Díospóidí trádála agus gníomhaíocht thionsclaíoch

Réamhrá

Tá an chuid is mó den dlí ar dhíospóidí trádála agus gníomhaíocht thionsclaíoch cuimsithe san Acht Caidrimh Thionscail, 1990. Faoi Alt 8 den Acht, ciallaíonn aighneas ceirde (díospóid trádála) “aon aighneas idir fostóirí agus oibrithe atá bainteach le fostaíocht nó neamhfhostaíocht, nó le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta, aon duine nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanann difear d’fhostaíocht nó aon duine”. Ciallaíonn “gníomh tionscail” (gníomhaíocht thionsclaíoch) “aon ghníomh a dhéanann difear, nó ar dóigh dó difear a dhéanamh, do théarmaí nó coinníollacha conartha, a dhéanann oibrithe ag gníomhú le chéile chun tabhairt ar a bhfostóir “glacadh nó gan glacadh le téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó le téarmaí nó coinníollacha a dhéanfadh difear d’fhostaíocht.” I measc na samplaí de ghníomhaíocht thionsclaíoch tá oibriú de réir rialach, picéadú, toirmeasc a chur ar ragobair nó stailc.

Ceardchumainn

Mar fhostaí, tá ceart bunreachtúil agat a bheith i do chomhalta de cheardchumann. Tá sé de cheart agat a bheith i do chomhalta de do rogha ceardchumainn agus tá sé de cheart agat freisin ceardchumann a fhágáil.

Dul i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch

Sa dlí fostaíochta, ní ann d’aon cheart chun dul i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch, ach tá cosaint ann le haghaidh oibrithe áirithe a théann ina bhun seo, mar shampla, dul ar stailc. Forálann Cuid 2 den Acht Caidrimh Thionscail, 1990 na díolúintí i leith an mhéid a leanas d’oibrithe a théann i mbun gníomhaíocht thionsclaíoch shíochánta:

  1. Imeachtaí coiriúla nó sibhialta i gcomhcheilg chun gníomh ar leith a dhéanamh mura mbeadh an gníomh a dhéanfadh an duine ag gníomhú leo féin inphionóis mar choir. Fiú mura ball de cheardchumann thú, baineann tú tairbhe ón díolúine seo.
  2. Ionchúiseamh nuair a ghlactar páirt i bpicéadú síochánta. Ní bhaineann ach baill agus oifigigh de cheardchumann údaraithe tairbhe as an díolúine seo.
  3. Ionchúiseamh mar gheall ar spreagthaí chun conarthaí fostaíochta a shárú nó bagairtí chun conarthaí fostaíochta a shárú. Arís eile, ní bhaineann ach baill agus oifigigh de cheardchumann údaraithe tairbhe as an díolúine seo.

Dífhostú éagórach

Má ghlacann tú páirt i ngníomhaíocht thionsclaíoch, ar nós stailce, tá an baol ann go ndífhostófar thú. Faoi Alt 5 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977, áfach, is ionann agus éagórach dífhostú fostaí mar gheall ar pháirt a ghlacadh i stailc nó i ngníomhaíocht thionsclaíoch eile:

  • Murar dífhostaíodh duine amháin nó níos mó de na fostaithe eile a bhí ag glacadh páirte sa ghníomhaíocht.

  • Má rinneadh duine amháin nó níos mó de na fostaithe eile a dífhostaíodh, a athfhostú níos déanaí, agus níor athfhostaíodh an fostaí.

Rinne Alt 4 den Acht um Dhífhostú Éagórach (Leasú), 1993 é seo a leasú. Déanann an tAcht seo an sainmhíniú seo ar dhífhostú éagórach a shíneadh chun caitheamh nach bhfuil chomh fabhrach céanna a áireamh tar éis athfhostú i ndiaidh stailce nó frithdhúnta.

Is éard is frithdhúnadh ann, nuair a eisiann fostóir fostaithe ón obair nó nuair a chuireann fostóir an obair ar fionraí nó deireadh a chur le fostaíocht fostaithe. Sa reachtaíocht um dhífhostú éagórach, meastar gurb ionann frithdhúnadh agus dífhostú. Athuair, faoi Alt 5 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977, meastar gur dífhostú éagórach é mura n-athfhostaítear fostaí tar éis frithdhúnta nuair a dhéantar fostaí amháin nó níos mó a athfhostú.

