Níl aon saoire atharthachta aitheanta ag dlí fostaíochta na hÉireann. Mar sin níl aon dualgas ar fhostóirí saoire speisialta atharthachta a thabhairt do fhostaithe fireann (bíodh sé le nó gan pá) nuair a saoltar páiste leo. Má thógann duine saoire bhliantúil tar éis breith linbh breathnaíonn an dlí fostaíochta ar an saoire sin mar ghnáthshaoire a bheadh tógtha ag am ar bith sa bhliain. Tá sé suas ag an bhfostóir cinneadh a dhéanamh cén uair gur féidir le fostaithe a gcuid saoire bhliantúil a thógáil.
Cuireann cuid de fhostóirí na hÉireann, (mar shampla, an Státseirbhís) tréimhse saoire íoctha ar fáil do fhostaithe fireann tar éis breith linbh nó tar éis dóibh páiste a ghlacadh ar altramacht. Is féidir le aithreacha atá fostaithe sa Státseirbhís tréimhse speisialta saoire (tuismitheora) de thrí lá le pá a thógáil ar son aon pháiste a saolaíodh ar nó i ndiaidh an 1 Eanáir, 2000 nó páiste tógtha ar altramacht tar éis an 1 Eanáir 2000.
Is iondúil go ndéanann an fostaí iarratas ar an saoire seo i scríbhinn roimh breith an linbh. Is de bharr díospóireachta agus comhaontaithe idir an fostóir agus an fostaí go gcuirtear an cineál saoire seo ar fáil tar éis breith linbh. Ní bhaineann na socruithe seo leis an dlí fostaíochta agus mar sin tá sé suas go hiomlán ag an bhfostóir saoire atharthachta a thabhairt ar feadh tréimhse faoi leith (le nó gan pá).
Cé nach bhfuil fostaithe fireann i dteideal saoire atharthachta le nó gan íocaíocht faoi dhlí na hÉireann, d'fhéadfadh sé go mbeidís i dteideal saoire tuismitheora. Is féidir leis an mbeirt tuismitheoir cáilitheach saoire tuismitheora a thógáil ar feadh suas le 14 seachtain saoire gan pá ón obair i leith leanaí suas le hocht mbliana d'aois.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.