In Éirinn is cion coiriúil é, de réir dlí, má theipeann ar dhaoine faoi leith a bhfostóirí a chur ar an eolas maidir lena gciontacht i gcionta coiriúla áirithe, sula nglacann siad le post nó sula dtéann siad i mbun seirbhíse. Baineann an dualgas seo maidir le d'fhostóir a chur ar an eolas le ciontóirí gnéis den chuid is mó, atá ciontach i gcionta a rinneadh in Éirinn agus thar lear. De réir Alt 26 den Acht um Chiontóirí Gnéis 2001 is cion é má dhéanann ciontóir gnéis "iarratas ar obair nó seirbhís a sholáthar (obair nó seirbhís Stáit san áireamh) lena mbaineann rochtain ar, nó teagmháil gan mhaoirsiú le, páistí nó le daoine lagintinneacha, gan insint do do fhostóir nó conraitheoir ionchais gur ciontóir gnéis tú."
Tá obair a dhéanann státseirbhísigh, Gardaí, Fórsaí Cosanta, foireann údaráis áitiúil agus foireann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) san áireamh sna téarmaí obair Stáit nó seirbhís Stáit. Úsáidtear an téarma 'lagintinneach' in Acht 2001 agus sainmhínítear é in Alt 5 den Acht um Dhlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha)1993 . Déanann sé tagairt d'éinne atá ag fulaingt le neamhord meabhrach, is cuma más ó mhíchumas meabhrach nó galar meabhrach é, agus nach bhfuil ábalta saol neamhspleách a chaitheamh nó iad féin a chosaint i gcoinne dúshaothraithe de bharr chéimse an mhíchumais.
Déileálann Lár-Aonad Seiceála an Gharda Síochána le hiarratais ar fhostaithe ionchais áirithe a sheiceáil. Ní dhéileálann sé ach amháin le hiarratais ó eagraíochtaí atá cláraithe leis an Aonad - féach 'Conas iarratas a dhéanamh' thíos.
Tá sé i gceist go leathnófar an tseirbhís seiceála amach ionas go n-áireofar na heagraíochtaí uile a earcaíonn daoine a mbíonn rochtain shubstaintiúil gan mhaoirsiú acu ar leanaí agus aosaigh soghonta. Faoi láthair, seo na fostaithe atá clúdaithe:
Leathnaíodh seiceáil an Gharda Síochána amach ionas go n-áirítear fostaithe atá clúdaithe faoin Acht um Sheirbhísí Slándála Príobháidí 2004 freisin (mar shampla, doirseoirí agus foireann slándála clubanna oíche).
Má dhéanann na Gardaí seiceáil ar fhostaí ionchais, beidh sonraí an uile dhaorbhreitheanna agus ionchúisimh nochta don duine idirchaidrimh údaraithe san eagraíocht cláraithe. Áirítear na sonraí an uile ionchúisimh chomhlánaithe, cibé acu a éiríonn leo nó nach n-éiríonn leo. Áirítear freisin aon ionchúiseamh ar feitheamh.
Ní hionann imréiteach an Gharda Síochána agus Teastas Póilíní a fháil a éilítear le haghaidh fáthanna éagsúla. Tá sé tábhachtach go gcuimhnítear air seo ón tús. Cuimsíonn na fáthanna seo víosa a fháil nó gnó a chur ar bun thar lear. Tá tuilleadh eolais faoi Theastas Póilíní le fáil anseo.
Caithfidh eagraíochtaí atá seiceáil na Gardaí ag teastáil uathu, clárú leis an Lár-Aonad Seiceála an Gharda Síochána - féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' thíos. Tá sonraí nósanna imeachta chun eagraíocht a chlárú ar an suíomh gréasáin an Gharda Síochána.
Má dhéanann tú iarratas ar phost agus caithfidh tú seiceáil na Gardaí a bheith agat, seolfaidh an eagraíocht cláraithe foirm iarratais maidir le seiceáil na Gardaí duit
Tá tuilleadh eolais sa liosta ceisteanna coitianta maidir le seiceáil na Gardaí ar an suíomh gréasáin an Gharda Síochána
Bóthar an Ráschúrsa
Durlas
Tiobraid Árann
Éire
Teil:+353 (0)504 27300
Lóghlao:1890 488 488
Láithreán Gréasáin: http://www.garda.ie/Controller.aspx?Page=1535&Lang=1
Éilíonn na caighdeáin náisiúnta le haghaidh ionad cónaithe leanaí go ndéantar seiceáil chuí ar an bhfoireann, ar na mic léinn agus ar na hoibrithe deonacha go léir, lena mbeidh teistiméireachtaí agus seiceáil an Gharda Síochána agus/nó údarás póilíneachta ar thaifead coiriúil i gceist, sula dtosaíonn siad ag obair. Forálann na Rialacháin um Chúram Leanaí (Cúram Speisialta) 2004 (pdf) go ndearbhóidh FSS nó foras deonach nó aon duine a sholáthraíonn nó a chaomhnaíonn aonad um chúram speisialta, go ndéantar seiceáil chuí ar fhoireann nó ar dhaoine eile a bhfuil rochtain acu ar leanaí. Déanfar sin trí theistiméireachtaí agus seiceáil an Gharda Síochána agus/nó údarás póilíneachta ar thaifead coiriúil a fháil.
Éilíonn na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) 2006 agus na Rialacháin um Chúram Leanaí (Seirbhísí Réamhscoile) (Uimh. 2) (Leasú) 2006 (pdf) go bhfaigheann seirbhísí chúram leanaí réamhscoile teistiméireachtaí agus seiceáil na Gardaí do gach fostaí, mac léinn agus oibrí deonach atá rochtain ar leanaí acu. Éilíonn na Rialacháin um Chúram Leanaí (Leanaí a Fhágáil faoi Chúram Altrama) 1995 agus na Rialacháin um Chúram Leanaí (Leanaí a Fhágáil le Gaolta) 1995 go gceadaíonn tuismitheoirí altrama nó gaolta lena mbeidh leanaí atá faoi chúram an FSS curtha, ar an FSS ráiteas a fháil ó na Gardaí Síochána ag sonrú aon chiontú ina n-aghaidh nó in aghaidh aon bhall ábharthach tí, agus go soláthraíonn siad ainmneacha dhá mholtóir ar mhaithe le teistméireachtaí.
D'eisigh An Roinn Sláinte foilseachán in 2002 dar teideal Our Duty to Care (pdf). Tá sé mar aidhm aige dea-chleachtais agus nósanna imeachta a chur chun cinn d'eagraíochtaí a dhéileálann le leanaí agus tá comhairle maidir le cleachtais shábháilte earcaíochta, forbairt ar chleachtais agus ar bheartais bainistíochta sábháilte agus cuir le feasacht foirne agus oibrithe deonacha i dtaobh mhí-úsáid leanaí, le fáil ann.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.