Pá íosta

Réamhrá

Is fút féin agus d’fhostóir a bhíonn sé, go ginearálta, comhaontú a dhéanamh ar an méid pá a fhaigheann tú ar an obair. Is gnách go ndéantar idirbheartaíocht faoi phá nuair a fhaigheann tú tairiscint poist.

Bíonn formhór na bhfostaithe i dteideal pá íosta, áfach, faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta, 2000.

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, is é an pá íosta náisiúnta €12.70 san uair. Íoctar rátaí fo-íosta le roinnt daoine, ar nós iad siúd faoi bhun 20 bliain d’aois (féach an mhír ‘Rátaí’ thíos).

Ní chuireann an pá íosta náisiúnta cosc ar fhostóir pá níos airde a thairiscint duit. Ní féidir leat aontú leis go n-íocfar níos lú leat ná an pá íosta nó obair gan íocaíocht a dhéanamh, murach go bhfuil tú fostaithe ag neasghaol leat nó go bhfuil tú ag tabhairt faoi phrintíseacht aitheanta.

Íoctar rátaí éagsúla pá d’earnálacha áirithe

Tá rátaí íosta pá eile ann d’fhostaithe in earnálacha áirithe, cosúil leis an earnáil slándála agus an earnáil ghlantacháin. Leagtar amach na rialacha do na hearnálacha seo in Orduithe Rialaithe Fostaíochta (ORFanna) a dhéanann Comhchoistí Oibreachais. Is féidir teacht ar níos mó eolais ar ár leathanach, Comhaontuithe agus orduithe fostaíochta.

Cad a chuirtear san áireamh marphá?

Ar mhaithe leis an bpá náisiúnta íosta, áirítear le d’ollphá (do phá iomlán sula n-asbhaintear aon airgead as, cosúil le cáin nó ranníocaíochtaí pinsin):

  • Do bhuntuarastal
  • Aon bhiseach sealoibre (mar shampla, pá breise d’oibriú ar an Domhnach)
  • Bónas
  • Muirear seirbhíse

Má fhaigheann tú bia (ar a dtugtar ‘bord’) nó cóiríocht (ar a dtugtar ‘lóistín’) ó d’fhostóir, cuirtear na suimeanna seo a leanas san áireamh nuair a bhíonn pá íosta á ríomh:

Rátaí boird: €1.14 san uair a oibríodh
Rátaí lóistín: €30 sa tseachtain nó €4.28 sa lá

Caithfidh fostóirí pá íosta náisiúnta a íoc chun oibriú i socrúcháin taithí oibre, trialacha oibre, intéirneachtaí agus aon chleachtas fostaíochta eile a dhéanamh a mbaineann obair gan íocaíocht nó oibriú le haghaidh lóistín agus béilí leis.

Conas a ríomhtar mo ráta san uair?

Is é an modh bunúsach chun an ráta a ríomh chun an t-ollphá a roinnt faoin líon iomlán uaireanta an chloig a oibríodh, faoi mar a leagtar amach in Alt 20den Acht um Pá Íosta Náisiúnta, 2000. Caithfidh sé a bheith soiléir, áfach, ón tosach cén pá a chuirtear san áireamh, cén uaireanta a chuirtear san áireamh agus cén tréimhse a chumhdaíonn an ríomh (an tréimhse thagartha pá, ar nós pá seachtainiúil nó míosúil).

Uaireanta oibre

Is iad d’uaireanta oibre pé ceann is mó:

•Na huaireanta a leagtar amach in aon cháipéis, ar nós conradh fostaíochta, comhaontú comhchoiteann nó ráiteas ar théarmaí fostaíochta a chuirtear ar fáil faoin Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994

•Na huaireanta an chloig féin a oibríodh nó ina raibh tú ar fáil don obair agus ar íocadh thú astu

Áirítear le d’uaireanta oibre ragobair, am taistil, nuair is cuid den phost é seo, am a caitheadh ar oiliúint atá údaraithe ag an bhfostóir agus i rith gnáthuaireanta oibre.

Ní áirítear le d’uaireanta oibre am a caitheadh ar an méid seo a leanas:

•Fuireachas seachas ag an ionad oibre

•Saoire, leagan as, stailc nó i ndiaidh íocaíocht in ionad fógra

•Ag taisteal chuig nó ón obair

Tréimhse thagartha pá

Roghnaíonn an fostóir an tréimhse, ar a dtugtar an tréimhse thagartha pá, óna ríomhfar an meánphá san uair – mar shampla, seachtain, coicís nó mí (ach tráth nach faide ná mí).

