I gcás go leor fostaithe, sonraíonn an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997 nach féidir 48 uair a chloig a shárú mar uasteora don tseachtain oibre ar an meán. Ní chiallaíonn sin nach bhféadfadh níos mó ná 48 uair a chloig a bheith i seachtain oibre, is é an meán a bhfuil tábhacht leis.
Is féidir an meán a ríomh ar cheann de na modhanna seo a leanas:
Ní chuirtear sosanna, saoire bhliantúil, saoire tinnis ná saoire máithreachais/altranais/tuismitheoireachta san áireamh agus na 48 uair a chloig á ríomh. Leagtar amach sa reachtaíocht obair oíche, íostréimhsí sosa agus scíth chomh maith le forálacha maidir le obair Dhomhnaigh - féach thíos.
Níl feidhm leis an Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 am oibre agus tréimhsí sosa i gcás gach fostaithe. Níl feidhm leis an Acht um Eagrú Ama Oibre ina iomláine i gcás an Gharda Síochána, na Fórsaí Cosanta, fostaithe a rialaíonn a gcuid uaireanta oibre, ná fostaithe teaglaigh feirme nó tí. Tá na huaireanta oibre do dhaoine óg faoi bhun 18 mbliana d'aois rialaithe ag an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996.
Tá rialacháin ar leith ann a rialaíonn uaireanta oibre dochtúirí faoi oiliúint (SI 494 de 2004) agus fostaithe ag obair ar muir.
Tá díolúine faoi láthair ag daoine fostaithe in imeachtaí iompair (IR 20 de 1998) agus in earnálacha áirithe sna seirbhísí cosanta sibhialta (IR 52 de 1998) ó fhorálacha a bhaineann le uasteora don tseachtain oibre ar an meán agus tréimhsí sosa agus scíthe reachtúla.
I gcás go leor fostaithe, tá na huaireanta oibre sainithe, mar shampla,
ina gconradh fostaíochta nó in ERO
nó REA. Mura sainítear na huaireanta oibre, faoi Alt
17 den Acht, ní mór don fhostóir an fostaí a chur ar an eolas maidir le
huaireanta tosaigh agus críochnaithe ar a laghad 24 uair an chloig roimh an
chéad lá nó an lá de gach seachtain a bhfuil ceangal ar an bhfostaí
oibriú. Is féidir leis an bhfostóir é seo a dhéanamh trí fhógra a
chrochadh in áit fheiceálach in ionad oibre an fhostaí ar lá go bhfuil an
fostaí ag obair. Má iarrtar ar fhostóir uaireanta de bhreis a oibriú, ní
mór an fógra 24 uaire a thabhairt ar an mbealach céanna. I gcúinsí gan
choinne áfach, mar shampla fostaí eile a bheith as láthair de bharr tinnis,
is féidir leis an bhfostóir iarraidh ar an bhfostaí oibriú le fógra níos
lú ná 24 uaire.
Is féidir do theidlíocht ar phá breise a shocrú idir tú féin agus d’fhostóir má bhíonn obair Dhomhnaigh á dhéanamh agat. Má tharlaíonn sé nach ndéantar aon chomhaontú faoi do phá, ní mór do d’fhostóir faoi réir an Achta um Eagrú Ama Oibre ceann amháin, nó níos mó, díobh seo a leanas a thabhairt duit de bharr obair Dhomhnaigh:
Braithfidh cad atá réasúnta ar na cúinsí go léir. Is rud é sin a chaithfidh tú, agus más infheidhme, do cheardchumann dul i mbun caibidlíochta le d’fhostóir faoi. Is féidir treoir éigin a fháil trí thagairt a dhéanamh, nuair is féidir, do chomhaontú a bhaineann le fostaithe inchomparáide a bhfuil fostaíocht mar í acu in áiteanna eile.
D’fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais Cód Cleachtais um obair Dhomhnaigh san Earnáil Mhiondíola (pdf). Beidh Cód Cleachtais um Obair Dhomhnaigh d' oibrithe sna hearnálacha ORF ullmhaithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais.
Is éard is ragobair ann ná obair a dhéantar lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Níl aon riachtanas dlíthiúil ann in Éirinn go n-íocfadh fostóirí rátaí oibre níos airde, pá dúbailte mar shampla, lena bhfostaithe de bharr obair a dhéanann siad le linn uaireanta ragoibre. Caithfidh tú ar a laghad do ghnáthráta pá in aghaidh na huaire a fháil i gcás ragoibre.
Faoi na Rialacháin um Eagrú Ama Oibre (Taifid) (Foirm Fhorordaithe agus Díolúintí) 2001 tá sé riachtanach go gcoinníonn d’fhostóir taifid mhionsonraithe de do chuid uaireanta oibre.
Ba chóir duit aon díospóid a chur faoin Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 agus an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid. Ba chóir duit gearán a dhéanamh laistigh de 6 mhí i ndiaidh don díospóid tarlú. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit má bhí fáthanna réasúnta ann gan an gearán a dhéanamh le linn na chéad 6 mhí.
Tá leabhrán mínitheach faoi uaireanta oibre agus faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 (pdf). Tá tuilleadh eolais ar uaireanta oibre agus ar do chearta fostaíochta ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire
Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.