Anseo atá tú: Baile > Fostaíocht > Cearta agus Coinníollacha Oibre > Uaireanta oibre > Tréimhsí sosa agus sosanna

Print Page Send to a Friend

Tréimhsí sosa agus sosanna

Eolas

Tá gach oibrí i dteideal sosanna a bheith acu le linn a gcuid oibre agus tréimhsí scíthe a bheith acu idir laethanta oibre nó oícheanta oibre. Leagann an tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997 amach íosteidlíochtái reachtúla le haghaidh fostaithe maidir le uaireanta oibre, saoire bhliantúil, obair oíche, sosanna agus tréimhsí sosa.

Rialacha

Sosanna

Is í an riail ghinearálta maidir le sosanna go bhfuiltear i dteideal sos 15 nóiméad le linn tréimhse oibre 4 1/2 uair a chloig. Tá tú i dteideal sos 30 nóiméad le linn tréimhse oibre 6 uair a chloig. Níltear i dteideal íocaíochta le linn na sosanna sin agus ní mheasfar mar am oibre iad.

Tá fostaithe a oibríonn i siopaí ar feadh níos mó ná sé huaire i dteideal sos uaire leantach a thógáil idir 11.30 r.n. agus 2.30 i.n. nuair a chuimsíonn a n-uaireanta oibre na huaireanta sin. Tá fostaithe a oibríonn sa trádáil mhiondíol ghrósaeireachta (ar fud na tíre) agus an trádáil mhiondíol coisbhirt agus éadaitheoireachta (Baile Átha Cliath amháin) i dteideal sosa íoctha de 15 nóiméad (taobh amuigh den phríomhshos béile) má tá siad ag obair ar feadh níos mó ná ceithre huaire go leith.

Tréimhsí sosa

Leagann an tAcht na tréimhsí sosa mar a leanas:

  • (a) Táthar i dteideal 11 uair a chloig as a chéile de scíth le linn aon tréimhse 24 uair a chloig. Chomh maith leis sin ba cheart go bhfaighfí 24 uair a chloig as a chéile de scíth le linn aon tréimhse 7 lá agus ba cheart go leanfadh sin ceann de na tréimhsí 11 uair a chloig thuasluaite nó
  • (b) Mar mhalairt ar (a) sa chás nach bhfaightear an teideal sin, tá de rogha ag d'fhostóir 2 x 24 uair a chloig de scíth a thabhairt duit i rith na seachtaine dár gcionn.

Mura bhfuil foráil maidir lena mhalairt i do chonradh ba cheart go mbeadh Domhnach mar chuid den tréimhse 24 uair a chloig de scíth a luaitear thuas.

Cé nach bhfuil clúdaithe ag téarmaí an Achta

Ní bhaineann forálacha an Achta um Eagrú Ama Oibre, 1997 maidir le sosanna agus tréimhsí scíthe le gach fostaí. Ní bhaineann siad le baill An Gharda Síochána, le Óglaigh na hÉireann ná le fostaithe a rialaíonn a gcuid uaireanta oibre féin, ná le fostaithe teaghlaigh ar fheirmeacha nó in árais theaghlaigh phríobháideacha. Is é An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996 a rialaíonn uaireanta oibre daoine óga faoi aois 18.

Díolúintí

Is féidir díolúine a thabhairt d’fhostóirí sna cásanna seo a leanas maidir le tréimhsí scíthe a chur ar fáil faoi mar atá leagtha síos san acht. Ceadaítear na díolúintí sin ar choinníoll go dtugtar a choibhéis de scíth mar chúiteamh don fhostaí. Ciallaíonn sé seo gur gá go dtabharfar deis don fhostaí scíth a bheith aige nó aici laistigh d’achar réasúnta má chuirtear siar tréimhse scíthe. Tá Cód Cleachtais um Thréimhsí Coibhéiseacha Scíthe (pdf) foilsithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh Oibreachais.

Cúinsí eisceachtúla: tá díolúine ag fostóir maidir leis na tréimhsí scíthe seo a chur ar fáil mura féidir é de bharr cúinsí eisceachtúla nó éigeandála.

Comhaontú comhchoiteann: Is féidir na tréimhsí scíthe mar atá siad leagtha síos san Acht a athrú má dhéantar comhaontú comhchoiteann chun iad a athrú agus má thugann an Chúirt Oibreachais faomhadh don chomhaontú sin, nó má tá Ordú Rialaithe Fostaíochta nó Comhaontú Cláraithe Fostaíochta ann.

Sealobair: Bíonn díolúine ann maidir leis na tréimhsí scíthe a shainítear san Acht nuair a bhíonn oibrithe sealoibre ag athrú sealanna nó má bhíonn siad ag obair ar shealanna roinnte.

Tugann na rialacháin maidir leo siúd atá ag obair i ngníomhaíochtaí iompair (IR 20 de 1998) agus i gcatagóirí áirithe de na seirbhísí cosanta sibhialta (IR 52 de 1998) díolúine dóibh maidir le forálacha faoi sosanna nó tréimhsí scíthe reachtúla ach ní éilíonn siad go gcuirfí a choibhéis de scíth ar fáil mar chúiteamh.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat díospóidí faoin Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997 a chur. Ba chóir duit an fhoirm gearáin shingil nua a úsáid chun an gearán a dhéanamh agus é sin laistigh de 6 mhí ón am ar tharla an díospóid. Is féidir síneadh ama 6 mhí eile a thabhairt duit má bhí fáthanna réasúnta ann gan an gearán a dhéanamh le linn na chéad 6 mhí.

leabhrán mínitheach faoin Acht um Eagrú Ama Oibre 1997 (pdf). Tá tuilleadh eolais maidir le sosanna agus tréimhsí sosa agus ar do chearta fostaíochta ar fáil ó na Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Seirbhísí do Chustaiméirí um Chaidreamh san Ionad Oibre

(Seirbhísí Faisnéise, Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta roimhe sin)
An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
Éire

Uaireanta Oscailte:Luan go hAoine 9.30rn go 5in
Teil: (059) 917 8990
Lóghlao: 1890 80 80 90
Láithreán Gréasáin: http://www.workplacerelations.ie/en/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 17 April 2012

Teanga

English | Polsku

Ábhar Gaolmhar

  • Seachtain oibre
    Tá na huaireanta uasta oibre le haghaidh formhór fostaithe leagtha síos san Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997.
  • Am Oibre i bhFostaíocht (Taifid)
    Cuireann an doiciméad seo síos ar na dualgais dhlithiúla ar fhostóirí taifid mhionsonraithe a choinneáil ar an am a dtosáionn agus a gcríochnaíonn fostaithe, na huaireanta a oibríonn na fostaithe agus aon scor a thóagann siad.
  • Uaireanta oibre do dhaoine óga
    Tá na huaireanta oibre do dhaoine óg rialaithe ag reachtaíocht a leagann síos téarma íosaoise maidir le uaireanta uasoibre agus tréimhsí sosa.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.