Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Saoire agus laethanta saoire > Saoire eile ó fhostaíocht

Print Page Send to a Friend

Saoire eile ó fhostaíocht

Eolas

Is iomaí cineál saoire agus am saor ó obair a d'fhéadfá a bheidh i dteideal a fháil. Ina measc siúd tá saoire bhliaintúil, saoirí poiblí, saoire bhreoiteachta, saoire mháithreachais, saoire uchtaíoch, saoire chúramóra agus saoire thuismitheora. Níl aon teidlíocht reachtúil ann maidir le saoire aithreachais. Bíonn amanna eile ann a d'fhéadfadh saoire ó obair a bheith uait ar fáthanna éagsúla. D'fhéadfadh géarchéim a bheith ann i do theaghlach, nó d'fheadfaí glaoch ort le freastal ar ghiúiré, nó b'fhéidir gur mhian leat saoire a bheith agat le staidéar a dhéanamh nó sos gairme a bheith agat. Uaireanta bíonn tú i dteideal saoire le pá a bheith agat agus uaireanta eile ní bhíonn.

Saoire force majeure

Tugann an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 arna leasú ag an Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006 ceart teoranta d'fhostaithe maidir le saoire ó obair má bhíonn géarchéim theaghlaigh ann. Tugtar saoire force majeure ar an tsaoire seo. Tarlaíonn sé nuair caithfidh an fostaí a bheith sa bhaile, de bharr cúiseanna práinneacha teaghlaigh, de thoradh gortaithe nó breoiteachta a tharla do ghaol gairid teaghlaigh.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon teidlíocht maidir le saoire force majeure tar éis bháis duine den teaghlach.

Is é seo an sainmhíniú a thugtar ar ghaol gairid teaghlaigh:

  • Páiste nó páiste uchtaithe de chuid an fhostaí
  • Fear céile/bean chéile/páirtí an fhostaí
  • Tuismitheoir nó seantuismitheoir de chuid an fhostaí
  • Deartháir nó deirfiúr de chuid an fhostaí
  • Duine a mbíonn dualgas cúraim ag an bhfostaí ina leith (.i. tá sé nó sí ag feidhmiú in loco parentis ina leith)
  • Cleithiúnaí teaghlaigh a bhfuil caidreamh aige nó aici leis an bhfostaí, páirtí den ghnéas chéanna san áireamh
  • Duine d'aon rangú eile (más ann dóibh) de réir mar a leagfar síos

Is í an uastréimhse saoire ná 3 lá in aon tréimhse 12 mí nó 5 lá i dtréimhse 36 mí. Tá tú i dteideal íocaíocht a fháil agus tú ar saoire force majeure. Féach ar "Conas iarratas a dhéanamh" thíos le breis sonraí a fháil. Féadfaidh d'fhostóir saoire bhreise a thabhairt duit.

Tá cosaint agat ó dífhostú éagórach má thógann tú saoire force majeure nó má tá sé ar intinn agat í a bheith agat.

Saoire atruach

Níl tú i dteideal saoire force majeure a fháil má fhaigheann duine de do ghartheaghlach bás. Beidh saoire atruach eile nach bhfuil clúdaithe faoi shaoire force majeure ag brath ar an gconradh fostaíochta atá agat, agus ar nósanna agus ar chleachtais laistigh de d'ionad oibre, nó ar dhiscréid d'fhostóra.

Tá réimse seirbhísí comhairleoireachta do lucht méala mar aon le seirbhísí tacaíochta ar fáil. B'fhéidir go mbeadh idir fhostóirí agus fhostaithe in ann leas a bhaint as an tsraith bhileoga gearra simplí seo atá dírithe ar lucht méala agus orthu siúd a thugann tacaíocht dóibh.

Seirbhís ar ghiúiré

Má iarrtar ort seirbhís a dhéanamh ar ghiúiré, ní mór duit freastal air de ghnáth. Éilíonn Acht na nGiúiréithe 1976 go dtabharfaidh fostóir am saor d'fhostaí nó do phrintíseach le freastal ar an gcúirt má iarrtar ar an té sin seirbhís giúiré a dhéanamh. Tá tú i dteideal pá a fháil, de réir an Achta, má tá tú as láthair ó obair le toghairm ghiúiré a shásamh agus ní cóir go gcaillfeá aon teidlíocht nó ceart fostaíochta dá bharr. Ní chaillfidh tú puinn de do theidlíocht maidir le saoire bhliantúil, mar shampla, de bharr an ama a chaith tú ag freastal ar ghiúiré.

Sos gairme nó saoire staidéir

Níl aon teidlíocht ann maidir le sos gairme nó saoire staidéir a fháil. B'fhéidir go bhfuil foráil fúthu i do chonradh fostaíochta nó b'fhéidir go bhféadfaidh tú dul i mbun caibidlíochta le d'fhostóir faoin scéal. Ba chóir d'fhostóir gach iarratas ar shos gairme nó ar shaoire staidéar a bhreathnú ar a fhiúntas féin.

Conas iarratas a dhéanamh

Saoire Force Majeure: Ní mór duit d'fhostóir a chur ar an eolas chomh luath agus is féidir go bhfuil ort saoire force majeure a ghlacadh. Chomh luath agus a fhilleann tú ar an obair, ní mór duit d'iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig d'fhostóir. Ba chóir duit d'ainm, d'uimhir PSP, ainm agus seoladh d'fhostóir, an dáta (na dátaí) ar ar ghlac tú saoire force majeure agus na cúiseanna a bhí léi, agus an gaol a bhí agat leis an duine a bhí gortaithe nó tinn a scríobh síos i d'iarratas. B'fhéidir go mbeidh ort teastas dochtúra a sholáthar de réir téarmaí do chonradh fostaíochta.

Ní mór do d'fhostóir taifead a dhéanamh de gach saoire force majeure a ghlacann fostaí faoi mar is gá a dhéanamh i gcás gach saoire tuismitheora.

Is féidir breis eolais faoi shaoire force majeure a fháil ón Údarás Comhionannais.

Má tá fadhb agat maidir le saoire force majeure a fháil féadfaidh tú gearán a dhéanamh tríd an fhoirm gearáin shingil nua (pdf) agus na nótaí treorach (pdf) a úsáid.

Cá háit iarratas a dhéanamh

An tÚdarás Comhionannais

Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 January 2012

Teanga

English

Acmhainní Úsáideacha

Ábhar Gaolmhar

  • Cás-Staidéar ar saoire atruach
    Sampla a léiríonn conas atá teidlíocht saoire atruach ag brath ar dhiscréid an fhostóra nó ar nósanna agus ar chleachtais laistigh den ionad oibre.
  • Gluais de théarmaí fostaíochta
    Liosta de na téarmaí a úsáidtear sa dlí fostaíochta le míniú gearr ar bhrí na dtéarmaí
  • Saoire bhliantúil
    Soláthraíonn an dlí fostaíochta teidlíochtaí áirithe saoirí ón obair d'fhostaithe ó laethanta saoire go dtí saoire do thuismitheoirí. Faigh amach conas do shaoire a ríomh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.