Laethanta saoire phoiblí

Réamhrá

Tá 10 lá saoire poiblí in Éirinn gach bliain.

D’fhéadfadh laethanta saoire poiblí ceiliúradh a dhéanamh ar lá speisialta nó ócáid, mar shampla, Lá Fhéile Pádraig (17 Márta) nó Lá Nollag (25 Nollag).

Ó 2023 ar aghaidh, tá lá saoire poiblí bliantúil nua ann go luath i mí Feabhra chun Lá Fhéile Bríde a chomóradh. Is é an chéad Luan i mí Feabhra an lá saoire poiblí, ach amháin nuair a thiteann lá Fhéile Bríde (1 Feabhra) ar an Aoine, agus sa chás sin beidh an Aoine an 1 Feabhra ina lá saoire poiblí.

Ar lá saoire poiblí, uaireanta aitheanta mar lá saoire bainc, dúnann an chuid is mó gnóthaí agus scoileanna. Oibríonn seirbhísí eile fós (mar shampla, iompar poiblí) ach bíonn sceidil teoranta acu de ghnáth.

Dátaí do laethanta saoire poiblí

Is iad na laethanta saoire poiblí:

  • New Year's Day (1 January)
  • Lá Caille (1 Eanáir)
  • An Chéad Luan i mí Feabhra, nó an 1 Feabhra má thiteann an dáta ar an Aoine
  • Lá Fhéile Pádraig (17 Márta)
  • Luan Cásca
  • An Chéad Luan i mí Bealtaine
  • An Chéad Luan i mí an Mheithimh
  • An chéad Luan i mí Lúnasa
  • Dé Luain deiridh i mí Dheireadh Fómhair
  • Lá Nollag (an 25 Nollaig)
  • Lá Fhéile Stiofáin (an 26 Nollaig)

Dátaí saoire phoiblí in Éirinn

 
2024 2025
1 Eanáir 1 Eanáir
5 Feabhra 3 Feabhra
17 Márta 17 Márta
1 Aibreáin 21 Aibreáin
6 Beal 5 Beal
3 Mheithimh 2 Mheithimh
5 Lúnasa 4 Lúnasa
28 Deireadh Fómhair 27 Deireadh Fómhair
25 Nollag 25 Nollag
26 Nollag 26 Nollag

Ní lá saoire poiblí é Aoine an Chéasta. Cé go ndúnann scoileanna agus gnóthaí áirithe an lá sin, níl teidlíocht agat go huathoibríoch ar am saor ón obair an lá sin.

Conas a dhéantar dáta Luain na Cásca a dheimhniú gach bliain?

Is é Luan Cásca an t-aon saoire phoiblí ar féidir leis teacht aníos ar lá an-éagsúil ó bhliain go bliain. Athraítear dáta na Cásca gach bliain. Ba cheart go dtiocfadh an Cháisc aníos an chéad Domhnach i ndiaidh na chéad lánghealaí an 21 Márta nó ina dhiaidh sin. Ciallaíonn seo gurb é an dáta is luaithe is féidir go dtiocfadh Domhnach Cásca aníos in aon bhliain an 22 Márta, agus is é an 25 Aibreán an dáta is déanaí.

Tagann Luan Cásca aníos an 1 Aibreán in 2024 agus 21 Aibreán in 2025.

Leagan as nó oibriú gearr-ama

Bíonn ceisteanna ag go leor daoine faoi shaoirí poiblí i rith phaindéim COVID-19. Fad a bhíonn tú leagtha as nó fad a bhíonn obair ghearr-ama á déanamh agat, tá tú fós fostaithe ag d’fhostóir agus leanann do chonradh fostaíochta de bheith i bhfeidhm. Ciallaíonn seo go bhfuil tú i dteideal sochar a fháil d’aon saoirí poiblí a thagann aníos sna chéad 13 seachtaine i ndiaidh gur leagadh as thú. Caithfidh gur oibrigh fostaí páirtaimseartha ar a laghad 40 uair an chloig sna 5 seachtaine roimh an tsaoire phoiblí. Ní leanann do shaoire bhliantúil ag dul i méid fad a bhíonn tú leagtha as, ach tá tú i dteideal saoire bhliantúil a ghlacadh atá tuillte agat sular leagadh as thú.

Laethanta saoire poiblí agus dotheidlíochtaí

Tá an chuid is mó fostaithe i dteideal saoire íoctha ar laethanta saoire poiblí. Tá éisceacht ann d’fhostaithe páirt-aimseartha - léigh faoi ‘fhostaithe páirt-aimseartha’ thíos.

