Faoin dlí fostaíochta tá cearta áirithe ag daoine ag obair in Éirinn ar nós íosráta pá agus saoire bhliantúil. Mura bhfuil do chearta nó teidlíochtaí á dtabhairt duit nó má chailleann tú do phost nó má cheapann tú gur dífhostaíodh tú go héagórach, tá eagraíochtaí éagsúla ann le cabhrú leat chun do chearta a chur i bhfeidhm. I measc na n-eagraíochtaí a bhfuil baint acu le cearta fostaíochta a chur i bhfeidhm tá an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta, an Binse Achomhairc Fhostaíochta, an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais, an tSeirbhís Choimisinéir um Chearta, an Binse Comhionannais agus an Chúirt Oibreachais.
D'fhógair an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta moltaí maidir le 5 eagraíocht a chuireann cearta fostaíochta i bhfeidhm a athchóiriú. Cuimsíonn na moltaí struchtúr comhtháite dhá leibhéal nua agus pointe iontrála aonair in ionad na heagraíochtaí seo. Tá sé beartaithe ag an Aire an pointe iontrála agus láithreán gréasáin chomhroinnte a thabhairt isteach roimh dheireadh 2011.
Mar chuid den Chomhaontú Comhpháirtíochta Náisiúnta i dTreo 2016, bunaíodh oifig reachtúil nua, an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (UNCF) sa bhliain 2007 - féach anseo thíos. Méadítear an líon cigirí UNCF) faoi trí agus tugfar an chumhacht di plé le comhlíonadh cearta fostaíochta leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Teaghlaigh agus na Coimisinéirí Ioncaim i gComhaonaid Fiosrúcháin.
Bhí an Bille Um Chomhlíonadh An Dlí Fostaíochta 2008 (pdf) ann. Bhí molta an Bhille mar a leanas:
I Feabhra 2007 bhunaigh an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (UNCF) go sealadach le linn reachtaíocht um chomhlíonadh cearta fostaíochta a thabhairt isteach. Bhí an Chigireacht Oibreachais, an tAonad Faisnéise Cearta Fostaíochta agus na rannóga forfheidhmithe agus ionchúiseamh de chuid na Roinne Fiontair, Trádála agus Fostaíochta (an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta anois) aistrithe chuig UNCF
Seirbhísí Faisnéise UNCF (an tAonad Faisnéise Cearta Fostaíochta roimhe sin):Soláthraíonn siad faisnéis faoi chearta agus teidlíochtaí faoi reachtaíocht fostaíochta seachas comhionannas fostaíochta. Tá réimse foilseachán maidir le cearta fostaíochta curtha ar fáil acu ina bhfuil faisnéis i dteangacha eile.
Seirbhísí Chigireachta UNCF (an Chigireacht Saothair roimhe sin): Tá siad freagrach as dlithe áirithe fostaíochta agus Orduithe Rialaithe Fostaíochta agus Comhaontuithe Cláraithe Fostaíochta chur i bhfeidhm. Tugann sé faoi chigireacht agus bailíonn sé faisnéis a bhaineann le dlithe fostaíochta eile. Mar shampla, féadann fostaithe nó páirtithe leasmhara cigireacht a iarraidh maidir le cosaint daoine óga i bhfostaíocht.
Seirbhísí Forfheidhmithe agus Ionchúiseamh UNCF (rannóga na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta roimhe sin): Tá ról comhlíonta agus forfheidhmithe um cearta fostaíochta acu.
Is comhlacht neamhspleách é an Binse Achomhairc Fhostaíochta a éisteann réimse leathan aighneas ag baint le cearta fostaíochta. Ag brath ar an reachtaíocht, éisteann sé éilimh nó achomhairc. Uaireanta, tugtar éileamh díreach chuig an mBinse – féach conas iarratas a dhéanamh thíos. I gcásanna eile ní éisteann sé ach achomhairc i gcoinne socruithe nó moltaí a rinne Coimisinéir um Chearta.
