Chomh maith le comhaontaithe ar nós an íosphá náisiúnta, tá comhaontaithe eile a gcaithfidh fostóirí cloí leo. Baineann na comhaontaithe seo le coinníollacha oibre agus pá na bhfostaithe agus b’fhéidir go mbíonn siad luaite i gconradh fostaíochta an fhostaí.
Ag leanúint ó chinneadh na hArd-Chúirte, stad Orduithe Rialaithe Fostaíochta d’aon tionchar reachtúla ón 7 Iúil 2011. Tá conarthaí fostaíochta reatha ag fostaithe a bhí clúdaithe ag ORF a rialaíonn a bpá agus a gcoinníollacha oibre. Má laghdaíonn fostóir ráta pá an fhostaí is athrú ar a gconradh fostaíochta a bheadh anseo agus de ghnáth teastaíonn cead an fhostaí chun é seo a dhéanamh. Tá pá an coinníollacha fostaithe a thosaíonn ag obair tar eis an 7 Iúil 2011 rialaithe ag reachtaíocht fostaíochta cosúil leis an bpá íosta.
Is féidir leat teacht ar eolas mionsonraithe ar na himpleachtaí a bhaineann le cinneadh na hArd-Chúirte ar ORFanna (pdf) ar shuíomh gréasáin an Údaráis Náisiúnta um Fhostaíocht.
An 28 Iúil 2011 d’fhógair an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta go dtiocfaidh reachtaíocht a athchóiríonn na meicníochtaí cinneadh pá faoin gComhchoiste Oibreachais agus Comhaontaithe Fostaíochta Cláraithe isteach i bhfómhair 2011.
Cuimsíonn forálacha na reachtaíochta beartaithe:
Rinne an Chúirt Oibreachais Ordú Rialaithe Fostaíochta (ORF) ag dearbhú moltaí curtha isteach ag Comhchoiste Oibreachais (CCO). Bhí an tOrdú seo ina cheangal dlí. Ba é an CCO a aontaigh na rátaí pá agus na coinníollacha oibre do na hoibrithe atá ag obair san earnáil fostaíocht de chuid an CCO, mar shampla, lónadóireacht. Mar gheall ar an Ordú Rialacháin Fostaíochta déanta ag an gCúirt Oibreachais, bhí an comhaontú JLC feidhmiúil ag an dlí.
Bhí rátaí pá agus coinníollacha fostaíochta an Comhchoiste Oibreachais sna Orduithe Rialaithe Fostaíochta seo leanas:
Is iad na Comhaontaithe Comhchoiteann na comhaontaithe a thagann as idirbheartaíocht idir fostóirí agus ionadaithe na bhfostaithe. Is féidir le fostóirí agus oibrithe in aon earnáil nó comhlacht theacht ar réiteach maidir le rátaí íosphá agus coinníollacha oibre agus is féidir, ansin, an comhréiteach sin a chlárú leis an gCúirt Oibreachais mar Comhaontú Fostaíochta Cláraithe (CFC).
Tá CFCanna infhorghníomhaithe le dlí fad is a bhaineann sé lena fostóirí agus na hoibrithe san earnáil lena bhfuil an comhaontú luaite. Tá na rátaí pá agus coinníollacha oibre sa CFCanna do na hearnálacha seo leanas:
D'fhógair an tAire Poist, Fiontar agus Nuálaíochta athruithe beartaithe ar an gcóras CFC a thabharfar isteach i bhfómhar 2011.
Tá sé de dhualgas ar fhostóirí na n-oibrithe atá clúdaithe faoi Comhaontú Comhchoiteann na rátaí pá atá luaite sa CFC, chomh maith lena coinníollacha oibre atá luaite iontu a sholáthar. Caithfidh siad, freisin, sonraí den chomhaontú reatha a chuir ar taispeáint san ionad oibre, agus taifid a choinneáil dá gcuid pá.
Faoi Achtanna Caidrimh Thionscail 1946–2001, tá sé de dhualgas ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta na CFCs a chur i bhfeidhm agus, más gá, tógtar cás dlí i gcoinne fostóra nach bhfuil ag comhlíonadh a dhualgais dlí faoi Comhaontú Cláraithe Fostaíochta.
Ag leanúint ó chinneadh na hArd-Chúirte ar a rinneadh cur síos air thuas, ní féidir le NERA EROanna a chur i bhfeidhm nach raibh i bhfeidhm ar an 7 Iúil 2011. Tá ionchúisimh maidir le neamh-ghéilliúlacht le EROanna le bheith aistarraingthe agus ní féidir tús a chur le haon ionchúiseamh eile maidir le géilliúlacht le EROanna a bhí i bhfeidhm roimh an 7 Iúil 2011.
Chun a fháil amach an bhfuil do phost clúdaithe ag Comhaontú Cláraithe Fostaíochta is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta.
Má tá do phost clúdaithe ag REA agus mura bhfuil d'fhostóir ag géilleadh leis, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí Eolais den Údarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.