Má bhíonn tú incháilithe do shochar lae saoire poiblí, tá tú i dteideal ceann dá leanas:

  • Lá saoire íoctha ar an lá saoire poiblí
  • Lá sa bhreis i saoire na bliana
  • Pá lae breise
  • Lá saoire íoctha laistigh míosa an tsaoire phoiblí

Is féidir leat iarradh ar d’fhostóir ar a laghad 21 lá roimh lá saoire poiblí, cén ailtéarnach a bhaineann. Mura bhfreagraíonn d’fhostóir ar a laghad 14 lá roimh an lá saoire poiblí, tá tú i dteideal lá saoire poiblí a ghlacadh mar lá saoire íoctha.

Tá do theidlíochtaí leagtha amach in Acht um Eagraíocht Ama Oibre 1997. Is féidir leat freisin léamh faoin ráta oiriúnach íocaíochta lae i Rialacháin um Eagraíocht Ama Oibre (Deimhniúchán Pá do Laethanta Saoire) (SI 475/1997).

Fostaithe Páirt-Aimseartha

Tá tú i dteideal íocaíochta lae don lá saoire poiblí má chloíonn tú leis an dá choinníoll seo:

  • D’oibrigh tú le d’fhostóir ar a laghad 40 uair laistigh 5 sheachtainí roimh an lá saoire poiblí
  • Titeann an lá saoire poiblí ar lá a bhíonn tú ag obair de ghnáth

Is féidir leat am a caitheamh ar shaoire bhliantúil a chur san áireamh mar ‘am a oibríodh’ nuair a bhíonn na 40 uair an chloig a oibríodh á ríomh sna 5 seachtaine roimh an tsaoire phoiblí.

Más gá duit a bheith ag obair an lá sin, tá tú i dteideal íocaíochta lae breise.

Mura bhfuil tú ag obair de ghnáth ar an lá sin, gheobhaidh tú cúigiú de d’íocaíocht sheachtainiúil. Fiú mura raibh tú riamh sa sceideal le oibriú ar lá saoire poiblí, tá tú i dteideal cúigiú de d’íocaíocht sheachtainiúil mar chúiteamh don lá saoire poiblí.

Nuair a thiteann laethanta saoire poiblí i ndeireadh seachtaine

Má thagann an tsaoire phoiblí aníos ar lá nach gnáthlá oibre é don ghnólacht sin (mar shampla, an Satharn nó Domhnach), bíonn teidlíocht agat go fóill chun sochar a fháil don tsaoire phoiblí sin, ach níl aon teidlíocht dhlíthiúil uathoibríoch agat an chéad lá oibre eile a bheith saor ón obair agat. Is féidir níos mó a léamh ag workplacerelations.ie.

Má bhíonn tú ar ‘saoiretinnis’ lá saoire poiblí

Is oibrí lán-aimseartha thú

Má bhíonn tú ar saoire tinnis le linn lae saoire poiblí, tá tú i dteideal sochair don lá saoire poiblí a chaill tú. Is féidir le d’fhostóir freisin roghnú glacadh leat mar gan tinneas ar an lá saoire poiblí agus íocadh duit mar is gnáth don lá saoire poiblí. Sa chás sin, ní áirítear an lá saoire poiblí ar lá saoire tinnis.

Is oibrí páirt-aimseartha thú

Má bhíonn tú ar saoire tinnis le linn lae saoire poiblí, tá tú i dteideal sochair don lá saoire poiblí, agus tú tar éis oibriú do d’fhostóir ar a laghad 40 uair sa tréimhse cúig sheachtainí roimhe - féach ‘fostaithe Páirt-Aimseartha’ thuas.

Eisceachtaí

D’ainneoin sin, níl tú i dteideal íocaíochta nó am saoire don lá saoire poiblí má bhíonn tú ar saoire tinnis láithreach roimh an lá saoire poiblí, agus baineann aon cheann dá leanas:

  • Bhí tú amach ón obair níos mó ná 26 seachtainí i ngeall ar thinneas nó timpiste
  • Bhí tú amach ón obair níos mó ná 52 seachtainí i ngeall ar thimpiste san obair

Má bhíonn tú ar saoiremáithreachais, uchtála, atharthachta nó tuismitheoireachta

Tá tú i dteideal saoire d’aon laethanta saoire poiblí a tharla agus tú ar saoire máithreachais, saoire tuismitheoireachta, saoire atharthachta, saoire uchtálasaoire tuismitheora.

