Is foras neamhspleách in Éirinn é an Binse Achomhairc Fostaíochta a thugann deis do dhaoine aonair an modh neamhfhoirmiúil agus neamhchostasach seo a úsáid chun sásamh a fháil nuair a sháraítear cearta fostaíochta áirithe. Bunaíodh é de réir Alt 39 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 agus é mar aidhm aige breithniú a dhéanamh ar dhíospóidí i leith iomarcaíochta nuair a bunaíodh é. Tá cumhachtaí an fhorais méadaithe ó shin i leith, a fhágann go ndéileálann sé le díospóidí i leith iliomad dlíthe fostaíochta anois - amharc ar 'Rialacha' thíos.
Ó 4 Eanáir 2012 tá pointe teagmhála aonair agus foirm gearáin shingil nua ar fáil ar láithreán gréasáin chomhroinnte ar workplacerelations.ie.
An 6 Iúil 2012, d’fhoilsigh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta doiciméad beartais a sonraíonn a fhorálacha reachtúla beartaithe le haghaidh seirbhíse um chaidreamh san ionad oibre nua a chuirfear in áit i 2013. Cuirfidh Coimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre le chéile na seirbhísí reatha na gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais, Sheirbhís Choimisinéir um Chearta, an Bhinse Comhionannais, Údaráis Náisiúnta um Chearta Fostaíochta agus na feidhmeanna céadchéime an Bhinse Achomhairc Fhostaíochta. Is é an Chúirt Oibreachais an comhlacht achomhairc aonair a éistfear an uile achomhairc ionad oibre, achomhairc Bhinse Achomhairc Fhostaíochta san áireamh. Rithfear Bille um Chaidreamh san Ionad Oibre i 2013 a chuirfear na hathruithe seo i bhfeidhm.
Éisteann an Binse le réimse leathan díospóidí mar gheall ar chúrsaí cearta fostaíochta agus déanann sé cinntí a bhfuil ceangal dlí ag gabháil leo. Éisteann sé le héilimh nó le hachomhairc, ag brath ar an reachtaíocht. Uaireanta déantar éileamh go díreach leis an mBinse, i gcásanna eile éistear le hachomhairc i gcoinne cinntí nó moltaí Coimisinéara um Chearta amháin - tuilleadh sonraí le fáil thíos.
Bunaíodh an Binse Achomhairc Fostaíochta chun déileáil le díospóidí faoin reachtaíocht seo:
Ní gá go ndéanfar ionadaíocht ort ag an mBinse ach is féidir le duine ionadaíocht a dhéanamh ort más mian leat. D'fhoilsigh an Binse leabhrán in éineacht leat dár theideal P45 nó P60 agus ba chóir duit an leabhrán seo, a dhéanann cur síos mion ar na bearta, a léamh chomh maith Leabhrán Míniúcháin ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta.
Muna bhfuil ionadaí agat chun do chás a chur i láthair, déanfaidh an Binse cinnte nach mbíonn tú faoi mhíbhuntáiste mar thoradh ar seo. Ba chóir duit a dheimhniú go bhfuil na doiciméid ábharthacha uile agat ar nós P45 nó P60 agus ba chóir duit an Leabhrán Míniúcháin ar an mBinse Achomhairc Fostaíochta (pdf) a léamh freisin chun dearbhú go bhfuil tú ar an eolas i dtaobh bhearta an Bhinse.
Is féidir leat éileamh díreach a dhéanamh leis an mBinse le haghaidh iomarcaíochta agus ba chóir duit é seo a dhéanamh laistigh de 12 mí ó dháta fhoirceannadh d'fhostaíochta. Is féidir leat éileamh díreach a dhéanamh mar thoradh ar dhífhostú éagórach i gcás go gcuireann tusa nó d'fhostóir in aghaidh éisteacht Coimisinéara um Chearta. Ba chóir duit é seo a dhéanamh laistigh de shé mhí ó dháta do dhífhostaithe. Amharc ar ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos le haghaidh tuilleadh sonraí.
Éisteann an Coimisinéir um Chearta cásanna i dtosach, de réir na
reachtaíochta seo a leanas. Ansin, féadfar achomharc a dhéanamh leis an
mBinse Achomhairc Fostaíochta, i gcoinne chinneadh nó mholadh an
Choimisinéara um Chearta.
An tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2001, An tAcht um Íocaíocht Pá
1991, An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001, An tAcht
um Chosaint Máithreachais 1994, An tAcht um Shaoire Uchtála 1995, An tAcht um
Chosaint Dhaoine Óga (Fostaíocht) 1996, An tAcht um Shaoire do
Thuismitheoirí 1998, An tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh
Drochúsáid Leanaí 1998, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Chearta
Fostaithe ar Aistriú Gnóthas) (Leasú) 2000, Rialacháin na gComhphobal
Eorpach (Cosaint Fostaíochta) 2000 agus An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001.
Idir ceithre agus sé sheachtain ó chinneadh nó moladh an Choimisinéara um Chearta atá an teorainn ama le haghaidh achomharc a dhéanamh (ag brath ar an Acht faoi leith).
Má dhéantar d'éileamh faoi Scéim um Dhócmhainneacht Fostóirí a dhiúltú is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an mBinse.
Má tá moladh nó cinneadh déanta ag an gCoimisinéir um Chearta nach bhfuil curtha i bhfeidhm ná curtha chun achomhairc ag d'fhostóir, is féidir leat iarratas a dhéanamh leis an mBinse ionas go gcuirfear an cinneadh nó an moladh i bhfeidhm - amharc ar 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Tá riaráiste cásanna ag feitheamh éisteachta ón mBinse Achomhairc Fostaíochta i láthair na huaire. Beidh ort fanacht tuairim os cionn bliana sula n-éistfear do chás. Féadfar agaí feithimh beachta a fháil ón mBinse Achomhairc Fostaíochta - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos.
Is gnách go dtugtar 'breith' ar chinneadh an Bhinse agus tá ceangail dlí ag gabháil leis. Ná déan dearmad ar na pointí seo a leanas i leith achomhairc fostaíochta;
Féadfaidh ceachtar páirtí achomharc a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda laistigh de sé seachtaine ón mbreith, de réir na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977-2001 agus an Achta um Chosaint Mháithreachais d'Fhostaithe 1981 (níl an t-achomharc teoranta do phonc dlí) I gcás nach dtugtar aon achomharc chun na Cúirte Cuarda agus nach gcuireann an fostóir an bhreith i bhfeidhm, féadfaidh an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta imeachtaí a thabhairt chun na Cúirte Cuarda ar son an fhostaithe.
Ó 4 Eanáir 2012 má tá tú iomarcach, dífhostaithe go héagórach nó mura bhfaigheann tú fógra íosta, déan iarratas tríd an fhoirm ghearáin Chaidrimh san Ionad Oibre.
I gcásanna eile déan iarratas tríd an ríomh-fhoirm a úsáid mar a leanas:
Nuair tá an fhoirm chomhlánaithe, priontáil agus sín í sula seolfá í chuig an mBinse.
Tá tuilleadh faisnéise ann maidir le foirmeacha
iarratais agus maidir le hiarratas
a dhéanamh ar láithreán gréasáin an Bhinse.
Teach Davitt
65a Bóthar Adelaide
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 631 3006
Lóghlao:1890 220 222
Facs:+353 (0)1 631 3266
Láithreán Gréasáin: http://www.eatribunal.ie/
R-phost: eat@entemp.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.