Caithfidh an fostóir sonraí a chur san áireamh faoin tréimhse thagartha pá sa ráiteas ar choinníollacha fostaíochta a leagtar amach san Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis), 1994.

Is féidir leat iarraidh ar d’fhostóir ar ráiteas scríofa ar do mheánráta pá d’aon pá tréimhse thagartha pá le 12 mhí anuas. Tugtar 4 seachtaine don fhostóir chun an ráiteas a thabhairt duit.

Cad nach gcuirtear san áireamh marphá?

Ná cuir na rudaí seo a leanas san áireamh nuair a bhíonn an pá íosta á ríomh:

•Préimh ragoibre

•Préimh glaoch amach

•Pá seirbhíse (síntiúis a íoctar go díreach leat)

•Préimh d’uaireanta míshóisialta

•Síntiúis a fhágtar i lárchiste a bhainistíonn an fostóir agus a íoctar mar chuid de do phá

•Préimheanna ar oibriú ar saoirí poiblí, an Satharn nó an Domhnach

•Liúntais do dhleachtanna speisialta nó breise

•Liúntais ar glao-dhualgas nó ar fuireachas

•Íocaíochtaí áirithe a dhéantar leat nuair a bhíonn tú as láthair ón obair, mar shampla, pá breoiteachta, pá saoire nó pá i rith saoire shláinte agus shábháilteachta

•Íocaíocht atá bainteach leis an bhfostaíocht a fhágáil, íocaíocht ar scor ina measc

•Ranníocaíochtaí a d’íoc an fostóir le haon scéim pinsin ceirde atá ar fáil duit

•Íocaíochtaí iomarcaíochta

•Réamhíocaíocht tuarastail, mar shampla: cuirfear an méid a bhíonn i gceist i gcuntas don tréimhse nuair nár ghnách go n-íocfaí leat é

•íocaíocht chomhchineáil nó sochar comhchineáil, seachas bia nó lóistín

•Íocaíocht nach mbaineann le d’fhostaíocht

•Cúiteamh ar ghortú nó caillteanas uirlisí

•Dámhachtain mar chuid de scéim moltaí foirne

•Iasacht a thugann an fostóir duit

Oibrithe nach bhfuil i dteideal páíosta a fháil

Níl tú i dteideal an pá íosta náisiúnta a fháil sna cásanna seo a leanas:

•Tá tú fostaithe ag neasghaol (mar shampla, céile, páirtnéir sibhialta nó tuismitheoir), nó

•Tá tú ag tabhairt faoi phrintíseacht reachtúil, nó

•Tá tú faoi 20 bliain d’aois (féach ‘Rátaí’ thíos)

Rátaí íosta pá faoi láthair

Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, is é an pá íosta náisiúnta €12.70 san uair, féach ‘Rátaí’ thíos.

Rátaí an 1 Eanáir 2024 nó ina dhiaidh sin

 
Aoisghrúpa Ráta íosta pá san uair % den phá íosta
Aois 20 bliain agus níos sine €12.70 100%
Aois 19 mbliana €11.43 90%
Aois 18 mbliana €10.16 80%
Faoi 18 mbliana d’aois €8.89 70%

Cuirtear deireadh san Acht Fostaíochta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2018 le rátaí oiliúna agus déantar na rátaí fo-íosta a shimpliú bunaithe go hiomlán ar aois.

Ní féidir le m’fhostóir an páíosta a íoc liom

Mura féidir le fostóir an pá íosta náisiúnta a íoc mar gheall ar dheacracht airgeadais, is féidir leis an gCúirt Oibreachais iad a dhíolmhú ón ráta pá íosta a íoc ar feadh idir 3 mhí agus bliain amháin. Ní féidir ach díolúine amháin den saghas sin a cheadú.

Caithfidh an fostóir iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Oibreachais ar an díolúine agus caithfidh siad toiliú thromlach na bhfostaithe a bheith acu. Caithfidh an fostóir agus na fostaithe go léir comhaontú go mbeidh siad faoi cheangal ag cinneadh na Cúirte Oibreachais.