Tá dífhostú mar gheall ar ghníomhaíocht nó ar bhallraíocht de cheardchumainn éagórach faoi Alt 6 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977. Ní gá go raibh fostaí a dífhostaíodh faoi na cúinsí sin fostaithe ar feadh aon fhad ar leith sa phost chun a c(h)earta a fhorfheidhmiú. Is é an sainmhíniú atá ar ghníomhaíocht ceardchumainn, gníomhaíocht faoina dtugtar gan toiliú an fhostóra nó lasmuigh d’uaireanta oibre. Ní chuimsítear stailceanna nó gníomhaíocht thionsclaíoch eile faoin sainmhíniú seo.

Íospairt

Tagraíonn Cód Cleachtais an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ar Íospairt (pdf) d’íospairt mar gheall ar bhallraíocht nó neamhbhallraíocht fostaí, gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht i gcás ceardchumain nnó bainisteoir a dhéann a fheidhmeanna nó aon fhostaí eile. Baineann sé le cásanna gan socruithe idirbheartaíochta agus nach bhfuil aon cómhargáil.

Úsáidtear an téarma íospairt chun cur síos a dhéanamh ar chaitheamh éagórach le fostaí (bainisteoir san áireamh). Ní áiríonn sé dífhostú éagórach – féach ‘Dífhostú éagórach’ thíos. Má bhraitheann tú go ndearnadh íospartach díot, féadfaidh tú gearán a dhéanamh le Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre faoin Acht Caidrimh Thionscail (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004 tríd an bhfoirm ghearáin a úsáid atá ar fáil ag workplacerelations.ie.

Saincheisteanna fostaíochta eile

Pá: Faoin Acht um Íoc Pá, 1991, ceadaítear do d’fhostóir asbhaintí ó do phá a dhéanamh nuair a eascraíonn siad mar gheall ort bheith ar stailc.

Íosphá: Agus ráta pá in aghaidh na huaire á ríomh, ní áirítear le ‘huaireanta oibre’ an t-am a bhí tú ar stailc.

Iomarcaíocht: Ní bhriseann an t-am a chaitear ar stailc leanúnachas na seirbhíse a theastaíonn chun cáiliú d’iomarcaíocht. Níl aon am a chaith tú ar stailc fad a bhí tú fostaithe le trí bliana anuas inríofa, áfach, nuair a bhíonn d’íocaíocht reachtúil iomarcaíochta á ríomh.

Saoire phoiblí: Níl tú i dteideal sochair shaoire poiblí a fháil má bhí tú as láthair ón obair díreach roimh shaoire phoiblí agus go raibh tú as láthair mar gheall ar stailc.

Leas sóisialach

Má tá tú ar stailc, ní mheastar gurb ionann agus dífhostaithe atá tú agus níl tú i dteideal Sochar nó Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil. D’fhéadfaí thú a cháiliú do chreidmheasanna, áfach, d’fhad na stailce. D’fhéadfadh do theaghlach Liúntas Leasa Fhorlíontaigh a fháil.

Ní gnách go mbeidh tú incháilithe chun Íocaíocht ar Riachtanais Eisceachtúla a fháil má tá baint agat i ndíospóid trádála nó má bhíonn tú ar stailc. Féadfaidh duine fásta neamhspleách nó leanbh neamhspleách atá ar stailc iarratas a dhéanamh.

Mura bhfuil tú ag oibriú mar thoradh ar stailc, (mar shampla, má baineadh do phost díot), ní hionann an scéal é. D’fhéadfaí thú a cháiliú do Shochar Cuardaitheora Poist mura bhfuil páirt á glacadh agat nó mura bhfuil leas díreach agat sa díospóid trádála a bhí mar chúis leis an stopadh ag an obair.

Cá ndéanfaidh mé iarratas?

Réiteach díospóidí

Tá sásra um réiteach díospóidí i bhfeidhm ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, (WRC) agus ag an gCúirt Oibreachais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Márta 2019