Print Page Send to a Friend

Saoire uchtaíoch

Eolas

Faoi bhun an Achta um Shaoire Uchtaíoch 1995, arna leasú leis an Acht um Shaoire Uchtaíoch 2005 (pdf) níl cead ag aon duine saoire uchtaíoch a thógáil seachas an mháthair uchtála, ach amháin nuair a bhíonn leanbh á uchtú ag fear singil.

Má thosaíonn an saoire uchtaíoch ar an 1 Márta 2007, nó i ndiaidh an dáta seo, is féidir leat saoire uchtaíoch de 24 seachtain a thógáil. Ina theannta sin, is féidir leat saoire uchtaíoch neamhíoctha de 16 seachtain bhreise a thógáil nuair a thagann deireadh leis an gcéad shaoire uchtaíoch – féach thíos.

Íocaíochtaí le linn saoire uchtaíoch

Tá tú i dteideal saoire oibre gan pá a thógáil. Gheobhaidh tú pá le linn do shaoire uchtaíoch áfach, má léirítear a leithéid i do chonradh fostaíochta. Má d’íoc tú go leor ranníocaíochtaí ÁSPC, d’fhéadfaí Sochar Uchtaíoch a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí nuair a bhíonn tú ar shaoire uchtaíoch.

Saoire uchtaíoch bhreise neamhíoctha

Ón 1 Márta 2007 ar aghaidh, beidh cead agat freisin saoire uchtaíoch neamhíoctha de 16 seachtain bhreise a thógáil, ach ní thagann an tréimhse seo faoi Shochar Uchtaíoch, agus ní bhíonn ar d’fhostóir do thuarastal a íocadh le linn na tréimhse seo, ach amháin nuair a shocraítear a mhalairt. Má tá tú tinn le linn do shaoire bhreise mháithreachais neamhíoctha is féidir leat iarraigh ar d’fhostóir chun críoch a chur ar do shaoire bhreise mháithreachais. Má aontaíonn d’fhostóir, ní bheidh tú i dteideal an fuílleach na saoire máithreachais. Beidh tú ar shaoire breoiteachta agus b'fheidir i dteideal Sochar Breoiteachta a fháil.

Roimh uchtú

Is féidir leat uchtála saoire fhostaíochta íoctha a thógáil chun páirt a ghlacadh i gcúrsaí ullmhúcháin agus i gcruinnithe réamhuchtála le hoibrithe sóisialta nó le hoifigigh ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), mar chuid den phróiseas réamhuachtála.

Laethanta saoire poiblí agus saoire bhliantúil

Is féidir leat laethanta breise a thógáil do na laethanta saoire poiblí le linn do shaoire uchtaíoch (lena n-airítear saoire uchtaíoch bhreise). Tá cearta an fhostaí maidir le laethanta saoire poiblí leagtha amach in Alt 21 den Acht um Eagraí Ama Oibre 1997.

Féachtar ar an méid ama a chaithtear ar shaoire uchtaíoch (lena n-airítear saoire uchtaíoch bhreise) mar thréimhse ama a caitheadh ag obair, agus is féidir í seo a úsáid chun teidlíochtaí saoire bhliantúil agus laethanta saoire poiblí a bhaint amach.

Cearta fostaíochta

De réir na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch 1995 agus 2005 nuair a bhíonn daoine ar shaoire uchtaíoch bhreise, déantar a gcearta fostaíochta (ach amháin luach saothair agus sochair aoisliúntais) a chosaint, mar shampla, saoire bhliantúil agus sinsearacht.

Saoire uchtaíoch a chur ar atráth

Ón 30 Eanáir 2006 ar aghaidh, féadtar an saoire uchtaíoch nó an saoire uchtaíoch bhreise a chur ar atráth má bhíonn ar an leanbh uchtaithe tréimhse ama a chaitheamh san ospidéal agus nuair a aontaíonn an fostóir.