Caithfidh an fostóir a léiriú nach féidir leo an pá íosta náisiúnta a íoc agus dá mbeadh orthu amhlaidh a dhéanamh, go mbeadh orthu fostaithe a leagan as nó a dhífhostú.

Ní féidir le fostóirí díolúine a lorg ach ón ráta iomlán den phá íosta náisiúnta a íoc. Ní féidir leo a bheith díolmhaithe ón ráta laghdaithe a íoc (mar shampla, le fostaithe faoi 18 mbliana d’aois).

Íospairt

Má iarrann tú ar d’fhostóir an pá íosta náisiúnta a íoc leat atá tú i dteideal a fháil, tá tú á chosaint ag an dlí ó íospairt nó dífhostú. Anuas air sin, má dhéantar thú a dhífhostú i ndiaidh an pá íosta náisiúnta a lorg, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach. Is féidir leat seo a dhéanamh gan aird ar fhad na seirbhíse nó an méid uaireanta an chloig a oibríodh sa tseachtain.

Má tá méadú le híoc leat faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta, is féidir le d’fhostóir iarracht a dhéanamh chun d’uaireanta oibre a laghdú le méadú ar bhille iomlán an phá a sheachaint. Ní féidir leo é seo a dhéanamh, áfach, gan do dhualgais nó an méid oibre a dhéanann tú a laghdú, chomh maith.

Conas gearán a dhéanamh

Mura bhfuil an pá íosta náisiúnta á íoc leat, ba cheart duit labhairt le d’fhostóir ar dtús.

Mura féidir leat an fhadhb a réiteach le d’fhostóir, is féidir leat an fhoirm ghearáin ar líne ar workplacerelations.ie a líonadh. Tugtar 2 rogha duit ar an bhfoirm seo:

1.Is féidir leat a iarraidh go ndéanfaidh cigire ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (an CCÁO) imscrúdú. Fiosóidh an cigire d’éileamh nach bhfuil an pá íosta náisiúnta á íoc.

2.Is féidir leat díospóid a chur faoi bhráid bhreithneoir an CCÁO. Ní féidir leat é seo a dhéanamh, áfach, ach i ndiaidh iarraidh ar d’fhostóir ráiteas a thabhairt ina dtugtar cuntas ar ríomh an mheánphá san uair. Caithfidh tú an díospóid a sheoladh ar aghaidh laistigh de 6 mhí i ndiaidh an ráiteas a fháil. Más gá, is féidir an teorainn ama chun atreorú a dhéanamh a shíneadh a fhad le 12 mhí, ar a fhaide. Nuair a theipeann ar an bhfostóir an ráiteas a thabhairt duit, tosaíonn an t-am ón dáta ba cheart dóibh amhlaidh a dhéanamh (is é sin, laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh go ndearnadh an iarraidh).

Nóta: Faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta, ní féidir leat gearán a sheoladh ar aghaidh faoin díospóid chéanna chuig breithneoir agus cigire.

Má tá íospairt á líomhnú agat, ba cheart duit iarraidh ar d’fhostóir do choinníollacha fostaíochta a aischur chuig an mbealach a bhídís roimh an íospairt. Nuair an theipeann ar an bhfostóir chun seo a dhéanamh laistigh de dhá sheachtain i ndiaidh go ndearnadh an iarraidh, is féidir leat an cheist a chur faoi bhráid bhreithneoir an CCÁO. Caithfidh tú an t-atreorú seo a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh go ndearnadh an íospairt a líomhnaítear (is féidir é seo a shíneadh chuig 12 mhí, ar a fhaide).

Is féidir leat eolas breise a fháil faoin bpá íosta náisiúnta trí theagmháil a dhéanamh le Seirbhís Faisnéise agus Chustaiméirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Pá maireachtála do chách

Tiocfaidh pá maireachtála náisiúnta in ionad an phá íosta náisiúnta ó 2026. Socrófar an pá maireachtála ag 60% den mheánphá in aon bhliain ar leith.

Leanfaidh an pá íosta náisiúnta de bheith i bhfeidhm go fóill go dtí go mbeidh an pá maireachtála 60% tugtha isteach go hiomlán. Rachaidh an pá íosta náisiúnta i méid le himeacht na mblianta, de réir mar is gnách.

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024