Cuireann an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais feabhsú i gcaidrimh thionsclaíocha chun cinn agus cuireann sé comhairle ar fáil ar an ábhar céanna. Déanann sé é sin trí réimse leathan seirbhísí a sholáthar d'fhostóirí, d'fhostaithe agus do cheardchumainn lena n-áirítear an tSeirbhís Idir-Réitigh, an tSeirbhís Chomhairleach, an tSeirbhís Choimisnéir um Chearta agus an tSeirbhís Idirghabhála san Ionad Oibre
Is oifigeach neamhspleách é an Coimisinéir um Chearta de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh Oibreachais, a éisteann éilimh cearta fostaíochta a dhéantar ar bhonn aonair. Déanann an Coimisinéir um Chearta iarracht teacht ar shocrú leis an dá pháirtí agus déanann sé cinneadh mura socraítear an t- aighneas. I gcásanna áirithe, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta i gcoinne cinnidh a rinne Coimisinéir um Chearta, i gcásanna eile chuig an gCúirt Oibreachais.
Déanann an Binse Comhionannis fiosrú nó idirghabháil ar ghearáin leatroim i bhfostaíocht lena n-áirítear oiliúint agus rochtain chun fostaíochta. Faoin Achtanna um Chomhionannais Fostaíochta 1998-2008 tá sé in aghaidh an dlí leatrom a fheidhmiú i gcoinne duine mar gheall ar inscne, stádas sibhialta, creideamh, claonadh gnéis, aois, míchumas, cine nó a bheith mar bhall den Lucht Siúil.
Féadann an Chúirt Oibreachais fiosrúchán a dhéanamh ar aighneas tionsclaíoch i gcásanna áirithe. Is féidir achomharc a thabhairt chuici i gcoinne cinnidh a rinne Coimisinéir um Chearta nó an Binse Comhionannais.
I measc freagrachtaí na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta, tá cur chun cinn fostaíochta, cosaint fostaithe agus ceadanna fhostaíochta.
Braitheann an áit a ndéanann tú gearán léi chun ceann de do cheartafostaíochta a fhorfheidhmiú ar an dlí fostaíochta a dtagann sé faoi. Mar shampla tá do theidlíocht maidir le saoire bhliantúil leagtha amach faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997.
Cuireann roinnt reachtaíocht fostaíochta cosc ar fhostóirí ó íospairt a dhéanamh ar fhostaithe nó pionóis a ghearradh orthu sin a dhéanann iarracht a gcuid ceart a thugtar leis an reachtaíocht a fhorfheidhmiú nó atá ag forfheidhmiú a gcuid ceart. Is éard a d’fhéadfadh a bheith i gceist le h Íospairt ná cóir is lú fabhar nó dífhostú.
Má tá gearán agat maidir le teidlíochtaí ar nós saoire bhliantúil, laethanta saoire poiblí, uaireanta oibre, saoire mháithreachais, saoire chúramóra, saoire altramais, saoire tuismitheora, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an Seirbhís Choimisinéir um Chearta. Is féidir leat an fhoirm ghearáin a íoslódáil anseo
Má tá dífhostú éagórach á héileamh agat ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig Seirbhís an Choimisinéara um Chearta má aontaíonn tú agus d'fhostóir. Má dhéanann aon duine agaibh gearán maidir le coimisinéir um chearta ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta.
Má tá aighneas faoi iomarcaíocht nó mura dtugtar an fógra íosta riachtanach duit is féidir leat achomharc a thabhairt chuig an mBinse Achomhairc Fhostaíochta
Má tá gearán agat maidir le leatrom sa bhfostaíocht ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an mBinse Comhionannais ar fhoirm EE.1 (pdf).
Más mian leat tuilleadh eolais faoi dlí agus chearta fostaíochta, déan
teagmháil leis an seirbhís faisnéise UNCF.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.