Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Pá agus fostaíocht > Cad a tharlaíonn mura bhfuil aon P45 nó P60 agat

Print Page Send to a Friend

Cad a tharlaíonn mura bhfuil aon P45 nó P60 agat

Eolas

ÁSPC (Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasta)

Íocann an chuid is mó d'fhostóirí agus d'fhostaithe (os cionn 16 bliana d'aois) in Éirinn ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh isteach i gCiste Árachais Shóisialaigh na hÉireann. Go ginearálta, tá íocaíocht an árachais shóisialta éigeantach. Tagraítear do do chuid íocaíochtaí árachais shóisialta in Éirinn mar ÁSPC (Árachas Sóisialta Pá-Choibhneasta) agus tá tú i dteideal dá réir réimse sochar atá riartha ag an Roinn Coimirce Sóisialaí. Mar fhostaí íocann tú aráchas sóisialta (Aicme A go ginearálta) agus íocfaidh d'fhostóir árachas sóisialta ar do shon chomh maith. Tá sé tábhachtach mar sin d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) a insint do d'fhostóir nua toisc go gcinntíonn sé seo taifead ar do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta carnaithe agus go bhfuil do theidlíocht do shochair cosanta don todhchaí. Léigh níos mó anseo faoi árachas sóisialta (ÁSPC) in Éirinn.

Rialacha

Más fostaí tú, asbhaineann d'fhostóir do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta agus bailíonn na Coimisinéirí Ioncaim iad. Íocann na Coimisinéirí Ioncaim an t-airgead ansin isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. Déantar taifead ar na ranníocaíochtaí atá íoctha agat a sheoladh ansin chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Coinnítear na taifid ar fad ar do chuid ranníocaíochtaí árachais o rannóg Lárnach na dTaifead sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Beidh d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) uait chun do thaifead árachais shóisialta a sheiceáil.

Sochair árachais shóisialta

Tá taifid ar do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta an-tábhachtach do shochair leasa shóisialta a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uait nuair atá tú ag obair nó dífhostaithe. Mar shampla tugann do chuid ranníocaíochtaí Aicme A teidlíocht duit do Shochar Breoiteachta, Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Máithreachais, nó Sochar Cóireála. San fhadtéarma, tá siad tábhachtach chomh maith do do Phinsean Stáit (Ranníocach). Murar íocadh do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta d'fhéadfá do theidlíocht do shochar leasa shóisialta a chailleadh nó d'fhéadfadh méid do phinsin a bheith laghdaithe.

Má tá tú tar éis oibriú i dtír eile, d'fhéadfadh do thaifead árachais shóisialta sa tír sin cuidiú leat cáiliú do shochair in Éirinn. Léigh níos mó faoi aistriú go hÉirinn agus do chuid teidlíochtaí slándála sóisialaí anseo.

Dualgais ÁSPC an Fhostóra

Tá d'fhostóir freagrach as an ranníocaíocht árachais shóisialta a asbhaint ó do phá agus í a íoc mar aon le ranníocaíocht an fhostóra leis na Coimisinéirí Ioncaim. Bíonn an asbhaint scríofa ar do dhuillín pá. Mura bhfuil an méid íoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ceart tá freagracht ar an bhfostóir an t-easnamh seo a dhéanamh suas. Coinníonn d'fhostóir taifead ar na ranníocaíochtaí árachais a dhéanann tú agus tá dualgas air/uirthi P60 a thabhairt duit ag deireadh gach bliana agus P45 má fhágann tú an fhostaíocht.

P45: Má fhágann tú d'fhostaíocht caithfidh d'fhostóir P45 a thabhairt duit. Seo ráiteas ar do phá agus ar an gcáin, Muirear Shóisialta Uilíoch (MSU) agus ÁSPC asbhainte ag d'fhostóir go dtí sin. Is doiciméad an-tábhachtach atá ann agus tá sé ag teastáil:

  • Má tá tú ag athrú poist - le tabhairt do d'fhostóir nua chun íocaíocht ar cháin éigeandála a sheachaint
  • Má tá tú dífhostaithe - chun aisíoc cánach a éileamh, chun sochair leasa shóisialta a éileamh

Mura dtugann d'fhostóir P45 duit ba chóir duit é a iarraidh.