Ag filleadh ar an obair i ndiaidh saoire uchtaíoch a thógáil

Tá na cearta céanna ag daoine ar shaoire uchtaíoch is atá ag daoine ar shaoire máithreachais filleadh ar an obair, agus bíonn orthu fógra 4 sheachtain a thabhairt dá bhfostóirí nuair a bhíonn sé ar intinn acu filleadh ar an obair. Is féidir leat filleadh ar an bpost céanna a bhí agat cheana, ach amháin nuair a bhíonn sé ró-dheacair don fhostóir. Sa chás seo, bíonn ar an bhfostóir post oiriúnach, iomchuí eile a thabhairt duit. Caithfear na téarmaí agus coinníollacha céanna a chur i bhfeidhm agus na tascanna céanna a chomhlíonadh, a bhí á dhéanamh agat roimh shaoire uchtaíoch a thógáil.

Creidmheasanna ÁSPC: Faigheann tú creidmheasanna go huathoibríoch má bhíonn tú ag fáil Sochar Uchtaíoch. Má bhaineann tú úsáid as saoire uchtaíoch breise neamhíoctha caithfidh tú a iarraidh ar d’fhostaitheoir an fhoirm iarratais ar chreidmheasanna saoire uchtaíoch (pdf) a líonadh i ndiaidh duit filleadh ar obair.

Tá cosaint agat ó dífhostú éagórach má thógann tú saoire uchtaíoch.

Bíonn na cearta céanna agat filleadh ar an obair, fiú amháin má bhíonn fostóir nua i gceist toisc athrú bainistíochta le linn na saoire uchtaíoch.

Rialacha

Fogra: Caithfear fógra a thabhairt do d’fhostóir 4 sheachtain roimh shocrú do leanbh uchtaithe (d’uchtuithe eachtracha agus intíre) go bhfuil sé beartaithe agat saoire uchtaíoch a thógáil. Ba cheart duit an dáta socraithe ionchais a thabhairt dod’fhostóir chomh luath agus is féidir leat. Má tá sé ar intinn agat saoire bhreise de 16 seachtaine a thógáil, ní mór duit é seo a chur in iúl dod’fhostóir i scríbhinn 4 seachtaine ar a laghad roimh ré. Féadtar na fógraí seo a sheoladh isteach ag an am céanna.

Is rud fíor-riachtanach é na ceanglais fógra seo a chomhlíonadh. Mura ndéantar é seo, d’fhéadfá do chearta a chailliúint.

Conas iarratas a dhéanamh

Caithfear a chur in iúl dod’fhostóir i scríbhinn go bhfuil sé beartaithe agat saoire uchtaíoch a thógáil. Caithfear é seo a chur in iúl dod’fhostóir 4 sheachtain roimh ré agus caithfear an dáta atá leagtha amach agat a chur síos go soiléir i do litir agus teastas socraithe a thabhairt dod’fhostóir laistigh de 4 sheachtain tar éis an dáta socraithe.

Má bhíonn a thuilleadh faisnéise á lorg agat ar shaoire uchtaíoch, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Comhionannais. Tá bileog maidir le do chearta ar shaoire uchtaíoch ar fáil ar an suíomh gréasáin na hÚdaráis Chomhionannais.

Féadtar gearáin, díospóidí agus casaoidí a bhaineann le saoire uchtaíoch a thabhairt tríd an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid.

Ba cheart duit iarratas a chur chuig An Rannóg um Shochar Uchtaíoch, An Roinn Coimirce Sóisialaí, 5 sheachtain roimh do shaoire uchtaíoch a thosú.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An tÚdarás Comhionannais

Teach Gharrán an Bhirsigh
Ros Cré
Tiobraid Árann
Éire

Teil:+353 (0)505 24126
Lóghlao:1890 245 545
Facs:+353 (0)505 22388
Láithreán Gréasáin: http://www.equality.ie
R-phost: info@equality.ie

Rannóg an tSochair Uchtaíoch

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Buncrana
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Saoire mhaithreachais
    Tá fostaithe mná in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh. Sonraí breise ar fáil anseo.
  • Saoire do thuismitheoirí
    Ceadaíonn an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998, agus é leasaithe ag an Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006, saoire tuismitheora do thuismitheoirí i leith leanaí áirithe a fháil.
  • Saoire cúramóra
    Tugann An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001 cead d'fhostaithe in Éirinn saoire a ghlacadh ón obair gan íocaíocht ionas go mbeidh ar a gcumas cúram lánaimseartha a thabhairt do dhaoine a bhfuil an cúram seo de dhíth orthu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.