Saoire bhliantúil
Soláthraíonn an dlí fostaíochta teidlíochtaí áirithe saoirí ón obair d'fhostaithe ó laethanta saoire go dtí saoire do thuismitheoirí. Faigh amach conas do shaoire a ríomh.
Saoire bhreoiteachta agus pá breoiteachta
Tá do theidlíocht saoire le pá ó fhostaíocht ag brath ar do chonradh fostaíochta.
Saoire eile ó fhostaíocht
Tá ceart dleathach teoranta ag fostaithe in Eirinn a gcuid oibre a fhágáil ar feadh tréimhse, an fhaid is atá géarchéim clainne ar siúl. Faigh eolas anseo ar shaoire trua agus ar chonas iarratas a dhéanamh.
Laethanta saoire phoiblí
Liosta de na naoi gcinn de laethanta saoire phoiblí. Bíonn tromlach na bhfostaithe i dteideal saoire le pá ar na laethanta saoire phoiblí.
Saoire do thuismitheoirí
Ceadaíonn an tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998, agus é leasaithe ag an Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006, saoire tuismitheora do thuismitheoirí i leith leanaí áirithe a fháil.
Saoire cúramóra
Tugann An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001 cead d'fhostaithe in Éirinn saoire a ghlacadh ón obair gan íocaíocht ionas go mbeidh ar a gcumas cúram lánaimseartha a thabhairt do dhaoine a bhfuil an cúram seo de dhíth orthu.
Saoire mhaithreachais
Tá fostaithe mná in Éirinn i dteideal saoire mháithreachais, roimh agus i ndiaidh breithe a leanbh. Sonraí breise ar fáil anseo.
Saoire uchtaíoch
Is féidir le daoine a uchtaíonn leanaí, saoire oibre a thógáil. Tugtar saoire uchtaíoch ar seo. Cad is brí le seo? Agus conas is féidir leat iarratas a chur isteach ar shaoire uchtaíoch?
Saoire atharthachta
Níl aon saoire atharthachta aitheanta ag dlí fostaíochta. Cuireann cuid d'fhostóirí áfach, tréimhse saoire ó fhostaíocht ar fáil d'aithreacha nua.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.