P60: Ag deireadh gach bliana cánach caithfidh d'fhostóir P60 a thabhairt duit atá mar ráiteas ar do phá agus den cháin, MSU agus ÁSPC a rinne d'fhostóir a asbhaint le linn na bliana. Tá dhá pháirt ag P60 agus is doiciméad tábhachtach atá ann. Más gá duit sochar a éileamh, seolann tú an dara páirt chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí mar fhianaise go bhfuil ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat.

Teip an fhostóra maidir le dualgais ÁSPC

Mura dtugann d'fhostóir P60 ná P45 duit, b'fhéidir nár chláraigh sé/sí thú le haghaidh ÁSPC. D'fhéadfadh sé go raibh tú cláraithe ach nár íoc d'fhostóir na ranníocaíochtaí ÁSPC atá dlite nó nár íocadh an méid ceart. Faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993 tá dualgas ar an bhfostóir gach fostaí a chlárú le haghaidh ÁSPC, na ranníocaíochtaí cearta a íoc, taifid chruinne a choimeád do na fostaithe ar fad agus na taifid seo a thaispeáint nuair a iarrann na cigirí leasa shóisialaigh iad. Tá pionóis, ionchúiseamh nó an dá cheann i gceist má mura ndéantar é sin.

Is é ról na gcigirí leasa shóisialaigh sa Roinn Coimirce Sóisialaí ná a cinntiú go bhfuil fostóirí ag comhlíonadh a ndualgas maidir le ÁSPC. Déanann siad cigireacht ar áitribh a chomhlíonadh, taifid fostaíochta na bhfostaithe a scrúdú agus fostóirí a chur faoi agallamh. D'fhéadfadh gur gnáthamh a bheadh i gceist le cigireacht nó d'fhéadfaí é a chomhlíonadh maidir le cás áirithe ina bhfuil iniúchadh riachtanach.

Féinfhostaithe

Má tá tú féinfhostaithe, tá freagracht ort féin do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta a íoc. Ós rud é nach bhfuil tú fostaithe, ní hé an duine lena bhfuil tú ag obair d'fhostóir agus dá réir níl sé/sí freagrach as do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta a íoc. Tá critéir sa Chód Cleachtais um an Stádas Fostaíochta a Shainiú (pdf) is féidir a úsáid féachaint an bhfuil duine fostaithe nó féinfhostaithe. Déanann Rannóg Scóip na Roinne Coimirce Sóisialaí an cinneadh mura bhfuil sé soiléir cibé an fostaithe nó féinfhostaithe atá tú.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá ceart agat de réir dlí an taifead atá coinnithe ag d'fhostóir ar do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC a fheiceáil. Is féidir leat iarraidh ar d'fhostóir chomh maith ráiteas a thabhairt duit uair gach trí mhí maidir le do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC. (Bíonn se seo scríofa go hiondúil mar asbhaint ar do dhuillín pá.)

Mura dtugtar P45 duit nuair a fhágann tú do phost ba chóir duit ceann a iarraidh ar d'fhostóir. Mura soláthraíonn an fostóir é seo ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an oifig cánach áitiúil. Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim teagmháil leis an bhfostóir agus aimseoidh siad do P45 duit. Má tá post nua tosaithe agat, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim deimhniú creidmheasanna cánach nua a sheoladh chugat ionas nach mbeidh ort cáin éigeandála a íoc i do phost nua.

Murar tugadh do P45 duit agus go gceapann tú nár íocadh do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC ba chóir duit é seo a chur in iúl do do chigire leasa shóisialaigh trí theagmháil a dhéanamh le d'oifig áitiúil leasa shóisialaigh nó rannóg Scóip na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Mura dtugann d'fhostóir P60 duit ag deireadh gach bliana ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d'oifig cánach áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas


Déan teagmháil le d'oifig cánach áitiúil.

Rannóg Scope

Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil:(01) 673 2585


Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/












Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 March 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU)
    The Universal Social Charge is a tax payable on gross income that came into effect on 1 January 2011.
  • Aicmí árachais shóisialta
    Cinntíonn d'aicme ÁSPC na sochair leasa shóisialta a gheobhaidh tú. Cabhraíonn an doiciméad seo d'aicme árachais shóisialach agus an méid seachtainiúil iníoctha a fháil amach.
  • Gluais de théarmaí fostaíochta
    Liosta de na téarmaí a úsáidtear sa dlí fostaíochta le míniú gearr ar bhrí na dtéarmaí

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.