D’ainneoin sin, níl tú i dteideal sochair lae saoire poiblí má bhí tú in easnamh ón obair díreach roimh an lá saoire poiblí agus tá d'easnamh:

  • Os cionn 13 seachtain, i ngeall ar scaoileadh nó cúis eile agus údaraithe ag d’fhostóir
  • I neall ar stailc
  • I ndiaidh an chéad 13 seachtain le saoire cúramóra

Tá na cearta sin leagtha amach in Achtanna um Chosaint Máithreachais 1994 agus 2004, Achtanna Saoire Thuismitheoireachta 1998 - 2019, Acht Saoire agus Sochair Atharthachta 2016, Achtanna Saoire Uchtála 1995 agus 2005, agus Acht Saoire agus Sochair Thuismitheoireachta 2019.

Má tá tú ar scaoileadh, obairgearrtréimhseach nó má chaill tú do phost

Le linn scaoileadh nó oibre gearrtréimhsigh, bíonn tú fostaithe fós ag d’fhostóir agus fanann do chonradh fostaíochta i bhfeidhm. Ciallaíonn sin go bhfuil tú i dteideal sochair d’aon laethanta saoire poiblí a tharlaíonn le linn an chéad 13 seachtain scaoilte.

Ní mór gur oibrigh fostaithe páirt-aimseartha ar ar a laghad 40 uair laistigh 5 sheachtainí roimh an lá saoire poiblí.

Má chaill tú do phost

Má thagann deireadh le d’fhostaíocht le linn na seachtaine, le deireadh an lá roimh lá saoire poiblí, agus d’oibrigh tú le d’fhostóir ar feadh 4 sheachtaine roimhe sin, ba chóir duit íocaíocht lae breise a fháil don lá saoire poiblí. Baineann sin freisin le fostaithe páirt-Aimseartha a d’oibrigh ar a laghad 40 uair le 5 lá anuas.

Mar shampla:

I gcás Gazboro Ltd. -v- BATU (DWT9916), chríochnaigh na éilitheoirí a bhfostaíocht ar an 18 Nollag 1998. D’éiligh siad teidlíocht le bheith íoctha don lá saoire poiblí ar an 25 agus 26 Nollag.

De réir tuisceana na Cúirte ar fhoclaíocht Coda 23(2)(a) Achta um Eagraíocht Ama Oibre 1997, thosaigh an tseachtain dár gcríoch 24 Nollag ag meán-oíche an 18 Nollag. Ó d’oibrigh na éilitheoirí don fhostóir le linn 4 sheachtaine roimh an seachtain sin, bhí siad i dteideal íocaíochta lae breise don 25 Nollag.

Thosaigh an tseachtain dár gcríoch 25 Nollag ag meán-oíche an 19 Nollag. Ó stop na éilitheoirí a bhfostaíocht ar an 18 Nollag, ní raibh aon teidlíocht acu ar íocaíocht don 26 Nollag.

Nílim ag fáil mo theidlíochtaí arlaethanta saoire poiblí

Mura bhfuair tú do theidlíochtaí ar laethanta saoire poiblí, ba chóir duit é sin a phlé le d’fhostóir.

Is féidir leat freisin gearán a dhéanamh don WRC faoi réir Achta um Eagraíocht Ama Oibre. Ní mór duit do ghearán a dhéanamh ag úsáid foirm ghearáin ar líne WRC laistigh 6 mhí ón díospóid nó gearán. Cuirfear síneadh leis an teorainn ama sin ar feadh 6 mhí sa bhreis, ach amháin nuair a bhíonn cúis réasúnta a chuir cosc ort an gearán a thabhairt laistigh teorann ama normálta.

Léigh tuilleadh faoi conas gearán a dhéanamh, lena n-áirítear sonraí faoi phróiseas breithnithe an WRC.

A thuilleadh faisnéise ar laethantasaoire poiblí

Is féidir leat teacht ar a thuilleadh faisnéise maidir le laethanta saoire poiblí ar shuíomh Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC).

Is féidir leat freisin dul i dteagmháil le Seirbhís do Chustaiméirí agus Faisnéise an WRC.

Coimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre

Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Uaireanta Oscailte: Luan go hAoine 9.30rn go 1in, 2in go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 0818 80 80 90
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Eanáir 2024