an gearán ina leith. Is féidir leis an Stiúrthóir Imscrúdaithe Comhionannais an teorainn ama um fhógra a mhéadú go dtí cheithre mhí. Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra ón soláthraí seirbhíse, nó mura bhfuil aon fhreagra déanta acu taobh istigh de mhí amháin ón dáta ar chuir tú ar an eolas iad, agus gur mian leat leanúint ar aghaidh leis an ngearán, ba chóir duit an fhoirm ES.3 (pdf) agus na nótaí treorach (pdf) a úsáid. Ní mór duit an fhoirm ES.3 comhlánaithe chuig an mBinse Comhionannais a sheoladh – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Ní mór do ghearán a thabhairt go dtí an Binse Comhionannais taobh istigh de 6 mhí ó dháta an ghnímh idirdhealaithe is déanaí. Is féidir an teorainn ama sin a shíneadh go dtí 12 mí ar 'chúis réasúnach'.

Is féidir achomharc a dhéanamh ar gach cinneadh de chuid an Bhinse, chuig an gCúirt Oibreachais i gcomhair cásanna fostaíochta agus pinsin agus chuig an gCúirt Chuarda i gcomhair cásanna stádas comhionann, taobh istigh de 42 lá ó eisiúint an chinneadh.

Tá tuilleadh faoi fhaisnéis chomhionannas fostaíochta agus fhaisnéis stádas comhionann ar shuíomh idirlín an Bhinse.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Binse Comhionannais

3 Sráid Chluain Meala
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:+353 (0)1 477 4100
Lóghlao:1890 34 44 24
Facs:+353 (0)1 477 4141
Láithreán Gréasáin: http://www.equalitytribunal.ie/
R-phost: info@equalitytribunal.ie



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • An tÚdarás Comhionannais
    Is comhlacht Stáit neamhspleách é an tÚdarás Comhionannais arna bhunú chun cearta an uile shaoránaigh a chur chun cinn agus a chosaint agus chun a chinntiú nach dtarlaíonn idirdhealú ar naoi bhforas ar leith.
  • Cur i bhfeidhm do chearta fostaíochta
    Muna bhfuil do chearta fostaíochta á dtabhairt duit tá comhlachtaí éagsúla ann a d'fhéadfadh cabhair a thabhairt duit iad a chur i bhfeidhm.
  • Forbhreathnú: comhionannas san ionad oibre
    Cuireann an reachtaíocht um chomhionannas fostaíochta cosc ar idirdhealú i réimse leathan fostaíochta agus cúrsaí a bhaineann le fostaíocht.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.